9.4.14

Freagra ón Aire! Freagra ar léirsiú "Slán le Seán!"

D'fhágamar "Slán le Seán" ar an 23ú lá Feabhra 2014. Shiúlamar - thárt ar míle againn - ansin chuig príomh-oifig Roinn na Gaeltachta. Chuireamar ár míshasamh, na fáthanna a rabhamar "dearg le fearg," i bhfoirm litir, litir ó "phobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha!" a fagadh ag feidhmeanach ag an oifig sin d'Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. Léadh amach an litir sular cuireadh isteach é ag óige na Gaeltachta. Tá sé le léamh anseo

Anois tá freagra faighte ag an gcoiste eagraithe agus seo h-é ina iomláine!

Donncha Ó hÉallaithe
Coiste eagraithe an mhórshiúil ‘Slán le Seán’
Na hAille
Indreabhán
Co. Na Gaillimhe

24 Márta 2014
A Dhonncha a chara
Táim ag scríobh chugat ós rud é go dtuigim ó do litir dar dáta 19 Feabhra chugam go bhfuil tú ag feidhmiú ar son choiste eagraithe an mhórshiúil ’Slán le Seán’. Táim buíoch díot as an litir a cuireadh chugam agus ba dheas liom an deis seo a thapú chun freagra a thabhairt ar an méid atá ráite san achainí dar dáta 23 Feabhra a chuir an coiste eagraithe faoi mo bhráid.

Aire-Stáit na Gaeltachta ag léamh éilithe Phobal 

Mhichíl Uí Leidhin ar Twitter)
Sa bfoth-pic tá an céad ghlúin eile ag tabhairt
an litir isteach chuig Roinn  na Gaeltachta ar
na Forbacha ar Lá " Slán le Seán!" (23/2/2014)
Ní ghlacaim leis gurbh thubaiste chríochnaitheach a bhí in achtú Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann an tAcht sin an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Thóg an Rialtas cinneadh go leanfaidh na limistéir Ghaeltachta de bheith ina limistéir Ghaeltachta tar éis don Acht teacht i bhfeidhm agus tá soláthar déanta faoi alt 7(1) den Acht don chinneadh sin. Is cinneadh polasaí a bhí i gceist anseo chun deis a thabhairt do gach ceantar a bhí sa Ghaeltacht go dtí sin an phleanáil chuí a dhéanamh chun an Ghaeilge a bhuanú agus a láidriú ina bpobal féin.

Déantar foráil faoin Acht freisin maidir le hainmniú na Gaeltachta láithrí mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus úsaid á baint as critéir pleanála teanga seachas as critéir thíreolaíochta, mar a bhíothas á dhéanamh roimhe seo. Tá an cur chuige sin bunaithe ar an chomhairle a cuireadh ar an Rialtas faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na Rialacháin, a dhéanann na critéir pleanála teanga a fhorordú, foilsithe faoi alt 12 den Acht. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ulllmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

Maidir le gnóthaí odeachais sa Ghaeltacht, ní miste a nótáil go bhfuil athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar a polasaí oideachais i scoileanna Gaeltachta. Tá sé ráite sna téarmaí tagartha go bhfuil sé riachtanach do ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú ar a polasaí i leith an tsoláthair a dhéantar d’oideachas i scoileanna Gaeltachta le bheith cinnte go bhfuil sé ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le forálacha an Acht Oideachais 1998; chun tacaíocht a thabhairt do chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus polasaithe oifigiúla eile; agus chun dea-phleanáil ar aghaidh i gcomhair sholáthar an oideachais i gceantair Ghaeltachta a chumasú. Failtím roimh an athbhreithniú seo atá idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil ón Státchóras, ta bearta éagsúla idir lámha chun cumas na Státseirbhíse sa réimse seo a threisiú mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird a leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháín i bpoist a dteastaíonn ofigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oigfigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine ata inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air. Chomh maith leis sin, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinnse leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástail inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith.

Maidir le nuachtán clóite seachtainiúil trí Ghaeilge a chur ar fáil le freastal go príomha ar cheantair Ghaeltachta, ní miste a aithint gur chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith nuachtán clóite seachtainiúil ar feadh na mblianta ach gur cuireadh deireadh leis sin i bhfinaise an chostais a bhain lena leithéid. Ag eascairt as torthaí an phróisis chomhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge chun tuairimí an phobail a fháil faoin chineál seirbhís nuachta atá de dhíth orthu sa saol comhaimseartha, tuigtear dom go bhfuil cinneadh tógtha ag bord an Fhorais maoiniú a chur ar fail do sheirbhís nuachta ar líne agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil níos moille i mbliana.

Maidir le bord Údarás na Gaeltachta, tá bonn daonlathach faoin bhord sa mhéid is go n-ainmníonn comhairlí contae a bhfuil ceantair Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta don Aire i gcomhar ceapacháin ar bhord an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012. Creidim go bhfuil an struchtúr boird atá anois ann níos éifeachtúla agus níos bisiúla chun spriocanna an Údaráis a bhaint amach.

Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé féin, mar Aire Stáit le freagrachtaí na Gaeilge agus na Gaeltachta orm, lán-dáiríre faoi na dúshláin a bhaineann leis an teanga. Ba mhaith liom a dhearbhú go bhfuil me breá sásta plé a dhéanamh sa tréimhse atá amach romhainn ar na héilimh éagsúla atá déanta maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, d’fhógair mé le déanaí go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm ata leis an choiste comhairleach eolas a roinnt maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuisicint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na Straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta.

Ní féidir liom glacadh leis go bhfuil tréas déanta ag an Rialtas ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir, tá beagnach €55 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i mbliana ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, lena n-airítear an Foras Teanga. Sa Ghaeltacht is í Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar scéim teangalárnaithe is tábhachtaí atá ag mo Roinn agus tá obair leanúnach ar siúl chun todhchaí na scéime sin – gur fiú thart ar €50 milliún in aghaidh na bliana í don Ghaeltacht – a chinntiú. Comh maith leis sin, tá córas nua le tacú go praicticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge, nó go deimhin a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, a fheidhmiú ag mo Roinn faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Go deimhin, d’fhógair mé ar an 12 Márta an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile chun cúnamh airgid a chur ar fáil d’ionaid tacaíochta teaghlaigh agus d’ionaid chúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Cuirfidh an scéim ar a gcumas gníomhaíochtaí breise faoi leith a reachtáil chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta.

Mar fhocal scoir, tuigim go maith gur cuid iontach tábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus tá mé féin agus an Rialtas tiomanta dá cur chun cinn ar gach bealach ar féidir linn. Tá acmhainní substaintiúla á gcur ar fáil don Ghaeilge ar bhonn leanúnach trí mo Roinn agus trí Ranna agus comhlachtaí poiblí eile; tá dúshraith láidir ann le tógáil uirthi; agus tá ceimeanna dearfacha tógtha agus á dtógáil chun an Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Is mise le meas

Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D.
Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment