10.5.18

Tá an t-am ag sleamhnú!

"Is baol liom, ó mo thaithí féin ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, gurb é ... an rud atá ag titim amach, is minice ná a mhalairt, i Státchóras na tíre seo ... go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin."

Bhí Léacht Uí Ghadhra, eagraithe ag Conradh na Gaeilge i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath inné. Iriseoir, léachtóir, staraí, craoltóir dearscnaitheach agus gníomhaire teangan ab ea Nollaig Ó Gadhra. (1943-2008). Tógadh mar an 30ú Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2004 é.
Nollaig Ó Gadhra (1943-2008)

Bé an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill a thug an léacht ann. Thagair an Coimisinéir Teanga do chás na Gaeilge sa chóras poiblí agus do ghéarchéim na teanga sa Ghaeltacht. Ach ar ndóigh bhí an chuid eile á rá aige ina oráid agus is fiú go mór é a léamh le eolas a fháil ar stáid na teangan san lá atá inniú ann. 

Seo mar a labhair sé:

Tá céad fiche agus a cúig bliain ann ó bunaíodh Conradh na Gaeilge, an gníomh ba chinniúnaí a chuir dlús le hathbheochan na Gaeilge, agus táimid ag comóradh i mbliana – “Bliain na Gaeilge” – tábhachtach na hathbheochana sin agus an tionchar a bhí aici ar shochaí na hÉireann. Ar ndóigh, is cuid fhíorthábhachtach de shochaí ar bith an stát lena mbaineann sí agus an tslí a mbíonn an tsochaí sin á riaradh ag an stát sin. Is éard atá fúm a dhéanamh inniu na spléachadh a thabhairt ar thionchar na hAthbheochana ar bheartais an Stáit agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí, le linn na tréimhse sin, agus ar ndóigh, ar thionchar an Stáit agus fhorais an Stáit ar an Athbheochan, ar an nGaeilge féin agus ar phobal a labhartha.

Is maith a oireann an t-ábhar seo d’ócáid atá á reáchtáil i gcuimhne Nollaig Uí Ghadhra, (beannacht Dé leis), iar-uachtarán de chuid an Chonartha, duine de phríomhphearsana na hAthbheochana lenár linn féin, gaiscíoch a chaith a shaol ag saothrú ar son na Gaeilge, urlabhraí dochloíte, neamheaglach agus tráchtaire grinn, géarchúiseach ar an bpolaitíocht agus ar imeachtaí an Stáit. Dá mbeadh sé in éineacht linn inniu, tá mé cinnte go bhféadfadh sé mé a cheartú ar phointí go leor agus gurbh fhearrde ár dtuiscint ar na pointí sin.

1893
Má chaithimid súil siar ar an uair a bunaíodh Conradh na Gaeilge feicimid gur tuairiscíodh i ndaonáireamh na bliana 1891 go raibh an Ghaeilge ag 680,000 duine in Éirinn nó 14.5% de phobal na tíre uile. Níor mhiste a lua, gur chainteoirí dúchais Gaeilge a bhí ina bhformhór sin agus cónaí orthu i gceantair in iarthar nó i ndeisceart na tíre arbh í an Ghaeilge an teanga phobail iontu nó arbh í an teanga phobail tamall gairid roimhe sin. Is mór idir sin agus Gaeltacht an lae inniu.

Halla na Cathrach BÁC
Ní raibh sa méid sin, áfach, ach fuíoll an áir. Bhí an Ghaeilge ag cúlú i dtreo an iarthair ó thús an naoú céad déag ach, i ndiaidh an drochshaoil i lár an chéid sin, d’iompaigh an cúlú sin ina mhaidhm reatha agus bhí titim 86% ar líon na gcainteoirí Gaeilge in imeacht leathchéad bliain. Ina theannta sin má bhreathnaítear ar líon na ndaoine óga a raibh Gaeilge acu is léir go raibh an t-aistriú teanga imithe i bhfeidhm cheana féin in an-chuid áiteanna ina raibh líon ard cainteoirí Gaeilge agus gur ag na glúnta ba shine amháin a bhí an Ghaeilge. Is iomaí cúis a luaitear leis an aistriú teanga a tharla in Éirinn agus, gan dabht, bhí baint acu uile leis an scéal, ach an rud atá i bpáirt acu ná an éagothromaíocht chumhachta idir an mhórtheanga agus an mhionteanga.

I gcás mar sin, braitear nach leor a dteanga dhúchais dá riachtanais fostaíochta, oideachais, shóisialta ná chumarsáide sa tsochaí inar fhág an chinniúint iad agus go bhfuil foghlaim dara teanga riachtanach dá rath agus fiú dá marthanas. Is sna cúinsí éagothroma cumhachta agus feidhme idir an mhórtheanga agus an mhionteanga a chaithfear cás lucht na mionteanga a thuiscint. Dátheangachas imthoisceach nó circumstantial bilingualism a bhíonn i gceist agus an t-aistriú teanga i dtreo na mórtheanga a thoradh, is minice ná a mhalairt.

Bhí tionchar an Stáit agus institiúidí an Stáit ar shaol na ndaoine cinniúnach sa bpróiseas sin. Ag tús an naoú céad déag, ba bheag an bhaint a bhí ag an Stát le saol an ghnáthdhuine ach tháinig forás agus borradh mór ar ról an Stáit i saol an duine le linn an chéid sin. Ní hamháin sin, ach tugadh deiseanna dul chun cinn sa saol tríd an oideachas agus deiseanna fostaíochta sa Státchóras. Bhí labhairt agus scríobh an Bhéarla riachtanach chun teacht i dtír ar na buntáistí sin agus bhí an Ghaeilge iomarcach. Bhí teanga riartha an Stáit ina cúis leis an aistriú teanga.

