8.7.17

Taoiseach ar na nGael?


Ar eagla go ndéanfar dearmad ar pholasaí Leo Varadkar i leith na Gaeilge seo h-é:

"Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht agus ní mór tacú go láidir léi. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go mbeidh sé mar thoradh ar ár mbeartais go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin in úsáid go laethúil ar fud na tíre. Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre.

Tacaím le Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh mé ag obair chun na gníomhaíochtaí cuí in earnáil an oideachais, na n-ealaíon, an chultúir agus i seirbhísí a éascú agus tuigim an tábhacht atá le hacmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise a bhaint amach.

Aithním freisin na riachtanais ar leith atá ag na pobail Ghaeltachta agus beidh mé ag obair ar son aitheantas agus meas do chearta Gaeilgeoirí. Cuirfear i bhfeidhm fosta an beartas ríthábhachtach mar atá an Comhbheartas Oideachas Gaeltachta. Déanfar leasuithe substaintiúla ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déanfar cainteoiri líofa Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí le cinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.

Beidh muid réamhghníomhach chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid nua a bhunú chun freastal ar an mhéadú leanúnach ar oideachas trí mheán na Gaeilge." 
(Taking Ireland Forward -Bealtaine 2017)

Is mian liom díriú isteach ar cheann amháin acu, "Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre."

Anois ó tá sé ina Thaoiseach bhí mé ag súil go mbeadh sé sin le feiceáil nó le cloisint. B'fhéidir go labhrann sé i nGaeilge sa Dáil agus ag cruinnithe aireachta ach dúinne atá inár gcónaí ar líne is beag Gaeilge atá le feiscint ar a chúntas giolcaireachta ar twitter- @campaignforleo. Níl athrú ar bith mar sin ó chleachtas Enda Kenny ó 2011 gan Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta?

Ina chéad craoladh mar Thaoiseach óna oifig níl focal sa Teanga Náisiúnta fiú "Gura Maith agat!" ag an deireadh! Taoiseach Ghael?

Justin agus Leo
Thug Príomh Aire Chanada, Justin Trudeau, cuairt ar an dtír agus sílim gur fiú comparáid a dhéanamh idir a chúntas twitter agus ceann an Taoisigh.  Bíonn chuile giolch uaidh i bhFraincís ar dtús agus ansin i mBéarla. Deintear comparáid idir Trudeau agus Varadkar ach anseo...

Seans go bhfuil sé ró luath le breithiúnas a thabhairt ar a threimhse mar Thaoiseach. Duradh linn gur cheap sé go raibh sé tabhachtach Gaeilge a bheith ag Taoiseach Éireann. Ceist amháin mar sin: "Cén fáth nuair nach bhfuil sí le feiscint nó le cloisint ag an bpobal?"
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment