29.11.11

Cosaint gan fhaisnéis!

"Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh!"- An tAire Stáit

Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá beartaithe ag an rialtas maidir le ról Oifig an Choimisinéara Teanga amach anseo. Agus d’admhaigh Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD go raibh an chosúlacht ann nach mbeidh airgead le sábháil ag an Stát de dheasca an chinnte.

Is beag faisnéis a tháinig chun cinn maidir le fís an Raltais do ról an Choimisinéara amach anseo sa Dáil Déardaoin seo caite nuair a bhí an t-ábhar á phlé ach amháin gur chosain an tAire Stáit Dinny McGinley cinneadh an rialtais go láidir.

“Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé,”
Dinny McGinley ag caint sa Dáil ar an 18ú Feabhra 2010
In ainneoin gur fógraíodh go mbeidh an Oifig ag cónascadh le Oifig an Ombudsman, is cosúil go bhfuil deacrachtaí éigin ag baint leis an Oifig neamhspleách a dhúnadh i bhfianaise gur athcheapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir go ceann sé bliana eile i Mí Feabhra na bliana seo caite.

Cheistigh an Teachta Michael P Kitt éifeacht an chinnte nuair nach mbeadh aon airgead le sábháil go dtí 2016 agus mheabhraigh sé don Aire Stáit go raibh Coimisinéir Teanga nua-cheaptha sa Bhreatain Bheag.

D’admhaigh an tAire Stáit nach mbeidh aon chailliúint post i gceist mar is státseirbhísigh iad an fhoireann atá fostaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Bheadh leasú sa reachtaíocht ag teastáil chun an cónascadh a chur i gcríoch agus is cosúil go ndéanfar é seo tar éis an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a gcuirfear i gcríoch i mí Eanáir 2012.

“ Déanfar iad a shocrú agus déanfar cinneadh ainsín i dtuilleamaí an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.” a dúirt sé.

Labhair an tAire Stáit faoin gcúis ar ghlac an rialtas an cinneadh, agus dar leis bhí sé fréamhaithe go smior i gcuspóir an rialtais “na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcríoch.”

Ach tháinig an cheist chun cinn arís níos déanaí sa díospóireacht Dála nuair a cheistigh Peadar Tóibín na sábháiltí a bheidh á dhéanamh ag an rialtas.

Bhí casadh eile ar an scéal áfach nuair a d’admhaigh an tAire Stáit nach raibh an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin.“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill”, a dúirt sé.


Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment