4.10.16

Na hábhair is tábhachtaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

"Ag an tráth seo ní heol dom an bhfuil i gceist Bille leasaithe a chur faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom béim faoi leith a leagan ar an bpointe seo leis an gCoiste: teastaíonn athruithe struchtúrtha ar an Acht a théann i ngleic leis na riachtanais phraiticiúla atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Mura ndéanfar é sin is faillí a bheas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna ceannanna céanna. Níl de chumhacht agamsa aon leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht; is feidhm é sin daoibhse, baill an Oireachtais, ní féidir liomsa ach sibhse a chur ar aon eolas faoi na fadhbanna is coitianta a thagann faoi mo bhráid agus moltaí a thabhairt daoibh ar na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt orthu." 
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill le comhair Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán - 4 Deireadh Fomhair 2016.

Bhí an dara cruinniú poiblí de Bhuan-Chomhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileán i dTeach Laighean ar an 4ú lá Deireadh Fomhair agus labhair an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill leo. Sí Catherine Connolly TD atá mar cathaoirleach ar an gCoiste seo.
Bhí Tuairisc.ie i láthair agus seo mar a chonaic siad cúrsaí de réir mar a thárla siad: Tuairisc Bheo: An Coimisinéir Teanga ag an gCoiste. 
An Coimisinéir Teanga ós comhair na Chomhchoiste.
Ba mhaith buíochas a ghabháil leat féin agus leis an gComhchoiste as an gcuireadh bheith anseo inniu. Sa gcur i láthair seo ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt daoibh ar an obair atá ar siúl ag m’Oifig, na dúshláin a bhaineann leis an obair sin agus smaointe a roinnt libh ar bhealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar an teacht atá ag an bpobal ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge.

Mar is eol don Chomhchoiste tá dhá phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ar m’Oifig – déileáil le gearáin ón bpobal maidir le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge ón Státchóras agus freisin monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear forálacha an Achta i bhfeidhm. Sa bhreis air sin, cuireann m’Oifig comhairle ar an bpobal maidir lena gcearta teanga agus cuireann muid comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht. Is Oifig bheag neamhspleách í m’Oifig le seachtar státseirbhíseach agus buiséad bliantúil €670,000.

Obair na bliana
Gearáin, Comhairle & Imscrudaithe
Sa bhliain a chuaigh thart rinneadh 755 gearán le m’Oifig maidir le deacrachtaí a bhí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí na tíre; is ardú 6.5% a bhí ansin ar an mbliain 2014. Feidhmíonn m’Oifig córas neamhfhoirmiúil réitithe imscrúdaithe ina n-éiríonn linn teacht ar shocrú sásúil ar fhormhór mór na n-ábhar gearáin sin. Nuair nach féidir teacht ar shocrú sásúil tríd an gcóras réitithe sin ní bhíonn de rogha agam ach imscrúdú foirmiúil a thionscnamh. Le linn na bliana seo caite d’eisigh mé 9 dtuarascáil imscrúdaithe agus tá cuntas orthu sin i dTuarascáil Bhliantúil na hOifige.

Ba mhaith liom suntas a thabhairt d’imscrúdú amháin a rinne mé ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha maidir leis an gcóras nua postchód, Eircode. Chinn mé san imscrúdú sin go raibh an Roinn ag sárú a cuid dualgas reachtúil teanga maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta de thoradh neamhchomhlíonadh gealltanas a bhí tugtha ina scéim teanga.

Ainm agus sloinne.
Tháinig sé chun solais le linn an imscrúdaithe sin go raibh ainmneacha agus seoltaí daoine aistrithe go Béarla le linn sheachadadh an Eircode. Is ábhar é seo a chuir cantal ar na daoine a rinne teagmháil le m’Oifig agus bhí sé ar an ábhar aonair gearáin is mó riamh a fuair m’Oifig. Chuir sé díomá orm nach raibh aon fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla ná in aon achtachán eile a thug cosaint d’úsáid ainm, sloinne agus seolta sa teanga oifigiúil is rogha leis an saoránach. Is cuid dhílis de chéannacht duine a (h)ainm agus sloinne ach fágann an easpa reachtaíochta ar an ábhar seo gur beag cosaint reachtúil atá ann ina leith. Is léiriú é seo ar cheann de na bearnaí nó na laigí atá sa chóras reachtaíochta teanga. In ainneoin nach raibh an t-údarás agam aon ghníomh a ghlacadh chinn mé an cás a chur faoi bhráid an Choimisinéara Cosanta Sonraí le féachaint an bhféadfadh go raibh aon sárú á dhéanamh ar an reachtaíocht sin.

Fairachán
Chuir m’Oifig clár leathan faireacháin i bhfeidhm le linn na bliana agus an chuid is mó den acmhainn faireacháin sin dírithe ar scéimeanna teanga. Ar an iomlán rinneadh iniúchadh ar 17 scéim teanga agus leantar próiseas caighdeánach ina mbailítear fianaise maidir le cur i bhfeidhm na scéime i bhfoirm chomhfhreagrais agus cruinnithe le hionadaithe na gcomhlachtaí poiblí. Tá trácht déanta agam roimhe seo ar chaighdeán roinnt scéimeanna teanga atá á n-aontú. Tá patrún le brath go bhfuil scéimeanna teanga á n-aontú ar mhaithe le scéim teanga a bheith ann seachas mar ionstraim atá dírithe ar réimse na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge a neartú. Fillfidh mé ar an ábhar sin níos faide anonn sa ráiteas seo.

Comhairle do Chomhlachtaí Poiblí
In ainneoin gur líon beag foirne atá ar fáil do m’Oifig leag muid béim faoi leith ar theagmháil réamhghníomhach a dhéanamh le comhlachtaí poiblí i rith na bliana chun dualgais an Achta a mheabhrú agus a mhíniú an athuair dóibh. Iarracht a bhí anseo déileáil leis na hathruithe móra atá tagtha ar chúrsaí foirne sa tseirbhís phoiblí le blianta beaga anuas agus dá bharr gan an tuiscint chéanna a bheith ann faoi bhundualgais an Achta. Tháinig méadú 79% ar líon na bhfiosrúchán a tháinig ó chomhlachtaí poiblí le linn na bliana 2015 agus tá an patrún sin ag leanúint arís in 2016.

Bille Leasaithe – Acht na dTeangacha Oifigiúla
Ní raibh Bille Leasaithe na dTeangacha Oifigiúla foilsithe faoin tráth ar tháinig críoch le tréimhse an Rialtais deiridh. Mar is eol don Chomhchoiste teastaíonn uaimse go leasófaí an tAcht reatha. Tá eolas roinnte agam roimhe seo le Comhchoistí Oireachtais agus i bhfóraim eile ar na príomhleasuithe a mheasaim atá de dhíth ar an Acht, ina measc:
  1. Foráil a chinntíonn go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit a bhíonn ag obair nó lonnaithe sa Ghaeltacht. Mar atá ráite agam go minic roimhe seo luíonn sé le réasún go mbeadh dualgas ar an Státchóras a chuid seirbhísí a chur ar fáil i gceachtar teanga oifigiúil sa Ghaeltacht de réir rogha an tsaoránaigh. Tá sé seo níos tábhachtaí ná riamh tráth a bhfuil na pobail chéanna ag tabhairt faoi phleanáil teanga chun a stádas Gaeltachta choinneáil.
  2. Malairt córais a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga ina mbeadh níos mó seirbhísí, go háirithe iad sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna, sonraithe le rialacháin seachas scéimeanna teanga éagsúla a bheith á n-aontú go malltriallach le comhlachtaí poiblí ina gceann is ina gceann. Níl an córas seo ag oibriú ná ag baint amach na spriocanna atá i gceist leis.
  3. Rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí i gcomhréir leis an gcumarsáid agus an idirghníomhaíocht a bhíonn acu leis an bpobal agus go leagfaí na dualgais is troime teanga orthu siúd is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.
  4. Go sonrófaí cearta sa reachtaíocht maidir leis an teanga oifigiúil is rogha leis an saoránach a bheith in úsáid i gcás ainm agus seoladh an tsaoránaigh sin.
  5. Go dtiocfadh comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoin reachtaíocht seachas iad a bheith ainmnithe i sceideal de chuid an Achta is gá a choinneáil cothrom le dáta. Gníomh é seo nach bhfuil glactha anois le os cionn 10 mbliana.
  6. Go dtiocfaí i ngleic ar bhealach níos cuimsithí le seirbhísí stáit a bhíonn á gcur ar fáil go hindíreach ag 3ú páirtithe.
Ag an tráth seo ní heol dom an bhfuil i gceist Bille leasaithe a chur faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom béim faoi leith a leagan ar an bpointe seo leis an gCoiste: teastaíonn athruithe struchtúrtha ar an Acht a théann i ngleic leis na riachtanais phraiticiúla atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Mura ndéanfar é sin is faillí a bheas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna ceannanna céanna. Níl de chumhacht agamsa aon leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht; is feidhm é sin daoibhse, baill an Oireachtais, ní féidir liomsa ach sibhse a chur ar aon eolas faoi na fadhbanna is coitianta a thagann faoi mo bhráid agus moltaí a thabhairt daoibh ar na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt orthu.

Córas na Scéimeanna Teanga
Mar a luaigh mé níos túisce, tá mé míshásta leis an mbealach a bhfuil córas na scéimeanna teanga á chur i bhfeidhm. Tá sé le sonrú go bhfuil feabhas tagtha ar líon na scéimeanna atáthar a aontú anois ach ní shin le rá go bhfuil an fhadhb sin leigheasta ina hiomláine go fóill. Go deimhin, ag deireadh na bliana 2015 bhí 21 scéim teanga a bhí in éag, nó i bhfocail eile, as dáta le os cionn 5 bliana.

Chun é seo a mhíniú ar bhealach eile is tréimhse 3 bliana a bhíonn ag comhlacht poiblí na gealltanais atá tugtha sa scéim teanga a chur i bhfeidhm. Nuair a bhíonn dhá bhliain go leith den tréimhse sin caite is gá don Aire fógra a thabhairt don chomhlacht poiblí tabhairt faoi scéim teanga nua a ullmhú. Le deireanaí, scrúdaigh mé na comhlachtaí poiblí sin a bhfuil, ar a laghad, an dara scéim teanga aontaithe ag an Aire leo; tá 52 acu ann. De réir na hanailíse atá déanta agam bhí, ar an meán, 3 bliana eile caite tar éis dháta críochnaithe na scéime, sular aontaíodh an chéad scéim teanga eile. Ciallaíonn sé seo go raibh an scéim teanga a aontaíodh do thréimhse 3 bliana, ar an meán, i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 bliana. Ní raibh ach 5 chomhlacht phoiblí a raibh an scéim teanga reatha ag teacht sna sála ar an scéim a bhí ag dul as dáta. Bhí tréimhse de 5 bhliana nó níos mó caite ó tháinig deireadh le tréimhse feidhme scéim teanga sular aontaíodh scéim teanga nua i gcás 15 den 52 comhlacht poiblí.

Le pictiúr iomlán a thabhairt don Chomhchoiste tá 19 scéim teanga eile a bhfuil sa bhreis ar 5 bliana caite ó chríochnú a gcéad scéime gan aon scéim teanga nua daingnithe leo go fóill. Ar ndóigh fanann scéim teanga i bhfeidhm nó go n-aontaítear scéim teanga nua ach mar gheall ar an moill a bhaineann le haontú scéimeanna bíonn na gealltanais ag cailliúint a dtábhachta, ag dul as dáta agus gan aon ní breise ag teacht chun cinn.

Léirítear sa tábla thíos, Scéimeanna Teanga daingnithe & Iarratais ag seasamh amach, líon na scéimeanna teanga a daingníodh le seacht mbliana anuas agus líon na n-iarratas a bhí fós le daingniú ag deireadh gach bliana.

Tá líon na scéimeanna atá fós le daingniú ardaithe 47% ón mbliain 2009, in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta dlús a chur le haontú scéimeanna.

An t-ábhar is mó imní atá orm faoi chóras na scéimeanna teanga i láthair na huaire ná a laghad a bhíonn geallta i gcuid mhaith acu. Fágann sin gur ann do scéim ach gur beag is fiú í i ndáiríre. Ní shin le rá nach mbíonn gealltanais fhiúntacha i roinnt scéimeanna, mar bíonn, ach ar an iomlán is é mo bharúil mheáite nach bhfuil na scéimeanna teanga ag cur go fiúntach le réimse na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge ar aon bhealach téagarach.

Ar cheann de na samplaí is mó ar thug mé suntas dó tá an scéim teanga a aontaíodh le Comhairle Contae na hIarmhí le linn na bliana seo ina bhfuil cúlú follasach ar roinnt gealltanas a bhí tugtha sa chéad scéim teanga. Tá sampla tugtha de dhá réimse gealltanas, sa tábla thíos, a léiríonn an t-athrú a cuireadh i gcrích:
Brú ar seo le é a dhéanamh níos mó
Sa bhliain 2011 rinne an Oifig seo imscrúdú oifigiúil ar Chomhairle Chontae na hIarmhí nuair a theip orthu gealltanais áirithe de chuid na scéime teanga a chur i bhfeidhm go sásúil. Ar cheann de na gealltanais is suntasaí nach raibh curtha i bhfeidhm bhí suíomh gréasáin na Comhairle a bhí ag brath ar áis Google Translate chun leagan Gaeilge a chur ar fáil. Ina dhiaidh sin cuireadh Tuarascáil Speisialta faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa bhliain 2013 nuair a theip ar an gComhairle moltaí an imscrúdaithe a chur i ngníomh.

Tá sé le sonrú sa scéim teanga is deireanaí atá daingnithe ag an Aire go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atá geallta anois i dtaobh an tsuímh gréasáin. Cuireann sé an-imní go deo orm gurb é an bealach ar déileáladh le neamh-chomhlíonadh gealltanais a tuairiscíodh chuig Tithe an Oireachtas ná an gealltanas sin a laghdú sa chéad scéim teanga eile. Tá mo mhíshástacht curtha in iúl agam don Roinn ar an ábhar seo agus tá m’imní ar threo ginearálta chóras na scéimeanna teanga curtha in iúl agam chomh maith. Bhí m’Oifig i gcónaí den tuiscint go chóir go mbeadh scéimeanna teanga ag tógáil ar a chéile agus nach mbeifí ag lagú, ag cúngú ná ag cúlú gealltanas. Sa mhéid is gur féidir leis tarlú léiríonn sé an pointe faoi na laigí a bhaineann leis an gcóras seo.

Tá dhá bhliain déag anois ann ó daingníodh an chéad scéim teanga agus ba chóir go mbeadh torthaí an chórais le sonrú faoin am seo. Ní mar sin atá an scéal agus go deimhin d’fhéadfaí an cás a dhéanamh go mbuanaíonn na scéimeanna teanga teorannú seachas forbairt ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Creidim gurb é an réiteach air seo ná tionchar chóras na scéimeanna teanga a laghdú agus go mbeadh níos mó seirbhísí ag teacht faoi réimse rialachán faoi mar atá déanta le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil. Creidim gur féidir an méid sin a dhéanamh freisin i gcás suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar líne, foirmeacha iarratais, preasráitis agus na seirbhísí sin ar fad nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna. Ciallaíonn sé seo athrú sa reachtaíocht ach bheadh sé fiúntach i mo thuairim múnla den chineál seo a fhorbairt mar creidim nach bhfuil córas na scéimeanna teanga, faoi mar atá siad faoi láthair, chun aon toradh fónta a thabhairt dúinn.

Earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí
Ach oiread le córas na scéimeanna teanga is ábhar í an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí a bhfuil cuid mhaith cainte déanta uirthi le blianta beaga anuas. Ní theastaíonn uaim athrá a dhéanamh ar an eolas atá ar fáil go poiblí cheana féin maidir leis an líon fíoríseal post a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leo. Insíonn na fíricí a scéal féin: níl dóthain daoine le Gaeilge á n-earcú sa tseirbhís phoiblí, rud a imríonn tionchar ar stádas na teanga ach freisin a nascann go díreach leis an easpa seirbhísí atá ar fáil don phobal. Níl aon mhíniú agam ar an méid atá ag tarlú ach is léir go bhfuil drogall ar eagraíochtaí stáit a bheith ag cur ceangal orthu féin, mar a fheiceann siadsan é, go mbeadh riachtanas Gaeilge luaite le líon áirithe post.

Bhí míthuiscint nó míbhrí ann ón tús go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag 6% d’earcaigh nua a bheadh ag teacht isteach sa Státseirbhís de thoradh cinneadh Rialtais sa bhliain 2013. Ar ndóigh ní hé sin atá i gceist; is éard a bhí sa gcinneadh sin ná go gcruthófaí painéil de dhaoine le Gaeilge a bheadh cothrom le 6% den phainéal ginearálta. Mura bhfuil poist le riachtanas Gaeilge á sainaithint fágtar nach bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht ó na painéil sin ag gach leibhéal sa Státseirbhís.

Tá tús curtha an athuair le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus beidh deis caillte againn athchothromú a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís má leantar leis an gcur chuige reatha. Tá sé tráthúil dá dtiocfaí den tuairim seo agus 42 bliain caite ó fógraíodh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sa Státseirbhís i 1974.

Leabharlanna poiblí.
Le roinnt seachtainí anuas tá ceisteanna ardaithe ag m’Oifig leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir leis na cáilíochtaí atá sonraithe do ghráid i leabharlanna poiblí. Thug an Roinn le fios dúinn gur bunaíodh grúpa oibre sa bhliain 2015 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cáilíochtaí sin. Dúradh linn gur mhol an grúpa oibre na cáilíochtaí a bhí ann a leasú chun aird a thabhairt ar na hathruithe atá tarlaithe sa ghairm le fiche bliain anuas.

Dhearbhaigh an Roinn dúinn nár áiríodh sna cáilíochtaí nuashonraithe an riachtanas a bhíodh ann roimhe seo don iarrthóir rathúil a bheith cumasach sa Ghaeilge. Ba é moladh an ghrúpa oibre gur chruthaigh an riachtanas seo bac iontrála neamhriachtanach dóibh siúd gan Gaeilge labhartha nó dóibh siúd nach raibh an deis acu an teanga a fhoghlaim. Dúradh linn gurbh é seo dearcadh na Roinne chomh maith agus go mba chúis imní é, agus leath d’fholúntais leabharlannaí contae le líonadh faoi láthair, go gcruthódh an riachtanas seo bac ar na folúntais a líonadh leis na daoine is fearr chun tabhairt faoi na róil an-dúshlánach seo, ag cur san áireamh chomh héadomhain is atá an líon iarrthóirí.

Táthar anois ag tabhairt feidhm do na socruithe seo le sonraíocht phoist nua de chuid na Roinne. Níl aon riachtanas Gaeilge luaite leis an tsonraíocht atá feicthe againn i gcás Leabharlannaí Cathrach agus Contae, Leas-Leabharlannaí Cathrach, Leabharlannaí Chathair Bhaile Átha Cliath, Leabharlannaí Feidhmiúcháin, Leabharlannaí Roinne ná Leabharlannaí Cúnta. Ní heol dom ach an oiread go bhfuil aon socrú faoi leith i gceist do cheapacháin i leabharlanna Gaeltachta. Tá an cheist shonrach sin tarraingthe anuas againn leis an Roinn agus tá muid ag fanacht ar fhreagra go fóill. Tá sé mar fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcaithfidh comhlacht poiblí a bhíonn ag ullmhú scéim teanga “a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire”. Mura mbíonn an riachtanas Gaeilge d’ionaid Ghaeltachta luaite sa tsonraíocht phoist chuí ní bheidh aon riachtanas Gaeilge i gceist d’fholúntais a thagann chun cinn i leabharlanna sna limistéir pleanála teanga sin.

Ar bhonn níos leithne tá an chosúlacht air go bhfuil an riachtanas ginearálta Gaeilge a bhain leis an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí á chur go leataobh.

Tá sé ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go “sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh”. Ní chreidim go bhfuiltear ag tabhairt faoi seo le haon dáiríreacht agus gur sop in áit na scuaibe atá i gceist chomh fada agus a bhaineann sé le daoine le Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí.

Gabhaim buíochas leis an gComhchoiste as an deis teacht in bhur láthair agus labhairt libh faoi na hábhair is tábhachtaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Labhair toscaireacht ó Chonradh Gaeilge leis an gCoiste seo ar an 22 Meán Fomhair 2016.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment