26.10.15

Ábhar lúibín? Cé chumfadh é?

"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart..." (An Coimisinéir Teanga, 18 Meán Fómhair 2015 )

Bhí mé le cara linn i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliaina agus thosnaíomar ag caint faoin gceadúnas tiomána. Dúras go raibh mo cheann fhéin ag dul in éag agus mhol sé dom é a athnuachan mé féin mar go raibh dream nua i bhfeidhil ar an gcóras agus nach gcuirfaí réamhfhógra chugam. 


Is ansin a thosaigh an scéal fada casta seo. Is féidir é a shamhlú mar ábhar lúibín nó agallamh beirte ag Oireachtas na Samhna!

Don Béarleoir - Símplí
1. Téir chuig an suíomh seo:
2. Ioslódáil na foirmeacha ar chlé agus cliog ar "Book an Appointment".
3. Déan an coinne.
4. Bailigh do chuid paipéarachas.
5. Téir isteach chuig an ionad clárúcháin.
6. Déanta!

I gcás Lucht na Gaeilge - teachtaireacht simplí "Déan i mBearla é!"

17 Lúnasa 2015
Ós rud é go dtéann sé in éag ag deireadh mí Dheireadh Fomhair chuaig mé chuig Google ag lorg "Ceadúnas Tiomána." Thóg sé díreach chuig suíomh an Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (USB) chuig leathanach le píosaí i nGaeilge agus píosaí eile i mBéarla.  Bhrú mé an nasc "Renewing your licence" le dóchas go mbeadh an cuid eile i nGaeilge. Faraoír thóg an nasc sin mé chuig leathanach a bhí ina iomlán i mBéarla agus gan fiú cnaipe "Gaeilge" air a bhain leis An tSeirbhís Náisiúnta un Cheadúnais Tiomána (SNCT).

23 Lúnasa 2015
Is ceann de na laigí atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná nach bhfuil éifeacht air ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh ó dháta an dlí sin. Mar sin is beag gur féidir leis an Coimisinéir Teanga a dhéanamh leis an ÚSB nó an SNCT. Ní rabhas i ndán seoladh r-phoist a aimseú ar shuíomhana an dá eagraíocht le scrí go díreach chucu. Mar sin scríomh mé go díreach chuig an Roinn Iompair mar seo:

Fuair mé an gnáth admháil a dúirt go raibh mo theachtaireacht faighte acu (Dhá theangach - Béarla ar dtús agus Gaeilge faoi!)

25 Lúnasa 2015
Cupla lá ina dhiaidh sin fuair mé freagra (tá ainm an duine a scríobh bainte ón dteachtaireacht agam!):


14 Meán Fómhair
Thosaigh mé ag feithimh ach litir nó freagra níor fuair mé. Mar sin scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 14 Meán Fómhair, 


22 Meán Fomhair
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 

29 Meán Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 29 Meán Fómhair, 

5 Deireadh Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 


Béarla éigeantach le foirm
Ghaeilge a fháil!
6 Deireadh Fómhair 2015

Bhí mé ag éirí imníoch faoin am seo agus scríos chuig Oifig an Choimisinéara Teanga arís ag iarraidh ortha rud éigin a dhéanamh le freagra a fháil ó dhuine éigin mar ní raibh mé i ndán na foirmeacha a fháil i nGaeilge fiú. Scríodar thár n-ais chugam ar an lá céanna (mar is gnáthach leis an oifig sin!) agus dúradar go raibh foirmeacha i nGaeilge ar an suíomh cheanna féin. Agus bhí, ach aisteach go leor, is i mBéarla amháin a bhí an nasc. (Má tá mise ag lorg foirm nó an cnaipe chuig legan Gaeilge de aon rud deanaim cuadach simplí "Gaeilge" agus ní "Irish" len é a fháil mar sin níor thugas faoi dearadh ga raibh siad ann.).

Dúirt Oifig an Choimisinéara liom go ndeanfaidis teangabháil leo agus cé nach raibh "aon dualgas reachtúil orthu faoin Acht" ba dóigh leo "go mbeadh díomá ortha a chloisteáil nach bhfuil freagra fiú á chur ar fáil duit."

7 Deireadh Fomhair 2015
An lá dár gcionn dúradh liom go raibh r-phoist faighte ó dhuine san ÚSB ag rá gur cuireadh r-phoist chugam ar an nDéardaoin roimhe sin (1 Deireadh Fómhair). Ní fhuair mé sin ach tá seans gur chuaig sé isteach mar turscar agus cailleadh é.

9 Deireadh Fómhair 2015
Chuir mé r-phoist fada ansin chuig an té sin ag miniú dó cad a bhí uaim ar na 9ú lá. Is mar seo a chriochnaigh mé mo theachtaireacht mar seo:

"Is cosúil go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh leis an ceadúnas a athnuachan agus deireann sé ar an bhfoirm nach féidir coinne a dhéanamh ar ar líne. Ach ní féidir é sin a dhéanamh i nGaeilge.

Ansin deirtear liom nach féidir leis an oifig dealáil le daoine in nGaeilge “gan ceist, gan coinníoll”.

Tá sé soiléar anois domsa nach féidir seirbhís “gan ceist, gan coinníoll” le mo cheadúnas a athnuachan a fháil. Tá mé ag tiomáint le 45 bliain agus ní raibh trioblóid agam riamh ó thaobh theanga de go dtí seo. Níl mé sásta tosú sa Bhéarla tár éis an méid sin blianta.

Nach bhfuil an ceart sin agam?

Tá na foirmeacha go léir agam ach ní féidir liom an rud a críochnú mar a dhéanfadh Béarlóir."


Fuair mé freagra ar an lá céanna bhíodar ag lorg mo uimhir gutháin.



Ach idir an dá linn d'aimsigh mé fadhb i gceann de na foirmeacha, Foirm Tuairisce Míochaine, (focal nua domsa) bhí na focail a bhain le foirm eile "scrúdú Radharc na Súl" a bhí air agus mar sin d'iarr mé air a leagan ceart den bhfoirm sin a thabhairt. (Tá mé den aois sin gur gá dom Tuairisc Liachta a bheith agam!). Tá pictiur den cheann a rinne mé a íoslódáil ar dheis!


10 Deireadh Fómhair 2015
Freagraíodh mé tráthnóna dár gcionn (Sathairn a bhí ann) ag rá go mbeadh an foirm ceart ar an Luain agam.

12 Deireadh Fómhair
Thug mé m'uimhir gutháin dóibh, chuireadh an fhoirm ceart chugam, agus dúradh liom go mbeadh duine ag déanamh teangabháil le coinne a dhéanamh in Oifig na Gaillimhe dom.

Cheapas go mbeadh gach rud i gceart ach faraoir ní raibh.

Fuair mé glaoch níos deanaí ó dhuine éigin, cheap mé ar dtús gur bhain se le mo chuid gnó mar ba ghuth Shasannach ag lorg "Mr Ó Riain." Ach creid nó ná chreid bá dhuine ón SNCT, "I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Bhíos ar buile! Seo an teachtaireacht a chuir mé chucu,

"Ní chreidim seo!

Fuair mé glaoch ó dhuine éigin le guth Shasannach agus a labhair liom i mBéarla amháin! “I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Ar ámharaí an tsaol ní raibh an lá sin oiriúnacmh agus dúirt mé go mbeadh aon lá i rith na seachtaine seo chugainn oiriúnach - labhair mé i mBéarla mar gur baineadh an méid sin geit asam! Dúirt sise nach raibh fhios aicí cathain a bheidh duine le Gaeilge ann i rith na seachtaine sin. “I’ll ring you with another date in a few days!”

Tá sé seo dochreidthe, an offig agaibh sa chontae leis an Gaeltacht is mó sa tír agus gan bheith i ndán seirbhís chomh bunúsach agus riachtannach le soláthar ceadúnais tiomána a thabhairt i dteanga na ndaoine, “gan ceist, gan coinníoll!”

Scríobh mé ar dtús faoi seo i mí Lúnasa seo caite. Bheadh sé go léir críochnaithe agam dá mba rud é go rabhas sásta géilleadh don gcóras mar atá sé agaibh.

I bhfocal an Choimisinéara Teanga le déanaí, tá sibh “ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga!"

Tá súil agam go mbeadh an duine le Gaeilge i ndán glaoch orm le dáta oiriúnach"

Fuair mé glaoch ansin ó bpríomhoifig ag rá go raibh an-abhéal ortha faoi sin agus ag aontú liom "nach bhfuil seirbhis sasúil as Gaeilge ar fail don gcustaiméir."

13 Deireadh Fómhair 2015
Beagáinín ina dhiadh sin fuair mé glaoch ó dhuine le Gaeilge mhaith a rinne coinne liom ar dháta a bhí oiriúnach. (Ní raibh muinín aige as a chuid Gaeilge ach dúras leis go raibh sé ar fheabhas agus bhí.).

15 Deireadh Fómhair 2015
Cheapas go raibh gach rud ceart go leor ansin ach ní raibh. Fuair mé teachtaireacht ar mo Fón Phóca.


Cad is féidir liom a dhéanamh? Cad is féidir le h-éinne a dhéanamh?

19 Deireadh Fómhair 2015.

"Ní bheidh an duine le Gaeilge ann ar an lá sin!" Fuair mé glaoch teileafóin ar maidin leis an coinne a aistriú go dtí lá eile mar "beidh mé ar an gClochán agus ansin i mBeal a'Mhuirid go dtí níos déanaí." Rinne muid cuinne don Déardaoin ansin. Chuir sé as dom mar bhí rudaí socraithe bunaithe ar an coinne ar an Máirt.

22 Deireadh Fómhair 2015
Chuaigh mé isteach chuig an Ionad Clárúcháin ar maidin agus b'aisteach an áit é. Bhí trí nó ceithre srathanna cathaoireacha ann ós comhair ceithre bhothanna. Ní fhaca mé aon fhógra i nGaeilge nó fiú dhá theangach ann. Bhí postaer amháin le feiscint i nGaeilge. Glaodh orm in am agus bhí Gaeilge ar fad a bhí ar iúl ag an bhfear liom. Bhí sé beagáinín as cleachtadh ach ní raibh gá le filleadh ar an mBéarla. Tá ceamra ann le pictiúrí a thógant le chuir ar an gceadúnas agus bhí rogha treoracha ann Gaeilge nó Bearla. D'fhéadfá a rá i bhfocal an Coimisinéir le déanaí, b’ábhar iontais dom é! Bhí na páipéirí go léir in ord agam agus bhí an obair go léir críochnaithe i cúig neomad deag nó mar sin. 



Conclúidí & moltaí
Is léir nach tuigtear tabhacht theanga agus gur ionann cearta daonna é cearta teanga. Is léir nach leor é a bheith scríofa sa bhunreacht - "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an
phríomhtheanga oifigiúil í" (Alt 8;1) - 
obair oifigiúil an stáit a dhéanamh sa Teanga Náisiúnta. 


1. Molaim go mbeadh an suíomh acu i nGaeilge,an cnaipe "Book an Appointment/Cancel an Appointment."
2. Go mbeadh sé éasca agus duine ag deanamh an coinne cinntiú gur i nGaeilge a bheidh an agallamh.
3. Go mbeadh comhfhreagras ag deimhniú choinne a bheith dhá theangach de gnáth (agus gan "Irish Application a chuir leis.)
4. Go mbeadh na comharthaí sna h-oifigí clárúcháin dhá theangach.
5. Má deintear glaoch ghutháin faoin iarratas go mbeadh Gaeilge ar a t(h)oil ag an té a deineann an glaoch.
6. Go mbeadh an admháil dhá theangach.

Is léir sin ón méid a dúirt an dá Coimisnéir Teanga, Oifigigh Stáit, ceaptha ag Uachtarán na Tíre.
"Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí."  (Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga 2003-2014; 4 Nollaig 2013)

"Is deacair fós do dhaoine muinín a bheith acu go mbeidh duine le Gaeilge mhaith rompu nuair a théann siad i dteagmháil le heagraíocht stáit. Má tá an duine sách muiníneach agus gur cás leo a ndóthain é lorgóidh siad a gcuid cearta. Ar ndóigh, dhéanfainnse an pointe más ceart é níor chóir go mbeadh ort é lorg. Tá bóthar fada amach romhainn sula mbeidh muid ag leanúint shampla Cheanada, áit a dtairgtear rogha seirbhíse duit i gceachtar den dá theanga oifigiúla." (Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga 2014-; 4 Lúnasa 2015).


Léiríonn an scéal seo an laige atá sa reachtaíocht ag éirí as Acht Teanga 2003. Luadh é ag an Coimisinéir Teanga ag an Oireachtas ar an gCéadaoín: "Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann." (Ós comhair Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha 21/10/2015)

D'éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Coimisinéir Teanga mar ní fhéadfadh sé "a bheith páirteach sa chur i gcéill" le polasaí immealú na teanga ag an stáit. Is é an chead "ombudsman" a bhí air "seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo." (23 Eanáir 2014). Bhfuil náire ar lucht riaracháin na tíre nó an cuma leo!

Tá mise ag tiomáint le breis is caoga bliain agus go dtí seo ní raibh fadhb ar bith mo cheadúnas a athnuachan tré Gaeilge fiú nuair a bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Anois agus mé lonnaithe i gcroí lár na Gaeltachta tuigim an teachtaireacht simplí
 atá a chuir chugam ag an stáit seo. "Chuile uair a dhiúltaíonn an Stát an méid sin a dhéanamh tá sé ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga." 

Cad é an teachtaireacht símplí sin? "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"


Agus seo á scríobh agam tá teachtaireacht cuimhne faighte agam ó Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) agus cé gur cláraíos mo theastais i nGaeilge is i mBéarla a fuair mé an teachtaireacht cuimhne seo.

Cén saghas tír atá againn? B'fhíor ag an bPiarsach céad bliain nuiar a chuir sé na focail seo i mbéal an Chailigh úd: "Mó mo náir mo chlann féin ag díol a máthair!"

Nó mar a dúirt a dTaoiseach, "A great little country to do business in!" an fhad is a úsáidter Béarla.

• Seo alt a scríobhadh i dTuairisc.ie i mí Aibreáin 2016: ‘Tugadh rogha dom an scrúdú a dhéanamh as Béarla ar an lá nó fanacht ar dháta eile – ag fanacht atá mé fós’ - Tuigim dó!


Share/Save/Bookmark

22.10.15

Ós comhair Choiste Oireachtais: Buaicphointí Oifige an Choimisinéara Teanga le linn 2014!

"Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise (20 Bliain) sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh."

Rónán Ó Domhnail
An Coimisinéir Teanga
Bhí seachtain bruidiúl a bhí ann do lucht na Gaeilge i dTeach Laighin. Bhí plé i gcoiste amháin ar thuairisc Uí Ghiollagáin/Uí Churnáin ar an gCéadaoin a tuarascíodh anseo, Géarchéim na Gaeltachta (tuairisc,ie 20/10/2015). Inné bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnail ós comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha.

Tá naoi mí ann ó bhí sé ós comhair an Choiste céanna le cearta lucht labhartha Gaeilge agus Acht na Gaeilge a phlé leo. Tá tuairisc ar an gcruinniú sin agus a chuid nótaí cainte le feiscint anseo san píosa An Coimisinéir & Comhchoiste eile! (15/1/2015).

Seo nótaí ar an méid a bhí le rá aige ann. Tá tuairiscí ar an gcruinniú féin, Uisce Éireann ag tabhairt na gcosa leo (21/10/2015), agus Cás le freagairt ag Eircode (22/10/2015), ag tuairisc.ie.

Is mar seo a labhair sé:
• Tá aistriúchán ar na nótaí seo le fáil ar The Hidden Ireland: What happened in 2014? 

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair inniu chun plé a dhéanamh ar Thuarascáil Bhliantúil na hOifige don bhliain 2014 (pdf) mar aon leis an Tuarascáil Speisialta a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas níos luaithe i mbliana agus a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is i mí an Mhárta i mbliana a chuir mé an Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid an Aire Gnóthaí Gaeltachta agus seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ar an 14 Bealtaine. Tá trí phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga:

  • feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; 
  • feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge; 
  • agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga. 
Mar atá ráite go minic roimhe seo is oifig bheag í m’Oifigse, ceann de na cinn is lú sa Stát, le seisear státseirbhíseach a chuireann réimse mór oibre díobh gach bliain.

Obair na bliana
Le linn na bliana seo caite dhéileáil m’Oifig le 709 gearán agus iarratas ar chomhairle ón bpobal maidir lena gcearta teanga. Is ardú de bheagán a bhí anseo le hais na bliana roimhe sin. Bhain an tríú cuid de na gearáin a fuair m’Oifig le seirbhísí a bhí clúdaithe i scéimeanna teanga, an ceathrú cuid le húsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht agus an deichiú cuid araon le deacrachtaí a bhí ag daoine in úsáid an leagain Gaeilge dá n-ainm agus seoladh agus a bheith ag fáil freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge. I dteannta gearán maidir le comharthaí bóthair, ar tháinig titim orthu anuraidh, tá patrún sonrach le haithint anois gurb iad seo na réimsí ábhair is mó a mbíonn deacracht ag lucht labhartha na Gaeilge leo ina gcuid idirghníomhaíochta leis an Stát.

Réitítear formhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil gearán a fheidhmíonn an Oifig. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ní bhíonn de rogha agam ach dul i muinín an phróisis fhoirmiúil imscrúdaithe nuair nach mbíonn aon toradh sásúil ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil. I rith na bliana seo caite thionscain mé seacht n-imscrúdú oifigiúla ar ábhair éagsúla. Chomh maith leis sin, d’eisigh mé trí thuarascáil imscrúdaithe le linn na bliana a bhain leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, Bus Átha Cliath agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann.
Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann. 

I gcásanna mar seo bíonn m’Oifig ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí chun ábhar na ngearán a réiteach nó go deimhin bíonn orainn a chomhairliú don phobal nach bhfuil aon spás ar fáil dúinn chun gníomhú. Tarlaíonn sé seo de bharr gur faoi chéadsceideal an Achta a ainmnítear na comhlachtaí poiblí sin a thagann faoi scáth an Achta. Is ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an t-údarás nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal agus tá os cionn naoi mbliana caite ó rinneadh é sin go deireanach, i mí Iúil 2006. Tá an iliomad athruithe déanta ó shin ar eagraíochtaí, fheidhmeanna agus sheirbhísí Stáit ó tugadh faoi athchóiriú na seirbhíse poiblí. Is fadhb leanúnach í seo is furasta a réiteach agus ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo.

Déantar cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar an gclár monatóireachta nó faireacháin a chuir m’Oifig i gcrích le linn na bliana seo caite. Tá sé le feiceáil gur leanadh den scrúdú ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga agus moltaí a bhí déanta i dtuarascálacha imscrúdaithe. Is gnách le m’Oifig freisin faireachán a dhéanamh ar ghné éigin de na dualgais dhíreacha atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí. Le linn na bliana seo caite scrúdaigh m’Oifig an bealach a raibh údaráis áitiúla ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na ndualgas a bhaineann le fógairtí taifeadta béil ar chórais teileafóin, dualgais atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2013 agus nár scrúdaíodh roimhe seo. Ba é príomhthoradh an iniúchta sin nach raibh ach dhá údarás áitiúla, as an 32 a tháinig faoi scóip an iniúchta, a bhí ag cloí go hiomlán leis na dualgais teanga atá leagtha orthu sa réimse seo.

Scéimeanna Teanga
In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.
I gcaitheamh na mblianta rinneadh cuid mhaith cur agus cúiteamh faoi chóras na scéimeanna teanga. Mothaím nach bhfuil mórán sa bhreis is féidir a rá fúthu nach bhfuil ráite roimhe seo. Táim go mór in amhras faoin gcóras seo mar mhodh cuimsitheach do sholáthar seirbhísí stáit do lucht labhartha na Gaeilge. In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.

Admhaím go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á n-aontú anois ná mar a aontaíodh le tamall de bhlianta. Dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le linn na bliana seo caite. Ceistím mar sin féin fiúntas na ngealltanas i roinnt scéimeanna a bhíonn teoranta agus coinníollach. Níor chóir go mbeadh aon áit do chroimeasc den chineál seo i scéimeanna reachtúla teanga.

Cuireann sé imní orm freisin nach bhfuiltear go fóill ag aithint poist a mbeidh riachtanais Ghaeilge bainteach leo sna scéimeanna teanga atáthar a aontú. Is mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a tugadh le fios ar dtús go mbeadh na poist seo á n-aithint i scéimeanna teanga feasta. Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh.

Ag deireadh na bliana seo caite bhí 99 iarratas déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chomhlachtaí poiblí dréachtscéim teanga de chineál éigin a ullmhú. Ón am a n-eisíonn an tAire fógra i dtaobh scéim a ullmhú bíonn de ghnáth sé mhí ag an gcomhlacht poiblí chun dréacht a chur ar fáil. Ag deireadh na bliana seo caite bhí os cionn ocht mbliana caite ó iarradh ar ocht gcomhlacht phoiblí scéim teanga a ullmhú, ina measc an Ceoláras Náisiúnta, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta.

Cás Cúirte
Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí."
Ba le linn na bliana seo caite a thug an Breitheamh Colm Mac Eochaidh a bhreithiúnas maidir leis an achomharc a bhí déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh imscrúdaithe de chuid na hOifige. Ba é seo an chéad agus an t-aon achomharc a rinneadh go dtí seo i gcoinne fionnachtana imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga agus 100 imscrúdú nó mar sin atá seolta ag an Oifig in imeacht na mblianta. Ba dhearbhú é cinneadh na Cúirte, i gcoinne an achomhairc, go raibh an bhrí chruinn á baint ag an Oifig seo as an gcuid áirithe sin den reachtaíocht. Is mór a thacaíonn fasach dlí den chineál seo le soiléiriú a thabhairt ar phíosa reachtaíochta agus fáiltím roimhe. Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí”.

Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe)
I mí Aibreáin na bliana seo caite a foilsíodh Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú). Rinne mé cur i láthair ar an ábhar seo os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i mí na Bealtaine 2014. Dúirt mé ag an am sin gur beag a bhí sa Bhille beartaithe chun riachtanais lucht labhartha na Gaeilge a shásamh. Thug mé le fios chomh maith nár tugadh mórán airde ar na moltaí a rinne m’Oifig ná go deimhin ar mholtaí an phobail sna ceannteidil a foilsíodh. Níor cuireadh san áireamh mar shampla aon riachtanas go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oibrithe an Stáit a bhíonn ag cur seirbhís ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ná go deimhin go gcuirfí malairt córais in áit chóras na scéimeanna teanga. Aontaím leis an dearcadh a léirigh an Comhchoiste traspháirtí, agus iad ag déanamh 34 moladh ar na 13 cheannteideal, go gcaithfeadh an Bille nua a chinntiú go bhféachfaí leis an nGaeilge a chur chun cinn seachas a feidhm a theorannú i réimsí ar leith. (Le fáil ar an leathanach - Bearla - seo: • 27 January 2015: Report on the General Scheme of the Official Languages (Amendment) Bill 2014).

Mar a thug mé le fios roimhe seo, lasmuigh d’athruithe teicniúla níl ach dhá mhír sna ceannteidil a foilsíodh a bhfeicim fiúntas lena gcuspóir, is é sin go dtabharfaí comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi scáth an Achta agus go dtabharfaí cosaint reachtúil d’úsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus de sheoladh. Léiríodh dúinn le deireanaí a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cosaint reachtúil ann d’úsáid ainm agus seoladh tar éis do dhaoine a gcóid phoist nua a fháil ag seoltaí a bhí i mBéarla agus in ainm nár aithin siad. Tá cuid mhaith gearán faighte ag an Oifig seo maidir le Eircode agus an rud is mó a ghoill ar dhaoine ná gur seoladh an cód poist nua chucu faoi ainm agus sloinne a bhí i mBéarla cé nár ghnách leo a leithéid a úsáid riamh. Is ábhar é seo atáim a fhiosrú faoi láthair ach ní miste liom a rá go bhfuil cuing áirithe orm de bhrí nach ann d’fhoráil chun cearta a chosaint i ndlí teanga na tíre.


"...bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh."
Tá ceithre bliana nach mór caite anois ó fógraíodh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011. Níl aon amhras ormsa faoin méid atá ag teastáil. Tá na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Acht reatha ráite agus athráite. Mar Choimisinéir Teanga teastaíonn uaimse go mbeadh Acht againn a bheadh ina chrann taca do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a chuideodh leo siúd nach mian míréasúnach dóibh a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le forais oifigiúla na tíre seo. Go cinnte teastaíonn bearta, acmhainní agus tacaíochtaí, an ceann is lú díobh dóthain foirne le Gaeilge, chun an méid sin a chinntiú. Ach bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh.

Tuarascáil Speisialta
Le linn dom a bheith ag seoladh na Tuarascála Bliantúla i mí Bealtaine na bliana seo, sheol mé tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais chomh maith faoi alt 26(5) den Acht. Tá sé de chúram orm an méid seo a dhéanamh nuair a thagaim ar an tuairim nach bhfuil comhlacht poiblí tar éis moltaí a bhíonn déanta i dTuarascáil Imscrúdaithe a chur i bhfeidhm go sásúil.

Bhain an tuarascáil áirithe seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a teip, dar liom, socruithe sásúla a chur i bhfeidhm a chinnteodh nach gceapfaí ach múinteoirí le Gaeilge líofa i scoileanna Gaeltachta. Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán ó Scoil na Rinne ar an ábhar seo, ba léir go raibh tús áite á thabhairt do chearta painéil a tháinig salach nó nár thug aird ar na dualgais teanga a bhí ar an Roinn faoin Acht Oideachais, 1998.


Teastaíonn dar liom .... go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge.
Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfáiltím roimh an bpróiseas a sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna do Mholtaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta níos luaithe i mbliana. Tá tagairt déanta sa cháipéis sin don ábhar a bhí mar bhunús leis an ngearán, is é sin ath-imlonnú múinteoirí agus é ráite go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar éifeachtúlacht na socruithe atá i bhfeidhm. Teastaíonn dar liom níos mó ná sin agus go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge. Tar éis dom cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe a mheas, tháinig mé ar an tuairim nach raibh dóthain déanta ag an Roinn chun talamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheadh. Is ar an mbonn sin a chuir mé an tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Tá súil agam go dtugann an ráiteas seo léargas don Chomhchoiste ar bhuaicphointí na hOifige le linn na bliana seo caite agus fáiltím roimh aon cheisteanna atá agaibh.

Share/Save/Bookmark