17.11.11

Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas

D'fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. (Féach ar "Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?")

"Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh ó tá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud e go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?" a deireann Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
"Ó ceapadh agus athcheapadh Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga le déanaí, ní foláir a luaigh go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s'aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas."

Léirsiú ag Teach Laighin 17 Samhain
Arsa Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais. Níl bun ná barr leis an chinneadh agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois. Cén teachtaireacht atá seo ag tabhairt don Státchóras a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg a gcearta uaidh leis na cianta? 'Séard atá á rá nó nach bhfuil tábhacht leis an oifig neamhspleách seo agus de bhrí sin, nach bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Acht Teanga i bhfeidhm.

"Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo?  Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh? Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an Státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?"

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, atá spéis mhór acu beirt féin sa Ghaeilge agus i bpobal na teanga, an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment