1.3.11

Clár an Rialtais 2011-2016

Ceist na Gaeilge le tabhairt san áireamh i gClár an Rialtais 2011-2016.
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas leo siúd ar fad ar éirigh leo suíochán a bhaint amach mar Theachtaí Dála don tréimhse 2011-2016.  Anois agus torthaí an Olltoghcháin fógartha i mbeagnach gach dáilcheantar timpeall na tíre faoin tráth seo, bunófar Rialtas nua gan mhoill, beidh Clár an Rialtais sin le daingniú, agus beidh an Chomhdháil ag déanamh cinnte go dtabharfar aird chuí ar cheist na Gaeilge sa Chlár Rialtais sin. 

Bhí feachtas réamhthoghchánaíochta na Comhdhála bunaithe ar cheithre mhórphrionsabail:
• Tábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta; 
• Stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; 
• An Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus
• Ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá saol.

Chuir an Chomhdháil liosta d’éilimh faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta, agus faoi bhráid gach iarrthóir neamhspleách roimh an toghchán, agus beidh an Chomhdháil ag oibriú go dian dícheallach sna seachtainí romhainn chun a chinntiú go dtabharfar gach ceann de na 10 n-éileamh seo san áireamh agus Clár an Rialtais 2011-2016 á bheartú.

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Teastaíonn ón gComhdháil go mbeidh pé polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Rachaimid i dteagmháil le gach ball den Rialtas nua nó go ndéanfaimid cinnte de go nglacfar le gach ceann dár n-éileamh don Ghaeilge i gClar an Rialtais 2011-2016”.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment