21.12.10

Straitéis: 6.8 RÉIMSÍ GNÍMH – AN SAOL EACNAMAÍOCHTA

Scéimeanna Deonacha Teanga
Tabharfar isteach Scéimeanna Gaeilge san earnáil phríobháideach ar bhonn deonach, a bhunófar ar na Scéimeanna Teanga don earnáil phoiblí a ndearnadh foráil dóibh in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é an aidhm a bheidh léi spreagadh a thabhairt do chuideachtaí san earnáil phríobháideach ar mór acu éagsúlacht teanga go ginearálta agus an Ghaeilge ach go háirithe, agus ar mian leo a bheith páirteach sa chlár náisiúnta um sheirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Déanfar tionscnaimh eiseamláireacha a bhaineann le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge a aithint go poiblí agus a cheiliúradh.

Lipéadú agus Pacáistiú Dátheangach
Féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. D’fhéadfaí an gníomh sin a úsáid mar mheicníocht chun forbairt a dhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoine Gaeilge a roghnú mar theanga tráchtála.

Gníomhaíocht Eacnamaíochta
Bunófar sraith tionscnamh agus tacaí Stáit le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil. Beidh trí chuid i gceist leis an gcur chuige sin:

• Fiontraíocht a spreagadh trí chláir oiliúna, trí chothú gnó, trí chuideachtaí campais agus trí ghréasáin eacnamaíochta a chruthú;
 

• Tacaíocht a thabhairt do gheilleagar teanga a bheidh ar a chumas na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don AE i réimsí cosúil le haistriú, ateangaireacht, múineadh teanga, foilsiú, comhchomhairle teanga agus bainistiú tionscadal, agus an geilleagar sin a fhorbairt. Áireofar ar na bearta tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nua-thionscanta, seirbhísí meantóireachta a chur ar fáil, táirgí a fhorbairt, comhairle a thabhairt faoi mhargaíocht agus faoi chur chun cinn, agus seirbhísí forbartha bainistíochta; agus
 

• Éire a shocrú mar cheannródaí ó thaobh réitigh teicneolaíochta a chur ar fáil chun seirbhísí ilteangacha a sholáthar ar bhonn costas-éifeachtach.

Déanfaidh Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta éascaíocht freisin do chruthú Cumann Tráchtála don Ghaeltacht agus gnóthaí eile trí Ghaeilge. Tabharfaidh an Cumann tacaíocht do ghnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí trí Ghaeilge nó a oibríonn trí Ghaeilge agus déanfaidh sé feasacht a mhúscailt i measc an phobail ghnó faoin nasc idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear an nasc idir leas eacnamaíochta na Gaeltachta agus stádas na teanga sna ceantair sin, agus an tábhacht a bhain leis an teanga ó thaobh rath cuideachtaí aonair.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment