15.11.11

Ciúnas timpeall ar an nGaeilge sa saol poiblí

Ba é an tOllamh Alan Titley a thug Léacht Nollaig Uí Ghadhra ag seimineár ar rialachas, idé-eolaíocht agus dlí-eolaíocht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath thar an deireadh seachtaine.

Ciúnas!
“Tá ciúnas mór timpeall ar an nGaeilge in Éirinn inniu”,  dar leis agus nocht sé an tuairim nach raibh lárionad don Ghaeilge sa saol poiblí anois agus go raibh neamart iomlán déanta ar na  foinsí Gaeilge ag cuid mhaith de staraithe na tíre.

Luaigh sé chomh maith gur beag tagairt a bhí ann don teanga sna meáin Bhéarla.  Níos measa fós,  dar leis, tá “naimhdeas  fíochmhar" le brath i gcuid de na nuachtáin agus i measc aicmí áirithe sa tír, a dúirt sé.

I láthair ag an seimineár Dé Sathairn bhí Eoin Ó Murchú a thug faoin gceist chéanna ar bhealach eile agus a dúirt go raibh cogadh aicmeach ann. D’áitigh sé nach raibh cúis na Gaeilge mar bhunsprioc ag an bhuannaíocht anois in ainneoin an taighde a thugann le fios go bhfuil muintir na hÉireann báúil don Ghaeilge.

Labhair Áine Hyland, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoin gcóras pátrúnachta atá i bhfeidhm in Éirinn, córas nach bhfuil ann i dtír ar bith eile ar domhan dar léi.

Thug sí léargas ach go háirithe ar na forbairtí a thit amach ó bunaíodh an córas scoile náisiúnta le Litir Stanley sa bhliain 1831 leis an sprioc ‘to unite in one system, children of different faiths.’ Ní mar sin a tharla áfach agus thug sí léargas ar an gcoimhlint a bhain le scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheach a bhunú ó  thús na 70í.
Nocht sí an tuairim go mbeidh deacrachtaí ag an rialtas úr polasaí a chinntiú maidir le scoileanna náisiúnta ilchreidmheacha a bhunú ar láithreacha  ina mbíodh scoileanna caitliceacha ann . D’aontaigh an Roinn Oideachais gníomhas malartú sa bhliain 2002 le roinnt de na scoileanna caitliceacha, rud a chiallódh gurb é an t-oideachas caitliceach amháin a bheidh ar fáil ar shuíomhanna áirithe amach anseo.

Bhí reachtaíocht, cearta teanga agus an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann  faoi chaibidil ag Séamus Ó Tuathail, SC agus Tom O’Malley léachtóir Sinsearach le Dlí, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Ó pléadh tiontú oifigiúil na reachtaíochta sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Beoláin tá go leor tite amach sna cúirteanna agus sa Dáil maidir le ceist na reachtaíochta. 
Go dtí seo,  pléadh  tiontú Achtanna an Oireachtais agus  tiontú na nIonstraimí Reachtúla os comhair na gcúirteanna ach tá ceist ann fós maidir le Billí a aistriú go Gaeilge,  dar leis an abhcóide Séamus Ó Tuathail. 
Nocht sé an tuairim áfach go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas sa tseirbhís chúirteanna – tá cuid de na breithimh cumasach go leor agus ar a gcompord leis an teanga agus le déanaí foilsíodh tuarascálacha oifigiúla i nGaeilge ar cheithre chúis Ghaeilge.

Bhí an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann mar atá geallta i gclár an rialtais á phlé ag Tom Ó Malley. Is iontach an deis atá ann plé poiblí a bheith againn maidir le luachanna an bhunreachta ach ba chóir dúinn a bheith cúramach maidir le leasuithe a mholadh, dar leis.
Mhol sé don chomhdháil bhunreachtúil díriú isteach ar cheisteanna práinneacha, an leasú bunreachtúil maidir le cearta leanaí agus ar athmhúnlú an tSeanaid i dtús báire.  “Caithfimid a bheith  cúramach gan a bheith ró-thoilteanach bunreacht a leasú”,  a dúirt sé.

Craolfar na léachtaí ar fad ar RTÉ Raidió na Gaeltacha amach anseo.

 ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment