21.12.10

Straitéis: 6.7 RÉIMSÍ GNÍMH – REACHTAÍOCHT AGUS STÁDAS

Tá trí chuspóir i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 maidir le reachtaíocht: Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus an tAcht Craolacháin 2001.

Cuspóir 2:
Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur I bhfeidhm.

Cuspóir 10:
Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.

Seasamh Dlí
Luaitear an Ghaeilge i roinnt mhaith píosaí reachtaíochta a d’achtaigh Rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile ó bunaíodh an Stát. Tugadh éifeacht do stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann mar an chéad teanga oifigiúil agus teanga náisiúnta in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá gach foráil de chuid an Achta i bhfeidhm.

Stádas AE
Tá stádas teanga oibre agus teanga oifigiúil de chuid an AE ag an nGaeilge ón 1 Eanáir 2007 i leith. Tugann an comhaontú ar thabhairt isteach an stádais sin maolú d’institiúidí an AE ón oibleagáid gach dlí agus téacs de chuid an AE a aistriú go Gaeilge faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla ar an ngá leanúint leis an maolú sin. Oibreoidh an Rialtas chun na himthosca a chruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo.

Reachtaíocht Nua
Mar a dúradh thuas, déanfar reachtaíocht nua a achtú le héifeacht a thabhairt do na gníomhartha atá leagtha amach sa Straitéis seo lena n-áirítear:

• sainmhíniú nua a dhéanamh ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theanga; agus
• reachtaíocht Údarás na Gaeltachta a aisghairm agus Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhunú.


Tuaisceart Éireann
Mar a tugadh ar aird thuas, leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i bhfeidhm ina n-iomláine, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach agus an Ghaeilge a fheabhsú, a chosaint agus a fhorbairt i dTuaisceart Éireann.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment