19.2.16

Éilimh Gaeilge & Gaeltachta. #GaelVóta #GE16

Tá toghchán le bheith seachtain ó inniú agus níl tuairim ag éinne cé bheidh i gcumhacht ina dhiaidh. Don gcéad uair riamh, munar féidir le h-éinne mé a bhréagnú, tá éilimh deimhnithe ag Gluaiseachtaí Phobal Ghaeilge is Ghaeltachta le chuir ós comhair na h-iarrathóirí.

Trí chinn atá ann. Tá siad buiséadaithe ó thaobh an cheann infheistíochta de agus tá dhá cheann nach bhfuil mórán costas breise leo ach dea thoil.

Seo hiad:

Símplí agus indéanta
1. Infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bpobal na Gaeilge & Gaeltachta le 1,175+ post a chruthú.*

2. Aire Sinsearach Gaelge agus Gaeltachta ag Bórd an Rialtais.

3. Comhchoiste Seasta Oireachtais ar chúrsaí Ghaeltachta & Gaeilge ar chomh chéim leis na coiste Oireachtais eile.

Agus iad a moladh an trí éilimh seo chuireann na gluaiseachtaí roinnt pointí eolais ós á gcomhair.

    • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann 
    • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge 
    • D’fhreastalódh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas: 
     - Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil - Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin 
     - Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil 
    • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916

*Mar eolas, is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil uainn don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment