21.12.10

Straitéis: 6.2 RÉIMSÍ GNÍMH - AN GHAELTACHT

I Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí ó thaobh an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear an Ghaeilge agus dhaingnigh an Rialtais a thacaíocht don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa Ráiteas:

Cuspóir 3:

Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 4:

Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Cuspóir 11:

Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí a thagann faoina scáth chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobh polasaí teanga sa Ghaeltacht tacaíocht a thabhairt sa todhchaí do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an Staidéar ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an líon cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus a mhéadú.

Is sa chomhthéacs sin atá an Rialtas ag feidhmiú na n-athruithe móra atá leagtha amach sa Straitéis seo. Beidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na
straitéise a bhunófar chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Stádas teanga pobal Gaeltachta – reachtaíocht nua

Glacann an Rialtas tríd is tríd le treo ghinearálta na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht maidir le stádas na Gaeltachta a bheith bunaithe ar chritéir teanga. Tabharfar stádas reachtúil dó sin trí Acht Gaeltachta nua. Beidh an sainmhíniú bunaithe ar an mórchuid ar na critéir atá leagtha amach sa Staidéar le roinnt mionathruithe bunúsacha.

Mar a luadh roimhe seo, bunófar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh freagrach as gnóthaí Gaeilge ar fud an Stáit. Beidh a cheannáras sa Ghaeltacht agus beidh sé freagrach as feidhmeanna ábhartha atá Údarás na Gaeltachta ag cur i bhfeidhm faoi láthair, mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí Stáit eile mar is cuí.
Ullmhófar reachtaíocht in 2011 chun an tÚdarás seo a bhunú.
Tabharfar aird ar a shainchúram Gaeltachta agus ar a shainchúram náisiúnta níos leithne araon.
Tabharfar aghaidh freisin ar an ngá atá le saineolas sa réimse pleanála teangacha mionlaigh nuair a bhunófar a struchtúr stiúrtha.
Coinneoidh an t-údarás nua, Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, na feidhmeanna atá Údarás na Gaeltachta ag cur i bhfeidhm i láthair na huaire, lena n-áirítear feidhm fiontraíochta.

Chun críocha pleanála teanga agus feidhmithe teanga, beidh na cineálacha éagsúla idirghabhálacha straitéiseacha agus cothabhála teanga (lena n-áirítear pleananna teanga comhtháite) bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal éagsúil d’fhonn an líon daoine a labhraíonn Gaeilge ó lá go lá a ardú.

I gcás pobal ina labhraíonn a thromlach Gaeilge, cuirfear an bhéim ar na pobail sin atá láidir ó thaobh na teanga a chosaint agus a neartú trína chinntiú go gcoinneofar an Ghaeilge mar theanga an phobail sna réigiúin sin. I gcás réigiúin Ghaeltachta eile ina labhraíonn mionlach sách mór an Ghaeilge ó lá go lá, cuirfear an bhéim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá fós iontu a neartú.

Tabharfar tréimhse dhá bhliain do phobail nach mbeidh ábalta na critéir sa reachtaíocht nua a chomhlíonadh chun pleananna a fhorbairt lena chinntiú go gcoinneoidh siad a stádas mar phobail Ghaeltachta. Ní bheidh pobail nach n-éireoidh leo pleananna inbhuanaithe inghlactha a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain san áireamh níos mó mar chuid den Ghaeltacht.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna gach seacht mbliana agus caillfidh ceantair nach mbaineann na critéir teanga Gaeltachta a bheidh leagtha síos faoin Acht nua amach a stádas Gaeltachta. Féadfar ceantair nua a chur isteach sa Ghaeltacht freisin má chomhlíonann siad na critéir teanga a bheidh leagtha síos faoin Acht nua.

Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht
Tosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua. Déanfaidh na pleananna sin comhtháthú ar an gcur chuige maidir le ceisteanna teanga, oideachas, pleanáil fhisiciúil agus forbairt shóisialta agus pobail. Beidh rannpháirtíocht agus comhoibriú ón bpobal ríthábhachtach. Cuirfear acmhainní ar fáil leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Thar aon ní eile, beidh na pleananna sin teangalárnaithe. Cuimseofar gach gné de shaol an phobail sna ceantair sin iontu. Tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta mar eintiteas teanga. Beidh gníomhaíochtaí/ pleananna sna pleananna teanga sin leagtha amach faoi na ceannteidil seo a leanas:

• Pleanáil Oideachais;

• Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísí comhairle teanga do theaghlaigh, seirbhísí iarscoile, gréasáin do thuismitheoirí agus do leanaí a
labhraíonn Gaeilge, seirbhísí comhairle réamhphósta agus réamhbhreithe, clár feasachta teanga do theaghlaigh, seirbhísí teiripe urlabhra agus síceolaíochta, agus seirbhísí sláinte poiblí;

• Seirbhísí Óige, lena n-áirítear feasacht teanga a chur chun cinn i measc daoine óga sa Ghaeltacht, i gColáistí Samhraidh agus i gcampaí Gaeltachta;

• Seirbhísí Rialtais Áitiúil;

• Pleanáil Áitiúil agus Fhisiciúil, lena n-áirítear forbairt infreastruchtúir, forbairt eacnamaíochta, polasaí tithíochta agus lonnaíochta.

• Forbairt Pobail;

• Pleanáil d’fhorbairt eacnamaíochta, thionsclaíoch agus gnó áitiúil, lena n-áirítear cur chun cinn feasachta teanga i measc soláthraithe seirbhísí gnó i gceantair Ghaeltachta;

• Forbairt ar Thurasóireacht Oideachais/Cultúir;

• Seirbhísí Reiligiún;

• Cúram do dhaoine scothaosta;

• Cúram do Leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu;

• Seirbhísí Sláinte; agus

• Spórt.


Cinnfear amach anseo caiteachas an Stáit ar an teanga sa Ghaeltacht de réir an tionchair a bheidh aige ar an teanga agus tabharfar tosaíocht faoi leith do thacaíochtaí teanga do theaghlaigh agus do dhaoine óga chun a chinntiú go leanfar de bheith ag cur na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Cuirfear béim faoi leith ar chur chun cinn cultúr óige Gaeilge sa Ghaeltacht agus dá bharr sin déanfar tuilleadh forbartha ar sheirbhísí óige na Gaeltachta agus ar naisc trí Choláistí Samhraidh Gaeltachta le
heagraíochtaí óige náisiúnta. Déanfaidh an Stát forbairt freisin ar shraith chuimsitheach tacaíochtaí do theaghlaigh sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge i gcomhairle le tuismitheoirí leanaí óga agus naíonán agus tuismitheoirí atá ag súil le páiste.

Pleanáil agus Forbairt sa Ghaeltacht
Ullmhóidh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlínte leathana pleanála chun cuidiú le húdaráis áitiúla maidir le feidhmiú an Achta Pleanála agus Forbartha sa Ghaeltacht chun a chinntiú go dtabharfar cosaint d’fhéiniúlacht teanga faoi leith na Gaeltachta.

Mar aitheantas ar an riachtanas atá le comhoibriú níos fearr idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla chun seirbhís níos éifeachtúla comhtháite a sholáthar, beidh sé mar aidhm
ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus na Bainisteoirí Cathrach agus Contae forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí comhroinnte nua agus beidh saineolas cuí ann do na limistéir Ghaeltachta san earnáil pleanála.

Bainfidh an stádas céanna le pleananna limistéar Gaeltachta agus a bhaineann le pleananna bailte. Chomh maith le ceadú a fháil ón údarás áitiúil, ceadóidh Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta na pleananna chun a chinntiú go mbeidh dóthain ionchuir iontu ó thaobh a chinntiú go bhfuil inbhuanaitheacht na teanga ina gné de na pleananna.

Seirbhísí á soláthar chuig pobail Ghaeltachta
Is iad an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanfaidh soláthar ar an oiread seirbhísí agus is féidir sa Ghaeltacht nach seirbhísí teanga iad, i bhfianaise an chumais fhócasaithe atá acu seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment