21.12.10

Straitéis: 6.4 - RÉIMSÍ GNÍMH - RIARACHÁN, SEIRBHÍSÍ AGUS POBAL

Tá na gníomhartha atá beartaithe i réimse an riaracháin, seirbhísí agus pobail leagtha amach chun tacú le go mbainfear amach cumas, deiseanna agus dearcthaí a chuideoidh le leathnú na Gaeilge. Tá cúig chuspóir i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na réimsí sin:

Cuspóir 3:
Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 8:
Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí a thagann faoina scáth chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a threisiú sa Ghaeltacht.

Cuspóir 12:

Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.

Cuspóir 13:
Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.

Athruithe Struchtúrtha
Déanfar líon athruithe móra struchtúrtha:

• Tabharfar reachtaíocht nua isteach d’fhonn Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhunú, a mbeidh freagracht air as gnóthaí Gaeilge ar fud an Stáit;

• Leanfar de bheith ag tacú le Foras na Gaeilge ó thaobh acmhainní agus tacaíochtaí a chur ar fáil don teanga ag leibhéal uile-Éireann;

• Aithneofar catagóir eile pobail teanga san Acht nua chun soláthar a dhéanamh do spriocthionscnaimh le pobail/gréasáin nua teanga a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha is mó a bheidh siad sin, pobail a bhfuil an mhais chriticiúil riachtanach de thacaíocht Stáit agus pobail acu don Ghaeilge;

• Agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le níos mó comhoibrithe idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla ó thaobh sholáthar seirbhísí éifeachtacha comhtháite, oibreoidh na páirtithe leasmhara cuí i gcomhar lena chéile d’fhonn seirbhísí comhroinnte nua a mbeidh an saineolas cuí acu a fhorbairt do na limistéir Ghaeltachta sa réimse pleanála; agus

• Déanfar breithniú ar chomh hindéanta agus a bheidh sé go gcuirfidh Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar bhonn gníomhaireachta, feidhmeanna trí Ghaeilge i gcrích do chomhlachtaí poiblí eile, laistigh agus lasmuigh  den Ghaeltacht. Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí


Ní mór cláir feasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt agus a neartú chun go mbeadh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann go fírinneach feidhmiú i nGaeilge agus in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh sin.

Ceapfaidh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí d’fhonn cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí. Mar thaca leo sin, déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeánbhunaithe neamhspleách d’inniúlacht Gaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Dearfar agus tairgfear Dioplóma Náisiúnta sa Dátheangachas agus i gCleachtas Teanga d’fhonn cuidiú le seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an “scéim teanga” mar an lár-ionstraim trína soláthrófar seirbhísí dátheangacha. Sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh.


Tionscnaimh agus Pleananna Teanga Áitiúla lasmuigh den Ghaeltacht
Mhol Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go dtabharfaí aitheantas do chineálacha sonracha pobal teanga sa Ghaeltacht a ndéanfaí spriocidirghabhálacha pleanála teanga cuí a cheapadh dóibh.

Is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé cuí go ndéanfaí cineál nua “Gaeltacht gréasáin” a aithint san Acht nua. Tabharfaidh an chatagóir nua sin deis do spriocthionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht.

I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil bhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúram leanaí trí Ghaeilge, gaelscoileanna, oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilge agus seirbhísí eile lena n-áirítear grúpaí máithreacha agus mamailíneach, seirbhísí creidimh i nGaeilge, a bheidh siad sin. Bainfidh critéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sin le dearcthaí poiblí, cumas teanga, soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtionscnaimh Ghaeilge.

Tabharfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta tacaíocht do na pleananna teanga sin. Beidh tacaíocht ar fáil freisin ó oifigigh Ghaeilge atá fostaithe ag údaráis áitiúla agus ó shaineolaithe eile i gcomhlachtaí atá ann cheana féin.

Is é an aidhm a bheidh le plean gnímh áitiúil muintir na háite agus grúpaí pobail/deonacha a thabhairt le chéile le húsáid na Gaeilge a éascú sa cheantar. Déanfar sin trí chomhordú a mhéadú agus trí fheasacht an phobail ar na gníomhaíochtaí atá ar siúl a mhúscailt. Beidh sé i gceist beocht na Gaeilge sa cheantar áitiúil a mhapáil agus a aithint. Anuas air sin, beidh próiseas iniúchta teanga a aithneoidh laigí agus láidreachtaí leanúnacha agus a sholáthróidh fianaise amshraithe den tionchar a bheadh ag polasaithe a bhaineann le teanga agus leasuithe ar úsáid iarbhír teanga. Déanfar na pleananna sin a chomhtháthú le Pleananna Teanga Contae agus áireofar leo ionaid shóisialta agus ionaid acmhainní a fhorbairt.

Is é cuspóir fadtéarmach na pleananna gnímh áitiúla:

• coinníollacha sóisialta a chruthú a chothóidh dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge agus a chuirfidh lena húsáid go ginearálta;

• úsáid na Gaeilge a normalú mar mheán do chumarsáid shóisialta agus institiúide;

• béim a chur ar an dlúthbhaint idir teanga agus dearcthaí faoi shaincheisteanna i ndáil le caighdeán maireachtála, an timpeallacht agus an geilleagar áitiúil.


Ceann de na príomhróil a bheidh ag pleananna Gaeilge áitiúla ná foghlaim agus deiseanna úsáide a chothú i scoileanna agus idir scoileanna agus i ngníomhaíochtaí áineasa, trádála, leabharlainne agus pobail. Tabharfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi ról gníomhach éascaithe ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-láraithe agus a dhéanfaidh nasc idir foghlaim teanga ar scoil agus réimsí gaolmhara cultúir, áineasa, trádála agus gníomhaíochtaí fiontraíochta/fiontair. Déanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas do dhaoine fásta, le hoideachas leanúnach agus ar feadh an tsaoil agus le hoiliúint a chuimsiú le gníomhaíochtaí comhtháthaithe ceantair áitiúil chun tionscnaimh a thugann tacaíocht don Ghaeilge a leathnú ó réimeanna na scoile agus an phobail go litearthacht do dhaoine fásta, cláir áineasa agus cláir gairmoiliúna.

Áireofar le tionscnaimh áitiúla teanga bunú “ionaid ilfhreastail phobail” chun:

• comhairle a chur ar thuismitheoirí nua ar mian leo a gcuid leanaí a thógáil leis an dá theanga;

• treoir a thabhairt faoi raon na ndeiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil;

• cuidiú le heagraíochtaí poiblí agus deonacha ar mian leo cur leis an méid úsáide a bhaineann siad as an nGaeilge; agus


• spreagadh a thabhairt do ghnóthais ar mian leo seirbhís dhátheangach a thairiscint dá gcuid custaiméirí.

D’fhéadfaí gníomhaíochtaí a dhíriú ar dheiseanna foghlama agus sóisialta a sholáthar nó a fheabhsú chun cur ar chumas leanaí agus daoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga i raon gníomhaíochtaí cultúir, sóisialta, áineasa agus spóirt.

Pleananna Teanga Contae
Ceanglófar ar gach contae ina bhfuil Gaeltacht ainmnithe, lena n-áirítear ceantair ina bhfuil “Gaeltacht gréasáin”, Pleananna Teanga Contae a ullmhú agus a fheidhmiú. Áireofar le gach plean díobh sin tionscnaimh a bheidh dírithe ar chéatadán agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá a mhéadú gach bliain trí spriocthionscnaimh shonraithe a chur i bhfeidhm sa chontae sin. Déanfaidh na páirtithe leasmhara na bearta sin a chur i bhfeidhm le cúnamh ó shaineolaithe pleanála teanga. Nuair a bheidh measúnú déanta air, d’fhéadfaí an cur chuige seo a leathnú go dtí contaetha eile.

Plean Teanga do Chomhairlí Cathrach agus Contae Bhaile Átha Cliath

Tá cónaí ar líon mór daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar mórthimpeall air. Baineann tábhacht mhór shiombalach leis an nGaeilge sa phríomhchathair, ó thaobh mhuintir na hÉireann agus cuairteoirí a thagann go Baile Átha Cliath le haghaidh gnó nó le haghaidh áineasa. Déanfar mórphlean do chur chun cinn na Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar mórthimpeall air a fhorbairt agus a fheidhmiú sa chéad tréimhse de Chéim Feidhmithe II. Is é príomhsprioc an phlean sin an méid daoine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath a mhéadú bliain ar bhliain tríd an teanga a dhéanamh níos feiceálaí agus trí chur leis na deiseanna atá ann an teanga a úsáid go nádúrtha ó lá go lá sa chathair.

Ról Tábhachtach na hEarnála Deonaí
Beidh ról tábhachtach ag an earnáil dheonach áitiúil ó thaobh forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar phleananna teanga áitiúla. Tá sé tábhachtach mar sin go n-éistfí leis an earnáil agus go dtabharfaí deis di cur le polasaí ag an leibhéal áitiúil, agus go dtabharfaí tacaíocht do ghrúpaí atá ag iarraidh plé leis an teanga ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta ar bhealach a théann le haidhmeanna agus le hábhar na Straitéise.

Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach d’éiteas eagraíochtaí deonacha náisiúnta cosúil le Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Aithníonn an Rialtas an príomhról atá acu ó thaobh chur chun cinn na teanga de.

Déanfaidh an Rialtas an tacaíocht a chuireann sé ar fáil do na heagraíochtaí sin chun cuidiú leo an teanga a chur chun cinn a fhorbairt agus a threisiú. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag eagraíochtaí deonacha spóirt agus cultúir eile ó thaobh úsáid na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga a chur chun cinn. Oibreoidh an Rialtas go forghníomhach leis na heagraíochtaí sin chun leas a bhaint as an gcumas atá ag a gcuid gníomhaíochtaí spóirt agus cultúir pobalbhunaithe cuidiú go mór leis an Straitéis. Faoi láthair cuireann an Stát maoiniú ar fáil do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge éagsúla. Tabharfar faoi chur chuige níos comhtháite “ón gcliabhán go seanaois” trí atheagrú mór a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga a fhaigheann maoiniú ón Stát chun seirbhísí cuimsitheacha tacaíochta teanga a sholáthar ar bhonn ceantair.

Ionaid Fhisiciúla Acmhainní
Déanfar ionaid acmhainní tiomanta a fhorbairt i lár Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna móra uirbeacha eile. D’fhéadfaí spás amharclainne, siopaí caifé agus bialanna, siopaí leabhar, oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, ionaid idirlín, ábhair a bhaineann leis an stair, seomraí cruinnithe agus comhdhála, áiteanna taispeána, agus aonaid do ghnólachtaí nua-thionscanta a bhaineann le forbairt agus taighde a chur ar fáil sna hionaid sin. In áiteanna eile, úsáidfear na hionaid acmhainní atá ann cheana féin, lena n-áirítear na hionaid acmhainní réigiúnacha a bhunaigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann le cabhair ó mhaoiniú poiblí agus ionaid a bhíonn á reáchtáil ag comhlachtaí eile cultúrtha, spóirt agus forbartha áitiúla, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun gníomhaíochtaí Gaeilge a chur ar fáil, le comhaontú an chomhlachta i gceist.

An Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta
Ní mór stádas na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta a chothabháil agus a fhorbairt, toisc tábhacht shiombalach na bhfórsaí sin sa saol náisiúnta agus toisc na seirbhísí a sholáthraíonn siadsan, go háirithe an Garda Síochána, don phobal. Déanfar tuilleadh forbartha ar bhearta atá á gcur i bhfeidhm cheana féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chun an Ghaeilge a neartú mar theanga oibre inmheánach sa Ghaeltacht agus in aonaid ina labhraítear an Ghaeilge, mar theanga trína gcuirtear seirbhísí ar fáil don phobal agus mar theanga atá tábhachtach ó thaobh ról siombalach an Gharda Síochána agus na Fórsaí Cosanta sa saol náisiúnta agus ar ócáidí stáit.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment