15.3.11

Imscrúduithe, scannail, finscéalta, agus imní ón gCoimisinéar


Tá sé tugtha le fios ag Oifig an Choimisinéara Teanga gur theip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do
chustaiméirí ar an teileafón agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. Tá mioneolas faoi iniúchadh a rinne an Oifig sin ar an ábhar tugtha sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 a foilsíodh i nGaillimh 15 Márta 2011.
Seán Ó Cuireáin

“Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an tiniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn na bliana i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge – an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón bpobal i láthair na hOifige ó bunaíodh í. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach.

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig na gearáin le linn na bliana (41%) agus bhí líon suntasach gearán freisin ó chontaetha ar fud chósta an Iarthair: an Clár (9.5%), Gaillimh (9%), Ciarraí (6%), Dún na nGall (4%), Corcaigh (4%) agus Maigh Eo (3%). Ón nGaeltacht a tháinig beagnach gearán amháin as gach cúig cinn.

Imscrúduithe
Seoladh 11 cheann d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2010 . Sa bhreis air sin, bhí imscrúdú amháin fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin. Ní théitear i mbun imscrúdú ach amháin nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil sárú reachtúil tarlaithe agus nuair a theipeann ar iarracht neamhfhoirmiúil comhréitithe.

Ar na comhlachtaí poiblí sin ar cinneadh gur sháraigh siad forálacha reachtúla teanga ar leith bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae an Chláir, Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara, Iarnród Éireann agus an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta.

Cé gur cinneadh de thoradh imscrúdú eile gur sháraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na rialacháin maidir le húsáid teangacha oifigiúla i gcomharthaíocht phoiblí ina gcuid treo-chomharthaíocht nua do choisithe, níor mhol an Coimisinéir Teanga gur cheart na comharthaí a leasú de bharr an chostais a bhain leo. Ina áit sin, mhol sé go n-aithneofaí gur sháraigh siad an reachtaíocht agus go gcinnteofaí go mbeadh gach comharthaíocht feasta ag an gComhairle ag teacht leis na riachtanais reachtúla.

Scanrúil
“Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.

Finscéal
Tá dúshlán na tuairime go gcaitear saibhreas ar aistriú cáipéisí oifigiúla go Gaeilge, ach go bhfuil sé ionann agus saor in aisce iad a sholáthar trí Bhéarla, tugtha ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. “Finscéal ” a thug sé ar an smaoineamh sin.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin nach gcaitear ach fíorbheagán doiciméad a sholáthar go dátheangach de réir dlí agus go gceadaíonn an reachtaíocht go bhfoilseofaí go leictreonach iad seachas i bhfoirm chlóite fad is go gcaitear mar a chéile leis an dá theanga oifigiúla.

Léirigh a thuarascáil gur costas iomlán €10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017 – níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin.

Ach thaispeáin imscrúdú de chuid a Oifige go raibh sé measta ag an gComhairle féin go raibh ollchostas €350,000, níos mó na an tríú cuid de mhilliún euro, i gceist le hullmhú na cáipéise i dteanga amháin – Béarla. “Is ionann é seo agus 97.3% den bhuiséad ar an leagan Béarla agus 2.7% ar an leagan Gaeilge” a dúirt sé.

Thagair sé do thuairiscí sna meáin roimhe seo a thug le fios gur beag éileamh a bhí ar a mhacasamhail seo de cháipéis i nGaeilge – tuairim a bhí bunaithe ar easpa díolacháin ag €50 an chóip. “Níor cuireadh na meáin ar an eolas nó fágadh ar lár ó thuairiscí go raibh an Chomhairle tar éis na cáipéisí seo a sholáthar go cuí ar a suíomh gréasáin le híoslódáil saor in aisce. Bhí an t-éileamh ar chóipeanna crua i mBéarla an-íseal freisin toisc go ndearna daoine an rogha chiallmhar – na cáipéisí a íoslódáil saor in aisce ina rogha teanga oifigiúil. Cé nach mbainfidh ceachtar leagan stádas mar leabhar sárdhíola amach aon uair, is léir nach é “Béarla éigeantach” an freagra i gcúrsaí faisnéise poiblí ach an oiread” a dúirt sé.

Ba iad Tithe an Oireachtais a d’achtaigh an riachtanas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí líon beag croícháipéisí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Is é an t-aon fheidhm atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga i dtaca leis seo ná feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta agus mar sheirbhís ombudsman.

Imní
Léirigh an Coimisinéir Teanga imní athuair faoin moill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dúirt go raibh 51 de na 105 scéim daingnithe imithe in éag faoi dheireadh na bliana gan scéim nua a bheith curtha ina n-áit. Bhí 12 de na 51 scéim sin imithe in éag le breis agus dhá bhliain.

Sa bhreis air sin, bhí 26 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. I gcás 10 gcinn acu sin, bhí breis agus 4 bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú.

Tá rabhadh tugtha sa tuarascáil ag an gCoimisinéir Teanga nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh ar chumas na hOifige na feidhmeanna ar fad atá leagtha go reachtúil uirthi a chomhlíonadh go hiomlán agus go cuí le barréifeacht leis na srianta foirne atá i gceist faoi láthair, áit a bhfuil cúigear foirne i mbun oibre in áit an ochtair atá ceadaithe mar íosmhéid.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment