7.8.09

"G"

"G" mar coincheap!

Tá plean Ghaeilge/Gaeltachta 20 bliain le foilsiú ag an Rialtas go luath(?). Cad a bheidh ann?

Tá sé in am deireadh a chur leis an diospóireacht maidir leis an Ghaeltacht sna téarmaí duairc is lagmhisniúil ina bhfuil sé frámáilte faoi láthair. In áit a bheith ag caint ar theorainneacha, ba cheart dúinn bheith ag caint ar dheiseanna fiontraíochta is dul chun cinn.

An oibreoidh an teoiric seo má chuirtear i bhfeidhm í? Cá bhfios? An oibríonn an teoiric mar theoiric? Sin scéal eile. Má tá barúil agat faoi, cén fáth nach nochtann tú an bharúil ar an suíomh úr blagadóireachta atá tosnaithe ag Lá mar áis chun plé a dhéanamh ar athshamhlú na Gaeltachta, an t-athshamhlú atá riachtanach dar leis an nuachtán le go mbeidh Gaeltachtaí ní amháin beo ag deireadh an chéid seo ach faoi bhláth is rathúnas.

Tá an suíomh idirlín seo ar fáil duit. Ná bí cuthallach, ná bíodh drogall ort teacht chun tosaigh le do bharúil, cibé chomh craiceáilte is a shamhlaíonn tú é bheith.

Roinnt bliana ó shin scríobh Conchubhair Ó Liatháin faoin G-spota. Agus le déanaí bhí cruinniú ag G-Fórsa, eagraithe ag Trevor Ó Clochartaigh le G-spóireacht a thusú i gConamara agus go deimhin i measc poball na Gaeilge agus na Gaeltachta, thuaidh, theas, thoir agus thiar agus thar lear. Thóg sé tuairisc an Bórd Snip Nua mar thús leis an bhfeachtas. Tá liosta dá chuid moltaí a théadh go mór ar saol phoball Ghaeilge agus Ghaeltachta déanta acu.

Tá fáilte roimh gach barúil, craiceáilte nó stuama ar an suíomh úr seo agus foilseofar cuid de na tuairimí i leathanaigh Lá amach anseo. Cá bhfios nach smaoineamh ‘craiceáilte’ a thabharfaidh an Ghaeilge slán!

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment