8.5.14

Dea-scéal do Thuismitheoirí!

Fógraíodh ag Cruinniú Cinn Bhliana Thuismitheoirí na Gaeltachta tráthnóna go bhfuil maoiniú de €40,000 in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse trí bliana ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta don eagraíocht.

Páistí na Gaeltachta ag chuir teachtaireacht isteach
ag Roinn na  Gaeltachta ar Lá "Slán le Seán!"
(23 Feabhra 2014)
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu (8 Bealtaine 2014) go bhfuil deontas suas le €120,000 (€40,000 in aghaidh na bliana ar feadh 3 bliana) ceadaithe aige don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta (facebook!) le cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Is mar chuid de Chlár Tacaíochta Teaghlaigh na Roinne atá an deontas á cheadú don eagraíocht chun cabhrú leo an plean 3 bliana atá acu a fheidhmiú. Tá an maoiniú á chur ar fáil as allúntas na Roinne don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá obair fhónta ar bun ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta agus iad ag cuidiú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Nuair a chuirtear san áireamh an dlúthbhaint atá ag an obair sin leis an phróiseas pleanála teanga atá á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta, feictear dom gur fiú go mór cuidiú le obair na heagraíochta. De thoradh an chúnaimh atá ceadaithe agam, beidh an eagraíocht in ann an obair sin a threisiú le gníomhaíochtaí nua i nGaeltacht Chonamara agus an tseirbhís a leathnú amach go dtí Gaeltacht Dhún na nGall. Is léiriú é seo ar thiomantas an Rialtais tacú go praiticiúil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm."


Deireann ráiteas ón eagraíocht, "Is aitheantas iontach é seo ar obair na heagraíochta ach níos tabhachtaí ná sin is aitheantas é dár ngasúir agus dá gcearta mar chainteoirí dúchais Gaeilge. Táimid thar a bheith buíoch den Aire as an maoiniú seo a chur ar fáil. Cuirfidh sé seo ar chumas na heagraíochta plean trí bliana a chur i bhfeidhm le cúnamh agus tacaíocht phraicticiúil a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltacha atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh."

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment