4.3.14

Mugadh magadh, briolla brealla, bréaga nó freagraí cinnte?

Tiocfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., os comhair dhá Choiste Oireachtais i rith na seachtaine seo.

Ar an gCéadaoin (5 Marta 2014 4.00i.n) is ós comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a bheidh sé. Is ag cruinniú den gcoiste sin a d'fhogair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le h-éirí as mar Coimisinéir teanga.

Mugadh magadh, briolla brealla
Dúirt sé "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné seo – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh."  (Mar a labhair an Coimisinéir Teanga!)

Cur i gcéill!
Ar an lá dár cionn, Déardaoin (6 Marta 2014 2.30i.n.) beidh sé ós comhair Fochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara. Is ós comhair an choiste seo a thug an Coimisinéir na cúiseanna go mionn ar chén fáth ar éirigh sé as. "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill."

Tá súil ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go mbeidh an Aire ábalta freagra pointe ar phointe ar a bhí á rá ag Seán Ó Cuirreáin.



Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment