2.4.16

Ábhar amháin i measc na nGael?

Nach bhfuil le déanamh ag cainteoirí mionteanga ach cúrsaí teanga a phlé?

Seo alt suimiúil ag Alex Hijmans ag déanamh pointe an mhaith i dtaobh bPobal na Gaeilge ar maidin. Go bunúsach deireann sé nach bhfuil siad sásta aon rud a phlé seachas an Ghaeilge féin. An cruthú ar sin ná an méid aisfreagraí a fuair sé ar alt a scríobh sé faoi Fotheidil ar TG4.

B'fhéidir nach chóir dó aon iontas a bheith air gur árdaigh ceist a bhí imeallach ar bhealach an méid sin spéise. Ach mar a dúirt an fear eile, "Is féidir le duine suí ar shliabh ach ní féidir le h-éinne suí ar bhiorán!"
Nuair a thosaigh mise ag blagáil (Samh 2006) thugas faoi deara go raibh an chuid den stuif uaim i dtaobh cúrsaí teanga, polasaí Rialtas i leith na Gaeilge agus eile.

Is laige é san ardán nuachta tuairisc.ie go mbíonn an chuid is mó nuacht atá ann faoin dteanga seachas aon rud eile. Tá sé sin tabhachtach, agus riachtannach b'fhéidir, mar is beag áit eile ar nó as líne gur féidir an nuacht sin a fháil - go mór mór ó daoradh Gaelscéal, Foinse agus a gcuid réamhtheachtaithe chun báis ag gníomhaireachtaí na Rialtas.

Níor theastaigh orm go mbeadh mo shuíomh pearsanta gafa leis an gceist seo agus mar sin shocraigh mé an suíomh seo, Gaeltacht21, a úsáid mar uirlis mo chuid tuairimí faoi chúrsaí teanga a phlé. Is faoi chuile rud eile faoin spéir anois a bímse a scríobh ar mo shuíomh eile, stair, dúlra, filíocht, léirmheasana, bia agus amaidí!

Anseo is ag leanúint chúrsaí teanga agus teanga sa Ghaeltacht atáim. Is dócha go bhfuil á rá go leadaránach sa bhlag seo, an rud a bhí ráite ag Myles fadó (agus a luadh in alt bhreá air i dtuairisc.ie inné):
     Cad í an cheist is tábhachtaí ag Gaelaibh? 
     Ceist na teangan. 
     Cad í láthair gurb í seo an cheist is tábhachtaí? 
     Na huaire. 
     Cad í an cheist eile atá lán chomh tábhachtach? 
     Ceist na Gaeilge. 
     Cad nach bhfuil an Rialtas i dtaobh ceist na Gaeilge? 
     Dáiríribh. 
     Cad nach bhfuil lucht na n-ollscoil, an Eaglais, an Stát-sheirbhís agus lucht tráchtála i  dtaobh ceist na Gaeilge? 
     Dáiríribh. 
     Cad nach foláir dúinn go léir a bheith go láidir ar son? 
     Na Gaeilge 
     Cad nach foláir dúinn go léir a bheith go láidir ar son? 
     An Gaelachas. 
     Cén staid ina bhfuil sinn dóchasach go mairfidh ár nGaeilge? 
     Slán. 
     Cad ní, ar mhullach na Gaeilge, ach faoi, a bhíonn na seoiníní ag déanamh?  
     Magadh. 
     Cén áit nach foláir duit bheith fíorGhaelach? 
     Id chroí istigh. 
    Ach cad a bhíonn gach tosnú? 
     Lag.
Ag a bun chuireann Alex roinnt ceisteanna agus is fiú iad a iniúcadh:
     Cén tátal atá le baint as an scéal seo ar fad? 
     An iad fotheidil mórcheist ár linne? 
     Nach bhfuil le déanamh ag cainteoirí mionteanga ach cúrsaí teanga a phlé? 
     An fiú teanga a shábháil mura mbeidh á phlé inti ach í féin?

Freagraí? Éinne?

An fhirinne glan? (pic: tuairisc.ie ar twitter)


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment