3.4.17

"Ní bhainfear an cuspóir amach!" - An #Coimisinéir Teanga

Deimhníodh an cuspóir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge forbairt a dhéanamh “ar chearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát” agus “an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge…a ardú.”

“Tá teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú.” An Coimisinéir Teanga.

Tráchtaireacht ar chóras na Scéimeanna Teanga, Aibreáin 2017.

Seo é an chéad uair don Choimisinéir Teanga reatha tráchtaireacht ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú, agus an dara huair ó bunaíodh an Oifig in 2004. 
Foilsítear tráchtaireacht den saghas seo nuair is gá aird a dhíriú ar fheidhmiú an Achta.
Pic: Rónán Ó Domhnail, Coimisinéir Teanga reatha & a réamhtheachtaí Seán Ó Cuirreáin
Léiríonn anailís atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar chóras na scéimeanna teanga go raibh seacht n-iarratas ar scéim teanga a dhaingniú ag seasamh amach le naoi mbliana ar a laghad, ag deireadh na bliana seo caite. Léirítear i dtráchtaireacht de chuid an Choimisinéara ar fheidhmiú Acht na dTeangacha chomh maith nár thuairiscigh aon Aire Gaeltachta riamh aon chomhlacht poiblí chuig Tithe an Oireachtais i ndáil le diúltú scéim teanga a ullmhú nó a chomhaontú, in ainneoin go bhfuil an chumhacht sin aige nó aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Mar chuid den anailís tá iniúchadh déanta ar chuile scéim teanga a daingníodh in 2015 agus 2016. Léiríonn an t-iniúchadh sin - Tá acoimire de na torthaí le fáil sa bhlag seo chomh maith.
  • Go raibh cúlú gealltanais in os cionn leath de na scéimeanna a aontaíodh agus a bhí ceaptha cur le seirbhísí trí Ghaeilge
  • Nár aithníodh post le riachtanas Gaeilge ach i níos lú ná scéim teanga amháin as chuile chúig cinn a daingníodh
  • Gur cuireadh gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú ag an gCoimisinéir Teanga go leataobh nó gur laghdaíodh iad i bpéire as chuile thrí scéim teanga a daingníodh ina dhiaidh sin
I measc na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga tá - tá acoimire níos leithne le fáil ar leathannach eile anseo.
  • Polasaí nua earcaíochta chun íosmhéid foirne le Gaeilge sa gcóras poiblí a chinntiú
  • Caighdeán comónta seirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú nach mbeidh bunaithe ar chóras na scéimeanna teanga
  • Nasc a chruthú idir an phleanáil teanga agus cearta teanga a chinnteodh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá ag obair sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil inti
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, “Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú. Tá moltaí déanta agam sa tráchtaireacht seo maidir le malairt cur chuige a chuirfeadh go mór le héifeacht na reachtaíochta. Tá súil agam go dtabharfar aird orthu. "
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment