25.4.12

Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre!

“Easnaimh Mhóra” i gcur i bhfeidhm Acht an dTeangacha Oifigiúla
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin (Pic I Times)
Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga “easnaimh mhóra” reatha i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Bhí an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge ag tagairt do Thuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga. Foilsíodh an tuarascáil ar an 24ú lá d'Aibreán, 2012.

An Garda Síochána
Sa Tuarascáil rinneadh cur síos ar chás a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara maidir le heaspa cumais sa Ghaeilge a bheith ag Gardaí lonnaithe i gceantar Gaeltachta. Bhain an cás seo le stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag, Gaoth Dobhair, agus tar éis d’Údarás an Gharda Síochána an cheist a fhiosrú, tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ach ag duine as an naonúr a bhí lonnaithe sa stáisiún sin.

Léirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga nár chomhlíonadh fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo. Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta. Leiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiúin i gceantair Ghaeltachta.

Marcanna bónais
Cúis eile díomá a léiríodh sa tuarascáil ná gur cleachtas coitianta sa státseirbhís é nach mbronntar marcanna bónais d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar is ceart, le linn comórtais inmheánacha d’fhonn ardaithe céime a bhaint amach.

Cuireann sé seo go mór le himní na Comhdhála do thodhchaí agus do stádas na Gaeilge sna heagrais phoiblí, go háirithe de bharr go bhfuil cosc ar earcaíocht seachtrach sa státseirbhís faoi láthair, agus go bhfuil deireadh curtha leis na tacaíochta foghlama agus forbartha Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag Gaeleagras d’fhoirne na Seirbhísí Poiblí.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus na Scéimeann Teanga!
Cáineadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa tuarascáil, ní hamháin nár dhaingnigh an Roinn ach scéim teanga amháin sa bhliain 2011, ach go deimhin tá an Roinn féin ag feidhmiú i bhfolús scéime, toisc nár dhaingnigh siad a scéim teanga féin ó bunaíodh an Roinn sin go foirmiúil i mí Meitheamh 2011. Tá próiseas na scéimeanna teanga mar ghné lárnach den Acht Teanga agus cuireann na scéimeanna go mór le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Léirigh an Coimisinéir Teanga go bhfuil 66 scéim teanga de chuid comhlachtaí poiblí dulta in éag lena n-áirítear Oifig an Uachtaráin, Oifig an Ombudsman agus Comhairle Contae na Gaillimhe as an 105 scéim teanga a dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó achtaíodh an Achta Teanga in 2003.

Deir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach”.

Anuas air sin, dúirt De Barra go “léiríonn a bhfuil tuairiscithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga i ndáil leis na Comhlachtaí Poiblí, agus na heasnaimh agus na lochtanna móra sa gcóras reatha, cé chomh tábhachtach is atá sé go gcoimeádfaí an Oifig seo neamhspleách ó aon áisíneacht stáit eile, le go bhfaighfear cuntas soiléir, neamhspleách rialta ar chur i bhfeidhm agus riaradh an Achta Teanga”. 




Éigeantas le hOifig Reachtúil Neamhspleách don Choimisinéir Teanga Ríshoiléir ón Tuarascáil Bhliantúil


Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil faillí á déanamh ag an státchóras i leith na teanga agus go bhfuil géarghá go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara Teanga ina hoifig reachtúil neamhspleách chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint, sna sála ar fhoilsiú thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
Donnchadh Ó hAodha

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tháinig méadú 5% ar líon na ndaoine a d'imigh i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga le linn na bliana seo caite maidir le sárú ar a gcearta teanga, rud a léiríonn go bhfuil an-mhuinín go deo ag pobal na Gaeilge as oifig reachtúil, neamhspleách agus éifeachtach an Choimisinéara.

"De réir thuarascáil an Choimisinéara, is léir do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil sé de chumas ag an státchóras freastal ar riachtanais ná ar chearta phobal na Gaeilge, agus tá muinín á cailliúint ag an bpobal céanna i dtiomantas an státchórais don teanga."


Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá géarghá ann d'Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint, ó is léir ón bhfianaise i dtuarascáil an Choimisinéara go ndéantar faillí i leith an phobail nuair a fhágtar an obair ar son na Gaeilge faoin státchóras.

"Ní dhearna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga amháin as 28 a fhaomhadh anuraidh; níor chloígh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis na dualgais reachtúla teanga a bhí aici i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d'inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d'ardú céime; ná níor ullmhaigh an Roinn Gaeltachta féin scéim teanga fiú!"


Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mba chóir go mbeadh comóntacht idir na seirbhísí éagsúla a chuirtear ar fáil trí na scéimeanna, chomh fada is atá sé praiticiúil, chun go mbeadh sé níos éasca ar an bpobal fios a bheith acu cé acu na seirbhísí a bheadh ar fáil dóibh ó na comhlachtaí stáit éagsúla.
Creideann Conradh na Gaeilge freisin go mba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm, agus go mbeadh sé riachtanach i ngach scéim go mbeadh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach ag cur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu.







"Na Gárdaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus Ranna Rialtais ag sárú dlí na tíre agus tá an Rialtas ag déanamh neamhaird air" Ó Clochartaigh

Seanadóir Ghaillimh Thiar
‘Tá sé scannalach gur féídir leis na Gárdaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus Rannaí Rialtais eile dlí na tíre a shárú agus nach bhfuil an Rialtas ag déanamh tada faoi’, duirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF).

Bhí sé ag tagairt d’fhoilsiú Thuarascáil Bhliantiúil 2011 an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a dhéanann cur síos ar dhá inúchadh a rinne sé i 2011, ceann a bhain leis An Gárda Síochána i dTír Chonaill agus ceann eile a bhain le polasaí earcaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí. Léirigh cás Thír Chonaill go raibh faillí iomlán dhá dhéanamh ag Gárdaí ar an mBun Beag ó thaobh deileáil le saoránaithe i nGaeilge. ‘Tá sé seo dochreidte nuair a thógann tú san áireamh eolas a fuair mé ón tAire Dlí & Cosanta an tseachtain seo caite a léirigh go bhfaigheann 49 Gárda as Tír Chonaill liúntas breise as a bheith ábalta feidhmiú as Gaeilge agus bhí ochtar as naoinúr i stáisiún i gcroílár na Gaeltachta nach raibh in ann é seo a dhéanamh’, a dúirt an Seanadóir.

An Roinn Coimirce Sóisialta
Sháraigh an Roinn Coimirce Sóisialta Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le pointí breise a thabhairt d’iarrthóirí le Gaeilge sa bproiséas earcaíochta atá i bhfeidhm acu. Bhí sé seo in ainm tarlú faoin socrú a rinneadh nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach sa Státsheirbhís i 1975. ‘Léiríonn tuarascáil an Choimisnéara gur beag suim a chuireann an Roinn seo sa bhfaillí atá dhá dhéanamh acu, ach éagóir den chineál seo is ciontsiocair le heaspa foirne le Gaeilge sa Roinn céanna agus caithfear fisorú a dhéanamh an bhfuil sé seo ag tarlú i Ranna eile chomh maith?

‘Ní amháin nach raibh, na Gárdaí ná an Roinn Coimirce Sóisialaí ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach níor déanadh aon cheo leis na tuaráscalacha iniúchadh seo ó cuireadh os comhair Thithe an Oireachtais iad ach an oiread. Beidh mé ag déanamh iarratais chuig Comhchoiste Dála go dtabharfar an Coimisinéar Teanga agus na heagrais Stáit failíocha isteach chun fiosrú iomlán a dhéanamh faoi seo agus ceisteanna eile a bhaineann le dualgais an Stát faoin Acht’, arsa an Seanadóir.

‘Beidh muid ag lorg soiléiriú ar na cúiseanna go bhfuil, i bhfocail an Choimisinéara, ‘teipthe tríd is tríd ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga’, atá in ainm is a bheith dhá fheidhmiú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta. Tá 105 scéim daingnithe ó tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ach tá 66 acu sin imithe ‘in éag’ nó as dáta. Tá 20% acu sin imithe in éag le os cionn trí bliana agus 20% eile le hós cionn dhá bhliain. Tá faillí iomlán dhá dhéanamh ag an Roinn agus na hAirí Deenihan & McGinley sa réímse seo, ach an oiread leis na hAirí a chuaigh rompu, agus caithfear é a chuir ina cheart.

‘Tá na bunchearta san Acht lárnach i gcur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge atá ag an Rialtas mar baineann na cásanna seo le seirbhísí poiblí a chuir ar fáil do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta, maraon le ardú a chuir ar líon na bhfoirne le Gaeilge sa Státsheirbhís. Léiríonn tuarascáil an Choimisinéara go bhfuil an Rialtas reatha iomlán failíoch ina leith seo agus is droch thuar eile é seo do chuir i bhfeidhm na straitéise.'

Lean an Seandóir, ‘Níos measa ná sin, tá dli na tíre dhá bhriseadh ag an dream atá in ainm is a bheith dhá chuir i bhfeidhm agus ní féidir leis sin leanúint ar aghaidh. Bíonn fórsaí an Stát an-sciopaí ag cur dlíthe eile i bhfeidhm go docht, gan mórán trócaire, ach ní féidir leo féin feidhmiú lasmuigh den dlí ach an oiread.'

• Léargas scanrúil ar chúrsaí teanga i dtuairisc an choimisinéara (Seán Tadhg Ó GairbhíIrish Times 25/4/2012)
Podcraoladh leis an Seanadóir Trevor Ó Clochairtaigh faoin Acht Teanga (Darren Mac an Priora, Raidío na Life 20/4/2012)

Share/Save/Bookmark

24.4.12

Tuarascáil Bhliantúil 2011 - An Coimisinéir Teanga

An Garda Síochána
Theip ar údaráis an Gharda Síochána cloí leis an dlí nuair nach bhféadfadh  ochtar as naonúr Gardaí a cuireadh ar dualgas i nGaoth Dobhair, i gceartlár  Ghaeltacht Dhún na nGall, a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge de  réir tuarascála de chuid an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin.  

Léirigh tuarascáil ar imscrúdú (fiosrúchán foirmiúil), a foilsíodh inniu i  dTuarascáil Bhliantúil 2011 an Choimisinéara Teanga, nár chloígh Coimisinéir  an Gharda Síochána sa chás seo le foráil d’Acht an Gharda Síochána 2005 a  éilíonn go mbeadh oiread Gaeilge ag baill den fhórsa atá lonnaithe sa 
Ghaeltacht le gur féidir leo í a úsáid go furasta le linn dóibh a bheith i mbun a  ndualgas. Chomh maith leis sin, sáraíodh gealltanas reachtúil i scéim teanga  an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.  

Gearán ó chainteoir dúchais Gaeilge nach raibh ábalta a chuid gnó a  dhéanamh trí Ghaeilge leis na Gardaí i nGaoth Dobhair a chuir tús leis an  imscrúdú.  

Seoladh an t-imscrúdú i mí Feabhra 2011 ach cinneadh é a chur ar leataobh go sealadach nuair a méadaíodh go dtí triúr líon na nGardaí a raibh Gaeilge acu  sa stáisiún. Cuireadh tús leis an imscrúdú arís nuair a chonacthas nach raibh  aon dul chun cinn breise déanta ar an ábhar agus i mí na Nollag 2011 rinne an  Coimisinéir Teanga cinneadh foirmiúil nár comhlíonadh na dualgais reachtúla  teanga sa chás seo.  

Rinne an Coimisinéir Teanga sraith moltaí a bhí le cur i bhfeidhm laistigh de  thréimhse naoi mí ag údaráis an Gharda Síochána le cinntiú go mbeadh  géilliúlacht iomlán ann do na dualgais reachtúla teanga.   

Agus é ag labhairt ag seoladh Thuarascáil Bhliantúil 2011, dúirt an Coimisinéir  Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nach raibh stádas na Gaeilge mar theanga phobail  sa Ghaeltacht chomh leochaileach aon uair agus atá anois agus nach féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an bpobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena 
gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.  

Líon na ghearáin
Le linn 2011, dhéileáil Oifig an Choimisinéara Teanga le 734 gearán nua i dtaca le deacrachtaí seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge; b’ionann sin agus  méadú 5% ar líon na gcásanna ón bhliain roimhe sin. Is ó Chathair agus ó  Chontae Bhaile Átha Cliath a tháinig 50% de na gearáin agus tháinig 21% eile  ón nGaeltacht. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht  neamhfhoirmiúil, gan dul i muinín imscrúduithe reachtúla.   

An Roinn Coimirce Sóisialaí
D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil speisialta inniu freisin atá leagtha  aige anois faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Baineann an tuarascáil sin leis an  Roinn Coimirce Sóisialaí a fuarthas ag sárú dualgais reachtúla teanga ach a  raibh teipthe uirthi moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú. Léirigh  dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn go cuí na dualgais reachtúla  teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa  Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime.    

Bunaíodh an córas le marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht in dhá  theanga oifigiúla an Stáit mar mhalairt ar chóras na Gaeilge ‘éigeantaí’ sa  bhliain 1975.  Chinn an t-imscrúdú go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn  marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bhronnadh 
ar dhaoine a bhí cáilithe go cuí agus gur sháraigh an Roinn an fhoráil seo  nuair a chinn sí na marcanna bónais a theorannú dóibh siúd amháin a raibh  na céimeanna deiridh sna comórtais d’ardú céime bainte amach acu. “Tá an  chosúlacht air go bhfuil an cur chuige lochtach seo de chuid na Roinne  coitianta ar fud na Státseirbhíse agus gur air sin atá cuid den locht maidir leis  an imeallú atá déanta ar an nGaeilge i measc na foirne sa státchóras,” a dúirt  an Coimisinéir Teanga. 

Ní dhearna an Roinn achomhairc ar phointe dlí chun na hArd-Chúirte i  gcoinne chinneadh an Choimisinéara Teanga mar atá ceadaithe sa  reachtaíocht ach fós féin theip uirthi moltaí na n-imscrúduithe a chur i bhfeidhm.  “Ní féidir liomsa níos mó a dhéanamh maidir leis an gcás seo ach tuairisc a thabhairt do Thithe an Oireachtais agus is gnó anois don Oireachtas céimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh,” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin. 

Chomh maith le seirbhís ombudsman a chur ar fáil, rinne Oifig an Choimisinéara Teanga sraith iniúchtaí ar ranna rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí eile le linn na bliana 2011 le cinntiú go raibh siad ag cloí le forálacha na  reachtaíochta teanga.  

Le linn na bliana freisin, d’fhoilsigh an Oifig moltaí maidir le leasuithe ar  fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar a bhfuil athbhreithniú á  dhéanamh mar chuid de chlár oibre an Rialtais.  

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin gur cosúil go bhfuil teipthe tríd is tríd ar chóras  daingnithe na scéimeanna teanga – córas atá i gcroílár Acht na dTeangacha  Oifigiúla. Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach  scéim teanga nua amháin le linn na bliana 2011.  

San iomlán, tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo, ach faoi  dheireadh na bliana 2011 bhí 66 acu sin tar éis dul in éag.  D’fhág sin nach  raibh an dara scéim daingnithe i gcás dhá thrian de na comhlachtaí poiblí sin.  Cé go bhfanann forálacha na chéad scéime i bhfeidhm, ní raibh aon phlean 
ann le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ó na comhlachtaí poiblí sin.   

Bhí 20% de na scéimeanna teanga in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad  agus 20% eile acu in éag le breis agus dhá bhliain. 

I measc na gcomhlachtaí poiblí a raibh a gcuid scéimeanna teanga in éag le tréimhse fhada ag deireadh na bliana 2011, bhí Oifig an Uachtaráin, an  Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman, an tSeirbhís Chúirteanna,  Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.     

Sa bhreis air sin, bhí 28 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad  dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad daingnithe fós mar  scéimeanna ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. I gcás deich 
gcinn acu sin, bhí breis agus cúig bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Díol suntais é go raibh ceithre bliana agus seacht mí  caite ó iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga  a ullmhú ar bhonn náisiúnta agus beagnach trí bliana ó iarradh ar an bPost 
dréachtscéim teanga a ullmhú.  Tá sé os cionn dhá bhliain ó rinneadh iarratas  ar Oifig Thithe an Oireachtais, RTÉ agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta  dréachtscéimeanna teanga a ullmhú.    

Faoi dheireadh na bliana, ní raibh aon scéim teanga daingnithe fós i gcás na  Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – roinn a bunaíodh go foirmiúil  ar an 1 Meitheamh 2011.  

“Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné  thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.  

• Tá tuairimí faoi seo agus teacs an preas ráiteas in mBéarla anseo!




Share/Save/Bookmark

19.4.12

An Conradh Cobhsaíochta - Reifreann ag teacht!

D'fhoilsigh an Rialtas a suíomh eolais faoin reifreann faoin gConradh Cobhsaíochta ar maidin. Tá sé le tarliúint ar an 31 Bealtaine. Tá leagan Gaeilge den suíomh mar is ceart a bheith agus tá scanán gearr ar an suíomh.

Thug mé faoi dearadh áfach nach bhfuil ráiteas ar bith ón dTaoiseach, ón dTánaiste nó ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha seoladh Lucinda Creighton TD i nGaeilge. (Brú ar an cnaipe Meáin chun nascanna chuig na ráitaisí úd a fheiscint!)
Tá an Conradh féin, leagan gearr agus an leagan iomlán le feiscint ar líne anseo agus ar shuíomh an Chomhairle Eorpaigh fhéin (i bhfoirm pdf).

Tá na nascanna go léir ann áfach chuig na suíomhanna Bearla  - Check the Register (sic), An Taoiseach, Irish Government News Service (sic), agus Refendum Commision (sic). Tá leaganacha Gaeilge de short éigin ag na suíomhanna sin ach níl seirbhís iomlán le fáil in aon cheann acu. Níl tagairt ar bith do reifreann seo ar shuíomh An Choimisiún Reifreann go dtí am lón inniú (19 Aibreán 2012!)
Share/Save/Bookmark

14.4.12

Vóta mímhuiníne iomlán?

"Vóta mímhuiníne ó chinnirí ár linne!"

Bhí an smaoineamh céanna agam fhéin nuair a chonaic mé an blag nua (Béarla) ag Éamon Ó Cuív cúpla mí ó shin ach ní fhaca mé á rá ag éinne go dtí alt Choncubhar Uí Liatháin i nGaelscéal (11/4/2012).

Éist leis:
"Tá an t-iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, tar éis blag nua a thosnú. Is maith an rud é go mbeadh a thuairimí, cé acu an aontaíonn tú leo, nó nach n-aontaíonn,amuigh ós comhair an tsaoil. Go dtí seo, áfach, is i mBéarla amháin atá an fear a thug dúinn Acht na dTeangacha Oifigiúla uaidh ag blagáil, seachas 'Dia Dhaoibh' ag tús a chéad bhlag.
"Beatha duine a thoil dá mba sé ag gabháil a thóin sa loch, ach feictear domsa gur vóta mímhuiníne iomlán ina reachtaíocht féin a bheith ag tabhairt uaidh anois i mBearla ar fad!"

Mar aon le Concubhar ní thuigim mheoin an iar-Aire atá ina ionadaí i nDáil Cheantair leis an nGaeltacht is mó agus is láidre sa tíre.

(Ait go leor ó scríodh é seo tá leagan Gaeilge curtha faoin gcéad bhlág aige, ach tá an 8 mblag eile i mBéarla amháin!)

San alt céanna luainn sé an teachtaireacht ar Lá Fhéile Phadraigh ón dTaoiseach (Béarla). Is ag caint faoi "Éireannachais" a bhí sé "...agus é ar fad as Béarla go dtí go dtagann sé chuig an cúpla focal Gaeilge ag an deireadh. Go deimhin ní luann sé saibhreas na teanga ar chor ar bith agus é ag trachta ar ár seoda cultúrtha..."

Vóta mímhuiníne gan amhras ar bith!
Share/Save/Bookmark

5.4.12

Korrika Chonamara is Árainn!

Már chuid d'imeachtaí Seachtain na Gaeilge bhí rás sealbhaíochta - Rith 2012 - á reachtáil i mbliaina. Tá an rás seo bunaithe ar smaoineamh a thánaigh uainn ó Thír na mBascach - an Korrika - a thosaigh i 1980. Bíonn sé ar siúil gach dara bliain agus ritheadh an ceann deireannach i 2011. An smaoineamh atá ann ná feasacht nó tuiscint a craobhscaoileadh go bhfuil an Ghaeilge beo agus go bhfuil bá ann di tré muintir na háite ina bhfuil a rás á rith a bheiteadh bainteach leis. Sna baile agus na dúthaigh ar an gcúrsa ó Gaoth Dobhair go hÁrainn tháinig na slúaite amach. Seo an dara bliain a bhí Rith ar siúl in Éirinn.

Thugadar baitín a raibh teachaireacht rúnda ann ó Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins istigh ann do na rannpháirtithe agus iad ag fágáil Ghaoth Dobhair.  Aistríodh an baitín sin ó lámh go lámh gach ciliméadar go dtí go raibh sé oscailte ag ceann scríbe an fhéile ar Inis Mór.

Anseo i gConamara bhí sluaite breatha ann agus cé go raibh sé mall san oíche nuair a shroicheadar cheann scríbe an Ceathrú Rua ar an 16 lá déag bhí fhios acu go mbeadh lá amháin eile acu, an lá in Árainn.
Bhí slua maith in an-chuid de na sráid bailte ar an dturas siar, mar shampla Na Forbacha, An Spidéal (An féidir leat an Coimisinéir Teanga a fhéiscint?), Na hÁille, An Tulach, Casla agus an Ceathrú Rua féin.

Seo mar a thosaigh an lá i nGaillimh, i mBaile Locha Riach, tré cathair na Gaillimhe agus siar go dtí an Ceathrú Rua san oíche.



Críochnaigh Rith 2012 ar Inis Mór Árainn ar Lá Fhéile Padraig, 10 lá ó thosaigh sé i nGaoth Dobhair i dTír Chonail.  Ghlac breis agus 25,000 duine páirt ann agus bhí níos mó ná 500 grúpaí bainteach leis an Rith i mbliana.

Seo mar a críochnaigh an rás i gCill Rónáin.


Agus seo teachtaireacht ón Úachtarán a léadh ag an deireadh!

Share/Save/Bookmark

3.4.12

Trevor agus an 1.7 milliúin

Margadh mór atá i bpobal na Gaeilge agus cén áird atá á thabhairt ag lucht gnó don déighleog áirithe sin? Tá 1.7 Milliúin anseo sna 26 contae atá sásta a rá go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Cé mhéid atá sna Sé Chontae? Agus cé mhéid thar lear? Tá i bhfad níos mó ar seo ag Conchubhair Ó Liatháin ina bhlag iGaeilge "1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát – Daonáireamh 2011!"


 Nuair a chuala mé faoin dtuairisc seo bhí sé spéisiúil dom go raibh na figiúirí chomh maith agus a bhí sé. Figiúirí a tabharfadh dóchas dúinn ó thaobh an Ghaeilge agus fiú ó thaobh na Gaeltachta cé gur géarchéim atá ann go fóill. Bíodh bród againn as! Tá breis is dhá mhilliún i bpobal na Gaeilge anois. Bainimís úsáid as.

Fuair mé ráiteas ó Trevor Ó Clochartaigh faoin dtuairisc ar Dhaonáireamh 2011 a foilsíodh le déanaí. Cé go bhfuil léiriú aisteach á thabhairt air ag thráchtairí áirithe an Bhéarla (Féach ar an bpíosa seo á gcáineadh ina dteanga féin - ón Sionnach Rua - Colm Kenny, The Irish Independent and Media Spin!).

Ait go leor ní fhaca mé rud ar bith ó phoiliteoir ar bith faoin chuid seo den tuairisc, seachas ráiteas ó Aire Sóisearach Dinny McGinley, "Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh thorthaí an daonáirimh 2011 ar chainteoirí Gaeilge".  Níl aon rud scríofa fiú ag Éamon Ó Cuív ina bhlag nua Béarla!

Seo a deireann an ráiteas ó Threvor:

Léiríonn an daonáireamh gur gá don Rialtas soláthar do phobail, bríomhar Gaeilge.
Cé go bhfuil fás i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, níl an méadú cuí i seirbhísí nó tacaíocht chun freastal orthu, de réir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.


Bhí an Seanadóir Shinn Féin, as Gaillimh Thiar ag tagairt d'fhoilsiú torthaí luath an daonáireamh, a léirigh fás ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge tré chéile.


“Leiríonn na figúirí seo treocht dearfach leanúnach ó thaobh fás na teanga agus ó thaobh na ceantair Ghaeltachta. Tá lucht labhartha na Gaeilge ag 1.77m duine, an méid is mó le glúnta anuas agus sin meadú de 7.1%. In éineacht leis sin sin, labhrann 111,462 duine Gaeilge ar a laghad uair sa tseachtain agus labhrann 77,185 an teanga go laethúil taobh amuigh den chóras Oideachas.”


"Léiríonn sé seo go soiléir teanga bheo, bríomhar, atá ag fás agus ag dul i bhfeidhm go háirithe ar níos mó daoine óga.


"Tá fás de 2.9% feicthe againn i bpobal na Gaeltachta atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil chomh maith, cé go bhfuil roinnt imní orm nach bhfuil an fás sin ag an ráta ceánna leis an fás iomlán daonra sa nGaeltacht, atá thart ar 5.2%.


"Tá roinnt nithe dearfacha sna staitisticí, ach tarraingíonn siad aird chomh maith ar doicheall an Rialtais soláthar mar is cuí a dhéanamh don phobal seo atá ag fás agus ag forbairt. Tá na figiúir seo dhá eisiúint ag am a bhfuil an Rialtas ag beartú Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh leis an Ombudsman, go bhfuil ionsaí fíochmhar dhá dhéanamh ar scoileanna Gaeltachta agus go bhfuil an bunús daonlathach dhá bhaint de bhord Údarás na Gaeltachta.


"Tá cuid mhaith ceantair Gaeltachta ag strachailt le fostaíocht a tharraingt chucu féin agus chun deimhniú nach gcaithfidh bunú an cheantair imeacht, nó dul thar sáile ar thóir oibre. In ainneoin sin, is beag iarracht fónta atá déanta ag an Rialtas le hinfheistíocht a dhéanamh ann nó fostaíocht a chruthú. Go deimhin tá siad ag leanúint leis an ciorrú ollmhór i mbuiséad caipitil an Údaráis a bhí ag an Rialtas eile rompu.


"Tá an fás sa daonra mar thoradh ar obair chrua cuid mhaith gnáth dhaoine agus eagrais éagsúla teanga agus pobail a bhfuil ardmholadh ag dul dóibh as ucht an obair éachtach atá ar siúl acu. Tá seo ag tarlú in ainneoin go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhsuim de riachtanais an phobal seo agus an éileamh bhreise atá acu do sheirbhísí tré Ghaeilge. Má tá siad dáiríre faoin bhfás seo a chaomhnú caithfidh siad beart a dhéanamh de réir briathar. Freisin, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe agus tosú ag cur an Straitéis Fiche Bliain agus eile i bhfeidhm mar is ceart.


"Má dhéanann siad sin tá mé cinnte go bhfeicfidh muid a thuilleadh fáis i bhfigiúrí daonáireamh 2016".


Tá breis tuairimí léirithe ar shuíomh Ghaelport: Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge!


Agus ag Pól Ó Muirí san Irish Times  - "Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior!" (4/4/12)


An daonáireamh agus na Meáin Ghallda (Eagarfhocal Gaelscéal 4/4/2012)


Share/Save/Bookmark