12.11.12

An Coimisinéir agus Sir Humphery

Ní raibh an Roinn sásta glacadh le moltaí an Choimisinéara ach ag an am céanna níor ceapadh go raibh sé “de dhualgas orainn an cás a thógaint ar scéim atá i bhfeidhm ar fud na státseirbhíse”

Bhí píosa againn ar Thuairisc Bliantiúil an Choimisinéara Teanga 2011 i mí Aibreán 2012. Leagadh béim ar dhá rud go speisialta.

An céad rud ná chás an Gharda Síochána nach raibh daoine le Gaeilge á cheapadh i nGaeltacht Dhún na nGall. Bhí sé soiléir go raibh an dlí á bhriseadh ag na Gardaí agus rinne an Coimisinéir roinnt moltaí. Bhí an cás seo réasúnta soiléir le thuiscint. Sé an dlí é gur ceart go mbeadh na Gardaí ann gur féidir leo gnó a dhéanamh i dteanga an phobal sa Ghaeltacht agus nach raibh siad ag claoí leis an dlí sin.

Sir Desmond & Sir Humphrey
Cás eile ar fad a bhí deacair domsa a thuiscint ina iomlán (nó ina chuid impleachtaí) a bhi sa dara rud a bhí árdaithe ag an Coimisinéir Teanga. Bhain sé le hearcaíocht sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Léirigh dhá imscrúdú éagsúla a rinne Oifig an Choimisinéara, nár chomhlíon an Roinn go cuí na dualgais reachtúla teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime.

Bhí dhá rogha ag an Roinn le tógaint agus níor thógadar ceachtar den dá rud. Ní dhearna an Roinn achomhairc ar phointe dlí chun na hArd-Chúirte i gcoinne chinneadh an Choimisinéara Teanga mar abhí ceadaithe sa reachtaíocht acu. Mar sin sheas dearcadh an Choimisinéara ach fós féin theip uirthi moltaí na n-imscrúduithe a chur i bhfeidhm.

Ní raibh rud ar bith eile go mbfhéidir leis an gCoimisinéir Teanga a dhéanamh ach tuairisc a leagan ag Thithe an Oireachtais agus ba gnó ansin don Oireachtas céimeanna breise a thógáil, má mheas siad gur cuí sin a dhéanamh.

"Things reshted so!" mar a déarfadh Éamonn Kelly, an Seanachaí!

I rith na seachtaine rinne Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha (Béarla) breithniú ar "Thuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le bronnadh marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí."

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé
(Tá an díospóireacht anseo - 17 leathanach - píosaí i mBearla agus píosaí i nGaeilge)
Bhí baill an choiste míshasta leis an dearcadh agus an meon ar an gcóras a bhí á léiriú ag na stáitsheirbhísigh. Seo an córas a bhí ceaptha feidhmiú ó 1975 in áit na Gaeilge ‘éigeantaí’ le cinntiú go mbeadh foireann le Gaeilge ar fáil ag gráid éagsúla sa Státseirbhís.

Níor thángthas ar aon chonclúid ar an gceist seo inné, ach beidh an Comhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achaíníocha ag teacht le chéile arís i gceann coicíse ar 21 Samhain.

Leanann ráiteas ó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:
"Tharla nach raibh an Roinn sásta glacadh le moltaí an Choimisinéara ach ag an am céanna níor ceapadh go raibh sé “de dhualgas orainn an cás a thógaint ar scéim atá i bhfeidhm ar fud na státseirbhíse”, dar leis an Dr Orlagh Quinn, státseirbhíseach sinsearach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Bhí ionadaí ón Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí den tuairim chéanna.
Dúirt Patricia Coleman nach raibh aon dualgas achomharc a lorg sa chás nach raibh aon phointe dlí i gceist agus nárbh ionann léamh an Choimisinéara ar an scéal agus an léamh a bhí ag an Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí. Thug sí aird ar an gcostas a bhainfeadh le cás cúirte a thionscnamh ar chleachtas atá fadbhunaithe sa státchóras. Tá léamh na Roinne bunaithe ar an gcleachtas atá ann go forleathan sa státchóras ó bhí 1975 ann."

Appalling Vista
In 1980, during an appeal by the Birmingham Six (who were later acquitted) Lord Denning judged that the men should be stopped from challenging legal decisions. He listed several reasons for not allowing their appeal:

"Just consider the course of events if their action were to proceed to trial ... If the six men failed it would mean that much time and money and worry would have been expended by many people to no good purpose. If they won, it would mean that the police were guilty of perjury; that they were guilty of violence and threats; that the confessions were involuntary and improperly admitted in evidence; and that the convictions were erroneous. ... That was such an appalling vista that every sensible person would say, "It cannot be right that these actions should go any further."
Níl tuairisc ar an ndíospóireacht foilsithe ag Tithe an Oireachtais go fóill, ach ag éisteacht leis na tuairiscí a bhí ar an Raidío agus ag breathnú ar na ráitaisí ó daoine a bhí i láthair is féidir roinnt tuairimí a beith ag duine!

Aigne dúnta!
Bhí aigne dúnta a léiriú go soiléir ag na stáit sheirbhisigh. Ní rabhadar fiú "cosantach" agus iad ag rá go raibh sé de nós agus cleachtas acu ar fud na státseirbhíse ar fad le 37 bliain gan marcanna bónais don Ghaeilge a thabhairt i gcás comórtais ardaithe céime ach amháin do na daoine sin a bhain ait amach ar na painéil deiridh ag críoch na gcomórtais d’arduithe céime.

Is ionann sin agus a rá nach bhfuair na mílte duine le Gaeilge sa státseirbhís aon aitheantas dá gcumas Gaeilge le 37 bliain anuas agus iad ag dul isteach i gcomórtais den chineál seo agus ní chreidim gur b’shin dáiríre a bhí i gceist ag Riche Ryan agus a chomhghleacaithe nuair a rinneadar an t-athrú ó Ghaeilge ‘éigeantacha’ i 1975. Ag an am sin rinneadh léirmhíniú an-teoranta, sriantach ar na dualgais i leith marcanna don Ghaeilge. Ach chuaigh na mílte ar chúrsaí lena gcuid Gaeilge a fheabhsú ag ceapadh go mbeadh marcanna acu dá bharr! (Féach leis "Teip iomlán" dár leis an Coimisinéir Teanga Feabhra 2012)

An argóint a léiríodh anois acu ná go rabhadar á dhéanamh mar seo le fada agus nach b’fhéadfadh siad a bheith mícheart! "Seo an bealach a rinneamar i gcónaí é, mar sin 'se an córas ceart é!"

Anois tá fhios againn cén fáth nach bhfuil daoine le Gaeilge ag gach leibhéal den státseirbhís. Is adhmhaill stairiúil é seo ag na státseirbhísí agus é bunaithe ar an gcoincheap “Ní fhéadfhaimíd go léir a bheith mícheart an t-am ar fad!”

Chuireann sé dearcadh "apalling vista" Lord Denning Shasana i dtaobh achomhairc Seisear Bhirmingham.

Nó bfhéidir an píosa seo ón gclár cáiliúil teilifíse "Yes Minister"
Sir Desmond: "Well, they placed their own interpretation on Treasury regulations. Someone has to interpret them."
Sir Humphrey: "What about the Treasury's interpretation?"
Sir Desmond: "It didn't seem appropriate."

Yes Prime Minister, Episode 4, Series 2“A Conflict of Interest”


Share/Save/Bookmark

1 comment: