29.8.13

Bua beag eile faighte!

Má tá muid dairíre faoi "cheist" na Gaeilge ní mór dúinn ár gcearta, beag is atá siad, a cleachtadh. Agus má theipeann ar an gcóras is ceart gearán a dheanamh.

Is minic a bhím ag gearán faoin seirbhís caol-aiginteach, gearr-théarmach, atá á sholathar do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta. Is minic nach féidir leis an gCoimisinéir Teanga mórán a dhéanamh faoi mar níl an idirlíon luaite in an-chuid de na scéimeanna. (Féach ar an nascanna atá ar an leathanach Ceart Beag Faighte! a foilsíodh le deanaí.

Bíonn comórtas acu ar facebook, leathannach Béarla ar fad atá ann ar ndóigh ach ós rud é go bhfuil spéis agam i stampshanais glacaim páirt sa chomórtas ó am go chéile. Ní maith liomsa aon rud a dhéanamh le heagraíocht stáit i mBéarla agus níos luath chuir mé ceist oscailte ag lorg an leagan Ghaeilge den gcomortas. "Bhfuil leagan Ghaeilge le fáil?" Fuair mé freagra i mBéarla!

Tá fhios agam go bhfuil dualgas ar gach fhiontar stáit litreacha i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge ach ní raibh mé cinnte an sarú ar an ndualgas a bhí anseo mar ba ar an idirlíon a bhí sé. Scríobh mé chuig an Comisinéir Teanga agus ghlac a oifig leis an ngearán agus thógadar suas leis an Post é.

Is cosúil gur éirigh go maith leo mar um thráthnóna chuireadar freagra ag gabh leithscéal as a thárla: "...ba mhaith linn leasú a dhéanamh ar na freagraí a tugadh duit roimhe seo ar do theachtaireacht. Tá An Post an-dáiríre faoina thacaíocht don Ghaeilge, agus gabhaimid leithscéal leat mar nár tugadh freagra ar do theachtaireacht. Geallaimid nach dtarlóidh sé seo arís. Tá sé seo á chur in iúl againn don Choimisinéir Teanga chomh maith. Tá súil againn go mbeidh tú i dteagmháil linn arís as Gaeilge ar Facebook."

Seo pictiúir den leathanach facebook agus an comhfhreagras leis An Post, (brú air len é a dhéanamh níos mó!)

Is fiú gearán a dhéanamh! Uaireanta oibríonn an córas!



Share/Save/Bookmark

21.8.13

An féidir le pobal na Gaeilge vótáil? Níl fhios agam!

Níl aon dualgas reachtúil teanga i leith an chóras seo!

Bhí teachtaireach ar an gcóras giolcaireachta twitter le deanaí ag moladh seiceáil go bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí agus ag díriú ár n-áird ar an suíomh www.checktheregister.ie, tá leagan Gaeilge teoranta le fáil ann. - seachas "Check the Register" ar a bharr.

Chuaigh mé chuige agus roghnaigh mé mo Chúige (Connachta) agus ansin an Chomhairle Contae/Cathrach (Gaillimh CC) agus tógadh chuig leathanach i mBéarla mé.  Cé gur ceart ón URL (http://www.galway.ie/ereg/?CID=15&uiLang=ga-IE) gur i nGaeilge is ceart dó a bheith, níl. Is i mBéarla lom atá sé.

Mar sin má tá fonn orm fháil amach an féidir liom vótáil ní féidir liom é a dhéanamh sa teanga náisiúnta. Ní féidir le h-éinne é sin a dhéanamh.

De gnáth rachfainn díreach chuig an Coimisinéir Teanga le ceist mar sin ach tá fadhb ann. Ní féidir leis rud ar bith a dhéanamh faoi.

Bé an Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil a chur an córas idirghníomhach seo ar fáil do na húdaráis áitiúla. Cuireadh deireadh leis an mBord sin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Ilghneéitheacha), 2012  Aistríodh a chuid feidhmeanna chuig an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, comhlacht poiblí nach bhfuil faoi scáth an Achta. Níl feidhm leis an scéim teanga a bhí daingnithe ag an mBord dá bharr sin, agus ar an mbonn sin, níl aon dualgas reachtúil teanga i leith an chóras seo.

Ní féidir liom mar sin a dheimhniú an bhfuil mé ar Chlár na dToghtheoirí nó nach bhfuil gan Béarla a bheith agam.

Tá mé cun scríobh chuig an GBRA le cabhair a fháil.

An féidir leats vótáil sa Reifreann atá le teacht? Ní bheadh fhios agat gan Béarla!

• Féach ar an bpíosa seo ó Fhoinse: Foirm clárú do vóta ar fáil i nGaeilge ó thuaidh!


Share/Save/Bookmark

20.8.13

(He speaks Irish)

Tá mé beagáinín bodhar agus úsáidim an chóras téacs ar Saorview.

Dáithí i measc na gcailiní
Bhí mé ag breathnú ar phíosa den léiriú Rósanna Thrá Lí (Béarla) aréir agus bhí sé ag obair maith go leor. Ach ansin chríochnaigh Daithí Ó Sé, a bhí mar Fear féasógach a'Tí ann, píosa cainte le duine de na cailíní i nGaeilge agus seo a bhí ar an téacs "(He speaks Irish)." Is dócha gur teachtaireacht deá-mhéine a bhí á rá aige ach níl mé cinnte!

Más seirbhís Éireannach atá i Saorview nó RTÉ is ceart go mbeidh dhá theanga na tíre ar thoil an té atá ag scríobh na téacsanna, nach ceart?



Share/Save/Bookmark

2.8.13

"Béarla de réir dlí!" a deireann Banc Ceannais na hÉireann!

Seo teachtaireacht a chuir mé chuig Banc Cheannais na hÉireann le déanaí. Bhí mé ag tagairt do na foireann boinn agus boinn chomóradh ar chuairt an Cinnéadach ar Éireann a bhíonn á dhíol ag an bank ar líne! (Béarla).

Rinne mé gearán leis an gCoimisinéir Teanga ach "Cé go bhfuil scéim daingnithe ag Banc Ceannais na hÉireann, níl aon ghealltanas tugtha san scéim sin go gcuirfear bonn airgid den chineál seo ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.." Mar sin ní raibh sé ábalta mórán a dhéanamh faoi.

Chinn mé mar sin scríobh go díreach chuig an mBanc!

A chara,


Comóradh Chuairt JFK
Bhí mé ag aonach saindáilaithe inne agus ar chean de na seastáin bhí boinn ó tíortha éagsúla an tír seo, Éire, ina measc.

Thug mé faoi deara go raibh an bonn ag comóradh chuairt JFK. Bhí ainm na tíre i nGaeilge ar thaobh amháin ach bhí an taobh eile i mBéarla amháin.

Is cosúil go n-éisíonn sibh foireann na bliana (mint set) gach bhliain agus go bhfuil sé sin i mBéarla amháin leis. 

Nach ceart iad a bheith dhá theangach (mar atá Stampaí agus Bailiúcháin Stampaí Cuimhneacháin ón bPost)?

Mise, le meas

Foireann Bonn na bliana 2013


Fuair mé litir thár n-ais inniú ag miniú a pholasaí!

A chara,

Go raibh maith agat as an ríomhphost a chuir tú chugainn maidir lenár mbonn comórtha do chuairt JFK agus maidir leis an bpacáistiú ar ár bhfoireann bonn bhliantúil.

Is de bhun na reachtaíochta iomchuí maidir le monaíocht a chinntear toisí, comhshuíomh agus dearaí bonn Éireannach. Ní fhorchuirtear aon cheanglais teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le boinn chomórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann.

Maidir le do cheist faoinár bhfoireann bonn bhliantúil, ba mhaith linn a dheimhniú go bhfuil an fhoireann sin i gcomhréir leis an reachtaíocht. Cé go gceanglaítear leis na Rialacháin go mbeidh míreanna áirithe stáiseanóireachta i bhfoirm dhátheangach, ní áirítear pacáistiú den sórt seo san Ionstraim Reachtúil. Faoi Scéim Teanga an Bhainc Ceannais, tugtar gealltanas go n-eiseofar iatáin dhátheangacha le boinn chomórtha. Comhlíonann an Banc Ceannais an gealltanas sin i gcónaí.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat arís as do ríomhphost agus as an spéis a léirigh tú sna boinn chuimhneacháin seo.

Le gach dea-ghuí,

Alison Ní Dhómhnaill
Banc Ceannais na hÉireann

Mar a deireann siad tá na h-earraí a thairiscint go dleathach.  Ach cheapfá go ndeanfaí iarracht cloí le "spiorad na hAchta" (Acht na Teanga Oifigiúla) agus le spiorad an Bhunreachta seachas an cineál chosaint "dleathach" atá ar siúl anseo acu.
An dá theanga ag An Post!

Cé go mbím ag gearán faoin bPost go minic tá sé fíor gur ó ritheadh Acht na Teanga Oifigiúla bíonn na stampaí dhá theangach agus an Bailiúchan nó Pacáiste Stampaí Bliantúil éisithe go dhá theangach.

Ní ceist chostais atá anseo. Cé mhéid a chosnódh sé "Éire - foireann bonn nár cuireadh i gcúrsaíocht!" a chuir ar phacháiste? Tá na focail le fáil ar focal.ie fiú!

Ní costas atá anseo, tá mé ag ceapadh, ach easpa samhlaíocht nó, níos measa, easpa suime atá á léiriú anseo.

Céard is féidir a dhéanamh faoi seo?

Share/Save/Bookmark