Thosaigh Iarchonnacht! (1969)

Deasún Fennell - ó bhailiuchán ghriangraf de chuid Seán Ó Mainín

Beagnach 50 bliain ó shin, tháinig mé ar scríbhneoireacht Dheasúin Fennell (1929-2021).  Chuala mise faoin bhfear sna luath seascaidí sin nauir a bhí chónaí ar san Ghearmáin agus ag scríobh in iris Caitliceach, Herders Correspondance agus in iris de chuid na Doiminiceánach in Éirinn, Doctrine & Life. Thaitn an méid a bhí á scríobh aige faoi chúrsaí chreidimh - bhí Comhairle na Vatacáine díreach thart (1965) agus bhí an-chuid athraithe ag tárliúint sa Eaglais ag an am.

Ag deireadh na seascaidí thosaigh sé ag scríobh faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht san Irish Press and nuachtáin eile. Bhí sé sásta dul siar go Muighnis i gcroí lár na Ghaeltachta lena a chlann.

Foilsíodh é sa Bhl 1969
Ar ndóigh bhí an méid a bhí á scríobh aige agus a dhearcadh conspóideach. Mar a thárlaíonn do gach fáidh, déanadh ionsaí ar a chuid tuairimí, ní h-amháin taobh amuigh den Ghaeltacht ach sa Ghaeltacht féin. Ag an am céanna bhí Gluaiseacht Cearta Siabhialta na Gaeltachta ag troid ar son cearta Phobal na Gaeltachta, go mór mór i nDeisceart Chonamara.

Baineadh úsáid as an sean-ainm ar Chois Fharraige ag glaoch "Iarchonnacht" ar an gceantair ó Bhearna siar go Charna agus tugadh "Iarchonnacht'85" mar ainm ag gluaiseacht Fennell.

Bhí gluaiseactaí cosúil leis i gcuid de na cheantair Ghaeltachta eile,Corcha Duibhne agus Gaoth Dobhair mar shampla. D'éirigh le Gluaiseacht Cearta na Gaeltachta i gcuid dá cuid spriochanna a bhaint amach, Raidío na Gaeltachta mar shampla. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta chomh maith cé nach raibh sé leath chomh láidir agus a bhí ag uatha.

Tá a dhírbheath-fhaisnéis, "About being normal!" foilsithe lé déanaí (2017) ag an Somerville Press.
Seo léirmheas (i mBéarla) ó Bhob Quinn ar an leabhair (Irish Times 6 Bealt 2017)

Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann ar maidin na socraide.
Slán le Deasún (Tuairisc ar a shocraid 19/7/2021)
Annseo tá cóipeanna de bhailiúcháin scríobhnóireachta Fennell a bailíodh in aon leabhrán amháin ag deireadh na seascaidí (1969) faoin ainm Iarchonnacht Began! . Níor éirigh leis an ngluaiseacht Iarchonnachta '85 ach mar sin féin tá na tuairimí atá le léamh anseo spéisiúil agus cuid acu fós a bhaineann le hábhar sa lá atá inniú ann. 

Tá beagnach 50 leathanach sa labhrán agus tá pdfanna anseo de na míreanna éagsúla. Cuid acu atá fada chuid acu an-ghearr agus tá dán deas leis an tAth Pádraigh Ó Fiannachta ann chomh maith.  Cuireann na tuairimí atá á nochtadh aige san léacht fada, "Connacht's view of itself " (pdf) oráid ceannródaíoch Dhúbhglás de hÍde, "The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation" i gcuimhne dom. Tá an cóip den foilseachán atá agamsa sean agus tá an cuma sin air ach mar sin féin sílim go bhfuil sé inléite.

Ar ndóigh níor stop Fennell mar fealsúnaí ag smaoineamh agus ag forbairt a dhearcadh ar chúrsaí an tsaoil idir an dá linn. Ach anois is arís filleann sé ar cheist na Gaeilge/Gaeltachta i bhfoilsicheáin mar Tuairisc.ie

Eoin Ó Riain 17 Bealtaine 2016

• Tá níos mó eolas faoi Desmond Fennell ar Wikapedia i mBéarla.

Táim fíor buíoch don údar as cead a thabhairt dom a chuid scribhinní a chuir ar líne.

Iarchonnacht Began 


Revival or Not? 2 The one remaining chance. (Irish Times 21/1/1969) 281KB
Revival or Not? 1 The Courage to decide. (Irish Times 21/1/1969) 701KB
Plandáil Chonnacht (Litir sa Irish Times 12/2/1969) 111KB
Iosrael in Iarchonnachta (InniU 28/2/1969) 371KB
Roinnt Litreacha (Inniú Márta 1969 - DF, Tarlach Ó hUid, Seosamh Ó Cuaig) 473KB
Slua ar thóir Pobail (Inniú 14/3/1969) 553KB
Níor Athbheodh an Laidin (Inniú 28/3/1969) 446KB
Do Dheasún (Dán le Pádraigh Ó Fiannachta, Inniú 28/3/1969) 53KB
Litir Eile (DF 25/4/19690) 234KB
Connacht's view of itself (Léacht i gCaisleáin a'Bharraigh 28/5/1969) 1.4MB
Iarchonnachta 1985 (Billeog a scaipeadh deiredh Meith 1969) 70KB

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment