17.11.11

Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?

Fógraíodh go mbeidh deireadh le hOifig an Choimisinéir Teanga tré h-í a nascadh le Oifig an Ombudsman de réir an phlean nua faoi leasú na seirbhíse phoiblí a foilsíodh (i mBéarla amháin!) ar amháin ar ndóigh.
Seans go mbeidh roinnt sábháil i gceist leis an gcinneadh, ach caillfidh siad neamhspleáchas. Ach i ndairíre sé deireadh leis an gCoimisinéir atá i gceist!

Rud eile faoin bpáipéar ná go bhfuil an mírín faoin gCoimisinéara amháin dhá theangach. Cén fáth nach bhfuil na ranna eile (nó an páipéar ina iomlán) dhá theangach.

Feach an scéal leis ar shuíomh Foinse - Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh!

Tá roinnt oifigí eile stáit le nascadh leis an Ombudsman. Mar An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA), Ombusman do Leanaí agus Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí.

Seo Ráiteas a éisíodh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi:

  • Cúis mhór dhíomá do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinneadh an Rialtais feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. 

    D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu go ndéanfar feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman faoi chlár athchóirithe na hearnála phoiblí mar chuid de bheartais an Rialtais comhlachtaí neamhspleácha Stáit a shruthlíniú.

    Ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 23 Feabhra 2004.  Tá sé ag tabhairt faoi obair na hoifige le dearcadh agus cur chuige stuama, praiticiúil, tomhaiste, ciallmhar ó shin i leith. 

    Tá toradh díreach na hoibre sin le feiceáil go soiléir sa dul chun cinn atá á déanta maidir le seirbhísí níos fairsinge agus ar chaigheán níos airde trí Ghaeilge a sholáthar don phobal ag na Comhlachtaí Poiblí faoin Acht Teanga. 

    Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2004 go luath i ndiaidh dá cheapachán mar Choimisinéir Teanga leag an tUasal Ó Cuirreáin béim ach go háirithe ar an dtábhacht a bhaineann le neamhspleáchas oifig an Choimisinéara faoin dlí.  Chuir sé in iúl go raibh mar aidhm aige go mbeadh Oifig an Choimisiéara Teanga ina hacmhainn ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir lena gcearta a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

    Tá an aidhm sin bainte amach agus á bhaint amach aige go laethúil i gcomhlíonadh a ndualgais mar Choimisinéir.

    Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.

    Ag tagairt do chinneadh an Rialtais fógartha inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail go bhfuil “tús curtha le hathbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Teanga ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fíor-dhéanaí. Beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisineára Teanga a bheidh go mór chun aidhleasa feidhmiú ar bhonn neamhspleách na hoifige sin, gan trácht ar an dtionchar diúltach ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo.  Is dócha gur féidir glacadh leis gur ar mhaithe le caiteachas ón gciste Stáit a laghdú an cinneadh seo, cé nach léir cén sábháil airgid a eascróidh as.” 

    Lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun impleachtaí an chinnidh seo agus cinntí eile faoin gclár athchóirithe a mbeidh tionchar acu ar chur chun cinn na Gaeilge a phlé leis.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment