30.9.12

Gníomh na péinte duibhe!

Scríobh mé faoin mBrú Bhéarla ag An Post sa bhlag "Brú Béarla i gConamara?" i mí Bealtaine 2010.

Ní raibh an Coimisinéir Teanga i ndán mórán a dhéanamh faoi ó thaobh dlí de ag an am ach mar sin féin bhí sé sásta teangabháil a dhéanamh leis an bPost faoin gcéist. Toisc nach bhfuil dualgas reachtúil i gceist faoi láthair, níl an t-údarás acu tabhairt faoi imscrúdú ina leith. Dá mbeadh foráil i dtaca le logainmneacha Gaeltachta i scéim teanga dá cuid, mar ata i roinnt scéimeanna teanga eile, agus é daingnithe ag an Aire, bheadh seasamh níos láidre ag an gCoimisinéir ar an gceist.

Scríobh sé "Beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil sé deimhnithe dom ag an bPost go bhfuil i gceist an leagan Béarla den logainm a bhaint anuas den chomhartha atá lasmuigh d’Oifig an Phoist in Indreabhán, agus gur aontaigh siad gurb é an polasaí leagan Gaeilge amháin a úsáid sa Ghaeltacht agus leagan dátheangach lasmuigh de."

Ach is beag a thárla ó shin.

 Scríobh mé go díreach chuig An Post i mí Bealtaine 2012 faoin gceist arís agus fuair mé é seo mar fhreagra:

"A chara, Dia dhuit ar maidin. Go raibh maith agat as do ríomhphost. Ba chóír dom a mhíniú gurb é ról Aighní na gCustaiméirí athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar ghearáin i gcásanna nach mbíonn custaiméirí sásta le toradh a ngearán. Tá na cúiseanna imní atá agat curtha i láthair an Fhoireann Margaíochta agus cuirfidh siad sin freagra díreach chugat. 
Is mise le meas, 
Gillian Sheridan, Aighní na gCustaiméirí"

Tá mé fós ag feitheamh!

 I rith na seachtaine shocraigh duine nó daoine anaithnaid an scéal dom.

 Molaim iad!

• Féach Plabar Péinte i nGaelscéal 26/9/2012
Mar a bhí!
Mar atá!


Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. ba spéisiúil fáil amach an duine de lucht oifig an phoist féin a rinne e
    é (má tá siad buartha faoi in aon chor, níl a fhios agam) nó duine le mhuintir na háite. I lár an lae a rinne siad é? I lár na hoíche?

    ReplyDelete