2.7.15

Moltaí oideachais Ghaeltachta!

Is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht agus is ceart polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne. Is comhartha maith é go bhfuil an Roinn ag lorg aighneachtaí ón bpobal. Tá sé scanrúil nó náireach nách ndearna a leithéid de staidéar nó suirbhé ó bunaíodh an Stáit ó dheas!

Scoil Dhún Chaoin - i gCorca Dhuibhne
Bhí tinreamh mór ag cruinnithe i dtrí cheantair Ghaeltachta i gConamara eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta,agus nóchtaíodh neart smaointe suimiúla ag na cruinnithe sin. Tá litir san Irish Times inniú a deireann go bhfuil deireadh na Gaeltachta beagnach cinnte mar nach bhfuil pobal na Gaeltachta sásta usáid na teanga a cothú nó a chur chun chinn. B'fhéidir gur comhartha é seo den bPobal féin ag tosú ar chosaint éiteas nó meon an phobail sin.

Is fiú go mór breathnú ar ortha agus tá súil ag pobal na Gaeltachta go nglachfaidh an Roinn Oideachas & Saothar (ROS).  Tá alt i dTuairisc.ie a deireann go bhfuil níos mó na dhá chéad aighneachtaí faighte ag an Roinn.

Seo liosta de na príomh pointí:
1. Tá sé práinneach go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil don chainteoir dúchais sa gcóras oideachais luathóige le tacaíocht a thabhairt do shealbhú na teanga agus le nósmhaireacht láidir teanga a bhuanú i measc an aoisghrúpa ríthábhachtach seo.

2. Tá sé riachtanach go n-eiseodh an Roinn Oideachais treoir faoin tumoideachas rud a chiallaíodh go mbeidh sé éigeantach seachas roghnach i scoileanna.


3. Tá gá le treoir chinnte ón ROS faoi na scrúduithe caighdeánaithe i nGaeilge agus i mBéarla freisin, sa gcaoi is nach mbeidh brú ar aon scoil ó thaobh cur i bhfeidhm iomlán an luath thumoideachais.

4. Déanaim éileamh ar an Roinn Oideachais an curaclam nua theangacha don Ghaeilge atá á réiteach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a chur siar go dtí go gcuirfear an polasaí nua oideachais i bhfeidhm sa nGaeltacht.

5. Ba mhaith liom dá gcuirfí cúrsa Gaeilge iomlán nua dúshlánach don Teastas Sóisearach agus don Ardteist ar fáil ina ndéanfar an fhorbairt chéanna agus a dhéantar sa gcuraclam Béarla ar chumas na ndaltaí chun iad féin a chur in iúl agus go mbeidh béim ar fhorbairt foclóra agus saíocht chultúrtha agus liteartha na Gaeilge.

6. Ba chóir cúrsa céime faoi leith san oideachas Gaeltachta/Gaeilge ina mbeidh múinteoirí, a fhágfaidh go mbeidh cáilíocht ag múinteoirí le dul i mbun teagaisc i scoileanna Gaeltachta/Gaelscoileanna. Ba cheart go mbeadh bliain éigeantach sa nGaeltacht agus tréimhse cleachtadh múinteoireachta san áireamh mar chuid den oiliúint shainiúil seo.

7. Creidim go láidir go gcaithfear struchtúr a chur ar bun le cur i bhfeidhm an pholasaí nua seo a riaradh. Ní mór Bord Oideachais Gaeltachta a chur ar bun ar bhonn práinne, go mbeadh an fhoireann, na háiseanna agus na hacmhainní cuí curtha ar fáil don struchtúr nua seo agus go mbeadh ceanncheathrú an Bhoird lonnaithe sa nGaeltacht.

8. Molaim go láidir nach gceadófaí d’aon scoil sa nGaeltacht athrú go scoil Bhéarla ach go dtacófaí lena mhalairt – go mbeadh sé de rogha ag scoil atá ag múineadh i mBéarla nó go dátheangach athrú chuig stádas scoil Ghaeilge sa nGaeltacht. Molaim freisin nach gceadófaí d’aon scoil nua a bhunófaí sa nGaeltacht feidhmiú mar scoil Bhéarla.

Caithfear na moltaí seo a chur i bhfeidhm go práinneach chomh luath agus is féidir mar nach bhfuil ag éirigh leis an gcóras mar atá leagtha amach faoi láthair sealbhú/múineadh na Gaeilge a chur chun cinn sa nGaeltacht.

Cinnte is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht agus tá géarghá le polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment