4.2.16

An tUachtarán le comhdháil idirnáisiúnta a oscailt i nGaillimh.


Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a osclóidh Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an mhí seo chugainn. Tá spéis mhór léirithe ag an Uachtarán i gcearta teanga agus beidh daoine ag súil go mór lena chuid cainte. Fógraíodh chomh maith go bhfuil aontaithe ag an mBreitheamh Adrian Hardiman ón gCúirt Uachtarach léacht na comhdhála a thabhairt ar an oíche oscailte.

(Is i mBaile Átha Cliath a socraíodh ar an gCumann a bhunú i 2013. Seo tuairisc ghearr ar an gcruinniu féin.)

An Coimisinéir Teanga & Uachtarán na hÉireann
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur “mór an onóir é d’Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil beirt aíonna atá chomh haitheanta le cearta teanga sásta bheith i láthair don ócáid”. 

Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sé mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain an Stáit. “Beidh deis ann le linn na bliana seo amach romhainn machnamh a dhéanamh an athuair ar na mianta a bhí ann ar bhunú an Stáit. Lárnach sa mhachnamh seo beidh staid ár dteanga náisiúnta agus a háit i sochaí an lae” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Seo í an chéad uair don chomhdháil bheith á reáchtáil i nGaillimh agus beidh saineolaithe idirnáisiúnta ar chearta teanga i láthair. Ina measc beidh Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada Graham Fraser, an tOllamh Stephen May ó Ollscoil Auckland sa Nua-Shéalainn, an tOllamh Rob Dunbar ó Ollscoil Dhún Éideann agus an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Cambridge.

Beidh saineolaithe aitheanta ón tír seo i láthair freisin, ar nós an Dochtúir John Walsh, an Dochtúir Peadar Ó Flatharta agus an tOllamh Gearóid Denvir.

Trí lá a mhairfidh an chomhdháil ón 7ú go 9ú Márta. Beidh an oíche oscailte ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is in Óstán an Galway Bay a reáchtálfar na hócáidí ar an Máirt agus ar an gCéadaoin. Níl aon táille le freastal ar an gcomhdháil ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga.



#IALC2016Gaillimh @ceartateanga 


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment