16.2.11

Abair i gceart é a Cheannairí!

QuickGuide Irish Grammar seolta chuig ceannairí do dhíospóireacht TG4

Tá cóip de QuickGuide Irish Grammar seolta chuig Enda Kenny, Micheál Martin agus Éamon Gilmore don díospóireacht ar TG4 oíche Dé Céadaoin (16 Feabh). Beidh an treoir nua seo ina chabhair mhór dóibh agus iad ag iarraidh dul i ngleic le gnéithe éagsúla den ghramadach, go háirithe comhaireamh as Gaeilge, ar scil í nach bhfuil go maith as Béarla ag polaiteoirí le tamall anuas.

Is é QuickGuide Irish Grammar an chéad treoir den chineál seo in Éirinn agus déantar iarracht ann gramadach na Gaeilge a dhéanamh sothuigthe don phobal i gcoitinne, is cuma cén t-aoisghrúpa nó cúlra polaitiúil lena mbaineann siad. Cuirtear béim sa treoir neamhpholaitiúil seo ar an tábhacht a bhaineann le gramadach agus litriú maith, eg chomh tábhachtach is atá sé gan an síneadh fada in ‘Fianna Fáil’ a fhágáil ar lár.

Seoladh an treoir chuig gach ceannaire polaitíochta agus chuig Dan Boyle, a dúirt sa Seanad le déanaí: “My concerns about making a speech like this in Irish are that issues such as tenses, plurals, the use of pronouns, the way the Irish language puts in letters just for the sake of it a lot of the time.” Tá súil ag Gaelchultúr go gcabhróidh an treoir seo le polaiteoirí a gcuireann forainmneacha agus aimsirí mearbhall orthu de ghnáth.

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon. Is féidir QuickGuide Irish Grammar a cheannach ar www.siopa.ie.

Foilsíodh QuickGuide Irish Grammar i mí Eanáir agus is é an táirge is mó díol é atá ag Gaelchultúr.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment