20.7.12

Tacaíocht iomlán don siúl amach!

"Ag tabhairt isteach an Bille seo, atá lochtach go bunúsach, tá an tAire Stáit ag tabhairt isteach Bille gan aon acmhainní taobh thiar dó, Bille a bhaineann cearta daonlathacha de phobal na Gaeltachta agus a chuireann daoine nach bhfuil aon bhaint nó eolas ag formhór acu ar an nGaeltacht i mbun roghnú ionadaithe an phobail ar son na Gaeltachta, Bille a leag an cúram pleanála ar na pobail gan acmhainní agus a shéanann freagracht an Stáit, Bille a thugann ceannas do fhoras taobh amuigh den dlínse seo ar ghnóthaí an Stáit seo. Bille nach gcuireann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm. Níos tábhachtaí fós, is Bille é seo nach bhfuil aon tacaíocht ann dó ó na daoine is gníomhaí i saol na Gaeilge agus i saol na Gaeltachta." Éamon Ó Cuív

"Táimid ag teacht chuig deireadh na bliana, bliain inar rinne an Rialtas an-dochar don Ghaeilge, dochar don Choimisinéir Teanga, dochar do na Gaelscoileanna agus dochar do scéim labhairt na Gaeilge. Ba dhéistineach a fheiceáil an Rialtas ag bagairt ar Dhónal Ó Cnáimhsí, a labhair ar son Ghuth na Gaeltachta. Is léir nach bhfuil suim dá laghad ag an Roinn nó ag an Rialtas plé oscailte daonlathach a dhéanamh anseo inniu." Peadar Tóibín TD

"Iarraim ar an Rialtas éisteacht le heagrais na Gaeltachta agus na Gaoluinne agus le daoine a bhfuil an Ghaoluinn ina gcroí acu conas gur féidir an Bille a dhéanamh i bhfad níos fearr agus, dá bhrí sin, gníomh i bhfad níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun an teanga a chaomhnú agus chun borradh agus bláth a chur faoin dteanga, chun deireadh a chur le bánú na Gaeltachta agus chun an Ghaoluinn agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur i mbláth arís." Joe Higgins TD


"Deputy Tóibín, you are not formally moving your amendment." Seán Barrett TD, (Ceann Comhairle)

"The Deputies opposite have done it before. Just walk out." Paul Keogh TD (Príomhaoire an Rialtais)


"Táimid ag imeacht anois." Aongus Ó Snodaigh TD
Tá tacaíocht iomlán tugtha ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do chinneadh an fhreasúra tarraingt as tuilleadh baint a bheith acu leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta 2012 sa Dáil inniu (19 Iúil 2012), i bhfianaise nach raibh sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD glacadh le haon cheann de bhreis agus 150 leasuithe a bhí molta acu ar an mbille sular reachtaíodh é.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Léiríonn cinneadh an fhreasúra chun an Dáil a fhágáil inniu, go raibh easpa rannpháirtíochta agus easpa cumarsáide ag an Rialtas le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus leis an gcóras polaitíochta araon, maidir leis an reachtaíocht seo.

"Bhí tacaíocht traspháirtí ag beartais Ghaeilge de chuid an Rialtais le roinnt mhaith blianta anuas, agus bhí ról lárnach agus ríthábhachtach ag an gComhchoiste Oireachtais um chúrsaí Gaeltachta sa phlé agus sa chumarsáid leis an bpobal chun an tacaíocht sin a chinntiú; ní raibh deis ag an gComhchoiste An Bille Gaeltachta 2012 a phlé fiú áfach, toisc gur rinneadh an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le beagnach 60 bliain anuas a bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh."

Ó foilsíodh An Bille Gaeltachta 2012 ceithre sheachtain ó shin (19 Meitheamh 2012), tá stocaireacht déanta ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí leasuithe éagsúla a mholadh leis an bhfreasúra agus leis an Rialtas araon. Cé gur léirigh an freasúra agus baill de pháirtithe an Rialtais tacaíocht do thromlach na moltaí de chuid na n-eagras pobail, i gcás bhaill Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, thug Teachtaí agus Seanadóirí an Rialtais le fios go raibh an cinneadh déanta, nach raibh smacht acu ar an scéal, agus nach raibh an Rialtas chun glacadh le leasú ar bith ar an mBille Gaeltachta 2012.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta: "Léiríonn gach céim den phróiseas seo go bhfuil easpa daonlathais agus easpa chomhairliúcháin i gceist leis an Bhille Gaeltachta 2012, reachtaíocht atá in ainm 's freastal ar riachtanais an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ach a dhéanann neamhaird iomlán ar thuairimí, ar mholtaí agus ar leasuithe an phobail chéanna.

"Thug an freasúra le fios inniu go gcuirfidh siad Bille Gaeltachta leasaithe os comhair Thithe an Oireachtais sna míonna amach romhainn, agus beidh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag obair leo agus leis an phobal le bille cuimsitheach, sásúil a chur i dtoll a chéile, bille a luífidh leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030."

Cé gur ghá toghcháin an Údaráis a reáchtáil ní bá dhéanaí ná 30 Meán Fómhair 2012 de réir na reachtaíochta reatha, ní leithscéal é an méid sin leis an mBille Gaeltachta 2012 a reachtú gan plé mar is cóir i measc an phobail ó ní raibh le déanamh ag an Rialtas ach síneadh ama a thabhairt do na toghcháin, faoi mar a rinneadh faoin mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010:



  • Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal dul i mbun comhairliúcháin leis na Teachtaí Dála áitiúla dá gcuid ar bhille Gaeltachta leasaithe sula suíonn an Dáil in athuair i mí Mheán Fómhair, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phlé agus sa díospóireacht air idir seo agus sin.

"...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin. We are affording the people of the Gaeltacht a direct say in their own linguistic future." Dinny McGinley TD, Aire Stáit Gaeltachta


Share/Save/Bookmark

19.7.12

Bille lochtach

RIP

Bású na Gaeltachta - 19 Iúl 2012

Brú Aire de chuid Fine Gael Bille Gaeltachta trén 
Dáil i gcoinne tola pobal na Gaeltachta
An dá Aire Gaeltachta ag brú ar aghaidh!
Deireadh le Gaeilge sa Stáit Sheirbhís 1973 
Deireadh le Gaeilge mar Theanga Phobail 2012?

Share/Save/Bookmark

17.7.12

Bagairt ón Roinn!

•This story in English, Bullying from Government

"Tá muintir na Gaeltachta bródúil as Dónal Ó Cnaimhsí," a dúirt Éamon Mac Niallais ó Guth na Gaeltachta ar Raidío na Gaeltachta ar maidin.  Bhí sé ag caint faoin scéal gur cuireadh litir chuige ón Rialtas.

Is cosúil gur ndúirt an litir gur raibh seans gur bhris sé a chonradh leis an Roinn - an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Béarla) tré labhairt ar RTÉ faoin mBille Gaeltachta atá á bhrú trén Oireachtas faoi láthair. Is mór an náire litir bhagarach ón Rialtas mar sin a fháil, ní h-amháin litir bagarach ach ós rud é gur scríobhadh chuige i mBéarla, litir maslach chomh maith. Bhí an scéal iomlán in Alt san Irish Daily Mail (Béarla) ar maidin.

Léirigh Dónal a chuid smaointe i bpreas ráiteas a bhí éisithe ag Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ar an 21 Meith 2012"Tá imní mhór ar Ghuth na Gaeltachta faoi na pleananna teanga agus an chaoi go bhfuil ceantair ina bhfuil an Bhéarla in uachtar - Ceantair B faoi mar a leagadh amach sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) - measctha le ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar (Ceantair A) ins na ceantair pleanála teanga, faoi mar atá leagtha amach ag an Roinn go dtí seo. Deir seo linn go bhfuil an pholaitíocht á húsáid mar shlat tomhais in áit chritéir phleanála teanga faoi mar a bhí leagtha amach sa SCT. 

"Beidh chuile rud ag brath anois ar na critéir a leagfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos, 'sé sin cinneadh polaitiúil eile, in áit chritéir oibiachtúla phleanála teanga mar atá leagtha síos sa SCT. Is ualach mór sa bhreis é na pleananna teanga seo do ghrúpaí pobail atá ag feidhmiú ar bhunús deonach don chuid is mó, ach níl aon acmhainní sa bhreis le bheith curtha ar fáil; is deacair mar sin a shamhlú go bhfuil an Stát dáiríre faoin Ghaeltacht a shlánú."

Sa nuachtáin Galway Advertiser (12/7/2012) tá ráiteas eile uaidh: “Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley féin le fios sa Seanad le déanaí go mb’fhéidir gurb í an reachtaíocht seo an deis deiridh a bheidh againn chun an Ghaeltacht a shlánú agus más fíor sin, creideann Guth na Gaeltachta gur mór an náire í nach bhfuil a dhóthain ama á tabhairt le plé mar is cóir a dhéanamh ar an mBille Gaeltachta.”

Tá impleachtaí uafásacha leis an rud seo. Má tá tusa ag obair sa tSeirbhís Poiblí, má tá gluaiseacht phobal a fáil maoinú ón Rialtas, nó pinsean fiú and bfhuil cead agat labhairt amach i gcoinne polasaí an Rialtas.

Cén tír é seo? Cén saghas Rialtas atá againn?  Bhfuil aois na faisisteacha tagaithe thár n-ais?

• Féach: Casadh nimhneach i gconspóid an Bhille Gaeltachta (17/7/2012)
Share/Save/Bookmark

13.7.12

Litir do na Theachtaí Dála


Mar is eol duit, tá plé ar siúl maidir leis an mBille Gaeltachta sa Dáil faoi láthair. Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, agus aontaím leo,  go bhfuil géarghá leis an mBille a láidriú agus dá nglacfadh an Rialtas leis na moltaí atá déanta acu go mbeadh Bille fiúntach, fadradharcach ann a chabhródh go mór leis na Gaeltachtaí agus leis an Ghaeilge ar fud na tíre a láidriú.

Tá mé an-bhuartha faoin tslí go bhfuil an Bille seo á bhrú trí Thithe an Oireachtais ar dhá phríomhchúis:

1. Tá an tAire Stáit Dinny McGinley ceart nuair a deir sé go raibh go leor plé ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le 10 mbliain anuas (idir an Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2012-30, agus eile)  ach ní raibh aon phlé ceart ann ná eagraithe ar an mBille Gaeltachta mar Bhille i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

2. Creidim go bhfuil sé thar a bheith mídhaonlathach plé agus díospóireacht a bheith i dTithe an Oireachtais ar an mBille, ach ansin nach nglacann an an Rialtas le haon leasú atá molta ag an bhfreasúra ar an mBille. Seo moltaí atá ag teacht ó ghrúpaí Gaeltachta agus Gaeilge cosúil le conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta

Tá mé ag éileamh ort gach tionchar gur féidir leat a imirt sa Dáil agus i do pháirtí chun reachtú an Bhille seo a chur ar aghaidh go dtí an Fómhar le seans a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge plé ceart, eagraithe a dhéanamh ar an reachtaíocht, ó beidh an-tionchar ag an mBille seo orthu. Ní gá ach síneadh ama gearr a thabhairt do bhaill reatha Bhord Údarás na Gaeltachta chuige seo, rud go bhféadfadh an Rialtas a chur i gcríoch go héasca trí reachtaíocht aon-líne a chur trí Thithe an Oireachtais, le ham a chur ar fáil leis an mBille a phlé sa phobal.

Tuigim gur chuir Guth na Geltachta na leasuithe atá molta acu  eis an mBille a láidriú cheanna.

Share/Save/Bookmark