29.4.15

Ag fánaíocht agus amú ar an Slí Atlantaigh Fhiáin ó thuaidh!

Easpa smaointeoireacht chomhleanúnach an Stáit sa bhealach!

Bhí an aimsir go h-álainn nuair a thréigeamar ár gcuid den Slí Atlantaigh Fhiáin le aithne a chuir ar an chuid de atá ó thuaidh i dTír Chonaill. Ní raibh mórán eolais ar chósta na hÉireann idir Shligeach chomh fada le cathair ársa Cholmcille. Bhíomar i nGaoithdobhair fadó ag bainis ach ní in aon áit eile.

Gaeltacht?
Rinne mé iarracht eolas a chuir ar an slí ar an suíomh atá acu ar líne. I mBearla amháin atá sé ar ndóigh mar is cosúil nach bhfuil spéis acu sa Euro Ghaelach! Chuir sé beagáinín díomá orm (ach ní raibh mórán íontas orm) go raibh ainmneacha na háiteanna sa Ghaeltacht sa leagan trulaithe Béarla sna learscáileanna agus sa téacs. Don chuid is mó is féidir a dhéanamh amach cad é an ainm ceart ar na h-áiteanna - Derrybeg don baile Doire Beaga 7rl.

Bunbeg?
Ach bhí fadhb agam le ceann amháin. Chinneamar ar dul go h-ait leis an ainm "Burtonport." Ní raibh fhios agam an raibh an áit sa Ghaeltacht nó nach raibh agus ní raibh fhios agam cén ainm Gaelach a bhí ar an mbaile sin. Ní raibh "Burtonport" ar na comharthaí boithre agus ní raibh ach "Burtonport" sa léarscáil. Tá fhios agam anois gur Ailt an Chorráin atá air agus go bhfuil sé sa Ghaeltacht oifigiúil agus mar sin tá dualgas ann an ainm ceart Gaelach a bheith ar chomharthaí.

Mar thurasóir cheap mé go raibh sé aisteach na comharthaí bóithre ar fad a bheith ag taispeáint an leagan Gaeilge den logainm. Ní dhéanann sé ciall gur ag tagairt den leagan Béarla amháin den logainm atá na léarscáil agus na leabhráin acu. Nach aisteach an rud é go bhfuil an dualgas céanna ar Suirbhéireacht Ordanáis Éireann i léarscáileanna a ullmhú agus a bhfoilsiú acu ach nach bhfuil an dualgas reachtúil céanna ar gníomhaireacht stáit eile, Fáilte Ireland (sic) i leith na Gaeltachta?

Sampla den easpa smaointeoireacht chomhleanúnach ag an Stáit seo i leith teanga náisiúnta na tíre?
Share/Save/Bookmark

10.4.15

Tuismitheoirí Ghaeltachta ós comhair Choiste Oireachtais! @tuismitheoiri

"Níl aon ghuth ag an leibhéal seo ag na gasúir atá sa chóras faoi láthair. Is muide a nguth agus ba mhaith linne Tuismitheoirí na Gaeltachta achainí a dhéanamh oraibhse a Theachtaí agus a Sheanadóirí tacú linne sna héilimh atá á dhéanamh anseo inniu."

Bhí beirt bhall de choiste Tuismitheoirí na Gaeltachta ós comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar chúrsaí Oideachais agus Coimirce Shóisialaigh i dTeach Laighean le déanaí. Bhí siad an-sásta le caighdeán na díospóireachta - go deimhin dúirt beirt de bhaill an oireachtais a bhí i láthair, gurb í an díospóireacht ab fhearr ar chúrsaí oideachais Ghaeilge a reáchtáladh i dTithe an Oireachtais lena gcuimhne féin. Dúirt úrlabhraí ó na Tuismitheoirí i ndiaidh na cruinnithe, "Tá súil againn go mbeidh toradh ar an saothar anois ach caithfear leanacht leis an mbrú ar ndóigh!"

Agus seo á fhoilsiú againn níl tuairisc ar shuíomh tuiriscí na gCoistí. A fiú nuiar a bheidh sé ní bhíonn sé ró éasca na tuairiscí focal ar fhocal seo a leanúint. Mar sin seo cóip den chuir i láthair ó na tuismitheoirí ag Bláthnaid Ní Ghréacháin. Tá an-tuairisc ar imeachtaí na cruinithe ag Maitiú Ó Cuimín i dTuairisc.ie (1/4/2015). Craoladh míreanna éagsúla ar Raidió na Gaeltachta agus bhí cur i láthair na heagraíochta mar phríomhscéal ar Nuacht TG4 an tráthnóna sin.



Bunaíodh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo é sin a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá ós cionn 255 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill a bhíonn ag úsáid na seirbhísí a chuireann muid ar fáil. Táimid maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus muid aitheanta ag Údarás na Gaeltachta faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 mar eagraíocht chomhairleoireachta pleanála teanga.

Cé go mbíonn stocaireacht agus ionadaíocht ar bun ag coiste na heagraíochta, is eagraíocht pobail sinn atá lonnaithe, bunaithe agus ag feidhmiú sa phobal, le freastal a dhéanamh ar mhianta na dteaghlach Gaeltachta. Bíonn ócáidí agus imeachtaí sóisialta á n-eagrú againn ar bhonn rialta agus ar cheann de na tograí is mó atá idir láimhe againn faoi láthair tá ionad tacaíochta pobail atá á fhorbairt againn ar an gCeathrú Rua.

An Ghaeltacht
Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta. Tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaeilge sa phobal Gaeltachta le blianta beaga.

Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann don chóras oideachais Gaeltachta san am a caitheadh, an Ghaeilge a mhúineadh do na gasúir arbh é an Béarla a dteanga baile. D’éirigh leis na gasúir an teanga a fhoghlaim go leibhéal ardchumais, caighdeán a bhí ag teastáil lena gcuid foghlama a dhéanamh sa teanga sin agus ionas go mbeadh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh lena gcairde a raibh an teanga sealbhaithe ó dhúchas acu.

Dúshlán eile a bhí ann, freastal ar an imní a bhí ar thuismitheoirí faoi chaighdeán Béarla na gcainteoirí óga dúchais agus d’éirigh leis an gcóras Béarla a mhúineadh do na gasúir seo. Bhí an Ghaeilge á labhairt acu sa mbaile agus i measc an phobail níos leithne, bhí sí saibhir agus ní raibh aon imní á dhéanamh di.

Athrú
Ach tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun. Is pobal dhátheangach atá sa Ghaeltacht anois. Níl baol d’fhoghlaim an Bhéarla i measc cainteoirí dúchais, níl an Ghaeilge chomh forleathan agus a bhí agus níl sé chomh éasca an teanga a mhúineadh don fhoghlaimeoir.

Tá tacaíocht fós ag teastáil ón bhfoghlaimeoir, ó na gasúir nach í an Ghaeilge a dteanga baile agus aithníonn an Roinn Oideachais an méid seo. Tá sé riachtanach dar linn é seo a aithint.
Ach cad faoi na cainteoirí dúchais? Níl an cainteoir óg dúchais sa mhóramh sa Ghaeltacht níos mó ach amháin i bpobail agus i scoileanna eisceachtúla agus tá brú ar scoileanna, ar mhúinteoirí agus ar an gcóras dá bharr.

D’éirigh leis an gcóras Gaeilge a mhúineadh do na foghlaimeoirí sna blianta atá caite go dtí leibhéal ardchumais. Ach agus líon na gcainteoirí dúchais ag laghdú, níl sé chomh éasca é sin a dhéanamh níos mó. In áit an foghlaimeoir a bheith báite i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh, a mhalairt atá ag tarlú sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann.

Cruthaíonn sé seo fadhbanna go háirithe nuair is mionteanga í atá á bá anois ag an mórtheanga. Tá an scoil ar cheann de na háiteanna is mó a bhíonn an cath idir an dá theanga seo ar bun.

Tá togha na múinteoirí againn sa Ghaeltacht agus tá togha na scoileanna againn sa Ghaeltacht. Ach ar aon dul le hospidéil agus na dochtúirí agus banaltraí atá ag obair iontu, ní dhéanfar freastal ceart ar na hothair nuair nach bhfuil an córas ag feidhmiú mar is ceart.

Cuireadh litir isteach chuig Aire na Gaeltachta
ag an gcéad ghlún eile ar lá "Slán le Seán,"
 23 Feabhra 2014.
Bhfuil siad fós ag feitheamh le freagra?
Tacaíocht
Ta athrú tagtha ar chúrsaí agus tá tacaíocht bhreise ag teastáil go práinneach ón gcainteoir dúchais sa chóras oideachais dá réir, tacaíocht nach bhfacthas go raibh práinn chomh mór leis san am atá caite.
Mar thuismitheoirí, is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh faoin teanga a bhíonn in úsáid sa mbaile agus is fúinne atá sé sna blianta tosaigh sealbhú na teanga seo a chinntiú. Ach ina dhiaidh sin táimid ag brath go mór ar an gcóras oideachais le go gcinnteofar go sealbhóidh ár ngasúir teanga go leibhéal cumais an chainteora dhúchais.

Ar an drochuair, tá na staitisticí agus na fíricí ann a léiríonn nach bhfuil ag éirí leis an gcóras oideachais é seo a chur i gcrích.

Léiríonn an tIniúchadh ar an gCumas Dhátheangach, taighde ar an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, go bhfuil cainteoirí óga dúchais níos cumasaí sa Bhéarla anois ná mar atá ina dteanga dúchais Gaeilge. Taighde é seo a deinneadh ar ghasúir arb í an Ghaeilge a dteanga baile sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na Gaeilge de sa tír.

Léiríonn torthaí an taighde seo go bhfuil éigeandáil, géarchéim teanga sa Ghaeltacht faoi láthair. Mar thuismitheoirí táimid ag iarradh go ndéanfaí gníomh ina leith seo ar bhonn práinne.
Tá an taighde foilsithe i bhfoirm leabhair ach tá achoimre i mBéarla, scríofa ag duine de na húdair Conchúir Ó Giollagáin, agus tá sé sin curtha ar fáil againn mar chuid den chur i láthair seo.

Ag Teastáil
Cad atá ag teastáil mar sin nó cad atá á éileamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta?
Is tráth cinniúnach é seo sa phróiseas pleanála Oideachais sa Ghaeltacht. Tá obair ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar Churaclam nua Teanga Bunscoile, tá athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an Oideachas sa Ghaeltacht agus tá próiseas comhairliúcháin faoi churaclam Gaeilge don tSraith nua Shóisearach.

Anois an t-am don Roinn Oideachais gníomh a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais teanga gach aon pháiste sa chóras oideachais sa Ghaeltacht – an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir. Bheadh súil againne mar thuismitheoirí go n-aithneodh an Roinn Oideachais an phráinn atá leis seo.

Conas a dhéanfar freastal ar riachtanais an chainteora dúchais mar sin. Mar thoradh ar an obair ar fad atá luaite cheana bheadh muide mar thuismitheoirí Gaeltachta ag súil leis na nithe seo a leanas:

  • Aitheantas ón Roinn Oideachais go bhfuil cainteoirí dúchais ann agus go bhfuil sainriachtanais bunúsacha acu.
  • An luath tumoideachas iomlán a bheith i bhfeidhm go héigeantach agus go críochnaitheach i ngach aon scoil Ghaeltachta ar feadh an chéad sé théarma scoile i.e. suas go tús Rang a hAon
  • An Roinn Oideachais ag cur polasaí i bhfeidhm a thabharfadh cosaint do scoileanna Gaeltachta. Polasaí a thabharfadh aitheantas faoi leith do na scoileanna seo agus go gcuirfí nósmhaireacht cigireachta faoi leith i bhfeidhm iontu. Polasaí a chiallódh nach mbeadh scáth ná faitíos ar phríomhoide mar shampla an tumoideachas a chur i bhfeidhm go hiomlán. Go mbeadh trialacha caighdeánaithe Gaeilge á gcur ar pháistí. Nach mbeadh brú ar scoileanna tús a chur leis an léitheoireacht Bhéarla le go bhféadfaí na trialacha caighdeánaithe Béarla a chur ar pháistí. Go mbeifí ag súil mar chuid de seo go mbeadh polasaí iomlán Gaeilge i bhfeidhm sa scoil agus béim ar an saibhriú teanga agus ar nósmhaireacht teanga go foirmeálta, go neamhfoirmeálta agus go sóisialta i ngach aon ghné den obair agus i ngach aon chuid den lá scoile.
  • Curaclam faoi leith a bheith ann a dhéanfadh freastal ar an gcainteoir dúchais, agus siollabais a dhéanfadh freastal ar na hard réimeanna teanga. Curaclam a thabharfadh tús áite don teanga, a mbeadh dúshláin ann don chainteoir dúchais agus a chinnteodh go mbainfeadh siad taitneamh as an bhfoghlaim.
  • Na háiseanna teagaisc agus foghlamtha cuí a chur ar fáil (obair a bhíonn ar bun go cumasach ag COGG), ábhar leictreonach nua aimseartha ina measc. Córas le foghraíocht na Gaeilge a mhúineadh agus an t-ábhar tacaíochta cuí a chur ar fáil mar chuid den chóras seo, aipeanna, leabhair leictreonacha agus córais ríomhaireachta eile, ábhar do dhianchúrsaí idirghabhála léitheoireachta agus ábhar a sholáthar do shiollabais agus do churaclaim nua go comhuaineach leis an ábhar Béarla i measc go leor leor eile.
  • Ag an dara leibhéal, curaclam Gaeilge faoi leith a bheadh dírithe ar an gcainteoir dúchais le freastal ar na hardréimeanna teanga.
  • Córas a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí ann a mbeadh ardchaighdeán Gaeilge acu agus oiliúint curtha orthu le go mbeidh siad in ann freastal ar an gcainteoir dúchais agus eolas faoi leith acu ar an oideachas Gaeltachta.
  • Go ndéanfaí na scoileanna beaga Gaeltachta a chosaint.
  • Go dtabharfaí aitheantas ceart do na seirbhísí tacaíochta teanga a bhíonn á maoiniú ag Ranna Stáit eile i scoileanna Gaeltachta, go mbeadh na seirbhísí seo lárnach sa chóras oideachais Gaeltachta agus go ndéanfaí na seirbhísí seo a threisiú.
  • Go gcoimeádfar na tagairtí do thábhacht na Gaeilge san Acht Oideachais agus go ndéanfaí na tagairtí sin a láidriú.
Críoch
D’éirigh níos fearr leis an Stát seo ná mar atá éirithe le tíortha eile san Eoraip, mionteanga dúchasach a chaomhnú san am atá caite ach táimid faoi ladhair an chasúir anois. Ní bheidh deis chomh maith seo arís againn ag an am cinniúnach seo do phobal na Gaeltachta. Caithfear gníomhú anois.

Níl aon ghuth ag an leibhéal seo ag na gasúir atá sa chóras faoi láthair. Is muide a nguth agus ba mhaith linne Tuismitheoirí na Gaeltachta achainí a dhéanamh oraibhse a Theachtaí agus a Sheanadóirí tacú linne sna héilimh atá á dhéanamh anseo inniu.

Go raibh míle maith agaibh.

• Féach chomh maith ar litir ó Pháiste Ghaeltachta chuig an Taoiseach a léadh ag Lá Mór na Gaeilge 14 Feabhra 2014.



Share/Save/Bookmark