6.4.11

Clár rialtais!

Gaeilge agus Gaeltacht ar an gclár Rialtais


Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag leanúint leis an bpróiseas comhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta trí lá eolais eile a eagrú in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in Dé Céadaoin, 1 Meitheamh 2011, don tríú bliain as a chéile.


Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do Theachtaí na Dála agus an tSeanaid nua teacht le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais go háirithe, a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na dáilcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt cothrom le dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta."

Arsa Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "D'éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.


"Tá deis ag an Rialtas nua beart a dhéanamh de réir a mbriathair anois, áfach, agus léiriú dúinn go bhfuil siad dáiríre faoi thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltachta, trí Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, agus trí tacú leis an Údarás mar is cóir tríd an maoiniú agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil don eagras leis an gclár oibre acu a chur i gcrích go héifeachtach."

Déanfar plé freisin ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais. I measc na moltaí a bheidh béim á leagan air, áirítear moladh Pháirtí an Lucht Oibre chun ábhar amháin eile, sa bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile; moladh Fhine Gael go mbeadh dhá ábhar ann don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta; agus moladh an dá pháirtí rialtais nua go gcuirfí feabhas ar oiliúint na múinteoirí le tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d'ábhar oidí, srl.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment