20.3.18

Bille na dTeangacha - An Coimisinéir Teanga ós comhair Chomhchoiste Oireachtais.

Tá an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid an Oireachtais ag déanamh grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 – An Scéim Ghinearálta agus Dréacht-Cheannteidil an Bhille.
Mar chuid de sin bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a 4i.n. ar 20 Márta 2018. Tá nótaí cainte dá ráiteas tosaigh anseo againn.

A Chathaoirligh,
Rónán Ó Domhnaill - An Coimisnéir Teanga
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh freastal ar sheisiún an lae inniu agus labhairt libh faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh anuraidh. Tá doiciméad eile á chur faoi bhráid an Chomhchoiste agam ina dtugtar léargas níos iomláine daoibh ar mo dhearcadh i leith gach ceann de na Ceannteidil.

Is léir ó aon chomparáid a dhéanfaí idir na Ceannteidil sin agus na cinn a foilsíodh in 2014 go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chur chuige na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i leith Acht teanga leasaithe. Ar ndóigh, is athrú chun feabhais atá tagtha mar go bhfuil na Ceannteidil reatha i bhfad níos cóngaraí don mhéid a lorg an pobal mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa bhliain 2011. Ba mhaith liom ón tús aitheantas a thabhairt don iarAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, a ghlac an cinneadh stuama na Ceannteidil a fhoilsiú i mí an Mheithimh anuraidh.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil os cionn sé bliana imithe thart anois ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus nach bhfuil muid tagtha chuig céim an Bhille go fóill. Ní theastaíonn uaim an iomarca ama a chaitheamh ag dul siar ar an méid a tharla nó nár tharla le sé bliana anuas ach is cinnte go bhfuil go leor ama curtha amú agus go mba chóir dúinn a bheith imithe i bhfad níos faide chun cinn ón áit a bhfuil muid faoi láthair. Fáiltím mar sin roimh ráiteas an Aire Stáit Joe McHugh go bhfuil i gceist an reachtaíocht leasaithe a thabhairt trí Thithe an Oireachtais gan a thuilleadh moille.

I mo chur i láthair daoibh inniu ba mhaith liom díriú ar na Ceannteidil is tábhachtaí mar a fheicimse iad agus aird a dhíriú chomh maith ar roinnt ábhar nach bhfuil clúdaithe sna Ceannteidil faoi mar ba mhaith liomsa iad a bheith déanta.

Earcaíocht
Is daoine atá i gcroílár soláthair seirbhísí. Sa mhéid is go bhfuil an riachtanas d’fhoireann le Gaeilge sa Státseirbhís aitheanta sna Ceannteidil táthar ag glacadh leis nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ann faoi láthair agus nach bhfuil na socruithe a fógraíodh sa bhliain 2013 ag tabhairt aon toradh fónta.

Tá trí sprioc luaite leis an gCeannteideal áirithe seo, Ceannteideal uimhir 9,
• go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge,
• go bhfeidhmeoidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge agus
• go méadófar acmhainneacht comhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge

Fáiltím roimh an gCeannteideal seo mar chéim shuntasach chun cinn ach is gá anois feoil a chur ar na cnámha agus go sonrófaí na bearta a ghlacfar chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach. Ní féidir a bheith ag súil go dtabharfadh an córas earcaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair go ceann scríbe muid. Is gá é a leasú agus más mian linn go mbeadh níos mó oibrithe le hinniúlacht sa Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí caithfear creidiúint níos mó agus níos luaithe a thabhairt don scil sin sa phróiseas earcaíochta. Ní mór a chur san áireamh freisin go mbaineann an moladh seo le feachtais earcaíochta a reáchtálfar sa todhchaí agus nach ndíríonn sé ar an lag trá atá ann ag an bpointe áirithe ama seo.


Colm Ó Coisdealbha 
Stiurthóir, Oifig an Choimisinéara
Mar sin féin is dul chun cinn suntasach atá sa gCeannteideal seo agus fáiltím roimh an moladh go mbeadh tagarmharc sonrach socraithe d’fheachtais earcaíochta as seo amach. Baineann an moladh seo le hearcaigh seachas le painéil agus dá bhrí sin is é an toradh a gcaithfear a bheith ag súil leis go mbeidh Gaeilge ag duine as gach cúigear a thiocfaidh isteach sa tseirbhís phoiblí. Tá sé suntasach freisin go luaitear an tseirbhís phoiblí agus nach bhfuil sé teorannaithe don Státseirbhís, nach gcuimsíonn ach ranna rialtais agus oifigí stáit amháin.

Creidim go mbeidh an cur chuige a ghlacfar i leith na hearcaíochta mar chuisle don Bhille nua agus ar an léiriú is mó ar an dáiríreacht i dtaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Is uaidh a eascróidh gach ní eile. Ní bheidh aon fheabhas i ndáiríre ar sholáthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge mura méadófar go mór líon na bhfostaithe le Gaeilge.

Caighdeáin seachas Scéimeanna Teanga
Tá an moladh córas na scéimeanna teanga a thréigean ar mhaithe le córas nua caighdeán ar cheann de na moltaí is fónta dá bhfuil sna Ceannteidil seo. Cuireann teip chóras na scéimeanna teanga an-díomá orm. Tá sé soiléir nár cuireadh córas na scéimeanna i bhfeidhm mar is ceart ón tús agus gurbh é sin a d’fhág sa riocht ina raibh siad iad.

Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú ag cur an oiread sin imní orm gur iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. San áit a raibh dualgas ba bheag a bhí geallta agus níos measa fós bhí sé follasach i roinnt scéimeanna go raibh cúlú déanta ar ghealltanais a bhí tugtha roimhe sin. Thug mé cuntas roimhe seo daoibh ar thoradh na hanailíse sin agus mar sin ní theastaíonn uainn athrá a dhéanamh ar na pointí céanna.

Creidim go bhfuil an cinneadh ceart déanta imeacht ó chóras na scéimeanna teanga agus tabhairt faoi chóras nua ina leagfaí síos caighdeáin seirbhíse. Cuirfidh sé seo deireadh le córas idirbheartaíochta a bhí ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí.

Ar ndóigh, beidh go leor ag brath ar cén sórt caighdeán a shocrófar. Má tharlaíonn go mbíonn na caighdeáin lag is beag brí a bheas leo agus ní dhéanfaidh siad aon difríocht le hais na scéimeanna teanga. Molaimse go socrófaí ar dtús an toradh a theastaíonn uainn a bhaint amach maidir le soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge. Céard a theastaíonn uainn ó ranna rialtais, ó údaráis áitiúla, ó institiúidí oideachais agus mar sin de. An bhfuil roinnt de na heagrais sin níos tábhachtaí ná a chéile? Ar chóir dúinn a bheith ag súil le níos mó ó na heagraíochtaí sin a mbíonn níos mó plé acu leis an bpobal seachas cinn a bhfuil ról níos imeallaí acu? Nuair a bhíonn freagra na gceisteanna sin againn beidh muid in áit níos fearr le córas caighdeán a bhunú a bheas éifeachtach agus a oibreoidh don saoránach agus do na comhlachtaí poiblí. Tá go leor oibre le déanamh ar an ábhar seo ach mar thús caithfear an tsamhail atá ag an Roinn do na caighdeáin seo a chíoradh.

Go deimhin, táim ag moladh gur cheart go bhforbrófaí plean do sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ag an leibhéal náisiúnta. Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

An Ghaeltacht
Thug mé le fios roimhe seo go mba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht leasaithe a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Tá loighic shoiléir leis sin sa mhéid gur beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát in ann a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is teachtaireacht áiféiseach í a bheith ag iarraidh ar phobail Ghaeltachta tabhairt faoi ghníomhaíochtaí chun úsáid na Gaeilge a threisiú má thiontaíonn an Stát féin thart agus tabhairt le fios nach bhfuil i gceist aige a chuid seirbhísí chur ar fáil ach i mBéarla.

Léirigh torthaí dhaonáireamh 2016 an ghéarchéim theanga atá sna ceantair Ghaeltachta agus go cinnte tógfaidh sé iarracht ollmhór an taoide a chasadh. Ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge ann féin na dúshláin teanga atá sa Ghaeltacht. Ag an am céanna léireodh a leithéid de chur chuige dáiríreacht an Stáit maidir leis an nGaeltacht agus is gníomh ceannaireachta a bheadh ann a chuirfeadh le stádas na Gaeilge. Is teachtaireacht a bheadh ina leithéid go raibh an Stát ag aithint agus ag freastal ar cheantar teanga ann féin.

Tá an Ceannteideal a dhéileálann leis an ábhar seo tar éis dul cuid den bhealach, ach ba cheart, dar liom, é a láidriú. Má táthar muiníneach go dtacóidh an beartas nua earcaíochta le dóthain foirne le Gaeilge a bheith ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, cén fáth nach ndaingneofaí an dualgas sin sa reachtaíocht? Is athrú cultúir atá i gceist le prionsabal den chineál seo agus ba chóir é a áireamh sa reachtaíocht. Tuigim, ar ndóigh, go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí teacht ar dhaoine le sainscileanna éagsúla agus le hinniúlacht sa Ghaeilge ach is furasta socruithe a dhéanamh ina lorgófaí díolúine i gcásanna mar sin agus go gcuirfí tacaíocht teanga ar fáil nuair is cuí a leithéid a dhéanamh.

Seirbhísí á soláthar ag tríú páirtithe
Níl aon tagairt fhollasach sna Ceannteidil do sheirbhísí a chuireann tríú páirtithe ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí nó thar ceann an Stáit. Creidim gur bearna é seo sna rialacháin agus go mba cheart aghaidh a thabhairt air sa phróiseas reachtaíochta. Ba chóir go dtiocfaí ar mheicníocht san Acht a d’fhágfadh go mbeadh dualgas teanga i gceist i gcás seirbhísí a chuirtear ar fáil de thoradh conradh a bhronnann comhlachtaí poiblí nó de thoradh eintiteas a bhunaítear ina mbíonn páirt lárnach ag comhlachtaí poiblí iontu. Tugaim faoi deara go bhfuil sé seo ag tarlú ar bhonn níos coitianta mar a tharla i gcás Eircode, an Chrannchuir Náisiúnta nó na seirbhíse ceadúnais tiomána. Gan socruithe reachtúla a bheith in áit tá an baol ann nach mbeidh aon dualgas teanga i gceist do chonarthaí agus do sheirbhísí a bhfuil tábhacht don phobal dóibh.

Ainm agus Seoladh
Fadhb choitianta a thagann chun cinn do shaoránaigh ná a bheith in ann a n-ainm agus seoladh a úsáid i nGaeilge nuair a bhíonn a gcuid buncháipéisí aitheantais, ar nós a dteastais breithe, i mBéarla. Tá foráil déanta in Acht na bPasanna, 2008 a cheadaíonn don Aire glacadh le hainm agus sloinne seachas an t-ainm agus sloinne a bhíonn ar an teastas breithe nuair a chuirtear cruthúnas ar fáil go bhfuiltear ag baint gnáthúsáid as an leagan sin le dhá bhliain nó níos mó. Is dóigh liomsa go bhfuil géarghá lena leithéid d’fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla do réimse níos leithne comhlachtaí poiblí.

Fuair m’Oifig os cionn céad gearán le dhá bhliain anuas maidir le deacracht a bhíonn ag daoine a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid ar leithéid a gceadúnais tiomána de thoradh a bpas agus a dteastas breithe a bheith i mBéarla. Is dóigh liom go mba chóir socruithe a bheith déanta sa reachtaíocht maidir le hábhar chomh bunúsach leis seo a tháinig go mór chun solais le linn ainmneacha agus seoltaí a bheith i mBéarla le linn don Eircode a bheith á sheachadadh.

Ní fheictear dom go dtéann an Ceannteideal ábhartha i ngleic mar ba chóir leis an deacracht seo a bhíonn ag saoránaigh; is é sin cead reachtúil a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid. Cé go bhfuil an méid atá sa gCeannteideal, a dhíríonn ar chórais ríomhaireachta agus a leithéid a bheith in ann glacadh leis an nGaeilge, inmholta, tá an fhadhb níos doimhne ná sin.

Críoch
A Chathaoirligh, creidim gur céim mhór chun cinn atá sna Ceannteidil a foilsíodh i mbliana. Ní theastaíonn uaimse poill a phiocadh sna Ceannteidil sin, agus arís molaim obair na Roinne, an Aire agus an Rialtais, as iad a fhoilsiú, ach tá sé tábhachtach anois agus muid ag bogadh ar aghaidh sa chéad chéim eile den phróiseas reachtaíochta go mbeifí aireach ar na mionsonraí. Is ceart freisin go bhféachfaí ar reachtaíocht eile sa tír seo agus i ndlínsí eile ní hamháin i dtéarmaí na socruithe a dhéantar do sholáthar seirbhísí ach freisin don ról a bhíonn ag oifigí ar nós m’Oifige féin ag cur san áireamh an ról comhairleach agus taighde a bhíonn ag oifigí coimisinéara teanga i dtíortha eile a chuireann go mór leis an bhfeidhm agus leis an tionchar a bhíonn acu.

Seachas aon ní eile ní féidir linn amharc a chailleadh ar an mórsprioc, is é sin go mbeadh seirbhísí poiblí i nGaeilge, ar ardchaighdeán, ar fáil do shaoránaigh na tíre.


Ós comhair Choiste Oireachtais le tráchtaireacht. (4/4/2017)

Na hábhair is tábhachtaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. (4/10/2017)



Share/Save/Bookmark

5.1.18

Deireadh le cosaint láidir dá dTeanga i gceantair Gaeltachta na Gaillimhe.

"...tá an chosaint láidir don Ghaeilge atá in LAP na Gaeltachta faoi láthair - coinníoll teanga a chur ar 80% dena tithe in aon fhorbairt le dhá theach nó níos mó - atá i bhfeidhm ó 2008, le cur ar cheal sa chuid is mó den Ghaeltacht..."

Seo ráiteas ó  Chumann Forbartha Chois Fharraige ar maidin (5 Eanáir 2018).

Ag cruinniú a d'eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige aréir, (Déardaon 4 Eanáir, 2018) socraíodh iarraidh ar gComhairle Chontae gan dul ar aghaidh leis an athrú atá beartaithe a chur ar Phlean Forbartha an Chontae maidir leis an nGaeltacht, ar an gcúis nach bhfuil ann ach pleananna le haghaidh lonnaíochtaí sa Spidéal, sa gCeathrú Rua agus i mBaile an Chláir agus go lagaíonn sé cosaint na Gaeilge sa gcóras pleanála sa gcuid is mó den Ghaeltacht.

Ní léir go bhfuil soláthar déanta san athrú ar an bplean do riachtanais tithíochtaí na bpobal i gceantair eile Gaeltachta, taobh amuigh de na sráidbhailte. Mar a fheictear ón doiciméad seo, Athrú Beartaithe Uimh. 2(b) Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021 (pdf),  atá ar líne ag an gComhairle Chontae is stráitéis lonnaíochta do thrí shráidbhaile is mó atá ann. Má ghlactar leis tuigtear go mbeidh sé á usáid feasta mar pholasaí pleanála do na ceantair Ghaeltachta i gCo na Gaillimhe, in áit an LAP (Plean Áitiúil Ceantair) don Ghaeltacht a socraíodh i 2008 agus ar cuireadh síneadh ama leis go 2018.

Seo mar atá leagaithe síos faoi chaomnú na Gaeltachta sa bplean forbartha reatha i bPolasaí G1 (Alt 10.4 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015 - 2021):
    Polasaí G1 - An Ghaeltachta a Chaomhnú agus a Chur Cun Cinn sa Phróiséas Pleanála Tá imlíniú déanta ag an gComhairle trí Phlean Cheantar Aitiúil na Gaeltachta 2008 - 2018 ar Pholasaithe agus ar Chuspóirí a dhéanann cosaint agus a spreagann oidhreacht shóisialta, chultúir agus theanga na Gaeltachta agus ag an am céanna a bhaineann leas as cumas geilleagrach agus forbartha na Gaeltachta ar bhealach cothrom inbhuanaithe thar shaolré an Phlean.
Tá sé le tuiscint ón mír sin thuas go bhfuil cosaint na Gaeilge i nGaeltachtaí na Gaillimhe bunaithe ar LAP (Plean Ceantar Áitiúil) a bheith ann don Ghaeltacht. Gan aon LAP don Ghaeltacht ní bheadh aon chiall le Polasaí G1 a thuilleadh. Ina áit beidh cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht bunaithe ar Athrú Beartaithe 2(b) nach leagann síos go mbeidh coinníollacha teanga á fheidhmiú in aon cheantar Gaeltachta taobh amuigh den trí lonnaíocht An Spidéal, An Cheathrú Rua agus Baile an Chláir.

Mar a sheasann An tAthrú Beartaithe 2 (b) ní bheidh an cosaint chéanna ag an nGaeilge i gcás forbairtí tithíochta taobh amuigh den trí lonnaíocht thuasluaite. Ní léir, mar shampla, go mbeadh aon ghá a thuilleadh don Chomhairle Chontae Clásal Feidhme Teanga a chur ar sciar de na tithe a thógfaí in áit ar bith i gCois Fharraige taobh amuigh den Spidéal. Go bunúsach tá an chosaint láidir don Ghaeilge atá in LAP na Gaeltachta faoi láthair - coinníoll teanga a chur ar 80% dena tithe in aon fhorbairt le dhá theach nó níos mó - atá i bhfeidhm ó 2008, le cur ar cheal sa chuid is mó den Ghaeltacht má ghlactar leis an Athrú 2(b) ar Phlean an Chontae.

Bhí an cruinniú aréir den tuairim gur fearr Plean Áitúil nua Gaeltachta a réiteach seachas athrú lochtach a chur ar Phlean an Chontae, mar atá beartaithe ag feidhmeannas an Chomhairle Chontae.

Shocraigh an cruinniú aréir iarraidh ar eagraíochtaí eile pobail i gceantar Chois Fharraige tacú leis an éileamh go mba cheart an doiciméad ar a thugtar Athrú Beartaithe Uimh. 2(b) Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015 - 2021 a tharraingt siar faoi láthair agus síneadh ama a thabhairt do Phlean Áitúil na Gaeltachta 2008 - 2018, nuair a théann sé as feidhm níos deireannaí i mbliana. Níl mórán céille le Pleanáil Teanga a bheith ar bun ag LPT cosúil le Cois Fharraige nuair atá an túdarás pleanála ag lagú an chosaint sa gcóras pleanála don Ghaeilge mar theanga phobail.

Tá práinn le seo mar sé an Luan seo chugainn, 8 Eanáir, an dáta deireannach le aighneachtaí a sheoladh isteach ag an gComhairle Chontae faoin doiciméad Athrú Beartaithe Uimh. 2(b).

Donncha Ó hÉallaithe,
Cathaoirleach,
Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Share/Save/Bookmark