Conradh na Gaeilge
Is de bharr na héigeandála sin a bunaíodh Conradh na Gaeilge. Ní hionann agus Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a bhí ann roimhe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge breith ar shamhlaíocht an ghnáthphobail agus mórghluaiseacht phobail a dhéanamh de féin: le céad míle ball agus naoi gcéad craobh nuair a bhí sé i mbarr a réime. Is dócha gurbh é buaicphointe an Chonartha mar ghluaiseacht phobail an tslí a rabhthas in ann na sluaite a mhúscailt agus ollchruinnithe agóide a reáchtáil ar son ardú stádais a thabhairt don Ghaeilge in earnáil an oideachais.

Saoirse Pholaitiúil
Bhí an náisiúnachas cultúrtha tagtha i dtreis go mór faoin tráth sin agus samhlaíodh sainiúlacht chultúir agus teanga mar chomhartha sainiúlachta agus féiniúlachta náisiúin a raibh ceart féinchinntiúcháin aige. Cé nach raibh lucht ghluaiseacht na Gaeilge ar fad i bhfabhar í a cheangal leis an ngluaiseacht pholaitiúil, bhí an Ghaeilge, mar sin féin, in idéil na gluaiseachta polaitiúla agus míleata a bhain saoirse pholaitiúil amach don chuid is mó den tír. Ba chainteoirí Gaeilge agus ba bhaill de Chonradh na Gaeilge formhór shínitheoirí Fhorógra na Poblachta agus ba i nGaeilge a reáchtáladh imeachtaí an chéad chruinnithe de Dháil Éireann in 1919.

Stát Nuabhunaithe
Ghlac ceannairí an tSaorstáit nua le teagasc an Chonartha agus gur chuid do-scartha den tionscadal náisiúnta athbheochan na Gaeilge. Rinneadar an “Teanga Náisiúnta” den Ghaeilge i mbunreacht an tSaorstáit, tráth nach raibh an Ghaeilge ach ag tuairim agus 18% de phobal an Stáit agus í á labhairt go gníomhach ag céatadán níos lú ná sin, ní foláir.

Rianaigh an scoláire Pádraig Ó Riagáin ceithre phríomhghné i straitéis an Stáit i leith na Gaeilge:

  1. An Ghaeilge a chosaint agus a chothú sna ceantair ina raibh sí fós á labhairt.
  2. Líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú sa gcuid eile den tír tríd an teanga a mhúineadh sna scoileanna.
  3. Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa tSeirbhís Phoiblí, agus
  4. An teanga féin a chaighdeánú agus a chur in oiriúint don saol nua-aoiseach.
Maidir leis an nGaeltacht, d’aithin Coimisiún na Gaeltachta i 1926 go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sna ceantair sin ag cúlú chomh sciobtha céanna agus i bhí le linn réimeas na Breataine. Tá sé suntasach gurbh é cuspóir an Choimisiúin na ceantair a shainaithint ina bhféadfaí an Ghaeilge a chur i réim i ngnóthaí oideachais, i gcúrsaí riaracháin agus go ginearálta mar phríomhtheanga phobail, beag beann ar fheidhm reatha na teanga sna diméin sin ag an am – ba limistéir phleanála a bhíothas a shainaithint seachas limistéir ina raibh an Ghaeilge in uachtar iontu mar theanga phobail. Is díol suntais é, chomh maith, gur aithin an Coimisiún an drochthionchar a bhíothas a imirt ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag seirbhísigh phoiblí gan Ghaeilge agus iad ag soláthar seirbhísí poiblí trí Bhéarla amháin. Deimhníodh a riachtanaí agus a bhí sé go mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga réamhshocraithe idir an Stát agus a chuid feidhmeannach agus muintir na Gaeltachta agus go gcinnteofaí gur seirbhísigh phoiblí le Gaeilge a bheadh ag obair sa Ghaeltacht:

In order fully to understand it, one has only to visualise a Garda Síochána barracks of English Speaking Gardaí in the centre of an Irish Speaking district; or a Post Office, in which no one speaks Irish, in an Irish Speaking village; or a non-Irish Speaking official of the Department of Agriculture, or of the Land Commission, or of the Customs and Excise, operating amongst an Irish Speaking population. These officials are direct agents in the spreading and establishment of English.

Leag an Stát nua béim an-mhór (béim rómhór, déarfadh daoine áirithe) ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna agus d’fhógair an Rialtas gurbh aidhm dá chuid an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla mar mheán teagaisc sna scoileanna de réir a chéile.

An Bunreacht
Is maith is ceart, agus muid ag tabhairt spléachadh ar cheist na Gaeilge agus an Stáit, breathnú i dtús báire ar an údarás is airde sa Stát sin, an Bunreacht: Mar a luaigh mé, deimhníodh gurbh í an Ghaeilge an “Teanga Náisiúnta” de réir Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann. Deimhníodh ina theannta sin, nár chosc an tAirteagal sin ar an Oireachtas forálacha speisialta a dhéanamh do cheantair nó limistéir nach raibh ach teanga amháin i ngnáthúsáid iontu.

In Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, 1937, deimhnítear gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil toisc gurb í an teanga náisiúnta í. Glactar leis go bhfuil an “Sacs-Bhéarla” ina “theanga oifigiúil eile” agus foráiltear in Airteagal 8.3 gur féidir socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla a bheith ina haon teanga le haghaidh aon ghnó oifigiúil. Tá an chuma ar an bhfoclaíocht leasaithe gur cuireadh le stádas bunreachta na Gaeilge i mBunreacht 1937 – tuiscint atá i gcomhréir le breithiúnas thug an Breitheamh Ó hAnluain in 1988:

“Táim den bharúil go bhfuil forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a tugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit.”

B’ábhar léachta as féin na léirmhínithe a thug breithiúna na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí ar bhrí na forála seo de chuid an Bhunreachta ach is fiú aird a dhíriú ar bhreithiúnas a thug an Breitheamh Hardiman sa gCúirt Uachtarach in 2001 mar go dtagann sé leis an gciall nó an tuiscint, creidim, a bhainfeadh aon duine as na focail “príomhtheanga oifigiúil”:

“Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill.

“Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.”

Ní miste, áfach, aird a thabhairt ar bhreithiúnas tábhachtach de chuid na Cúirte Uachtaraí a tugadh ina dhiaidh sin. Sa gcás seo d’éiligh an cosantóir, cainteoir dúchais Gaeilge ón nGaeltacht, go raibh de cheart aige ní hamháin a chás a dhéanamh sa gcúirt sa bpríomhtheanga oifigiúil ach go raibh sé i dteideal giúiré a bheadh in ann a cás a éisteacht gan ateangaire ná aistriúchán Béarla. Diúltaíodh don éileamh sin san Ard-Chúirt agus sheas an Chúirt Uachtarach le breithiúnas na hArd-Chúirte le cinneadh móraimh. B’ionann rollú giúróirí a bhí in ann an cás a thuiscint i nGaeilge agus eisiamh cuid shuntasach den tsochaí ina hiomláine agus ba chóir do ghiúiré a bheith ionadaíoch den tsochaí trí chéile. Ní raibh aon mheicníocht faoin dlí lena chinntiú go raibh tuiscint a ndóthain ag giúróirí ar an nGaeilge. Cé nach raibh aon cháilíocht teanga ag baint le bheith indlite le fónamh ar ghiúiré, tugadh le fios go sainaithnítear daoine gan cumas cumarsáide i mBéarla má ghlaoitear iad chun freastal ar ghiúiré.

Ba é Hardiman a thug an breithiúnas easaontach agus chreid sé nach bhféadfadh sé go raibh tír eile ar domhan nach mbeadh an saoránach i dteideal a ghnó a dhéanamh os comhair cúirte sa teanga náisiúnta agus i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre agus go dtuigfí é go díreach ag an gcúirt sa teanga sin.

Ach an féidir a thuiscint as go bhfuil dualgais an Stáit agus cearta an tsaoránaigh anois ag brath ar líon coibhneasta lucht labhartha na Gaeilge agus an Bhéarla de thuras na huaire? I bhfocail an Bhreithimh Clarke:

While the State, and each of its organs, has an obligation to promote and respect the high status of the Irish language there may, nonetheless, be limitations on an entitlement to have Irish used which derive from the limited use of Irish in ordinary everyday life at least so far as many parts of the country is concerned.

Forálacha i bPíosaí Éagsúla Reachtaíochta
Áirítear ar mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga imscrúdú a dhéanamh ar mo thionscnamh féin nó de bhun gearán a bheith déanta liom chun a fháil amach an amhlaidh nach bhfuil “aon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.” Is é atá i gceist anseo ná forálacha reachtúla nach bhfuil in Acht na dTeangacha Oifigiúla féin ná nach dtagann faoin Acht sin.

Mionfhoráil nó foráil shiombalach a rinneadh don Ghaeilge i gcuid díobh agus, ar ndóigh, tá cuid díobh nach bhfuil i bhfeidhm níos mó agus reachtaíocht eile tagtha i gcomharbacht orthu. Rinne an Dochtúir John Walsh staidéar ar na forálacha reachtúla sin sa reachtaíocht a ritheadh idir 1922 agus 2015 agus a bhí fós i bhfeidhm agus shainaithin sé 197 alt. Ar an mórgóir bheinnse den tuairim gur scátháin iad na forálacha sin (agus, go deimhin, an reachtaíocht ábhartha nach bhfuil foráil déanta inti d’úsáid na dteangacha oifigiúla) ar dhoiléire bheartas an Stáit i leith na Gaeilge agus ar thábhacht an bheartais sin. Bheifí ag súil, i ndlínse dhátheangach a raibh aidhmeanna agus beartas pleanála teanga aici, go mbeadh níos mó comhsheasmhachta agus substainte le brath sna forálacha reachtúla sin agus sa gcorpas reachtaíochta trí chéile. Is forálacha ginearálta cuid mhaith díobh nó forálacha a bhfuil coinníoll ag baint leo ar deacair an ní nó an ghníomhaíocht a chomhlíonfadh iad a shainaithint agus ar dheacra fós a rá le haon chinnteacht gur sáraíodh iad.

Agus an méid sin ráite, tá roinnt bheag achtachán a bhfuil forálacha substainteacha teanga iontu (mar a thug an Dochtúir Walsh orthu) agus dá chomhartha sin is iad na forálacha sin is minice atá ina n-ábhair do na gearáin a fhiosraíonn m’Oifig nach mbaineann Acht na dTeangacha Oifigiúla féin leo. Ceann de na hAchtanna is tábhachtaí san aicme sin is ea an tAcht Oideachais, 1998 a fhorálann don Ghaeilge in earnáil chinniúnach an oideachais ar bhealaí éagsúla. Tá samplaí eile san Acht um Pleanáil agus Forbairt agus an National Cultural Institutions Act. Tá forálacha tábhachtacha, chomh maith, san Acht um Thrácht ar Bhóithre agus san Acht Iompair, 1951 a bhaineann le comharthaí go príomha ach a chuireann go mór, ar an gcaoi sin, le feiceálacht agus stádas na Gaeilge i súile an phobail i gcoitinne.

Ceist na Gaeilge Éigeantaí sa Státseirbhís
Maidir leis an gcóras riaracháin, ó 1925 airíodh an Ghaeilge mar ábhar riachtanach sna comórtais oscailte do ghráid ghinearálta na Státseirbhíse. Glacadh céimeanna eile ina dhiaidh sin chun líon na Státseirbhíseach le cumas sa nGaeilge a mhéadú agus an cumas sin a neartú. In 1945, mar shampla, cuireadh i bhfeidhm triail inniúlachta sa nGaeilge i gcomhair ardú céime. Is léir gur éirigh leis na hiarrachtaí sin le himeacht ama, cur le cumas na Státseirbhíse ó thaobh na Gaeilge de.

An rud nach ndearnadh mórán ná céimeanna a thógáil ionas go mbainfí feidhm as an gcumas sin. Bhí de dhualgas ar Státseirbhísigh a gcumas sa nGaeilge a choinneáil agus a fheabhsú fiú mura mbeadh aon fheidhm ag an scil sin ina ngnáthobair ná deis acu an Ghaeilge a úsáid. Is féidir gur cruthaíodh roinnt áirithe doichill agus soiniciúlachta dá dheasca sin. Na rudaí a bhí in easnamh ná pleanáil le spriocanna cinnte maidir le húsáid na Gaeilge go hinmheánach agus le seirbhís a sholáthar do shaoránaigh.

Ba ghá freisin reachtaíocht a dheimhneodh feidhm phraiticiúil do cheart an tsaoránaigh a ghnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Cuireadh deireadh le riachtanas iontrála na Gaeilge sa mbliain 1975 agus cuireadh ina áit buntáiste áirithe don chumas feidhmiú sa dá theanga i gcomórtais d’ardú céime. Níl mórán amhrais orm ach go ndeachaigh acmhainn Ghaeilge na Ranna Stáit agus sa tSeirbhís Phoiblí trí chéile i laghad go mór ó shin.

Athrú Treo
Ní miste an cinneadh sin a thuiscint i gcomhthéacs na linne sin. Tuairimítear gur féidir athrú a fheiceáil i ndearcadh agus i mbeartais an Stáit i leith na Gaeilge agus cúlú ón bpleanáil teanga ón mbliain 1970 ar aghaidh arbh iad deireadh na “Gaeilge éigeantaí” i scrúduithe stáit in 1973 agus an deireadh leis an nGaeilge mar choinníoll iontrála sa Státseirbhís in 1975 na comharthaí ab fhollasaí de. ‘Benign Neglect’ an t-achoimriú a rinne an Dr Pádraig Ó Riagáin ar dhearcadh an Stáit i leith na Gaeilge ón uair sin ar aghaidh. Bhí saol na tíre ag athrú go mór agus leis an bhforbairt eacnamaíochta agus sóisialta, tháinig méadú mór ar an gcaidreamh eacnamaíoch, polaitiúil agus cultúrtha le domhan mór an Bhéarla i gcéin, ballraíocht sa gComhphobal Eorpach in 1973 agus comhshnaidhm na tíre sa gcaipitleachas idirnáisiúnta. Glacadh leis gur thír Bhéarla a bhí in Éirinn agus b’amhlaidh a bheadh inti feasta. Agus i bhfocail Mháirtín Uí Mhurchú, má bhain saoránaigh áirithe leas as an nGaeilge, tuairimítear gur ‘leas príobháideach, roghnach, anois í, agus is ar éigean gur leas poiblí feasta í a mbraitear dualgas gníomhach a bheith ar an Stát ina leith.’

Is féidir gur in earnáil an oideachais is soiléire atá an t-athrú treo seo le brath. Ó bunaíodh an Stáit is le brú ón Stát a tháinig méadú mór ar líon na mbunscoileanna a bhí ag teagasc cuid nó iomlán na n-ábhar trí Ghaeilge. Faoi 1950 bhí tuairim agus leath bhunscoileanna na tíre á dhéanamh sin. Ach ina dhiaidh sin tháinig “leá cúr na habhann” orthu, mar a thug Seán Ó Riain air. Faoi 1976 ní raibh ach scór bunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin i leith is ón bpobal aníos atá gluaiseacht na nGaelscoileanna á cur chun cinn agus braitheadh patuaire nó drogall roimpi ó thaobh an Stáit de.

Creidimse, nuair a thosaigh sé ag rith leo siúd a raibh leas agus inmharthanacht na Gaeilge ag déanamh imní dóibh nach raibh an Stát agus iad féin ar an mbóthar céanna, is ea a tháinig forás ar an dioscúrsa ina measc ar chearta teanga agus ar chomhionannas. Is dócha go raibh cuid de seo faoi anáil ghluaiseachtaí cearta sibhialta na seascaidí abhus agus i gcéin. Braitheadh gur ghá dul ag coimhlint leis an Státchóras chun aidhmeanna a bhain le leas na Gaeilge a bhaint amach; bhí cearta á n-éileamh agus agóid á déanamh uaireanta. Feictear é seo i ngluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus bunú Raidió na Gaeltachta in 1972, sa bhfeachtas ar son seirbhís teilifíse (a raibh dlúthbhaint ag Nollaig Ó Gadhra leis), agus i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge ar son Acht Ceart don Ghaeilge.

Ráiteas / Straitéis / Acht
Tá sé suntasach gur moladh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 2002 nach raibh an Ghaeltacht inmharthana in éagmais bheartas Stáit i leith na Gaeilge agus nárbh eol dóibh a leithéid a bheith ann. Rinneadh roinnt moltaí suntasacha sa Tuarascáil a chuir tús leis an Stát a thabhairt ón éidreoir ina raibh sé maidir le beartas i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta:

  • Moladh go ndéanfadh an Stát beartas maidir le hathbheochan na Gaeilge mar theanga náisiúnta. In 2006 d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann an Ráiteas i leith na Gaeilge inar dhearbhaigh an Rialtas “a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta” agus gurbh í “aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.” Caithfear a rá go bhfuil difríocht idir friotal na mholta agus friotal an Ráitis.
  • Moladh sa Tuarascáil, chomh maith, go bhforbrófaí plean náisiúnta don Ghaeilge ina mbeadh spriocanna soiléire agus d’fhoilsigh an Rialtas Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010. Ar ndóigh, tharraing an Straitéis go leor cainte i measc na nGael maidir lena raibh inti agus maidir lena chur i bhfeidhm ó shin.
  • Moladh eile fós a rinneadh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ná Acht chun chomhionannas na dteangacha oifigiúla agus ceart an tsaoránaigh seirbhísí a fháil trí Ghaeilge a dheimhniú agus chun coimisinéir teanga a cheapadh chun na gcríoch sin. Ar ndóigh bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002 ar na bacáin tráth an ama sin. Nuair a achtaíodh é an bhliain dár gcionn, bhí an tagairt do chomhionannas imithe agus tagairtí do chearta an tsaoránaigh seirbhísí stáit a fháil trí Ghaeilge maolaithe go mór – cibé suntas a thabharfá don mhéid sin.

Sula bhfágfar Coimisiún na Gaeltachta, is fiú a lua, ar son na hiomláine, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa nGaeltacht. Foilsíodh an Tuarascáil sin in 2007 agus Acht na Gaeltachta in 2012. Ní miste a lua freisin gur sa mbliain sin 2007 a rinneadh teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge.

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Ar ndóigh, baineann mo chuid feidhmeanna féin mar Choimisinéir Teanga go dlúth le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, agus is ar an reachtaíocht sin a dhíreos mé ar feadh tamaill. Is iad cuspóirí ginearálta an Achta sin:

  • úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát,
  • dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an Stáit a leagan amach, agus
  • Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Díol suntais, mar a dúirt mé cheana, go ndírítear san Acht ar dhualgais comhlachtaí poiblí i leith na dteangacha oifigiúla níos mó ná cearta an tsaoránaigh. Go hachomair, deimhnítear cearta an duine a rogha teanga oifigiúla a úsáid sna cúirteanna agus i dTithe an Oireachtais, i gCuid a Dó. Baineann Cuid a Trí le dualgais teanga comhlachtaí poiblí idir fhorálacha san Acht féin, rialacháin agus scéimeanna teanga. Baineanna Cuid a Ceathair le ról, feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga agus Cuid a Cúig le logainmneacha idir logainmneacha Gaeltachta agus logainmneacha eile.

Leagann an tAcht dualgais áirithe ar chomhlachtaí an Stáit a bhaineann le soláthar faisnéise go príomha – cumarsáid scríofa, foilseacháin áirithe, comharthaí agus stáiseanóireacht, chun cuid díobh a lua. Is léir gur glacadh leis nárbh fhéidir nó nárbh acmhainn do chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil ar comhchéim sa dá theanga in aon iarraidh amháin agus tugadh isteach córas na scéimeanna teanga chun an sprioc sin a bhaint amach de réir a chéile.

Cheadófaí scéim teanga a mhairfeadh trí bliana agus ina sonrófaí spriocanna áirithe a bhainfí amach. Bheadh an dara scéim ag tógáil ar ar baineadh amach sa gcéad scéim agus, in imeacht roinnt scéimeanna, bheadh sé ar chumas an chomhlachta phoiblí a chuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil i nGaeilge agus ar an gcaighdeán seirbhíse céanna leis an mBéarla. Is é córas na scéimeanna, mar sin, croílár chur chuige an Achta. Fillfidh mé ar na bealaí ar theip ar an gcóras seo, faraor, ar ball beag.

I measc mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga, déanaim faireachán ar chur i bhfeidhm na ndualgas teanga i gcás na gcomhlachtaí poiblí, cuirim comhairle ar fáil do na comhlachtaí sin maidir leis an dualgais teanga atá orthu, cuirim comhairle ar dhaoine maidir lena gcearta faoin Acht agus is féidir liom sáruithe líomhnaithe a imscrúdú cibé acu ar mo thionscnamh féin, ar iarratas ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán a bheith déanta liom. Is iondúil go bhfiosraíonn m’Oifig an t-ábhar ar bhonn neamhfhoirmiúil mar chéad chéim agus, is minice ná a mhalairt, réitítear an cheist ar an gcaoi sin gan dul i muinín imscrúdú reachtúil.

Agus mé ag caint ar imscrúduithe roghnaigh mé roinnt bheag cásanna a chreidim ar díol spéise iad:

Scoil Ghaeltachta
Rinneadh gearán in éadan na Roinne Oideachais agus Scileanna as iarracht a dhéanamh tabhairt ar scoil Ghaeltachta a fheidhmíonn trí Ghaeilge glacadh le hath-imlonnú múinteoirí nuair nár chreid údaráis na scoile sin ná na múinteoirí a bhí i gceist go raibh oiread líofachta ag na múinteoirí i nGaeilge lena gcuid oibre a dhéanamh go cuí sa teanga sin. Ba é cinneadh an imscrúduithe in 2013 nach raibh aird á tabhairt sna socruithe a bhí i bhfeidhm maidir le hath-imlonnú múinteoirí ar na cuspóirí teanga atá daingnithe le dlí san Acht Oideachais, 1998.

Moladh san imscrúdú a rinne an chéad Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go gcinnteodh an Roinn nach gcuirfí aon bhac ar an scoil múinteoir leis an gcumas cuí sa nGaeilge a fhostú, agus go ndéanfadh an Roinn, i bpáirt leis na comhpháirtithe ábhartha oideachais eile, athbhreithniú agus leasú ar aon chomhaontú maidir le hath-imlonnú múinteoirí chun a chinntiú go ngéilleann na socruithe sin do na dualgais reachtúla teanga atá san Acht Oideachais.

Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí imscrúdaithe ar phonc dlí chun na hArd-Chúirte. Mura ndéantar achomharc ach fós féin mura gcuirtear moltaí an imscrúdaithe i bhfeidhm, tá dualgas orm mar Choimisinéir Teanga tuairiscí a sholáthar do Thithe an Oireachtais. Tar éis do m’Oifig iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach ar tugadh faoi chomhlíonadh mholtaí an imscrúdaithe tháinig mé ar an tuairim, in ainneoin go raibh córas leasaithe curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, gur theastaigh go fóill socruithe dochta daingne a chinnteodh nach bhféadfaí tabhairt ar aon scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoirí nach raibh a gcaighdeán Gaeilge sách maith, agus chuir mé tuairisc dá réir bhráid Thithe an Oireachtais in 2015.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Ní dhearnadh achomharc chun na hArd-Chúirte faoi Alt 28 den Acht go fóill ach i gcás amháin agus ba í Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a rinne é sin in 2013 agus a eistíodh i 2014. De réir Alt 9(3) den Acht, má dhéanann comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, ní mór an chumarsáid sin a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Rinneadh roinnt gearán nuair a dáileadh leabhrán eolais faoin gCáin Mhaoine Áitiúil ar bheagnach 1.7 milliún duine. Bhí an leabhrán sin i mBéarla amháin i gcás a bhformhór cé gur cuireadh leagan Gaeilge chuig na custaiméirí sin a raibh an rogha teanga sin cláraithe acu leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bhí an leabhrán sin i dteannta comhfhreagras ina raibh sonraí a bhain le gach cáiníocóir ar leith. Léirigh an t-imscrúdú a rinneadh le linn na bliana 2013 gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an dualgas reachtúil chomh fada agus a bhain sé leis an leabhrán eolais bíodh is nach raibh aon sárú i gceist i gcás an chuid eile den chomhfhreagras.

Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le linn an imscrúdaithe agus le linn an achomhairc nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán Cánach Maoine a eisíodh chuig daoine aonair ina raibh faisnéis phearsanta shonrach agus gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair.

I mbreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt i mí Feabhra 2015 diúltaíodh d’achomharc Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne chinneadh an imscrúdaithe, ábhar a thug faoiseamh dom agus a dhaingnigh go láidir an dualgas reachtúil go gcaithfidh eolas a scaiptear ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Eircode
Bhain an líon ab airde gearán riamh faoi aon ábhar amháin le córas na bpostchód nua, Eircode, agus go háirithe an cur chuige a glacadh ó thaobh sheachadadh na bpostchód céanna. Ar an iomlán, fuair m’Oifig os cionn 70 gearán a bhain leis an ábhar seo. Níor chuir an t-olc a bhí ar dhaoine nuair a fuair siad an postchód nua ó Eircode aon iontas orm, faraor: daoine ag fáil litreacha lena n-ainm agus sloinne i mBéarla nuair nár úsáid siad riamh ach a n-ainm i nGaeilge. Ina theannta sin bhí míchruinneas ag baint le seoltaí agus logainmneacha Gaeilge agus Gaeltachta. Thabharfadh sé le fios duit gur deacair leis an Stát déileáil le pobail agus le daoine aonair in aon teanga ach amháin i dteanga oifigiúil agus réamhshocraithe an Bhéarla.

Ba í an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha a bhí freagrach as an ngnó seo ach tugadh an cúram ar conradh do chuideachta phríobháideach. Bhí gealltanas déanta ag an Roinn sa scéim teanga a bhí daingnithe ina cás go mbainfí feidhm as na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta de réir mar a shonraítear iad sna hOrduithe Logainmneacha. Agus, bíodh is go raibh conraitheoir i mbun an chúraim, de réir an Achta, cuimsítear seirbhís arna cur ar fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag comhlacht poiblí nuair a luaitear an tseirbhís sin i scéim teanga.

Léirigh an t-imscrúdú gur sháraigh an Roinn an tAcht toisc nár comhlíonadh an gealltanas sin de chuid a scéime teanga faoi na logainmneacha Gaeltachta. Cé nach bhfacthas dom go raibh aon sárú reachtúil i gceist i gcásanna eile, ghoill sé go mór ar dhaoine a rinne teagmháil le m’Oifig gur i mBéarla a bhí a n-ainm agus a seoladh ar an litir seachadta Eircode. Is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus sloinne agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú. Léiríonn an cheist seo uair amháin eile an gá atá le reachtaíocht láidir teanga le cosaint a thabhairt do bhunchearta an tsaoránaigh. Ba chóir go mbeadh stádas reachtúil ag ainmneacha agus seoltaí Gaeilge.

Sna cásanna sin, agus i gcásanna eile nach iad, is ar éigean a d’fhéadfá a rá go raibh dualgais teanga ar bharr a n-aigne ag na gníomhairí Stáit ná réadú bheartais an Stáit i leith leathadh an dátheangachais mar a léirítear iad sa Ráiteas i leith na Gaeilge agus sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Ní chreidim, ach oiread, go bhfuilim ag déanamh aon éagóir orthu má deirim gur thábhachtaí dóibh dul i muinín argóintí íogaire teicniúla chun a gcás a chosaint ná an rud ba leas don teanga a aithint.

Laincisí
Ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta maidir le soláthar eolais agus seirbhísí stáit, de bharr an Achta, ach ar an mórgóir agus muid ag breathnú siar ar chúig bliana déag d’fheidhmiú an Achta, “ní raibh an chathair mar a tuairisc.” Tá aird tarraingthe go minic agam ar na laigí a bhaineann leis an reachtaíocht seo ar ardáin éagsúla agus díreoidh mé inniu ar thrí cinn shuntasacha:
  1. Is iad na scéimeanna teanga an phríomh-mheicníocht faoin reachtaíocht chun feabhas a chur ar mhéid, réimse agus caighdeán na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil as Gaeilge. Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú thar a bheith lag, go ginearálta, agus d’iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Fiú is go rabhthas ag iarraidh córas na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm, mar a samhlaíodh é, sa saol comhaimseartha ina mairimid, níl gach comhlacht poiblí ina fheod nó ina fhíofa neamhspleách ann féin ar féidir comhaontú a dhéanamh leis gan beann ar an ngréasán casta idirghaolmhaireachtaí le páirtithe eile sa státchóras agus sa tsochaí.
  2. Ó cuireadh tús le tionscadal athchóiríthe na Seirbhíse Poiblí go háirithe, tá béim níos mó ná riamh ar sheirbhísí comhroinnte, ar ríomh-Rialachas agus seirbhísí ar líne, agus ar sheachfhoinsiú seirbhísí ar conradh chuig páirtithe eile (le cuid de na forais sin a lua). Is ag leibhéal níos airde ná an comhlacht poiblí aonair a chaithfear dul i ngleic le cur i bhfeidhm bheartas an Stáit i leith sheirbhísí an Stáit a sholáthar sa dá theanga oifigiúla.
  3. Má tá drogall le brath i bhfoclaíocht agus i ngealltanas na scéimeanna teanga gealltanais shoiléire a thabhairt seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, is léir gurb é croí na faidhbe nach bhfuil a ndóthain foirne (nó foireann ar bith) ag eagraíochtaí le cumas sa nGaeilge. Is é bun agus barr an scéil nach féidir seirbhísí a chur ar fáil trí mheán teanga mura mbíonn acmhainn sa teanga sin ag soláthraí na seirbhísí sin. Caithfear an riachtanas agus an t-easnamh a shainaithint ó thaobh inniúlacht Gaeilge na foirne sna hearnála éagsúla den tseirbhís phoiblí agus foráil a dhéanamh i mbeartais agus straitéisí earcaíochta chun na bearnaí sin a líonadh lena n-áirítear spriocanna soiléire agus tréimhsí faoina mbainfear amach iad.
Acht Nua
Tá go leor cainte san am i láthair faoin mbille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. D’fhéadfadh sé gurb é seo an deis dheireanach a bheidh ag an Stáit córas cuí, ceart agus cuimsitheach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an easnamh ó thaobh a laghad daoine atá inniúil sa nGaeilge sa Státchóras agus sa tSeirbhís Phoiblí; sin mura bhfuil an deis imithe tharainn cheana féin. D’fháiltigh mé tríd is tríd roimh cheannteidil an Bhille nua a foilsíodh anuraidh, cé gur tharraing mé aird ar easnaimh in áiteacha. Tá sé mar chuspóir aitheanta sna ceannteidil go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Deirtear gur san fhadtréimhse a tharlóidh sé sin. Ach caithfear sprioc sonrach a chur leis an aidhm sin, agus caithfidh muinín a bheith againne, muidne ar mian linn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, go mbainfear amach an sprioc sin.

Ba cheart mar sin córas a bhunú a chinntíonn go mbeidh íoschéatadán foirne atá inniúil sa nGaeilge á earcú, go mbeidh an measúnú inniúlachta sin caighdeánach agus go ndéanfar monatóireacht neamhspleách ar an gcóras sin. Caithfidh an córas sin a bheith bunaithe ar phleanáil éifeachtach agus ar fhaisnéis agus anailís chruinn ina n-aithneoidh an Stát na seirbhísí atá mar thosaíocht aige, na socruithe chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus na hacmhainní daonna atá ag teastáil chun sin a bhaint amach. Le toil agus comhoibriú is féidir sin a bhaint amach – creidim sin i mo chroí – ach tá an t-am ag sleamhnú agus is anois nó go brách a chaithfear tabhairt faoina leithéid d’obair.

Mórán athrú?
Is fiú breathnú ar an caint Seáin Uí Chuirreáin sa bhlian 2013 ag oscailt Coláiste na hÉireann nuair a dúirt sé go neamhbalbh: 
"Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh"
Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

Géarchéim na Gaeltachta
Ba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht freisin a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht. Tá os cionn nócha bliain ann ó d’aithin Coimisiún na Gaeltachta an riachtanas seo i dtús báire. D’aithin Coimisiún na Gaeltachta arís é in 2002. Nuair a fágadh réiteach na ceiste seo faoi chóras na scéimeanna teanga san Acht, fágadh ar an méar fhada arís é.

Is limistéir pleanála teanga na ceantair Ghaeltachta de réir Acht na Gaeltachta, 2012, agus é ina aidhm reachtúil ‘méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála’ iontu, gan beann ar a mhinice nó a fhairsinge agus atá an Ghaeilge á húsáid ag pobal in aon limistéar díobh san am i láthair. Is beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát toilteanach a chion féin a dhéanamh agus a chuid seirbhísí féin a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Astu féin, ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge dúshláin teanga na Gaeltachta ach léireodh a leithéid diongbháilteacht agus ceannaireacht agus is mór is gá iadsan.

Ar bhealach, ‘sé an t-ábhar imní is mó atá ann ná todhchaí na Gaeltachta. Ó d’fhoilsigh Reg Hindley a leabhar cáiliúil in 1990 The Death of the Irish Language, tá lucht taighde ag cur ar ár súile dúinn go bhfuil pobal na Gaeltachta i ngreim ag géarchéim ó thaobh fheidhm na Gaeilge mar ghnáth-theanga phobail agus nár dhócha go mbeadh aon Ghaeltacht i bhfad eile ann de réir mar a thuigtear an focal sin go coitianta. Léiríonn staitisticí an daonáirimh dheireanaigh, áfach, nach bhfuil aon éalú ón bhfírinne sin. Léirítear i dtaighde chomh maith go bhfuil sé ag éirí níos deacra ag tuismitheoirí, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta, an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh dá gclann mar chéad-teanga sna cúinsí ina maireann siad sa lá atá inniu ann. I bhfocail an teangeolaí iomráitigh, Silvina Montrul:

‘To summarize, bilingual children, who speak a minority language at home become aware very early in life of the political and social status of the language they speak once they start to socialize beyond the home through childcare, friends and other social interactions. Even when children are encouraged to use the minority language at home, preference for the majority language is very strong. When the family language is used less frequently than the majority language by simultaneous bilingual children, it runs the risk of becoming weaker, eventually affecting its vocabulary and grammar.”

Níl aon dabht ann ach go bhfuil dúshláin agus dúshláin mhóra, roimh an bpleanáil teanga sa nGaeltacht. Ba chéim mhór chun cinn é foilsiú an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht agus gur tugadh aird ar chúinsí eisceachtúla agus na cúinsí fíorchasta teanga a bhaineann leis an nGaeltacht. Tá uair na cinniúna buailte linn mura bhfuil sí bailithe tharainn.

Faillí i mBeartais an Stáit
Níl aon ghné de shaol pearsanta nó idirphearsanta an duine nach mbíonn tionchar aige ar iompar agus ar chumas teanga an duine. Fágann sin nach bhfuil aon teorainn leis na gnéithe éagsúla de cheist na pleanála teanga. I gcead daoibh, mar sin, fanfaidh mé “ar mo thairseach féin”, mar Choimisinéir Teanga. Thug Coimisinéir na Breatnaise, Meri Hews, aitheasc don Fhochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara i nDáil Éireann ar an 25 Samhain 2014; nocht sí an tuairim:

‘that it is dangerous to leave the language in a policy silo. If one sees the language as something which is absolutely discrete and it is dealt with solely as such, there is danger. That approach gives status to the language, but it also means that as one plans for economic, social, employment, education and health policy, it sits outside the debate’.

Is baol liom, ó mo thaithí féin ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, gurb é sin díreach an rud atá ag titim amach, is minice ná a mhalairt, i Státchóras na tíre seo: go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin.

Is aidhm é de chuid na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge go gcuirfeadh an oiread daoine agus is féidir eolas ar an nGaeilge agus go bhféadfadh daoine suim áirithe a chur sa nGaeilge agus cultúr na nGaeilge agus í a chleachtadh ó thráth go céile mar chaitheamh aimsire ach a chaitheann a saol go príomha i mBéarla. Ní gá dom a rá nach miste urraim agus meas a bheith ar rogha an duine sin.

Tá daoine arís ann a tógadh le Gaeilge nó a ghlacann an Ghaeilge chucu féin agus a bhíonn á n-ionannú féin mar chainteoirí Gaeilge agus a bhíonn ag iarraidh feidhm a bhaint as an nGaeilge an oiread agus is féidir leo ina saol laethúil. Is é mianaidhm na Straitéise an pobal teanga sin a mhéadú as cuimse. Maireann na daoine sin, ar ndóigh, sa tsochaí chéanna ina maireann an móramh nach labhraíonn í. Caithfear, mar sin, “spás maireachtála”, “spás anála” a chruthú don phobal teanga sin laistigh den tsochaí. Nuair a dhéantar neamhshuim den Ghaeilge i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Stáit, d’fhéadfaí a bheith ag imirt drochthionchar ar infheidhme na Gaeilge mar theanga an duine agus ag bheith ag cur mhianaidhm na Straitéise ó chrích, fiú is nach in aon turas a táthar á dhéanamh sin. Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

Má roghnaíonn an saoránach an Ghaeilge a úsáid ba chóir go mbeadh an rogha sin chomh saoráideach agus is féidir í a bheith agus níor chóir go mbeadh an duine sin ar aon mhíbhuntáiste as an rogha sin a dhéanamh, go háirithe ina aon réimse ina bhfuil tionchar ag an Stát ann. Sin é an chuid is lú a theastaíonn.

Athbhreithniú
Nuair is minic ár n-aird ar fad ar dheacrachtaí agus easnaimh, is fiú féachaint siar ar na chéad chúig bliana fichead agus ar an méid a baineadh amach. Ní beag é. Ní chreidfeadh duine ar bith sa naoú céad déag go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo san aonú céad agus fiche ná go mbeadh sí ina teanga phobail in aon chearn den tír.

Maíonn nach mór 1.7 milliún duine, nó 40% den phobal, go bhfuil cumas éigin labhartha acu agus thug trian den mhéid sin (nó 17% den phobal ar fad) le fios go mbaineann siad feidhm as an nGaeilge mar mheán urlabhra fiú mura ndéanann cuid mhaith díobh an-mhinic é – a bhuíochas sin ar an gcóras oideachais den chuid is mó.

Is teanga nua-aoiseach í atá curtha in oiriúint le feidhm a bhaint aisti i réimse ar bith den saol, ard nó íseal. Ina theannta sin tá stádas aici faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí na hEorpa, sna meáin chraolacháin agus chlóite, sa gcóras oideachais agus i saol na tíre nach bhféadfadh pobail teangacha eile, ar líonmhaire lucht a labhartha, ach a bheith in éad leis. Is éachtach, is míorúilteach, an méid a baineadh amach agus bhí lámh chinniúnach ag an Stát féin sa méid sin. Ní deirim é sin chun go ligfimis na maidí le sruth ach chun ár misneach a chruinniú.

Tacaíocht Shochaí na hÉireann
Mar fhocal scoir, agus muid ag ceiliúradh Bhliain seo na Gaeilge, is fiú a thabhairt chun cuimhne gur dlúthchuid doscartha muidne, pobal na Gaeilge, de mhórshochaí na hÉireann. D’aithin Nollaig Ó Gadhra é sin go láidir agus ní taobh le cás na Gaeilge amháin a bhí sé ach chruthaigh sé áit don Ghaeilge mar iriseoir, tráchtaire agus scríbhneoir; chruthaigh sé áit don Ghaeilge sna dioscúrsaí poiblí faoin iliomad ábhar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

An tsochaí sin ina maireann muid, is sochaí í sin nach mbaineann mórán feidhme as an teanga agus atá aineolach uirthi i gcás an mhóraimh. Is amhlaidh a bheas an scéal lenár linn féin agus le linn ár gclainne agus chlann ar gclainne. Is ar scáth a chéile a mhairfeas muid. Léiríodh i dtaighde an bhá atá ag pobal na hÉireann trí chéile leis an nGaeilge. Is le tacaíocht agus comhoibriú an mhórphobail a chruthófar an spás agus tosca inar féidir leis an nGaeilge maireachtáil nó bláthú mar theanga bheo. Is daonlathas liobrálach í Éire atá tar éis teacht in inmhe cuid mhór. Tá bród orainn as an méid sin agus tá údar againn. Is mór is fiú linn saibhre éagsúlacht ár sochaí, a hilghnéitheacht, a huileghabhálacht, a comhbhá.

Más tábhachtach linn na luachanna sin, is i dtéarmaí na luachanna sin a chaithfí an plé faoin nGaeilge a dhéanamh. Is i gcomhthéacs dioscúrsa mar sin a chuirfear ar chumas an phobail éisteacht níos tuisceanaí a thabhairt d’éilimh agus do riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Gur fearrde muid ar fad an Ghaeilge a bheith ina teanga bheo agus go mba bhoichte go mór muide agus an domhan ar fad, gan teanga dúchais an oileáin seo a bheith beo i mbéal daoine.

Caithfear a thuiscint ar bhonn níos fairsinge gur teanga bheo í i saol daoine agus nach miste don tsochaí foráil a dhéanamh agus an spás a chruthú inar féidir le daoine í a úsáid agus gur cheart í a úsáid.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment