14.2.11

An feachtas! Mar atá anois!!!

Déanta:
1.    Bhí thar 200 i láthair ag cruinniú poiblí a d'eagraigh CONCOS i nGaillimh an Chéadaoin seo caite faoi pholasaithe Gaeilge na bpáirtithe don toghchán.  Léiríodh míshástacht láidir maidir le polasaí Fhine Gael ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge san Ardteist.  D'aontaigh na hiarrthóirí Fhine Gael a bhí i láthair, Sean Kyne agus an Seanadóir Fidelma Healy Eames ar iarratas a dhéanamh ar Enda Kenny bualadh le toscaireacht (is féidir tuairisc ar an gcruinniú agus eolas ar thaighde Chomhar na Múinteoirí Gaeilge a fheiceáil)

"Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích."
2.    Tá 20,000 cóip den bhileog eolais scaipthe ar fud na tíre

3.    Chuir Rossa Ó Snodaigh ceist ar Enda Kenny ag an gcruinniú baile i Liatroim (is féidir féachaint ar an gceist agus an freagra  - ceist ag 1.44.09  agus freagra ag 1.52.15)

4.    Tá nach mór 8,000 duine tar éis a rá gur maith leo an leathanach Facebook curtha le chéile don fheachtas ag AMLÉ. Is féidir leat-sa clárú ann.  Bhí go leor litreacha curtha i gcló, labhair Morning Ireland faoin scéal ar an raidió, agus bhí go leor clúdaigh eile sna meáin chumarsáide. Beidh píosa ar Prime Time an tseachtain seo, síleann muid agur ar oíche Cheadaoine a bhéas sé.

Cruinnithe Poiblí le teacht:
1.    Baile Átha Cliath: Dé Luain, 14 Feabhra 2011 - Bhí feachtas feasachta le cártaí vailintín scaipthe ar an bpobal ó 8r.n. go dtí 10.00r.n. ar maidin (d'éirigh leo labhairt le 5,000 duine - cúpla grianghraf mar iatán leis seo). Beidh an grúpa mac léinn ón maidin agus níos mó mac léinn ag bailiú le chéile ag an Dáil ag a 12.00i.n. Déanfaidh siad feachtas ciúin ansin agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí oifigí Fhine Gael.

2.    Dún na nGall: Dé Máirt, 15 Feabhra 2011 - Tá Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill ag eagrú cruinnithe poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ag a 7 a chlog.  Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge agus go háirithe i leith na Gaeilge mar chroí-ábhar san Ardteist a chur in iúl.

3.    Baile Átha Cliath: Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011 - Beidh cruinniú poiblí i mBaile Brigín ag a 8 a chlog leis an éileamh chun Gaelcholáiste a phlé leis na hiarrthóirí ó BÁC Thuaidh. Beidh deis ceisteanna eile a chur ar an oíche chomh maith.  

4.    Ciarraí: Déardaoin, 17 Feabhra 2011 - Tá Conradh na Gaeilge, Todhchaí na Gaeltachta agus go leor grúpaí eile ag eagrú cruinnithe poiblí in Óstán Benners sa Daingean ag a 8 a chlog. Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge a chur in iúl.

5.    Cill Dara: Déardaoin, 17 Feabhra  2011 - Tá Sult na Sollán agus Glór na Ríogh ag eagrú cruinnithe poiblí ag 8 a chlog sa Bridgewater Inn (thuas staighre) sna Solláin. Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú.

Le déanamh:
1.    Táimid ag cur brú ar Enda Kenny bualadh le toscaireacht an Chéadaoin seo nuair a bheidh sé i nGaillimh do dhíospóireacht TG4.

2.    Tá moladh ann le fógraí a chur i nuachtáin mar gheall ar an bhfeachtas leis an bpobal go ginearálta a chur ar an eolas. Beidh seo costasach dar ndóigh agus ba mhaith linn a fháil amach an bhfuil eagraíochtaí eile sásta síntiúis a íoc chun cabhrú leis an gcostas (cuirfidh an Conradh EUR1,000 ar fáil)

3.    Ceist a chur ar gach iarrthóir tacú go pearsanta leis an nGaeilge mar phríomhábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi. Bheadh sé an-chabhrach más féidir na freagraí a chur chuig Julian nó Éamonn.

4.    COGG a mholadh le haon bhall de Fhine Gael a thuigeann an scéal mar an ngrúpa le bheith i gceannas ar aon chainteanna nó aon chomhairliúchán maidir leis an nGaeilge don Ardteist i ndiaidh an Olltoghcháin.

5.    B'fhiú úsáid a bhaint as Candidate Watch (Béarla) chomh maith le ceisteanna a chur ar bhur n-iarrthóirí mura bhfuil sé déanta cheana féin.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment