21.5.13

Sinn Féin agus an Ghaeilge!

An bhfuil an Ghaeilge maith go leor le díospóireacht a dhéanamh ar ábhar ar bith seachas ábhar teanga?

Is dócha go dtagann polataíocht isteach i ngach rud agus ní eisceacht ar bith í cúrsaí teanga. Shiúil an fhreasúra ina iomán amach ón Dáil anuireadh nuair a d'imir an Rialtas an gilitín ar dhíospóireacht faoi Bhille na Gaeltachta. Is mar sin a tharraingíodh an polataíocht istigh sa scéal b'fhéidir don chéad uair.

I nGaeilge faoin nGaeilge!
Cé go ndeireann gach páirtí go bhfuil siad "ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta" - pé brí atá leis sin - is beag atá déanta ag aon pháirtí ar a son. Sea, uaireanta bíonn díospóireacht sa Dáil nó sa tSeanaid faoi chúrsaí Ghaeilge, faoi chúrsaí Gaeltachta a bhíonn i nGaeilge nó an cuid is mó de i nGaeilge. Cé go bhfuil córas aistriúcháin ann níor chuala mise riamh díospóireacht faoi aon ábhar eile tré mheán na Gaeilge, cúrsaí sláinte, cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí rialtais áitiúil fiú. Cinnte tá feisirí ann atá i ndán Gaeilge a úsáid, ón dTaoiseach anuas ach muna dtosnaíonn duine ag úsáid Gaeilge san Oireachtas is i mBearla atá chuile rud.

Is minic a deintear gearán faoi Shinn Féin sna leathanaigh seo agus i mblaganna eile, féach mar shampla, Cén Teanga? (5/8/2010) agus Ceist Bunreachta (4/11/2010) ach ar a laghad is tré úsáid na Gaeilge ag Uachtarán reatha Sinn Féin ina chuid ceisteanna a chuirtear brú ar an Taoiseach Gaeilge a úsáid. (Rud a thosaigh conspóid éigin sna nuachtáin - féach ar Adams modestly hits the nail on the head! i mblag Béarla 14/10/2012). Agus is beag atá á dhéanamh ag aon Pháirtí, fiú Sinn Féin, atá i gcumhacht ó Thuaidh, ar son na Gaeilge. Deireann an blagaire in iGaeilge gur mó an suim atá ag Sinn Féin i gcuir chun chinn Sinn Féain ná rud ar bith eile, fiú teanga na tíre féin. Féach ar a alt Spin Féin – teip eile arís ón bpáirtí i leith na Gaeilge (12/3/2012) mar shampla. Ach ar ndóigh d'fhéadfheá é sin a rá faoi páirtí ar bith!

Ait go leor!
Mar sin féin go bhfios dom is Sinn Féin an t-aon pháirtí in Éireann le Oifigeach Gaeilge, Liadh Ní Riada ach, ait go leor, níl aon tagairt di nó dá chuid oibre ar shuíomh an Pháirtí. (Faoin suíomh féin níl sé soiléir go bhfuil "leagan Gaeilge" de le fáil, tá an cnaipe Gaeilge i bhfolach ag bun an leathanaigh, agus nuair a brútar air níl sé ró shoiléar ar an gcéad amharc gur leagan Gaeilge atá ann! (Chuir i gcomparáid le suíomh Páirtí an Breataine Bige - Plaid Cymru!)

Tháinig Bileog Eolais chugainn inné ag déanamh cur síos ar an obair atá idir lámha ag Sinn Féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge, idir obair i dtithe an Oireachtas, sa Tionóil agus laistigh den phairtí fhéin. Rud maith shílfeá, agus cinnte rud nach ndearna aon pháirtí eile thuaidh nó theas! Ait go leor níl tagairt do billeoig ar an suíomh acu gan tagairt ar é a íoslódáil uaidh! Tá sé curtha ar líne againne anseo (pdf) mar sin!

Ní fios dom fiú an bhfuil a leithéid de dhuine agus Oifigeach Gaeilge ag aon pháirtí eile!

Gaeilge faoin nGaeilge amháin
Tá an-chaint faoi nuachhtáin Gaeilge tár éis áir na Nuachtán, Foinse, Lá Nua, Gaelscéal ag an bhForas agus daoine a rá go raibh an iomarca faoin nGaeilge, laige na Gaeltachta. D'fhéadfá an gearán céann a dhéanamh faoin mbilleoig eolais seo. Is faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht (ó thaobh na Gaeilge de) amháin atá sé. Ach íocann Pobal na Gaeilge cáin, itheann siad bia, ceanaíonn siad éadaí, is mait leo ceol agus drámaíocht, tiomáineann siad carrannaí (bíonn siad bon bon nó eile). Is gnáth daoine iad do chuid is mó. Níl gach Gaeilgeoir ina "Gaelic Language Enthusiast" mar a deireann na meáin Béarla. Nuair a fuair Éamonn de Buitléir, beannacht Dé leis, bás dúradh gur "Language Enthsiast" a bhí ann. Rud narbh fíor. Bí an Ghaeilge a theanga b'shin bun agus barr an scéil. Is mar sin atá Pobal na Gaeltachta, gnáth daoine a labhrann Gaeilge mar theanga phobail.

Mar sin, cé go bhfuil sé tabhachtach go bpléann na páirtithe politiúla "ceist na teanga," is ceart leis go bpléfar cúrsaí an tsaoil i dteanga na ndaoine. Rud nach deineann páirtí ar bith mar pháirtí! 

Anseo i nGaillimh Thiar tá cúig TD agus beirt Sheanadóir agus tá láithreacht idirlíon ag seisir acu.
Ach an dtugann siad aitheantas do theanga phobail an Ghaeltacht is mó sa tír atá ina ndáilcheantair?

Trevor Ó Clochartaigh
Gaeilge i gcónaí ar ghach ábhar!
Teachtaí Dála
Éamon Ó Cuív FF (Tá bradáil déanta air a shuíomh agus é seo á scríobh!)
Seán Kyne  FG (Béarla amháin)
Brian Walsh FG (Béarla amháin)
Derek Nolan LO (Béarla amháin)
Noel Grealish NS (Is cosúil nach bhfuil suíomh idirlíon aige!)

Seanadóirí
Trevor Ó Clochartaigh SF (Dhá theangach - agus cuireann se a chuid preas ráitaisí amach go dhá theangach i gcónaí!)
Fidelma Healy-Eames FG (Béarla amháin)

Muna bhfuil formhór ionadaithe don gceantair Gaeltachta is mó sa tír sásta seirbhís ar líne as Gaeilge dá dtoghthóirí ní nach íonadh nach bhfuil ionadaithe eile na tíre sásta a gcuid a dhéanamh di. Ní nach íonadh nach bhfuil óige na Gaeltachta sásta a dteanga á thréigint!


Share/Save/Bookmark

16.5.13

"Easpa tuisceana an Aire soiléar!"

Easpa tuisceana Aire na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeltachta soiléir

Aire Dinny McGinley
‘Tá an easpa tuisceana atá ag Aire na Gaeltachta ar riachtanais na pobail Ghaeltachta Dinny McGinley léirithe aige san u-chasadh atá déanta aige ar na Limistéír Pleanála Teanga’, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. ‘Tá sé soiléir de bharr an chead atá tugtha ag an Aire d’Údarás na Gaeltachta líon na limistéir teanga a bheidh ag cur an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a athrú ó 19 go 26 go raibh an ceart ag Sinn Féin le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta’, dar le Seanadoir Ghaillimh Thiar. (Ar ndóigh tá an poinnte seo déanta ag níos mó ná Sinn Féin le níos mó ná bliain anuas mar shampla nuair a shiúl an Freasúra sa Dáil ina iomláine amach i mí Iúl - "Tacaíocht iomlán don siúl amach!" Iul 2012.)

‘Tharraing muid an ábhar seo anuas leis an Aire le linn na díospóireachta sa Seanad agus sa Dáil anuraidh ag ra nach raibh bun ná barr leis an leagan amach a bhí aige. Is léir anois go n-aontaíonn Údarás na Gaeltachta linn agus gurb shin an fáth a bhfuil a intinn athraithe ag an Aire ina leith seo’.

‘Tá amhras orm go léiríonn seo fadhb níos bunasaí maidir le cur chuige an Aire. Is léir dom ó ráitis atá déanta aige le tamall agus le rudaí a dhéanann Airí Rialtais éagsúla nach dtuigeann siad an ghéarchéim ina bhfuil an teanga sa nGaeltacht, nach bhfuil siad dáiríre faoi cur chun cinn na teanga sa nGaeltacht agus go bhfuil an Straitéis Fiche Bliain i mbaol mar gheall ar cur chuige lochtach an Rialtais’.
Na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (Údarás na Gaeltachta)
ráiteas éisithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus seo a deireann Kevin De Barra, Stiurthóir na Chomdhála, “Tá bliain caite anois ón uair a fógraíodh na ceantair pleanála teanga (26 Aibreán 2012), agus níl scála ama curtha leis an bpróiseas, nó níl spriocanna sonracha leagtha síos go fóill. Tá an obair seo iontach práinneach, agus is gá tabhairt faoi láithreach. Is gá spriocanna soiléire agus amchlár réadúil a aontú ionas go dtuigfidh na páirtithe ar fad a bhfuil le déanamh acu féin chun mórspriocanna na straitéise a bhaint amach.
"Cé gur dúradh anuraidh gur príomheagraíocht cinnireachta ar cheart a bheith ag stiúradh an phróisis i ngach ceantar, is gá breathnú arís air seo, agus féachaint ar phleananna áitiúla laistigh de na mórlimistéir agus iad siúd a thabhairt chun cinn i gcomhar leis an bpobal áitiúil”.

Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta do Gaelport.com go dtuigtear dóibh óna phlé leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta go ndéanfar fógra oifigiúil maidir le comhdhéanamh na Limistéar Pleanála Teanga faoi lár an tsamhraidh.
Share/Save/Bookmark