1.11.12

Comhairliúchán chuimsitheach?

Tá iarrtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an Aire Stáit Gaeltachta todhchaí an Choimisinéara Teanga a shoiléiriú. 
Soiléiriú uainn!
Bhí urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge & Gaeltachta ag freagairt ráiteas ón Aire Dinny McGinley inné a léiríonn mian an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a thógáil isteach faoi Oifig an Ombudsman. Dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh tá an ráíteas úd tar éís an chás a dhéanamh níos doiléire agus nach cosúil go bhfuil buntáiste ar bith le fáil ag an Stát as an athrú atá molta. 

“Bhí sé soiléír ón tús nach raibh an tAire tar éis dothain machnamh a dhéanamh faoi na himpleachtaí atá i gcomhnascadh an dá oifig, Níor cuireadh aon fhianaise chun cinn go mbeadh sábháilt airgid ann, ná cén chaoi a gcuirfí i gcrích é go praiticiúil. 
An Rialtas ag déanamh neamhaird ar ról an Coimisinéir Teanga Seanadóir Ó Clochartaigh (8/11/2012)

Bhí an Seanadóir ag labhairt le linn cruinniú den Choiste Oireachtas Seirbhís Poiblí Fo-mhaoirsiú agus Achainithe inné áit a raibh stát-sheirbhísigh ón Roinn Coimirce Sóisialaigh, an Roinn Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe agus an Coimisiúin um Ceapacháin Poiblí a cheistiú maidir le polasaí earcaíochta na Státseirbhíse

“Bhí na freagraí a fuair mé ó na stát-seirbhísigh iomtach míshásúil. Is léir nach dtugtar aon aird ar Oifig an Choimisinéir Teanga agus nách n-aithníonn siad cé chomh dáiríre is atá sé go bhfuil an Roinn Coimirce Sóisialta ag déanamh beag is fiú de chinneadh an Choimisinéara.

“Is léir ó imscrúdú an Choimisinéara nách raibh an Roinn ag cloí leis na polasaithe earcaíochta a bhí leagtha síos dóibh ó thaobh na Gaeilge, dar leis, agus nach bhfuil sé sin ceartaithe acu ó shoin in ainneoin rialú an Choimisinéara.

“D’admhaigh Státsheirbhísigh dá nglacfaí le rialú an Choimisinéara go bhfeadfadh impleachtaí a bheith ann do na mílte daoine a chuaigh faoi agallamh le tríocha seacht mBliana..

“Is léir freisin nach bhfuil aon polasaí soiléir ó thaobh líon na Gaeilgeoirí sa Stáit Seirbhís a ardú ag an Rialtas seo, agus nach bhfuil siad dáiríre ina thaobh. Cuireadh deireadh le éigeantacht na Gaeilge sa Stáit-Sheirbhís I 1974 agus tá titim ollmhór ar an méid daoine sa chóras gur féidir leo oibriú I nGaeilge ó shoin.

“Ní mór a rá freisin go nardaíonn an chás seo agus neamhaird an Rialtas ar rialú an Coimisinéara Teanga, ceisteanna d’Oifigí na hOmbudsman eile. Muna glacann siad le ról an Coimisinéara Teanga mar réiteoir, agus má ligtear don Roinn gan glacadh leis an rialú, caitheann abhras ar ról na hOmbusmen eile, agus an mbeadh an Rialtas in ann neamhaird a dhéanamh ar a rialachán freisin? Ní mór don rialtas tacú leis an gCoimisinéir Teanga agus brú a chuir ar an Roinn Coimirce Sóisialaigh glacadh lena rialú.”
"I ráiteas ón Aire Sinsearach, Jimmy Deenihan faoin ábhar seo, dúradh gur leanadh proiséas comhairliúchán chuimsitheach. Ach, is léir nár tógadh an bheirt imreoir is tábhachtaí isteach sa phlé seo - an Ombudsman féin, Emily O'Reilly agus an Choimisinéír Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Nuair a labhair mise leo le déanaí ní raibh aon duine tar éís a gcomhairle a lorg faoin gcomhnascadh agus is beag seans gur tharla comhairliúchán chuimsitheach ó shin." 

"Níl muid blas ar bith níos soiléire i ndiaidh ráíteas an Aire Stáit inné. Ba chóir dó soiléiriú an mbeidh an Choimisinéir Teanga fós neamhspleách ar an Ombudsman, nó an mbeidh smacht ag oifig an Ombudsman ar chúraimí an Choimisinéara agus comhlíonadh a chuid dualgais reachtúla. An  mbeidh sé ábalta, mar shampla, fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an Ombudsman féin agus comhlíonadh a cuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar a b'éigin dó a dhéanamh roimhe seo?" 

"Tá todhchaí na fóirne eile in Oifig an Choimisinéar Teanga doiléír go maith freisin. Tuigim ón ráiteas go ndéanfar dlúthú ar an dá fhoireann. An gciallaíonn sé seo go mbeidh siad ar fad lonnaithe i mBaile Átha Cliath - agus mas ea, cé a bheidh ag tacú leis an gCoimisinéir chun seirbhís éifeachtach a chuir ar fáil ón nGaeltacht?" 

"An bunlíne atá anseo ná nach ndéanann sé ciall ó thaobh na heacnamaíochta ná ó thaobh oibríochtaí di i ndáíríre. Tá an tAire Stáit & an tAire Caiteachas Poiblí ag iarraidh cuma na maitheasa a chuir ar an scéal gur athchóiriú agus feabhsú seirbhísí poiblí atá i gceist mar chuid de phroiséas Rialtais níos leithne, ach níl anseo ach cur i gcéill.  Cleasaíocht atá ann ó Rialtas mí-éifeachtach atá ar a míle dícheall cur ina luí ar an bpobal go bhfuil siad ag sábháil airgead. An toradh a bheidh air ná go mbeidh siad arís eile ag lagú cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an ról ríthabhachtach a imríonn an Coimisinéir Teanga ina leith." 

"Ba chóir do na hAirí torthaí an phroiséas comhaurliúchán a fhoilsiú agus sonraí don airgead a spáráilfear, dar leo. Tá faitíos orm nach dtuigeann siad impleachtaí na gcinntí atá siad ag déanamh, ná an dochar fadtéarmach a dhéanfaidh sé do chearta Gaeilgeoirí." 

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment