21.12.10

Straitéis: 6.1 RÉIMSÍ GNÍMH – OIDEACHAS

Léirítear na nithe seo a leanas i dtuarascálacha a foilsíodh le gairid faoin nGaeilge sna scoileanna:

• Mheas na cigirí nach raibh Gaeilge á múineadh go caighdeán ard nó caighdeán anard ach i leath de na ranganna bunscoile ar a ndearnadh cigireacht agus go raibh Gaeilge á múineadh trí mheán an Bhéarla sa tríú cuid de na seomraí ranga. Ní raibh ach beagán os cionn leath de na daltaí sna ceachtanna ábalta iad féin a chur in iúl go sásúil i nGaeilge;

• Léirigh tuarascáil Harris (Iúil 2007) go raibh titim de 36.1% agus 40.5% i mbunscoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu agus i mbunscoileanna Gaeltachta faoi seach ar an líon daltaí a raibh máistreacht acu ar fhorbairt scileanna éisteachta, scileanna foclóra agus tuisceana idir 1985 agus 2002. Siúd is gur éirigh le beagán os cionn leath na ndaltaí líofacht a bhaint amach i dtuairisciú agus i gcumarsáid béil in 1985 i scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu, ba lú ná an tríú cuid a bhain an líofacht sin amach in 2002. Aimsíodh sa staidéar freisin gur tháinig meath mór ar mhuinín múinteoirí; dúirt beagnach 25% de na múinteoirí i scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu go raibh a gcaighdeán Gaeilge féin lag;

• Tuairiscítear ag an leibhéal iarbhunscoile go raibh cumas cainte daltaí teoranta sa tríú cuid de na scoileanna sa tsraith shóisearach. Cuireadh bearta i gcrích idir an dá linn leis na marcanna a bhronntar de bharr an scrúdú cainte deonach sa Teastas Sóisearach agus an scrúdú cainte náisiúnta san Ardteistiméireacht a ardú go 40% do na hiontrálaithe nua ar fad a thosaigh scolaíocht dara leibhéal in 2007/8. Siúd is go léiríonn na fíricí sin atá luaite roimhe seo chomh mór is atá an dúshlán atá romhainn, tá na bearta atá molta i réimse an oideachais leagtha amach leis na prionsabail atá taobh thiar den Straitéis a bhaint amach:

• an cumas i nGaeilge a leathnú agus cur leis ar bhealach níos doimhne agus sin a dhéanamh i measc líon níos mó daoine;

• dearcthaí diúltacha i leith úsáid na Gaeilge a athrú ar ais agus dearcthaí dearfacha a chothú ina n-áit; agus

• na deiseanna atá laistigh den chóras oideachais d’úsáid na Gaeilge a leathnú tríd an nGaeilge a bheith ina meán teagaisc chomh maith le bheith ina hábhar, agus trí fhoghlaim na teanga ar scoil a cheangal le húsáid neamhfhoirmiúil na teanga i ngníomhaíochtaí áineasa agus cultúir agus i ngníomhaíochtaí eile lasmuigh den scoil. Tá trí chuspóir a bhaineann leis an oideachas i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006:

Cuspóir 5:

Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí mar aon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

Cuspóir 6:

Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Cuspóir 7: 
Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Naisc le húsáid na teanga lasmuigh den scoil

Tá an córas oideachais ar cheann de na príomhmhodhanna chun an cumas teanga a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú. Sa scolaíocht fhoirmiúil, tá an Stát ábalta cuidiú go gníomhach le cumas teanga ár ndaoine a fhorbairt. Is sprioc lárnach é mar sin go n-éireodh leis na húdaráis oideachais fócas náisiúnta níos córasaí agus níos dlúithe a bhaint amach ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge. Is é an tátal a bhaintear as iarrachtaí athneartaithe teangacha ar fud an domhain go bhfuil sé thar a bheith riachtanach beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcás na ndaoine óga atá á foghlaim sa chóras oideachais foirmiúil. Má táthar le cultúr agus féiniúlacht don óige agus a gcineálacha cuí Gaeilge a chothú, caithfear deiseanna a chur ar fáil le go n-úsáidfear an teanga go nádúrtha agus go gcruthófar gréasáin chainteoirí trí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.

