30.11.11

Daichead a dó!

Seo íomha bunnaithe are chinn ón ngluaiseacht "Áitiú" (Occupy an Bhéarla!) casadh eile ar scéal na Gaeilge! Tá  sé bunaithe ar chinn atá foilsithe ar libcom.org (Béarla) agus occupypocatello.org (Béarla) cé go bfuaireamar é seo ón Sionnach Fionn (Béarla). Tá cinn eile aige anseo!

Tagraíonn an 42% ar ndóigh don an gcéatadán de mhuintir na hÉireann dúirt go raibh líofacht na Gaeilge acu nó a dúirt go raibh "roinnt" Gaeilge acu i nDaonáireamh 2006 na hÉireann. Tathar fós ag fanacht ar na figiúirí seo ón daonáireamh is déanaí (2011).

Ná déan dearmad ar an gCruinniú faoi Dhúnadh Oifig an Coimisinéara Teanga sa Pillo in nGaillimh ar an Aoine!
Share/Save/Bookmark

29.11.11

Cosaint gan fhaisnéis!

"Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh!"- An tAire Stáit

Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá beartaithe ag an rialtas maidir le ról Oifig an Choimisinéara Teanga amach anseo. Agus d’admhaigh Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD go raibh an chosúlacht ann nach mbeidh airgead le sábháil ag an Stát de dheasca an chinnte.

Is beag faisnéis a tháinig chun cinn maidir le fís an Raltais do ról an Choimisinéara amach anseo sa Dáil Déardaoin seo caite nuair a bhí an t-ábhar á phlé ach amháin gur chosain an tAire Stáit Dinny McGinley cinneadh an rialtais go láidir.

“Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé,”
Dinny McGinley ag caint sa Dáil ar an 18ú Feabhra 2010
In ainneoin gur fógraíodh go mbeidh an Oifig ag cónascadh le Oifig an Ombudsman, is cosúil go bhfuil deacrachtaí éigin ag baint leis an Oifig neamhspleách a dhúnadh i bhfianaise gur athcheapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir go ceann sé bliana eile i Mí Feabhra na bliana seo caite.

Cheistigh an Teachta Michael P Kitt éifeacht an chinnte nuair nach mbeadh aon airgead le sábháil go dtí 2016 agus mheabhraigh sé don Aire Stáit go raibh Coimisinéir Teanga nua-cheaptha sa Bhreatain Bheag.

D’admhaigh an tAire Stáit nach mbeidh aon chailliúint post i gceist mar is státseirbhísigh iad an fhoireann atá fostaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Bheadh leasú sa reachtaíocht ag teastáil chun an cónascadh a chur i gcríoch agus is cosúil go ndéanfar é seo tar éis an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a gcuirfear i gcríoch i mí Eanáir 2012.

“ Déanfar iad a shocrú agus déanfar cinneadh ainsín i dtuilleamaí an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.” a dúirt sé.

Labhair an tAire Stáit faoin gcúis ar ghlac an rialtas an cinneadh, agus dar leis bhí sé fréamhaithe go smior i gcuspóir an rialtais “na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcríoch.”

Ach tháinig an cheist chun cinn arís níos déanaí sa díospóireacht Dála nuair a cheistigh Peadar Tóibín na sábháiltí a bheidh á dhéanamh ag an rialtas.

Bhí casadh eile ar an scéal áfach nuair a d’admhaigh an tAire Stáit nach raibh an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin.“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill”, a dúirt sé.


Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00

Share/Save/Bookmark

21.11.11

Caomhnaigh ár gCoimisinéir!

Tá cinneadh tubaisteach glactha ag an Rialtas le hOifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman. (Féach "Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?" 17/11/2011). Tá seo le bheith déanta in ainneoin gur fógraíodh athbhreithniú poiblí 15 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár.

Agóid Tobstailce @ Dáil Éireann

Eagraíodh agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite le cur in iúl don Rialtas láithreach ár míshástacht agus uafás leis an gcinneadh glactha acu (grianghraif le feiceáil anseo) . Chomh maith leis sin éisíodh preasráitisí is ar an ábhar.

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon  go bhfuil gá an cinneadh seo a throid agus brú damanta a chur ar an Rialtas go dtí go ndéanfar an cinneadh a fhreaschuir.

Bí ag an gCruinniúCláraigh anseo!
Chuige sin tá cruinniú eagraithe i nGaillimh ar an Aoine, 02 Nollaig, ag 14.00 in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn (trasna ó Óstán Menlo Park) le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé. Ba mhaith linn feachtas láidir a aontú leis an méad is mó do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar de.


Share/Save/Bookmark

17.11.11

Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas

D'fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. (Féach ar "Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?")

"Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh ó tá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud e go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?" a deireann Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
"Ó ceapadh agus athcheapadh Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga le déanaí, ní foláir a luaigh go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s'aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas."

Léirsiú ag Teach Laighin 17 Samhain
Arsa Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais. Níl bun ná barr leis an chinneadh agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois. Cén teachtaireacht atá seo ag tabhairt don Státchóras a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg a gcearta uaidh leis na cianta? 'Séard atá á rá nó nach bhfuil tábhacht leis an oifig neamhspleách seo agus de bhrí sin, nach bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Acht Teanga i bhfeidhm.

"Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo?  Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh? Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an Státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?"

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, atá spéis mhór acu beirt féin sa Ghaeilge agus i bpobal na teanga, an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga.
Share/Save/Bookmark

Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?

Fógraíodh go mbeidh deireadh le hOifig an Choimisinéir Teanga tré h-í a nascadh le Oifig an Ombudsman de réir an phlean nua faoi leasú na seirbhíse phoiblí a foilsíodh (i mBéarla amháin!) ar amháin ar ndóigh.
Seans go mbeidh roinnt sábháil i gceist leis an gcinneadh, ach caillfidh siad neamhspleáchas. Ach i ndairíre sé deireadh leis an gCoimisinéir atá i gceist!

Rud eile faoin bpáipéar ná go bhfuil an mírín faoin gCoimisinéara amháin dhá theangach. Cén fáth nach bhfuil na ranna eile (nó an páipéar ina iomlán) dhá theangach.

Feach an scéal leis ar shuíomh Foinse - Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh!

Tá roinnt oifigí eile stáit le nascadh leis an Ombudsman. Mar An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA), Ombusman do Leanaí agus Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí.

Seo Ráiteas a éisíodh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi:

  • Cúis mhór dhíomá do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinneadh an Rialtais feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. 

    D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu go ndéanfar feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman faoi chlár athchóirithe na hearnála phoiblí mar chuid de bheartais an Rialtais comhlachtaí neamhspleácha Stáit a shruthlíniú.

    Ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 23 Feabhra 2004.  Tá sé ag tabhairt faoi obair na hoifige le dearcadh agus cur chuige stuama, praiticiúil, tomhaiste, ciallmhar ó shin i leith. 

    Tá toradh díreach na hoibre sin le feiceáil go soiléir sa dul chun cinn atá á déanta maidir le seirbhísí níos fairsinge agus ar chaigheán níos airde trí Ghaeilge a sholáthar don phobal ag na Comhlachtaí Poiblí faoin Acht Teanga. 

    Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2004 go luath i ndiaidh dá cheapachán mar Choimisinéir Teanga leag an tUasal Ó Cuirreáin béim ach go háirithe ar an dtábhacht a bhaineann le neamhspleáchas oifig an Choimisinéara faoin dlí.  Chuir sé in iúl go raibh mar aidhm aige go mbeadh Oifig an Choimisiéara Teanga ina hacmhainn ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir lena gcearta a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

    Tá an aidhm sin bainte amach agus á bhaint amach aige go laethúil i gcomhlíonadh a ndualgais mar Choimisinéir.

    Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.

    Ag tagairt do chinneadh an Rialtais fógartha inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail go bhfuil “tús curtha le hathbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Teanga ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fíor-dhéanaí. Beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisineára Teanga a bheidh go mór chun aidhleasa feidhmiú ar bhonn neamhspleách na hoifige sin, gan trácht ar an dtionchar diúltach ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo.  Is dócha gur féidir glacadh leis gur ar mhaithe le caiteachas ón gciste Stáit a laghdú an cinneadh seo, cé nach léir cén sábháil airgid a eascróidh as.” 

    Lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun impleachtaí an chinnidh seo agus cinntí eile faoin gclár athchóirithe a mbeidh tionchar acu ar chur chun cinn na Gaeilge a phlé leis.

Share/Save/Bookmark

15.11.11

Ciúnas timpeall ar an nGaeilge sa saol poiblí

Ba é an tOllamh Alan Titley a thug Léacht Nollaig Uí Ghadhra ag seimineár ar rialachas, idé-eolaíocht agus dlí-eolaíocht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath thar an deireadh seachtaine.

Ciúnas!
“Tá ciúnas mór timpeall ar an nGaeilge in Éirinn inniu”,  dar leis agus nocht sé an tuairim nach raibh lárionad don Ghaeilge sa saol poiblí anois agus go raibh neamart iomlán déanta ar na  foinsí Gaeilge ag cuid mhaith de staraithe na tíre.

Luaigh sé chomh maith gur beag tagairt a bhí ann don teanga sna meáin Bhéarla.  Níos measa fós,  dar leis, tá “naimhdeas  fíochmhar" le brath i gcuid de na nuachtáin agus i measc aicmí áirithe sa tír, a dúirt sé.

I láthair ag an seimineár Dé Sathairn bhí Eoin Ó Murchú a thug faoin gceist chéanna ar bhealach eile agus a dúirt go raibh cogadh aicmeach ann. D’áitigh sé nach raibh cúis na Gaeilge mar bhunsprioc ag an bhuannaíocht anois in ainneoin an taighde a thugann le fios go bhfuil muintir na hÉireann báúil don Ghaeilge.

Labhair Áine Hyland, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoin gcóras pátrúnachta atá i bhfeidhm in Éirinn, córas nach bhfuil ann i dtír ar bith eile ar domhan dar léi.

Thug sí léargas ach go háirithe ar na forbairtí a thit amach ó bunaíodh an córas scoile náisiúnta le Litir Stanley sa bhliain 1831 leis an sprioc ‘to unite in one system, children of different faiths.’ Ní mar sin a tharla áfach agus thug sí léargas ar an gcoimhlint a bhain le scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheach a bhunú ó  thús na 70í.
Nocht sí an tuairim go mbeidh deacrachtaí ag an rialtas úr polasaí a chinntiú maidir le scoileanna náisiúnta ilchreidmheacha a bhunú ar láithreacha  ina mbíodh scoileanna caitliceacha ann . D’aontaigh an Roinn Oideachais gníomhas malartú sa bhliain 2002 le roinnt de na scoileanna caitliceacha, rud a chiallódh gurb é an t-oideachas caitliceach amháin a bheidh ar fáil ar shuíomhanna áirithe amach anseo.

Bhí reachtaíocht, cearta teanga agus an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann  faoi chaibidil ag Séamus Ó Tuathail, SC agus Tom O’Malley léachtóir Sinsearach le Dlí, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Ó pléadh tiontú oifigiúil na reachtaíochta sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Beoláin tá go leor tite amach sna cúirteanna agus sa Dáil maidir le ceist na reachtaíochta. 
Go dtí seo,  pléadh  tiontú Achtanna an Oireachtais agus  tiontú na nIonstraimí Reachtúla os comhair na gcúirteanna ach tá ceist ann fós maidir le Billí a aistriú go Gaeilge,  dar leis an abhcóide Séamus Ó Tuathail. 
Nocht sé an tuairim áfach go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas sa tseirbhís chúirteanna – tá cuid de na breithimh cumasach go leor agus ar a gcompord leis an teanga agus le déanaí foilsíodh tuarascálacha oifigiúla i nGaeilge ar cheithre chúis Ghaeilge.

Bhí an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann mar atá geallta i gclár an rialtais á phlé ag Tom Ó Malley. Is iontach an deis atá ann plé poiblí a bheith againn maidir le luachanna an bhunreachta ach ba chóir dúinn a bheith cúramach maidir le leasuithe a mholadh, dar leis.
Mhol sé don chomhdháil bhunreachtúil díriú isteach ar cheisteanna práinneacha, an leasú bunreachtúil maidir le cearta leanaí agus ar athmhúnlú an tSeanaid i dtús báire.  “Caithfimid a bheith  cúramach gan a bheith ró-thoilteanach bunreacht a leasú”,  a dúirt sé.

Craolfar na léachtaí ar fad ar RTÉ Raidió na Gaeltacha amach anseo.

 ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Share/Save/Bookmark

11.11.11

Tuarascáil ar Chaiteachas Caipitil 2012-16

Ó thaobh an tuarascáil a dfhoilsigh an Roinn Airgeadais an tseachtain seo ar chaiteachas caipitil do na blianta 2012-16, ní féidir a rá ag an am seo, cé na himpleachtaí a bhéas aige don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Nuair a foilsíodh na figuirí deireannacha i mí Iúil 2011, bhí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge faoi chúram na Roinne Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta
Caiteachas Caiptil 2008-2016 (EURMillliúin)

Ins an tuarascáil úr seo, tá an Ghaeltacht sa rannóg céanna le cursa ealaíona agus oidhreachta.  (Maith dúinn an Bhéarla!)

ARTS HERITAGE AND GAELTACHT

Capital expenditure in this area will focus in particular on supporting jobs in the film & TV sector and in the Gaeltacht. It will also seek to target investment in priority areas in the cultural and heritage sectors that can support cultural tourism as one of the most important elements of Ireland's tourism product. Other investment will help to ensure continued implementation of EU Directives and support waterways development in the context of the implementation of the Good Friday/St Andrew's Agreements. Table 12 Arts, Heritage and Gaeltacht Programme Investment 2012-16.


Infrastructure and Capital Investment, 2012-16

Mar sin de agus de bharr nach bhfuil aon bhriseadh síos ar fáil taobh istigh dén rannóg é féin, sé sin cén méíd d'allúntas na roinne a chaitear ar chúrsaí Gaeltachta go sonrach, beidh orainn fanacht go dtí Cainfhaisnéis 2012 i mí na Nollag leis na himpleachtáí do leithéidí Údarás na Gaeltachta a mheas.

Ráiteas ó Ghuth na Gaeltachta

Share/Save/Bookmark

3.11.11

Plean forfheidhmithe na straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh Phlean forfheidhmithe na Straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú Phlean forfheidhmithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. 

Leagtar amach i dtéarmaí ginearálta an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn faoin bplean forfheidhmithe maidir le bunú na struchtúr eagrúcháin agus oibríochta is gá chun go mbainfear amach spriocanna na Straitéise, chomh maith le frámaí ama, nó ar a laghad dátaí tosaithe do roinnt de na céimeanna ar gá a thionscain chuige sin. 

Tugann an Chomhdháil suntas ar leith don tagairt sa phlean forfheidhmithe do na nithe seo leanas:
    • Dréachtbhille Gaeltachta le hullmhú faoina gceapfar forálacha reachtúla, i measc eile, do:
            o shainmhíniú nua ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha;
            o phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail do gach limistéar Gaeltachta;

            o chineál nua de cheantair ‘Gaeltacht gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair;
    • Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi Chlár an Rialtais 2011 – 2016 atá le tionscnamh an mhí seo.
    • Scéim nua le teacht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge le fógairt i mí na Nollag 2011.

Ag tagairt go sonrach dó do na nithe áirithe sin, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail gur “bearta príomha iad seo nach mór a chur i bhfeidhm anois chun úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a threisiú agus chun céim mhór a ghlacadh i dtreo bhunaidhm na Straitéise a bhaint amach. Níl aon amhras ach go gcabhraíonn foilsiú an phlean seo leis an Straitéis a choinneáil i mbéal an phobail agus tá oifigigh na Roinne le moladh as an gcur chuige oscailte seo”. 

Beidh foriomlánú le déanamh ar an bplean forfheidhmithe maidir le heilimintí tábhachtacha na Straitéise, ar a n-áirítear leithdháileadh na n-acmhainní a bheidh de dhíth chun spriocanna na Straitéise a bhaint amach, maraon leis na nósanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe, luachála agus modhnaithe.  Beidh an Chomhdháil ag tnúth le foilsiú an eolais sin gan rómhoill.
Share/Save/Bookmark