15.10.16

Níl ann ach 'box-ticking!'

"Tá muid ligthe síos go láidir ag an Stát le blianta fada anuas ach b'fhéidir go bhfuil seans againne athrú beag a dhéanamh air sin."

Bhí an Coimisinéir Teanga, ós comhair an Buan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí agus tá an méid a dúirt sé ag tús na cruinnithe anseo againn. Ina dhiaidh san cuireadh ceisteanna ó bhaill an Choiste a bhí suimiúil chomh maith. Is fiú an díospóireacht ar fad a léamh (nó a fheiscint) ar shuíomh Thithe an Oireachtas féin. (Nach léiríonn sé dearcadh éigin ar an suíomh sin nach féidir teacht ar an díospóireacht trén leagan Gaeilge den suíomh agus go bhfuil an bun structuir i mBéarla amháin. Féach ar an bpictiúir thíos ag bun an leathanaigh!)

Bhí spéis agam féin sa mhéid a bhí le rá an nua Sheanadóir Pádraig Ó Céidigh, (nó mar a tugtar air sa taifead oifigiúil "Senator"), mar "Dhuine Nua" sna tithe agus ní raibh mórán eolais ar a dhearcadh ar na chúrsaí seo. Shíl mé gur fiú breathnu ar an méid a bhí le rá aige ann. Is mar seo a labhair sé (mise a rinne na cinnlínte):

"Tá sé deas casadh leis an gcoimisinéir arís. Cuireann sé díoma mór orm an easpa misnigh atá ar an gcoimisinéir agus é ag cur a chuid i láthair ansin. Ní raibh mé ag súil leis sin.

Buntáiste ar bith
"Mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, a oiread leis an gcoimisinéir féin, agus tá cónaí orm fós ann, lig na Ranna Stáit agus lig an Stát síos go mór muid agus tá muid ligthe síos fós. Má bhraithnítear ar mhuintir an Cheathrú Rua, muintir an Spidéil nó muintir Ros Muc, ní fheiceann siadsan buntáiste ar bith nó iarracht ar bith a dhéanamh ag an Stát le cabhrú leo. Dar liomsa, sin bun agus barr nó croílár an scéil seo.

"Aontaím leis an Teachta Tóibín maidir leis na hiarrachtaí atá an coimisinéir a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil an t-airgead nó an tacaíocht aige agus is cinnte nach bhfuil na Ranna Stáit ag tabhairt tacaíocht dó le go bhféadfaí mar is cóir an Ghaeilge a úsáid i bhfad níos minicí agus úsáid i bhfad níos fearr a bhaint aisti.

"Dar liomsa, an bunrud atá daoine as an nGaeltacht ag iarraidh ná jabanna. Má fhaigheann muintir na Gaeltachta jabanna, fanfaidh siad ann agus labhróidh siad Gaeilge.

Dream dhá-theangach
"Tá i bhfad níos mó suim san Ghaeilge anois ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht go háirid, ach tá daoine ag iarraidh Béarla a labhairt freisin. Is fada an lá é ó d'imigh m'athair go Sasana - b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Seanadóir Ó Clochartaigh é seo mar rugadh agus tógadh é i Sasana - ach ní raibh aon Bhéarla aige nuair a d'imigh sé ann. Bhí air Béarla a fhoghlaim. Nuair a tháinig sé ar ais go Conamara, an rud a bhí sé ag iarraidh orainn a dhéanamh ná cúpla focal Béarla a bheith againn. Tá go leor daoine nach dtuigeann é seo ach bhí sé an-tábhachtach ag an am sin, agus tá sé tábhachtach fós, go mbeadh Béarla againn. Is dream dhá-theangach muid.

Box ticking!
"Is é bun agus barr an scéil leis an straitéis 20 bliain ná nach bhfuil ann ach box-ticking. Chaithfinn-se amach uilig é agus thosnóinn é nua as an bpíosa. Tá straitéis iomlán ag teastáil ó thaobh na Gaeltachta de agus ó thaobh na Gaeilge de. Tá páirt fíor-thábhachtach ag an gcoimisinéir ann. Tá mise agus chuile dhuine anseo ag tabhairt 100% tacaíocht dó. Tuigeann muid an tinneas atá air nach féidir leis an post atá aige agus rud atá sé ag iarraidh a dhéanamh a dhéanamh mar níl sé ag fáil an tacaíocht. Níl ann ach box-ticking. Is mór an náire é don Stát agus dúinn uilig é sin. Má bhíonn aon tionchar againn, faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh, dá bhféadfadh muid an cnaipe sin a bhrú ar aghaidh ar bheagánín, dhéanfadh sé difríocht an-mhór.

"Níl aon cheangal idir muintir na Gaeilge agus an straitéis 20 bliain nó forbairt teanga. Luaigh an coimisinéir an próiseas pleanála teanga agus pleananna teanga. Níl ansin ach rud acadúil le go mbeadh plean ar phíosa pháipéir. Tá muid ag iarraidh go mbeadh seans againn dul amach ag obair agus go mbeadh clann ag daoine agus go mbeadh teach ag daoine agus go mbeidís in ann fanacht san áit gur rugadh agus tógadh iad. Níl siad in ann é sin a dhéanamh. Tá muid ligthe síos go láidir ag an Stát le blianta fada anuas ach b'fhéidir go bhfuil seans againne athrú beag a dhéanamh air sin."

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Mr (sic)Rónán Ó Domhnaill é seo:

"...Ó thaobh cheist an Sheanadóir Ó Céidigh, ní mhaith liom go gceapfadh sé go bhfuil easpa misnigh orm. Táim réalaíoch faoin méid atá mé ag feiceáil os mo chomhair. Creidim go láidir i gcúrsaí reachtaíochta. Creidim gur féidir le reachtaíocht dea-thionchar a imirt agus gur féidir leis ról an Stáit a léiriú go sonrach. Creidim go féidir le reachtaíocht ról cinniúnach a léiriú ó cá bhfuil muid ag dul ó thaobh na Gaeilge de. Ní easpa misnigh atá orm. Creidim go bhfuil deis ann anois, go mórmhór leis an mbuan-choiste seo, gur bhféadfadh an coiste, mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí, ról sonrach agus láidir a imirt ó thaobh reachtaíocht láidir a chruthú. Léireodh an reachtaíocht láidir sin ceannaireacht agus leagfadh an reachtaíocht dualgais troime ar na comhlachtaí poiblí is mó a bhfuil teagmháil acu leis an bpobal...."

"Tuigeann daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa mbaile go bhfuil fáilte rompu in áit a bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Ar a mhalairt ansin, nuair nach bhfuil sé feiceálach, is as sin go n-eascraíonn na fadhbanna." (An Coimisinéir Teanga - 4/10/2016)
@padraigoceidigh @ceartateanga

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment