1.2.11

Díospóireacht stairiúil molta

Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4, a bhfuil beartaithe an chéad díospóireacht riamh i nGaeilge a chraoladh beo idir cheannairí páirtithe polaitíochta roimh olltoghchán. Bheadh an díospóireacht i nGaeilge idir Éamon Gilmore, Enda Kenny agus Micheál Martin - ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre (Béarla), Fhine Gael (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla ach le cnaipe Gaeilge!) faoi seach - le craoladh beo ar TG4 ag 10.00rn Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Léiriú a bheadh anseo - an chéad díospóireacht bheo i nGaeilge idir cheannairí polaitíochta na tíre - ar an dul chun cinn atá déanta ag na meáin Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4 as a ndíograis ag an am cinniúnach seo, ar son na polaitíochta agus na teanga araon."

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoi láthair lena chinntiú go bhfuil sé mar bheartas oideachais ag gach páirtí polaitíochta in Éirinn go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste i ndiaidh an olltoghcháin, agus táthar ag lorg tacaíocht do bhunú Gaelscoileanna nua chomh maith.

Tá pobal na Gaeilge agus tacaíocht na bpáirtithe uile don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nua-fhoilsithe fíorthábhachtach freisin, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtapóidh ceannairí na bpáirtithe an deis chun an Straitéis agus beartas oideachais a bpáirtithe a phlé go mion agus go hoscailte ar lá na díospóireachta.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge: "Tá sé ag dul do phobal na Gaeilge go mbeadh díospóireacht cheart, trí mheán na Gaeilge, ar na cúrsaí is tábhachtaí do thodhchaí na tíre seo sula gcaithidís vóta in Olltoghchán 2011. Tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le plé mar is cóir ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar an gcóras oideachais, agus ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta, agus eile.

"Molann Conradh na Gaeilge TG4 as éacht stairiúil eile a bheartú i bhforás na teanga, agus tréaslaímid a gcuid iarrachtaí leo an díospóireacht Ghaeilge seo a shocrú idir cheannairí polaitíochta na tíre seo in am don olltoghchán."

Share/Save/Bookmark

2 comments:

  1. Is maith an rud go n-aithníonn Conradh na Gaeilge an céim mhór chun tosaigh seo, céim atáim ag moladh le fada an lá agus atáim ag troid ar a shon ó ceapadh mé ar bhórd TG4. Is fearr go mall ná go brách go bhfuil siad ag teacht chuig an choisir.
    Más féidir an nós a chothú go mbeidh an diospóireacht seo ar a laghad i ngach toghchán, beidh ar gach pholaiteoir ar suim leis nó lei bheith ina cheannaire pháirtí Gaeilge líofa a bheith aige nó aici. Mar sin leanfaidh Gaeilge ina chroí-ábhar d'aos cheannaireachta na tíre.

    ReplyDelete
  2. Tá súil agam go gcuirfidh an díospóireacht go buan le stádas na Gaelainne agus nach bhféadfaidh aon pholaiteoir bheith ina cheannaire nó in ábhar ceannaire amach anseo gan cumas feidhmiúil Gaelainne a bheith aige.

    ReplyDelete