3.6.11

Cinntí faoin nGaeilge

Cinntí Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (3 Meitheamh 2011) go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir leis an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tógadh na cinntí seo ag an gcruinniú Rialtais Dé Máirt (31 Bealtaine 2011).

An tAire Stáit
Dúirt an tAire Stáit: "Tá lúcháir orm go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Fágann sé seo gur féidir le hoifigigh i mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, treabhadh ar aghaidh leis na Cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta. Táim ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais."

Beidh an sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: "Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofar na gnéithe uile de shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích."

Maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit: "Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an Straitéis a sheachadadh agus go mbeidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon."

Dúirt an tAire Stáit: "Mar thoradh ar na cinntí Rialtais seo, creidimse go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go gcothófar comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus áisíneachtaí fiontraíochta eile ar mhaithe le hinfheistíocht sa Ghaeltacht."
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chead cuir ráiteas chugainn!

Údarás gan buiséad, Údarás gan chumhacht!
'Níl an Rialtas seo ach ag leanúint leis an bpolasaí a bhí ag an gceann a chuaigh rompu bás, mall pianmhar a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta muna gcuireann siad buiséad feiliúnach ar fáil dóibh lena gcuid oibre a dhéanamh', a deir an Seandadóir Trevor Ó Clochartaigh. Cé go bhfáiltíonn sé roimh an fhógra a rinne an tAire Stáit Dinny McGinley inniu, go gcoinneofar an eagraíocht agus go mbeidh cead acu Príomhfheidhmeannach a cheapadh, tá sé an-cháinteach nach ndearnadh fógra go mbeidh soláthar cuí dhá chur ar fáil dóibh le fostaíocht a chaomhnú gan trácht ar phoist nua a chruthú, mar a moladh i dtuarascáil Indecon.

'Thosaigh meath Údarás na Gaeltachta roinnt blianta siar, i lár an 'boom' nuair a thosaigh an tIar AIre Ó Cuív ag laghdú buiséad an Údaráis go mór, gach bliain. Níor tháinig siad as ariamh agus is léir anois go bhfuil Fine Gael agus an Lucht Oibre ag leanúint den chleachtas sin gan an maoiniú atá molta a thabhairt don eagraíocht lena gcuid dualgais a chomhlíonadh. Níl aon mhaith cumhachtaí gan buiséad', deir sé.

Tá imní ar an Seanadóir chomh maith nach mbeidh deis feasta ag pobal na Gaeltachta daoine a roghnú le seasamh ar a son ar Bhord an Údaráis. 'Beidh an Bord anois ainmnithe ag na hÚdaráis Áitiúla agus ag an Rialtas gan glór ar bith a thabhairt don chosmhuintir. Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre roimh an olltoghchán nach mbeidís ag dul don 'cronyism' ach is léir leis an gcinneadh seo go bhfuil siad chomh dona leis an Rialtas a chuaigh rompu agus iad ag baint cumhacht as lámha na gnáth dhaoine ar son leas na bpáirtithe móra polaitíochta agus is droch rud é sin. D'fhéadfadh an toghchán a bheith rite an t-am céanna le toghchán nó reifreann éigin eile agus ní bheadh gá dul i gcostas ró-mhór leis. Níl anseo ach leithscéal ag an Aire Stáit agus ba chóir don phobal a míshástacht a léiriú dó', a deir an Seanadóir.
Sainmhíniú nua ar an nGaeltacht
• Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta don sainmhíniú nua reachtúil ar an nGaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir gheografacha mar atá faoi láthair.

• Déanfar foráil faoin reachtaíocht do phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach limistéar Gaeltachta agus faoina ndéanfar faomhadh agus athbhreithniú ar na pleananna sin ar bhonn tréimhsiúil ag an Aire.

• Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua ceantair, 'Gaeltacht gréasáin', a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.

• Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.

Struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Coimeádfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

• Leanfaidh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas.

• Beidh an fhreagracht as forfheidhmiú na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht ar an Roinn i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit. Breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe.

• Beidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta

• Mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:
(a)    foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus
(b)      meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

• Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta chun Bord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.



Seo dearcadh Chonradh na Gaeilge
2011-06-03: FÁILTE ROIMH BHUANÚ ÚDARÁS NA GAELTACHTA ACH CEISTEANNA LE CUR -

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Rialtais, fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile inniu, go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag coinneáil cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire Stáit go mbeidh Príomhfheidhmeannach nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta go luath.

Julian de Spáinn: "Tá cúpla ceist..."
Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge an-sásta gur ghlac an Rialtas leis an éileamh chun cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta a fhágáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an t-éileamh seo curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ó foilsíodh an tuairisc ‘An Bord Snip Nua’ agus bhí plé againn le hos cionn 90 polaiteoir an tseachtain seo mar gheall air in Óstán Buswells.

"Tá cúpla ceist, áfach, a ardaíodh maidir leis an méid a bhí le rá ag an Aire mar chuid den fhógra:


• Fógraíodh go mbeidh comhoibriú foirmeálta idir Údarás an Gaeltachta leis an IDA agus Fiontraíocht Éireann amach anseo. Céard is brí leis seo os rud é go bhfuil caidreamh oibre eatarthu cheana féin?


• Fógraíodh nach mbeidh toghchán i measc an phobail sa Ghaeltacht amach anseo do Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist an líon ball ar an mBord a laghdú agus an chuid is mó díobh a cheapadh amach anseo trí na comhairlí contae a bhfuil Gaeltachtaí ina limistéir acu. Cén fáth gur roghnaíodh an córas seo don todhchaí, córas a bhrisfidh an ceangal idir an Údarás agus an pobal? Cén fáth nach mbeidh an córas fógartha ag an Taoiseach sa Dáil ar an 3 Bealtaine le hiarratais a lorg ón bpobal le folúntais ar bhoird Stáit a líonadh i gceist[1 thíos] nó an córas a baineadh úsáid as le baill Bhord TG4 a cheapadh nó córas eile a ligfeadh do bhaill den phobal Gaeltachta iad féin a
chur chun cinn do Bhord an Údaráis?


• Níl cúram le bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge 2010 – 2030 lasmuigh de na Gaeltachtaí a thuilleadh. Conas a bheidh Rialtas na hÉireann in ann cinnte a dhéanamh go mbeidh an Straitéis 20 Bliain do Phoblacht na hÉireann curtha i bhfeidhm anois gan an Údarás nua mar a bhí molta sa Straitéis, i. Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta?


• Ní fiú Údarás na Gaeltachta a bheith ann gan bhuiséad ceart chun an obair a chur i gcrích. Rinne an tAire Stáit tagairt don bhuiséad ach tá deimhniú fós de dhíth ón Rialtas go mbeidh buiséad caipitil de ar a laghad €12 ag an Údarás i 2012 chun go mbeidh siad in ann 1,000+ post a chruthú an bhliain seo chugainn”

Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge: “Dar ndóigh, beidh níos mó eolais againn nuair a bheidh Bille Údarás na Gaeltachta foilsithe ach idir an dá linn beidh cruinniú práinneach á lorg againn leis an Aire Stáit chun na ceisteanna thuas agus eile a phlé. Beidh an Conradh ag caint le Guth na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit a mheas.”

[1] An Taoiseach, Enda Kenny, ar an 3 Bealtaine mar fhreagra ar cheist 1-3:
‘In future, Departments will invite expressions of interest on their websites for vacancies on the boards of bodies under their aegis. Ministers will not necessarily be confined to those who make expressions of interest, but will ensure all appointees have the relevant qualifications!" 



Ráiteas ó Ghuth na Gaeltachta:
Freagair Ghuth na Gaeltachta ar fógra an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile inniú

3 Meitheamh 2011 16:30:59 ASÉ: Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh an fhógra a rinne an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnghaile, inniu ag cinntiú go mbeidh lánchúraimí fiontraíochta á bhfágáil faoi stiúir Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Is aitheantas é seo gur bunchloch aon phleanála teanga sa Ghaeltacht nó fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta chun go mbeidh siad ábalta fanacht sa bhaile agus a gclann a thógáil le Gaeilge. Fáiltíonn muid chomh maith roimh an chomhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus leis an Údarás Forbartha Tionscail (IDA) ach beidh muid ag coinneáil súil ghéar ar an reachtaíocht nuair a fhoilseofar í le cinntiú nach bhfuil aon 'veto' ag aon cheann de na heagraíochtaí sin ar ghníomhaíochtaí an Údaráis.

Measann muid gur cinneadh dearfach atá ann chomh maith Príomhfheidhmeannach úr a cheadú don Údarás, rud a chruthóidh cinnteacht agus soiléireacht do thodhchaí na heagraíochta. Ní drochrud é go mbeidh cúraimí an Údaráis srianta don Ghaeltacht amháin mar is léir nach mbeadh na hacmhainní acu le haon bhreis cúraimí a thógáil orthu féin. É sin ráite, caithfear a chinntiú anois go mbeadh soiléiriú á dhéanamh ar ról an Fhorais agus na Roinne i gcur i bhfeidhm na Straitéise taobh amuigh den Ghaeltacht mar is léir go bhfuil éiginnteacht mhór in earnáil na Gaeilge le tamall anuas.

Maidir le comhdhéanamh Bhord an Údaráis, measann muid ó thaobh an daonlathais agus na trédhearcachta de gur céim ar gcúl do phobal na Gaeltachta é gan toghchán a bheith ann do Bhord an Údaráis a thuilleadh. Tuigeann muid go bhfuil deacrachtaí móra airgid ann faoi láthair ach mholfadh muid mar shocrú gearrthéarmach go mbeadh Bord ainmnithe ann ar feadh tréimhse eatramhach go dtí go mbeadh tuilleadh acmhainní ar fáil arís. D'fhéadfaí chomh maith na costais a bhainfeadh le toghchán a laghdú tré iad a reáchtáil ar an lá céanna le toghcháin na gComhairlí Contae mar shocrú gearrthéarmach. Tá muid in aghaidh an socraithe atá ag moladh gur chóir d'Údaráis áitiúla baill an bhoird a ainmniú mar go measann muid go bhféadfadh contúirt láidir a bheith ann go mbeadh coimhlint leasa i gceist agus fosta nach mbeadh na baill sin á n-ainmniú ar mhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ach mar pháirt de shocrú 'polaitiúil' ag dáileadh amach post.

Fáiltíonn muid chomh maith roimh an fhógra go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta á sainmhíniú de réir critéir theangeolaíochta mar a bhí molta sa S.C.T.(2007) agus tá muid ag moladh go mbeadh aitheantas á thabhairt de réir na gcritéir sin do cheantair láidre Gaeltachta ar nós Rann na Feirste tré atarraingt a dhéanamh ar na foroinn toghchánaíochta. Tá sé thar am chomh maith go mbeadh aitheantas á thabhairt do na pobail sin taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag obair go deonach ar mhaithe leis an Ghaeilge le blianta fada agus fáiltíonn muid roimhe seo.

Is í an cheist mhór anois nó cad iad na hacmhainní a bheas ar fáil don Údarás agus don Straitéis 20 Bliain? An é an slat tomhais a bheas ag an Roinn Airgeadais nó an €6m de bhuiséid caipitil a tugadh don Údarás i mbliana nó an mbeifear ag tabhairt san áireamh go raibh €4m sa bhreis ag an Údarás i mbliana go heisceachtúil de bharr scaireanna a dhíol siad anuraidh?

Ráiteas ó Chomdháil Náisiúnta na Gaeilge!
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh chinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030

3/6/2011: Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais leanúint le feidhmeanna reachtúla reatha Údarás na Gaeltachta, a feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, agus go mbeidh cead tugtha don Údarás chun Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh.  Molann an Chomhdháil, áfach, go gcuirfear soláthar cuí ar fáil don Údarás, ó thaobh maoinithe de, chun a fheidhm fiontraíochta a chomhlíonadh go héifeachtach. 

Ag labhairt faoi chinntí an Rialtais a d’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Fáiltíonn An Chomhdháil roimh chinneadh an Rialtais na ceantair Ghaeltachta a shainmhíniú bunaithe ar chritéir theangeolaíocha.  Cuirfidh an Chomhdháil pé cúnamh ar féidir léi ar fáil do phobail Ghaeltachta chun iad a chumasú chun tabhairt faoi phleananna teanga straitéiseacha a ullmhú agus a fheidhmiú a bheidh pobalbhunaithe”.

Bronnfar stádas reachtúil anois ar chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht Gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reatha.  Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, is iad sin, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. 

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Is céim mhór chun cinn atá glactha ag an Rialtas an tseachtain seo, maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.  Tá An Chomhdháil ullamh chun oibriú i gcomhar leis na háisíneachtaí stáit éagsúla, le pobail na Gaeltachta, agus le pobail eile na tíre chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm”. 


Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Ó Údarás na Gaeltachta go hÚdarás na Gaeilge go hÚdarás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus arais go hÚdarás na Gaeltachta - tá rudaí ina gcíorthuathal ceart.

    ReplyDelete