3.4.17

"Ní bhainfear an cuspóir amach!" - An #Coimisinéir Teanga

Deimhníodh an cuspóir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge forbairt a dhéanamh “ar chearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát” agus “an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge…a ardú.”

“Tá teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú.” An Coimisinéir Teanga.

Tráchtaireacht ar chóras na Scéimeanna Teanga, Aibreáin 2017.

Seo é an chéad uair don Choimisinéir Teanga reatha tráchtaireacht ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú, agus an dara huair ó bunaíodh an Oifig in 2004. 
Foilsítear tráchtaireacht den saghas seo nuair is gá aird a dhíriú ar fheidhmiú an Achta.
Pic: Rónán Ó Domhnail, Coimisinéir Teanga reatha & a réamhtheachtaí Seán Ó Cuirreáin
Léiríonn anailís atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar chóras na scéimeanna teanga go raibh seacht n-iarratas ar scéim teanga a dhaingniú ag seasamh amach le naoi mbliana ar a laghad, ag deireadh na bliana seo caite. Léirítear i dtráchtaireacht de chuid an Choimisinéara ar fheidhmiú Acht na dTeangacha chomh maith nár thuairiscigh aon Aire Gaeltachta riamh aon chomhlacht poiblí chuig Tithe an Oireachtais i ndáil le diúltú scéim teanga a ullmhú nó a chomhaontú, in ainneoin go bhfuil an chumhacht sin aige nó aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Mar chuid den anailís tá iniúchadh déanta ar chuile scéim teanga a daingníodh in 2015 agus 2016. Léiríonn an t-iniúchadh sin - Tá acoimire de na torthaí le fáil sa bhlag seo chomh maith.
  • Go raibh cúlú gealltanais in os cionn leath de na scéimeanna a aontaíodh agus a bhí ceaptha cur le seirbhísí trí Ghaeilge
  • Nár aithníodh post le riachtanas Gaeilge ach i níos lú ná scéim teanga amháin as chuile chúig cinn a daingníodh
  • Gur cuireadh gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú ag an gCoimisinéir Teanga go leataobh nó gur laghdaíodh iad i bpéire as chuile thrí scéim teanga a daingníodh ina dhiaidh sin
I measc na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga tá - tá acoimire níos leithne le fáil ar leathannach eile anseo.
  • Polasaí nua earcaíochta chun íosmhéid foirne le Gaeilge sa gcóras poiblí a chinntiú
  • Caighdeán comónta seirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú nach mbeidh bunaithe ar chóras na scéimeanna teanga
  • Nasc a chruthú idir an phleanáil teanga agus cearta teanga a chinnteodh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá ag obair sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil inti
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, “Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú. Tá moltaí déanta agam sa tráchtaireacht seo maidir le malairt cur chuige a chuirfeadh go mór le héifeacht na reachtaíochta. Tá súil agam go dtabharfar aird orthu. "
Share/Save/Bookmark

Torthaí ón dTráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga - @ceartateanga #Gaeilge #Straitéis20 #COIMISINÉIR

Deimhníodh an cuspóir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge forbairt a dhéanamh “ar chearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát” agus “an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge…a ardú.”

“Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú." Ruairí Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga (Tráchtaireachta ar chóras na Scéimeanna Teanga - Aibreáin 2017).

Riaradh Chóras na Scéimeanna Teanga.

1. 122 iarratas ar scéim teanga fós le daingniú ag 31/12/2016
  • 56 scéim teanga, as 116 san iomlán, atá imithe in éag; 6 cinn díobh sin le tréimhse níos faide ná 7 mbliana.
  • 7 n-iarratas ag seasamh amach le 9 mbliana nó níos mó.
  • 20 scéim teanga aontaithe go bliantúil, ar an meán, le dhá bhliain anuas. Thógfadh sé os cionn 6 bliana breith suas ar na hiarratais sin amháin atá ag seasamh amach ag deireadh na bliana 2016.
2. Tréimhse shuntasach ag baint le haontú scéimeanna teanga
  • Tógann sé ar an meán 3.5 bliain ón am a iarrtar ar chomhlacht poiblí an chéad scéim teanga a ullmhú nó go mbíonn sí daingnithe agus 4 bliana i gcás an dara scéim teanga.
3. Teip scéim teanga a ullmhú nó a aontú
  • Níor tuairiscíodh aon chomhlacht poiblí chuig Tithe an Oireachtais i ndáil le diúltú scéim teanga a ullmhú nó a chomhaontú.
Caighdeán na Scéimeanna Teanga

1. Cúlú á dhéanamh ar ghealltanais a tugadh i scéimeanna teanga
  • Cuireadh gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú go leataobh nó laghdaíodh iad in 64% de na chéad scéimeanna teanga eile a aontaíodh.
  • I gcás comhlacht poiblí amháin, Comhairle Contae na hIarmhí, athraíodh gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú agus ar cuireadh tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leith.
  • Cúlú déanta ar ghealltanais in 52% de na dara nó na tríú scéimeanna teanga a
  • aontaíodh in 2015 agus in 2016.
2. Gan aon dul chun cinn ó scéim teanga amháin go dtí scéim teanga eile
  • As na 23 dara nó tríú scéim teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016, ní raibh dul chun cinn suntasach, i leith aon réimse gealltanas, le brath ach i gcás 17% díobh.
3. Sainaithint post le riachtanas Gaeilge
  • Gan poist le riachtanas Gaeilge sainaitheanta ach i gcás 17.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.
  • Gan socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge luaite ach amháin i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.
4. Soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht
  • As na 28 scéim teanga (as líon iomlán na scéimeanna atá daingnithe) a meastar go mbeadh soláthar seirbhíse do phobal na Gaeltachta i gceist iontu, ní raibh foráil déanta do sholáthar seirbhísí sa Ghaeltacht i gcás tuairim agus an tríú cuid díobh.
  • Ní raibh dáta deimhnithe don Ghaeilge a bheith mar theanga oibre ach ag 11 de na 17 gcomhlacht phoiblí a meastar go bhfuil oifigí nó ionaid Ghaeltachta acu agus a bhfuil scéim teanga aontaithe leo.
Moltaí

Share/Save/Bookmark

19.1.17

"Cuile rud eile faoin spéir.." ach gan Gaeilge!

Tá cúntas twitter ag an Roinn ar a dtugann Éamon Ó Cuív "an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus chuile rud faoin spéir..."

Tuít brónach!
Foilsíodh timpeall dhá scór teachtaireacht ar an gcúntas seo ón gcéad lá den mhí.

Os rud go bhfuil curam na Gaeltachta, Pobal na Gaeltachta agus an Teanga Náisiúnta faoin churam na Roinne, ceapfá ar a laghad go ndéanafai iarracht áirithe eolas ar a cuid ghnó a scaipeadh ar na meán sóisialta go dhá theangach. Ach níl mar a shíltear bítear.

Seo a thárla ó tus 2017 (1 - 18 Eanáir 2017):



Deireann Aire Heather Humphreys i ráiteas (nár scaipeadh ach an leagan Béarla de ar twitter ag an roinn!) go bhfuil "sainchúram fairsing iléagsúil ag mo Roinn, lena n-áirítear na healaíona, an oidhreacht agus an cultúr a chur chun cinn, tacú leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeltachta, agus ceantar tuaithe na hÉireann a athbheochan."

Nach bhfuil teachtaireacht thar a bheith shoiléir agus láidir á léiriú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna meáin shóisialta?

Nach léiríonn sé firinne an ráiteas ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh anuireadh nuair a labhair sé faoi "Box-ticking!" (4/10/2016). Nó níos luaithe ag Seán Ó Cuirreáin nuair a dúirt sé go raibh "an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: 'Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í.'"  (24/1/2014).



Share/Save/Bookmark

17.1.17

Seirbhís do 500+ teaghlach Ghaeltachta!

Gliginí
Bhí bliain rathúil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i 2016 agus tá súil acu tógáil ar sin i mbliana.

Deascéalta
Tá ós cionn 450 teaghlach ó chuile cheard de Chonamara cláraithe leis an eagraíocht anois agus ós cionn 60 teaghlach i dTír Chonaill.

700+ Litreacha ó Fhear na Feasóga
Ghlac 748 gasúr páirt sa Scéim Léitheoireachta a reáchtáladh roimh Nollaig agus roinneadh ós cionn 2,000 leabhra orthu féin agus a gcuid scoileanna.  Thug siad cúnamh d’fhear na féasóige litreacha a sheoladh chuig 718 gasúr - ba seo an ceathrú bliain an scéim Litir chuig Santaí a bheith ar bun.

D’fhreastal 157 gasúr ar ranganna i SPLANC – ionad na heagraíochta ar an gCeathrú Rua. Fuair 45 gasúr deis drámaí a chur ar stáitse ag Taispeántas Dheireadh na Bliana i Mí Bealtaine.

14 naíonáin ó aois 6 seachtaine go 6 mhí agus a gcuid máthaireacha a tháinig chuig na ranganna suathaireachta  agus 41 teaghlach a bhí ag freastal ar Ghligíní, an club spraoi do thuismitheoirí agus leanaí.

Réitigh an eagraíocht 44 gasúr le bheith páirteach san Oireachtas agus thug 28 teaghlach aghaidh ar Chill Áirne i Mí na Samhna. Fuair na gasúir uilig deis taispeántas a thabhairt dá muintir ag ócáid i Halla Éinne sula ndeachaigh siad ó dheas.

12 teaghlach a ghlac páirt sa gclub leabhar, scéim phíolótach a reáchtáladh i Mí Feabhra agus d’fhreastal ós cionn 125 gasúr ar champaí samhraidh agus cásca na heagraíochta.

Bhí an-ríméad ortha bheith i láthair ag seoladh Polasaí Gaeltachta Oideachais – buaic phointe na bliana dar linn.

Fadhbanna
Ach ní dea-scéalta ar fad a bhí i ndán dúinn i 2016. Mar is léir ó na figiúirí thuas, tá an-éileamh ar sheirbhísí na heagraíochta agus ar an drochuair ní bhíonn ar ár gcumas freastal ar an éileamh sin i gconaí. Níl aon duine fostaithe le hobair na heagraíochta a riaradh ná le hócáidí a eagrú.

Tá brú millteanach ar an gcoiste dá réir. B’éigean dóibh diúltú do chuireadh ó Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas le teacht ós a gcomhair ar an 29 Samhain le hobair na heagraíochta agus cás na dteaghlach Gaeltachta a phlé. Ghoill sé seo go mór ortha mar gur deis iontach a bhí ann. Ní raibh aon neart air mar go raibh chuile bhall den choiste gafa le scéimeanna eile ag an am.

B’éigean dóibh cinneadh a dhéanamh freisin gan aon iarratas a dhéanamh ar dheontais agus comórtais éagsúla mar nach mbeadh an t-am againn na hiarratais (a bhfuil go leor oibre ag baint leo) a chur le chéile. Bíonn luach saothair ag baint leis na comórtais seo – leithéidí Chomórtas Ghlór na nGael agus Gradaim an Chathaoirligh – agus arís ba dheiseanna caillte iad seo.

Níl aon mhaoiniú ag an eagraíocht ó dheireadh na bliana 2016. Tá siad i dteagmháil le oifig Aire Stáit na Gaeltachta ar bhonn leanúnach ó Mhí Lúnasa ag iarraidh cruinnithe leis, le cúrsaí maoinithe a phlé. Tá súil acu go mbeidh sé ar fáil le bualadh linn go gairid.

Mar sin féin déanfaidh siad chuile iarracht leanúint ar aghaidh le gnáth imeachtaí na heagraíochta go dtí sin. Deirtear nach gcuirfidh sé seo as do na rangannna drámaíochta, damhsa agus amhránaíochta a bhíonn ar bun i SPLANC agus beidh siad sin ag leanúint ar aghaidh mar is iondúil.

Deireann ráiteas ón eagraíocht go bhfuil siad an-bhuíoch den chúnamh a thug Roinn na Gaeltachta dúinn go dtí seo agus den chúnamh leanúnach atá á fháil againn ó Údarás na Gaeltachta.
Roinneadh 2000 leabhair le na páistí sa scéim léitheoireachta


Share/Save/Bookmark

9.1.17

Stampaí agus ealaíona na nGael!

Táim á scríobh seo mar thugas faoi dearadh nach raibh comóradh ar bith do dhuine de na bhfilí móra na hÉireann ar stampaí na tíre i rith 2016, céad bliain ó rugadh Seán Ó Riordáin.

Mairtín Ó Cadhain
Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin go raibh raic ann mar nach raibh ceann le h-éisiúnt ag comóradh Mhairtín Uí Chadhain. Sa deireadh cuireadh ceann amach (Ní raibh mórán cuma air ach sin mo bharúil pearsanta ag caint.)

Is cosúil nach raibh ach slaghdeán a bheith ag W B Yeats am éigin agus cuirfear stampa nua amach á gcomóradh! Tá an chuid stampaí curtha amach d'ealantóirí a saothraín sa saol Bhéarla nó i dteanga eile ach fágtar an Ghaeilge amuigh sa bhfuacht. Ar ndóigh ní bhíonn An Post go hiomlán faoi deara na lacunae nó bearnaí seo.

Tá córas ann le h-ábhair stampaí a roghnú. An mí bhuntáistí is mó atá leis ná go ndeintear cinntí beagnach dhá bhliain roimh an bhliain atá i gceist. Mar sin rinneadar na cinntí faoi 2017 i lár 2015 agus táid ag obair ar mholtaí don bhliain 2018 faoi láthair. Mar sin ní féidir ach moltaí a chuir chuig An Post don bhliain 2019 anois ach beidh an liosta á dhúnadh ag deireadh Mharta (31 Márta 2017).
Stampaí na hÉireann 2017
Tá daoine nach mbeidh á gcomóradh i mbliaina (2017), mar shampla: Tomás Ághas (a fuair bás 1917) nó Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh (1917–1967) a rinne éacht don fhoilsitheoireacht in nGaeilge. Tá triúr á gcomóradh Yeats, Thomas Francis Meaghar, Francis Ledwidge, Jack Lynch agus Che Guevara. Níl mé ag rá nach bhfuil áit tuilte ag an cúigear seo ach a ndearna iniúcadh ar lucht saol na Gaeilge?  (An féidir an cheist a chur "Cén rud a rinne Che Guevara d'Éirinn?")

Sa bhliain 2019 tá roinnt gur féidir comóradh a dheanamh ortha:
Rugadh 1919 (100 bl)
Séamus Ennis (ceoltóir & craoltóir)
Seán Mac Donnachadha (Amhránaí)
Séamus Ó hÉanaí (Amhránaí)
(Nach mbeadh sé go deas an triúr a chomóradh i seit de 3 stampaí?)
Colm Ó Laoghaire (Scannánaí)
Eoghan Ó Tuairisc (Údar)

Basaíodh 1919 (100 bl)
Kuno Meyer (Saineolaí Ghaeilge)

Básaíodh 1968 (50 bhl)
Séamus Ó Grianna (Údar)
Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh (Oideachasóir)

Rugadh 1868 (150 bl)
Carl Hardebeck (Cumadóir Cheoil)

Bhfuil fhios ag lucht na stampaí faoi na daoine seo?

Is féidir breathnú ar Ainm.ie le breis ainmneacha a aimsiú agus nach cóir dúinn á mianta a chuir i iúl don gcoiste neamhspleach. Cé nach bhfuil ach suíomh idirlín i mBéarla acu, tá ortha glacadh le hiarratas sa Teanga Náisiúnta chomh maith.

Muna molann tú do rogha ainm (nó imeacht stairiúil) ní féidir bheith ag gearán nach bhfuil siad á gcomóradh ag An Post. Déan do moladh ar líne anseo (Suíómh i mBearla) nó sa post chuig:

Moltaí Stampai 2019,
An Post. 
Ard Oifig an Phoist,
Sr Uí Chonaill Íocht
Saorphost
Baile Átha Claith 1

Yeats ar stmpaí na hÉireann!


Share/Save/Bookmark

12.12.16

Crothaithe fabhtach nó cur i gcéill!

"Ní bheidh aon easpa Gaeilge...."

Bhí alt i dtuairisc ar maidin faoin scéal go bhfuil deireadh a chuir le riachtanas Gaeilge i leabharlanna na tíre. Bhí nuacht roimhe seo faoi chinneadh le deireadh a chuir le riachtanas Gaeilge Uachtaráin na hOllscoile a fhreastalaíonn ar an Ghaeltacht is mó sa tíre ní maith an nuacht é ag deireadh chomóradh cead bliain íorbairte laochra 1916.

Nuair a léigh mé an tuairisc faoin labharlainn bhí mé ag ceapadh gur chuala mé rud éigin an chosúil leis fadó agus mé óg go leor. Seo an píosa "Deirtear sa mheamram go bhfuil plean á fhorbairt ag an Roinn d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus go raibh súil acu go mbeadh sé ar chumas na leabharlann “to enhance the ability for citizens to choose the language with which they engage with local services”." Cá chuala mé e?

Rinne mé beagáinín taighde. Bhí orm dul siar chomh fada le Ní na Nollag 1974 agus an bpíosa seo faoi deireadh a chuir le riachtanas Ghaeilge sa Stáit Sheirbhís. Tá sé le fáil i dtaifead na Dála 5/12/1974 agus seo ón Aire Airgeadais ag an am:

"Tá súil agam go mbeidh cumas sa Ghaeilge ag formhór na ndaoine a cheapfar amach anseo. Cabhróidh Gaeleagras na Státseirbhíse le hoifigigh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Cuirfear eolas ar an nGaeilge san áireamh, freisin, le haghaidh ardú céime. Ní bheidh aon easba Gaeilge, mar sin, sa Státseirbhís agus beidh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais, (lean sé leis i mBearla).... I had quite a long session with representatives of different organisations who vehemently condemned the Public Service for their failure under the old system to carry on business with them in Irish. We are now satisfied that by replacing the compulsion which did so much damage to the Irish language over the past half century with enthusiasm for the language, we will have people more readily disposed to use Irish.....I accept that every citizen who wants to conduct his business with a public Department in either of the official languages has that right and I will see to it that that right is respected. It will certainly be better respected in the future than it was in the past under a policy which failed totally to please anybody."*

Agus tá fhios againn cé chomh maith agus a d'éirigh leis sin.

* Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do chinneadh 1974 in oráid i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2011 nuair a dúirt sé "gurb é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis!" ("Teip iomlán" dár leis an Coimisinéir Teanga: 3/2/2011). Rinne sé staidéar ar polsaithe na Rialtais ó bhunú an Stáit níos déanaí (Meán Fomhair 2013). Níos deanaí sa bhlian sin d'éirigh sé as "ar bhonn prionsabail (agus gan) a bheith páirteach sa chur i gcéill." 
Share/Save/Bookmark

2.12.16

Easpa ceannaireachta OÉ na Gaillimhe!

Nach fíor an rud atá ráite go minic le blianta agus anois tá an t-aon Ollscoil le Gaeilge tár éis géilleadh.

"...is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil leis a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint..." Micheál D Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, (24 Meitheamh 2016).

‘Caitear le cainteoirí Gaeilge mar a chaithfí le saoránaigh den dara nó an tríú haicme’ An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, (18 Deireadh Fomhair 2016)

"...le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo..." Seán Ó Cuirreáin, (23 Ean 2014.)

Gan amhras géilleadh agus teachtaireacht diúltach dúinn go léir.  Tá an teachtaireacht níos treise nuair a feictear gur thárla sé ag deireadh seachtaine ina moladh (ag seoladh dréacht phlean teanga Chois Fharraige 28 Samhain 2016): "An chuid sin den phobal atá líofa a spreagadh le bheith ag Gaeilgeoireacht le foghlaimeoirí atá ag iarraidh í a labhairt. Ná bíodh sé le cloisteáil in 2023 go bhfuil sé 'too easy to speak English'."

Dúirt an Taoiseach féin go bhfuil "...tabhacht na Gaeilge ... chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.”

Is léir nach gcreideann Udarás na hOllscoile é seo.



Share/Save/Bookmark