Oibreoidh an earnáil oideachais i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí cuí maidir leis sin. Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur le forbairt chóras na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Leagfar béim faoi leith ar chúnamh a thabhairt do na coláistí agus do na teaghlaigh a chuireann cóiríocht ar fáil do na foghlaimeoirí teanga le cothabháil a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus le cur leo. I gcomhpháirt le CONCOS - scátheagraíocht na gcoláistí - agus leis na teaghlaigh sa Ghaeltacht, oibreoidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh taithí Ghaeilge ag mic léinn agus go mbeidh teagmháil sheasta lena linn ag na mic léinn le Gaeilge mar theanga bheo na Gaeltachta ó lá go lá. Óna thaobh sin, cuideoidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar thaithí fhoghlama teanga teaghlaigh le go bhféadfar gréasáin d’úsáid nádúrtha na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh meicníochtaí ann le go leanfaidh siad sin ar aghaidh le linn na bliana ar fad. Cuideoidh athstruchtúrú agus feabhsú ar chláir a bheidh dírithe ar ábhair bhunmhúinteoirí leis sin agus beidh sé freisin mar chuid de leasuithe níos leithne a bheidh an Chomhairle Mhúinteoireachta a chur chun cinn i gcúrsaí tosaigh oideachais do bhunmhúinteoirí.

Páirt-Tumadh
Tá sé i gceist, chomh luath agus is féidir i gCéim Feidhmithe II, dul go dtí an staid ina dtairgfear páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach leanbh. Déanfar é sin a fheidhmiú ar bhonn céimnithe ag teacht leis an dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh inniúlachtaí múinteoirí a neartú sa réimse sin trí chlár cuimsitheach infheistíochta d’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí. D’fhéadfaí sin a sholáthar trí roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus mar chomhlánú air sin, dhéanfaí ullmhú i gCéim II ar réimsí ábhair ainmnithe a theagasc trí Ghaeilge sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil. Ar deireadh, is é an aidhm atá ann faoin am a mbeidh Céim Feidhmithe III bainte amach go mbeidh oideachas páirt-tumtha i nGaeilge á thairiscint in ábhair eile do gach dalta sna scoileanna príomhshrutha a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge mar chroí-ábhar.

Bainfear na bearta sin amach ar bhonn céimnithe agus le cuidiú leis sin, déanfar infheistíocht i mbreisoiliúint múinteoirí. Bainfear leas mar is cuí as dreasachtaí mar scéim duaiseanna GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) le misneach a thabhairt do scoileanna sa réimse seo. Mar thacaíocht leis an straitéis sin, déanfar forbairt ar acmhainní agus ar ábhair do scoileanna agus cuirfear ar fáil iad. Beidh sé fós ina pholasaí náisiúnta tumoideachas trí Ghaeilge i ngach ábhar seachas Béarla i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus i naíonraí a chur chun cinn.

Measúnú Náisiúnta

Déanfar measúnú náisiúnta ar inniúlacht éisteachta agus labhartha i nGaeilge a fheidhmiú sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach i gcás gach scoil dara leibhéal aitheanta. Aithnítear nach féidir go fírinneach measúnú labhartha sa tsraith shóisearach a dhéanamh ach i gcomhthéacs sampla measúnaithe áitiúil a dhéanfadh múinteoirí ranga faoi mhodhnóireacht sheachtrach. Tá ionstraimí tástála caighdeánaithe ag an mbunleibhéal á bhforbairt don Ghaeilge faoi láthair. Éilíonn nuálaíochtaí sa churaclam go ndéanfaí forbairt ar ionstraimí agus ar nósanna imeachta cuí le measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim na Gaeilge. Féadfar nasc tairbhiúil a dhéanamh le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha le sainmhíniú a dhéanamh ar na caighdeáin teanga agus chumarsáide a fhíorófar faoi na nósanna imeachta measúnaithe.

Curaclam do mhúineadh na Gaeilge

Tá an curaclam ag an leibhéal bunscoile sách nua agus dealraíonn sé go bhfuil comhaontú ann go bhfuil sé ag comhlíonadh dea-chleachtas agus ag teacht leis an smaointeoireacht reatha ar mhúineadh teangacha. Sa chomhthéacs sin, beidh níos mó fócais ar na cuspóirí teanga a chur in iúl ar bhonn níos soiléire ag leibhéil éagsúla na bunscolaíochta agus ar fhorbairt a dhéanamh ar ábhair ardchaighdeáin le tacú le feidhmiú an churaclaim.

Ag an mbunleibhéal, tá forbairt déanta ar churaclam Gaeilge ar leithligh do scoileanna Gaeltachta agus do ghaelscoileanna a thugann ar aird riachtanais teanga forbartha éagsúla a bhaineann le daltaí i scoileanna Béarla agus i ngaelscoileanna. Déanfar coigeartú ar an gcuraclam i ngaelscoileanna le níos mó béime a chur ar ról na Gaeilge ó thaobh fhorbairt chognaíoch agus mhothachtálach ghinearálta leanaí a chur chun cinn.

Ag an iar-bhunleibhéal, leanfar de bheith ag soláthar difreáil tríd an nGaeilge a thairiscint ag trí leibhéal sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht agus beidh béim mhór ar inniúlacht cainte, éisteachta agus scríofa i nGaeilge a chothú agus ar athrú suntasach a chinntiú ina gcuirfear béim ar an nGaeilge mar theanga labhartha, le go mbeidh daltaí in ann cumarsáid agus a bheith i mbun caidrimh ar bhealach nádúrtha agus go labhrófar Gaeilge gach lá sna scoileanna.

Tá siollabas athbhreithnithe i nGaeilge na hArdteistiméireachta á fheidhmiú i ngach scoil agus scrúdófar den chéad uair é in 2012. Tá sé leagtha amach sa chaoi go ndíreofar níos mó ar idirghníomhú ó thaobh na cainte sa seomra ranga agus beidh ardú go 40% sna marcanna a cheadófar don mheasúnú cainte. Déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta athbhreithniú ar fheidhmiú an tsiollabais i gcomhthéacs thaithí an chéad chohórt de na hiarrthóirí faoin gcóras measúnaithe athbhreithnithe. Ar na ceisteanna a bhreithneofar san athbhreithniú sin, beidh chomh maith agus a d’éirigh leis an siollabas ó thaobh aghaidh a thabhairt go cuí ar riachtanais gach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuil ardchumas i nGaeilge acu, go háirithe i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna. Más gá, déanfar tuilleadh forbartha ar an siollabas i gcomhthéacs thorthaí an athbhreithnithe.

Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agus don réamhscolaíocht

Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúram leanaí agus réamhscoile le gné Ghaeilge a thairiscint agus le timpeallacht a bheidh fabhrach i leith na Gaeilge a chruthú do leanaí óga mar shampla, trí thacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge a bheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta agus cluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas a bheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidh soláthar déanta do naíonraí i ngach áit ina mbeidh gaelscoil agus in áiteanna eile ina mbeidh éileamh.

Teastóidh atreisiú gníomhach ar a litearthacht i nGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidís ábalta leanúint de bheith ag tacú le foghlaim a gcuid leanaí a bheidh ag dul i méid ó thaobh na Gaeilge le linn bhlianta na bunscoile. Tá tábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobh daoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraim agus oideachais agus cuirfear an oiliúint sin ar oibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agus daoine i gcumainn phobail, go háirithe in áiteanna ina bhfuil líon measartha den phobal ina gcainteoirí Gaeilge.

Soláthar Sainábhar
Cuirfear seirbhísí in oideachas áineasa (mar na hamharcealaíona agus na taibh-ealaíona) lasmuigh de churaclam foirmiúil na scoileanna san áireamh i bpleananna teanga ceantar áitiúil le linn bhlianta na bunscoile.

Oideachas Múinteoirí

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh lucht saothair múinteoirí ann a bheidh in ann na cuspóirí ó thaobh inniúlachta i nGaeilge a bhaint amach agus go gcaithfear naisc a chruthú idir scoileanna, ionaid áineasa agus óige, clubanna agus gníomhaíochtaí daoine óga. Maidir leis sin, tugtar ar aird go bhfuil freagracht do mhúinteoirí ar an gComhairle Mhúinteoireachta, an comhlacht reachtúil atá freagrach as caighdeáin do ghairm na múinteoireachta a chinneadh, oiliúint tosaigh ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile a athbhreithniú agus a chreidiúnú.

Rachfar i gcomhairle leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar mhaithe le cur chuige débhealach a mholtar sa Straitéis seo a fheidhmiú chun an lucht saothair múinteoirí a ullmhú le freastal ar na cuspóirí atá molta. Chun Cuspóir 5 de Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 a bhaint amach, déanfar plé leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar mhaithe lena bheith ag obair go leanúnach le caighdeán an chumais Ghaeilge do mhúineadh na Gaeilge mar ábhar a ardú. Moltar tionscnaimh shonracha, lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

Oideachas Príomhshrutha – An Córas Bunscoile

Lena chinntiú go mbainfear caighdeán “Gaeilge Ghairmiúil” amach i ngach coláiste oideachais múinteoirí, táthar ag súil go neartóidh an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid den athbhreithniú atá luaite thuas, teagasc na Gaeilge feadh an tsoláthair tosaigh d’oideachas múinteoirí ar fad agus go ndéanfaidh sí caighdeánú air. Moltar na nithe seo a leanas:

• Déanfar bearta le húsáid na Gaeilge tríd is tríd a spreagadh sa seomra ranga agus lasmuigh de;


• Déanfar ábhair eile atá sa churaclam d’oideachas tosaigh do mhúinteoirí, chomh maith le Gaeilge Ghairmiúil, a sholáthar trí mheán na Gaeilge;

• I réimse an oideachais múinteoirí, leanfaidh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht. Cuirfear freisin leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeltachta;

• Tabharfar scéim scoláireachta Gaeltachta nua isteach do bhunmhúinteoirí le freastal ar dhianchúrsaí sa Ghaeltacht;


• Spreagfar Coláistí Oideachais chun tionscnaimh a thosú chun mic léinn a mbeidh cumas ard acu i nGaeilge ón nGaeltacht, ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna eile a mhealladh. Coinneofar suas le 20% de na háiteanna i gColáistí Oideachais do mhic léinn a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus beidh mic léinn as scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu incháilithe freisin faoi réir tairseach ard feidhmíochta i nGaeilge a bhaint amach san Ardteistiméireacht;

• Socrófar tréimhse fhada sa Ghaeltacht do go leor de na hábhair mhúinteoirí, tréimhse ina leanfaidh na mic léinn clár sainmhínithe ó thaobh teagasc teanga;

• Cuirfear leis na comhpháirteanna Gaeilge agus teagaisc trí Ghaeilge atá sa chúrsa céime Baitsiléir san Oideachas chomh maith le dianchúrsaí Gaeilge a sholáthar mar is cuí i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta;
agus

• Tabharfar isteach speisialtóireacht nua i dteagasc bunscoile trí mheán na Gaeilge (páirt-tumadh nó tumadh iomlán) i gColáistí Oideachais
.

Oideachas trí mheán na Gaeilge – An Córas Bunscoile
Tabharfar clár iarchéime isteach a bheidh dírithe go sonrach ar riachtanais na scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Tabharfar Dioplóma Iarchéime nua san Oideachas Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) isteach agus soláthróidh sé sainscileanna i nGaeilge dóibh sin a mbíonn clár oideachais múinteoirí críochnaithe cheana féin acu.

Oideachas trí mheán na Gaeilge – An Córas Iar-bhunscoile
Tabharfar Dioplóma Iarchéime nua san Oideachas isteach a dhéanfar a sholáthar go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Chun cuidiú tuilleadh le Cuspóir 5 agus Cuspóir 6 de Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 a bhaint amach, bunófar Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí trí Mheán na Gaeilge in institiúid oideachais atá ann cheana féin. Is ionad barr feabhais a bheidh ann a thabharfaidh cúnamh agus comhairle do na Coláistí Oideachais agus iad ag ullmhú múinteoirí don timthriall iomlán sna scoileanna ina ndéanfar an teagasc trí mheán na Gaeilge trí chomhchomhairle, gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla, cláir oiliúna chreidiúnaithe agus forbairt acmhainní. Oibreoidh an tIonad Náisiúnta i gcomhar leis na Coláistí Oideachais agus spreagfar soghluaiseacht na bhfoirne gairmiúla idir na córais agus na soláthróirí oideachais ar fad agus an tIonad Náisiúnta. Beidh cáilíocht ghairmiúil ar fáil do na múinteoirí bunscoileanna agus meánscoileanna ar fad le tacú leo le teagasc a dhéanamh i scoileanna a dhéanann teagasc trí mheán na Gaeilge.

Is cáilíocht bhreise tharraingteach agus inmhianaithe a bheidh inti seo do dhaoine ar mian leo oibriú i scoileanna a dhéanann teagasc trí Ghaeilge agus is treoir úsáideach a bheidh inti d’fhostóirí go bhfuil an inniúlacht riachtanach teanga ag iarrthóirí.

Cuirfear na cláir acadúla nua - Baitsiléir san Oideachas, Dioplóma Céime san Oideachas (Teagasc Bunleibhéil) agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas - chomh maith le feidhmiú an Ionaid Náisiúnta d’Fhorbairt Phroifisiúnta Múinteoirí trí mheán na Gaeilge amach ar thairiscint iomaíoch phoiblí oscailte i measc na n-institiúidí oideachais cuí atá ann.

Cuirfear leis na deiseanna forbartha gairmiúla atá aitheanta thuas trí bhíthin infheistíocht atá méadaithe go suntasach a chur isteach i roghanna forbartha gairmiúla ar líne agus gearrthréimhseacha le haghaidh
múinteoirí atá ag obair agus cuirfear iad ar fáil trí na seirbhísí tacaíochta curaclaim agus trí ghréasán an Ionaid Oideachais ag an leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile.

Chun cuidiú tuilleadh leis na bearta sin agus chun cur le háit na teanga a dhaingniú sa chóras oideachais ag gach leibhéal, tabharfar aitheantas speisialta do scoileanna ina mbíonn dea-chleachtas ó thaobh mhúineadh na Gaeilge.

Déanfar raon leathan de théacsleabhair, d’ábhair theicneolaíochta nua agus d’acmhainní le cuidiú le múineadh na Gaeilge agus le múineadh trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil.

Cuirfimid scéim scoláireachtaí ar fáil do leanaí ó limistéir faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht agus cuirfear maoiniú ar fáil do choláistí Gaeilge samhraidh ar fud na tíre. Déanfar
athbhreithniú ar na socruithe do dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i scoileanna lena chinntiú go mbeidh díolúintí bunaithe ar chritéir theanga oibiachtúla.

Oideachas Ardleibhéil in Éirinn
Leanfar de bheith ag forbairt agus ag tacú le cláir i nGaeilge do dhaoine fásta ag leibhéal ollscoile agus ag leibhéil eile nach iad agus soláthrófar sainchláir ghairmiúla.

Agus breis forbartha á déanamh ar oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge, cuirfidh an Rialtas na nithe seo a leanas san áireamh:

• Rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht shuntasach san earnáil seo le déanaí laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di, lenar áiríodh ach go háirithe tacaíocht d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus

• Tá creat oibre reachtúil ann faoi láthair d’oideachas tríú leibhéal i nGaeilge, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar an Údarás um Ard-Oideachas faoi Acht an Údaráis um Ard- Oideachas, 1971: “coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích”. Tá sé sin neartaithe tuilleadh in alt 12 d’Acht na nOllscoileanna 1997, lena bhforáiltear go bhfolóidh cuspóirí gach ollscoile “teangacha oifigiúla an Stáit [a chur chun cinn], ag féachaint go speisialta do chaomhnú, do chur chun cinn agus d’úsáid na Gaeilge agus do chaomhnú agus do chur chun cinn chultúir shainiúla na hÉireann”.

Aithnítear ról faoi leith Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le cláir tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a sholáthar in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006. Caithfidh caighdeán ard a bheith ag
baint le hoideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge agus caithfear é a sholáthar ar bhealach straitéiseach agus comhordaithe lena chinntiú:

• deiseanna do mhic léinn leas a bhaint as tréimhsí fada socrúcháin/staidéir sa Ghaeltacht le cur lena gcumas sa teanga i dtimpeallacht ina labhraítear an teanga go nádúrtha;

• go mbainfidh éagsúlacht leis an raon disciplíní a bheidh á dtairiscint agus go mbeidh fócas faoi leith ar riachtanais an mhargaidh do dhaoine a bheidh inniúil i nGaeilge;

• cur amach céimithe a bheidh cáilithe go maith leis na scileanna sonracha is gá le freastal ar stádas náisiúnta agus stádas AE na Gaeilge;

• forbairt a dhéanamh ar speisialtóireacht ar leith i ngach coláiste agus srian a chur le dúbailt soláthair go dtí suíomh amháin nó dhá shuíomh ar a mhéid;

• luach ar airgead agus dearbhú cáilíochta sa taighde agus sa teagasc, agus dúbailt nó ilroinnt a sheachaint freisin; agus

• cúrsaí agus creidiúnú i nGaeilge Ghairmiúil a fhorbairt don oiread gairmeacha agus is féidir. Cuirfear maoiniú ar fáil lena chur ar chumas an Údaráis um Ard-Oideachas clár sonrach a bhunú leis an earnáil seo a fhorbairt go straitéiseach.


Tá sé tábhachtach ó thaobh normalú a dhéanamh ar úsáid na teanga go mbeadh teacht ar ranganna agus ar ghníomhaíochtaí Gaeilge agus go gcruthófaí atmaisféar ar champas a aithníonn gur cuid dhlúth den saol sóisialta chomh maith le cuid dhlúth den saol acadúil sa choláiste í an teanga. Tá ról tábhachtach ag institiúidí tríú leibhéal ó thaobh tionchar a imirt ar an teanga a labhróidh duine ar feadh a shaoil agus ó thaobh a húsáide i measc mic léinn agus maidir le tacú le tionscnaimh theanga áitiúla sa phobal trí chéile agus spreagfar iad leis sin a dhéanamh.

Daoine Fásta ag Foghlaim Teanga

Tabharfar tuilleadh deiseanna do dhaoine fásta ar suim leo an teanga a fhoghlaim nó cur lena gcumas Gaeilge a labhairt. Déanfar clár foghlama Gaeilge a bheidh creidiúnaithe do dhaoine fásta agus déanfaidh sé freastal ar gach leibhéal mar an clár foghlama teanga náisiúnta comhaontaithe. Le barr feabhais a chothú ar leibhéal ard acadúil i staidéar ar an nGaeilge, cuirfidh an Rialtas le hobair Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus na nollscoileanna ó thaobh forbairt taighde agus teagaisc maidir leis an Léann Ceilteach agus neartóimid áit na hÉireann mar ionad barr feabhais sa disciplín sin ar fud an domhain.

Seirbhísí Comhairle agus Tacaíochta

Cuirfear ábhair eolais agus acmhainní ar fáil do chatagóirí éagsúla de lucht gairme a bhíonn ag plé le scoileanna amhail teiripeoirí urlabhra, treoirchomhairleoirí, comhairleoirí gairmthreorach agus daoine eile achuirfidh chun cinn na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas (go háirithe foghlaim na Gaeilge). Tabharfar comhairle shonrach do na grúpaí seo a leanas:

• Leanaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus /nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna a bhfuil an Ghaeilge mar mheán iontu.
Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh foireann ghairmiúil agus foireann pharaghairmiúil tacaíocht go leanúnach do chothabháil na Gaeilge. Cuirfear in iúl do na grúpaí gairmiúla sin an lear mór litríochta atá ann a léiríonn na buntáistí intleachta, labhartha agus na buntáistí ó thaobh slite beatha a bhaineann leis an dátheangachas. Tabharfar comhairle shonrach le tacú le riachtanais dhátheangacha leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

• Leanaí arb é an Béarla a gcéad teanga agus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu.
Cuirfear eolas ar fáil freisin d’fhoireann na scoile a bhíonn ag déileáil le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu faoi na buntáistí intleachta, labhartha agus slite beatha a bhaineann leis an dátheangachas - agus go háirithe na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.

• Clann inimirceach in Éirinn.
Tabharfar an deis do leanaí inimirceach atá tar éis teacht go hÉirinn le gairid a bheith páirteach i ngach gníomhaíocht Gaeilge agus tabharfar aird faoi leith ar a gcuid riachtanas foghlama teanga.

Oideachas sa Ghaeltacht
Baineann na bearta thuas ar fad chomh maith céanna leis an nGaeltacht. Chomh maith leo sin, aithníonn an Rialtas an deacracht faoi leith a bhaineann le freastal ar riachtanais leanaí lena mbaineann cumais teanga  éagsúla i scoileanna Gaeltachta. Agus féadann an scéal sin a bheith níos casta fós ag brath ar stádas na Gaeilge laistigh de phobal na scoile. Aithnítear gur ceist mhór do scoileanna Gaeltachta iad acmhainní teagaisc ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal araon. Is fiú a thabhairt ar aird, de bharr infheistíochta ó Fhoras na Gaeilge agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), go bhfuil feabhas mór tagtha ar acmhainní atá ar fáil do theagasc trí Ghaeilge cé go dteastaíonn infheistíocht mharthanach sa réimse sin. Baineann na riachtanais chéanna le gaelscoileanna. Chomh maith leis sin, tá géarghá le hacmhainní don Ghaeilge a sholáthar do bhunscoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu.

Ag an am céanna, tuigeann an Rialtas go maith an tábhacht a bhaineann leis an gcóras oideachais ó thaobh chothabháil na teanga sa Ghaeltacht agus cuireadh an cuspóir sin san áireamh san Acht Oideachais 1998. Chomh maith leis na tionscnaimh sin atá luaite thuas, tá socraithe ag an Rialtas roinnt beart a bhrú chun cinn sa Ghaeltacht mar chuid den Straitéis seo:

• Déanfar athbhreithniú ar an scéim scoláireachtaí Gaeltachta a fheidhmíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna le súil cur lena héifeachtacht mar mheicníocht tacaíochta don Ghaeilge;


• Déanfar beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí;

• Déanfar forbairt ar aonad sealbhaithe teanga ag an mbunleibhéal i ngach ceann de na trí phríomhréigiún Gaeltachta;

• Déanfar soláthar freisin do dhianchúrsaí samhraidh/tráthnóna do dhaltaí iarbhunscoile sa Ghaeltacht a dteastaíonn breis tacaíochta uathu;


• Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag leithroinnt cigirí ainmnithe do scoileanna Gaeltachta agus do ghaelscoileanna;

• Déanfar athbhreithniú ar an gcur chuige atá ann faoi láthair ó thaobh Coláistí Samhraidh Gaeltachta ar mhaithe le ról níos comhleanúnaí a thabhairt don Stát i rialáil agus i bhforbairt na gcoláistí sin, le cur
le héifeachtacht agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil iontu agus le próiseas deartha curaclaim a chinntiú iontu atá níos fearr agus níos comhleanúnaí;


• Beidh sé fós ina pholasaí náisiúnta tumoideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn i ngach ábhar seachas Béarla i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus i naíonraí;

• Déanfar athbhreithniú ar an soláthar tumoideachais ag leibhéal na hiarbhunscoile sna gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht;

• Déanfar scéimeanna a fheidhmíonn an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun tacú leis an gcóras oideachais sa Ghaeltacht (amhail tacaíochtaí do chúntóirí Gaeilge agus tacaíochtaí eile i scoileanna Gaeltachta, chomh maith leis an scéim cuairteanna baile ar mhaithe le tacaíocht teanga) a neartú i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Scileanna;


• Leanfar de bheith ag tabhairt deise do gach dalta Gaeltachta a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhairle leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta iniúchadh ar na socruithe oiriúnacha don soláthar sin i gcúinsí athraitheacha gach limistéir Ghaeltachta agus cuirfear i bhfeidhm iad; agus

• Déanfar socruithe struchtúrtha cuí, i gcomhthéacs aon athbhreithniú ar struchtúir na gCoistí Gairmoideachais ar bhonn náisiúnta chun soláthar a dhéanamh d’oideachas dara leibhéal lán-Ghaeilge ar fud an Stáit, lena n-áireofar sa Ghaeltacht, agus chun a chinntiú go mbeidh an fhoireann ar fad i ngaelscoileanna ábalta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go nglacfar le cur chuige comhtháite ó thaobh seirbhísí cúnta, comhairleacha agus tacaíochta a chur ar fáil do ghaelscoileanna chun go soláthrófar na seirbhísí sin i nGaeilge nuair is féidir. Cuirfear tacaíochtaí oideachais amhail téacsleabhair agus ábhair chlosamhairc i nGaeilge ar fáil do na scoileanna sin.


Bunú Scoileanna Nua

Leagann an tAcht Oideachais 1998 oibleagáidí sonracha ar an gcóras cur leis an bpolasaí agus na cuspóirí náisiúnta maidir leis an nGaeilge a bhaint amach, an Ghaeilge a chothú mar phríomhtheanga phobail i limistéir Ghaeltachta agus riachtanais teanga agus chultúir mhic léinn a chur chun cinn ag féachaint do roghanna a gcuid tuismitheoirí.

Bhí cur chun cinn na Gaeilge mar aidhm thábhachtach ag rialtas i ndiaidh rialtais in Éirinn agus tá freastal déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar éilimh ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge atá imithe i méid le blianta beaga anuas. Tá sé sin soiléir ag an mbunleibhéal ón líon níos airde gaelscoileanna a bunaíodh lasmuigh de limistéir Ghaeltachta. Tá 17 gaelscoil nua aitheanta ag an Roinn ar an iomlán ó 2005, sin 138 gaelscoil san iomlán a bhfuil aitheantas acu. Ag an iarbhunleibhéal, tá an líon gaelcholáistí (gaelscoileanna dara leibhéal) ardaithe go 45 (agus 13 díobh sin bunaithe ó 2000) agus in éineacht leis sin, tá 10 n-aonad (sain-aonaid ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán agus atá nasctha le scoil dara leibhéal) agus 10 sruth (sruth nó rang labhartha Gaeilge i scoil ina bhfuil an Béarla mar mheán).

Éascaíonn struchtúr an aonaid agus an tsrutha soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sa chás go bhfuil éileamh mór ar oideachas trí mheán na Gaeilge ach nach mbeadh dóthain éilimh ann do ghaelscoil neamhspleách.

B’éigean níos mó áiteanna scoile breise a sholáthar i gceantair áirithe ar fud na tíre mar gheall ar an ardú sa daonra le deich mbliana anuas nó mar sin agus meastar go leanfaidh an t-ardú sin sa tréimhse
ghearrthéarmach go dtí an tréimhse mheántéarmach. Tá éileamh níos mó ann ar éagsúlacht ó thaobh cineálacha scoileanna, lena n-áirítear oideachas trí mheán na Gaeilge, ar fud na tíre in áiteanna a bhfuil an daonra ag fás iontu agus áiteanna nach bhfuil. Fágann na héilimh sin atá ag dul i neart go gcaithfear leasú a dhéanamh ar na nósanna imeachta ó thaobh aitheantais a thabhairt do bhunscoileanna nua. Go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú sin déanta, bhí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna glacadh le straitéis eatramhach faoina gceadaítear bunscoileanna nua a bhunú chun freastal a dhéanamh ar fhás déimeagrafach agus sin amháin, chun go mbainfí amach an tosaíocht fhoriomlán go mbeidh áit scoile ar fáil do gach leanbh. Is é an Coimisiún um Chóiríocht Scoile atá i mbun an athbhreithnithe, a bhfuil dul chun cinn maith déanta ann, agus tá na comhpháirtithe oideachais ar fad páirteach san obair. Is é an toradh a bheidh ar an athbhreithniú go mbreithneofar socruithe nua ó thaobh bunscoileanna nua a aithint agus go nglacfar leo. Déanfar na héilimh ar leathnú ar sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a bhreithniú i gcomhthéacs na socruithe nua a bhunófar ó thaobh aitheantas a thabhairt do scoileanna nua.

Ag an iar-bhunleibhéal, bunaíodh socruithe nua d’aitheantas scoileanna dara leibhéal i mí Iúil 2010. Tá soláthar iontu sin do chreat nua ina leagtar amach critéir shoiléire faoina ndéanfar iarratais ar scoileanna nua dara leibhéal a mheas. Samhlaíonn na critéir nua sin nach mbunófar scoileanna nua ach in áiteanna ina mbeidh éileamh déimeagrafach agus gur idir 800 agus 1000 dalta ar an meán a bheidh sna scoileanna nua. Leag na critéir amach freisin gur 400 an bhonntairseach do ghaelcholáistí, ag féachaint don rogha ar aonad a bhunú laistigh de scoil.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Beidh príomhról ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann. Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh mar atá:

• soláthar téacsleabhar agus áiseanna d’fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomhordú;

• comhairle a chur ar an Aire maidir le polasaithe a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus a chur chun cinn i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i
scoileanna atá suite i limistéar Gaeltachta;

• seirbhísí taca trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do na scoileanna sin;

• taighde a sheoladh ar aon ní nó ar gach ní lena mbaineann an mhír seo; agus

• soláthar téacsleabhar agus áiseanna d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge a phleanáil agus a chomhordú agus taighde a sheoladh agus comhairle a chur ar an Aire maidir le straitéisí a bhfuil an cuspóir acu feabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh na Gaeilge i scoileanna aitheanta agus i lárionaid oideachais.


Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá le dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a bhaineann go sonrach le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge i ngach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach ag COGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur ar ghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca le hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. I ndáil leis an tsaincheist thábhachtach a bhaineann le riachtanais shainiúla scoileanna Gaeltachta agus riachtanais shainiúla ghaelscoileanna, déanfaidh grúpa ardleibhéil athbhreithniú ar na polasaithe atá ann i láthair na huaire agus déanfaidh siad iniúchadh ar athruithe féideartha, lena n-áirítear forbairt polasaithe nua do scoileanna Gaeltachta agus do ghaelscoileanna. Déanfar feidhmeanna féideartha eile do COGG a bhreithniú i gcomhthéacs an phlé sin.

Beidh ionadaithe de chuid na bpáirtithe leasmhara ábhartha ar an ngrúpa ardleibhéil, lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge agus Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cúrsaí Gaeilge Tríú Leibhéal Thar Lear

Bhunaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ciste tiomnaithe sa bhliain 2006 chun tacú le forbairt cúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus go deimhin i leith na hÉireann agus cultúr na hÉireann a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh agus Cheanada agus ardán a sholáthar óna bhféadfaí an Ghaeilge a mheas agus a léiriú mar theanga idirnáisiúnta. Cuireann sé sin le feasacht faoin nGaeilge agus faoi chultúr na hÉireann lasmuigh d’Éirinn agus cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hInstitiúidí sin, rud a fhágann go mbeidh torthaí dearfacha ann don teanga sa tréimhse fhadtéarmach. Tugann sé deis iontach freisin an Ghaeilge a chur i láthair an phobail acadúil ar fud an domhain agus tugann sé an stádas céanna don Ghaeilge agus atá ag teangacha Eorpacha eile a mhúintear ar fud an domhain. Ina theannta sin, leanann go leor mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ina dtíortha féin lena gcuid staidéir anseo in Éirinn agus dá bharr sin bíonn mic léinn ó gach cearn den domhan ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Dá bharr sin, cruthaítear cairdeas, suim agus tuiscint maidir leis an teanga agus cultúr saibhir na tíre seo.

Faoi láthair, tá breis is tríocha coláiste agus ollscoil tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe, i dtíortha san Eoraip agus níos faide i gcéin ag soláthar clár Ghaeilge agus clár sa Léann Ceilteach ina gcuid
institiúidí.

Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ar aghaidh leis na bearta sin chun tacú le teagasc na Gaeilge thar lear (lena n-áirítear an comhchlár le Coimisiún Fulbright agus an Ireland Canada University Foundation) mar mhodh chun leathnú breise a dhéanamh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge in ollscoileanna lasmuigh d’Éirinn.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment