21.12.10

Straitéis: 3. STRAITÉIS CHÉIMNITHE

Mar a luadh thuas, d’aithin Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 príomhchuspóirí an pholasaí trína dtabharfar tacaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá na réimsí a leagtar amach thíos ceangailte le chéile agus grúpáilte de réir na gcuspóirí sin agus tabharfar aghaidh orthu go céimneach, mar seo a leanas:

Céim an Bhunaithe
Díreofar sa bhliain seo ar dhaoine a chur ar an eolas faoi na spriocanna agus faoi ábhar na Straitéise agus na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a chaithfear a bhunú. Chomh maith leis sin, déanfar na hacmhainní foriomlána a theastóidh a leithroinnt agus comhaontófar agus bunófar na nósanna imeachta monatóireachta, measúnaithe agus modhnaithe. Iarrfar pleananna oibríochtúla ó na gníomhaireachtaí poiblí forfheidhmiúcháin ar fad agus gheofar iad. Bunófar príomhbhearta tosaíochta.

Céim Feidhmithe I – Na Bunsraitheanna a Leagan Síos

Le linn bhlianta tosaigh na Straitéise, bunófar bearta fadtéarmacha le go mbeidh an soláthar de mhúinteoirí cáilithe agus de shaineolaithe eile ar fáil, nó go mbeidh na córais oiliúna cuí i ndáil leis sin bunaithe go luath sa Straitéis. Chomh maith leis sin, déanfar cuid mhaith de na bearta a fheidhmiú go hiomlán nó a thosú ag an gcéim seo lena n-áirítear ábhair d’oideachas agus litearthacht teanga a ullmhú.

Céim Feidhmithe II – Leathnú agus Doimhniú

Tá trí fho-chéim ag baint leis an gcéim seo ach tríd is tríd is éard atá i gceist: lánfheidhmiú na mbeart ábhartha ar fad; tabhairt faoi mheasúnuithe ar bhonn atrátha; agus feachtais a reáchtáil do chur chun cinn agus do chothú dearcadh dearfach ó thaobh na teanga de. Cuirfear na chéad chéimithe ó na cláir athbhreithnithe d’oiliúint múinteoirí ar fáil agus fostófar iad i scoileanna agus in institiúidí oideachais eile.
Le linn na céime seo, déanfaidh Éire ceiliúradh ar chothrom 100 bliain d’Éirí Amach na Cásca agus ar ár neamhspleáchas agus déanfar nasc idir na hócáidí sin agus an Straitéis seo. Léireofar an méid a bheidh bainte amach, déanfar athbhreithniú mór ar na torthaí agus cothófar rannpháirtíocht agus tacaíocht an phobail thart ar spriocanna, spiorad agus fís na Straitéise.

Céim Feidhmithe III: Comhdhlúthú

Beidh an chéim chomhdhlúite dírithe ar na bearta ar fad a phríomhshruthú. Cuirfidh sé leis an gcumas níos fearr a bheidh ag daoine Gaeilge a labhairt, leis na deiseanna breise a bheidh ann chun í a úsáid agus le spreagadh gníomhach dearcthaí dearfacha i ndáil leis an nGaeilge a baineadh amach sna céimeanna roimhe seo.

Beidh soláthar na n-acmhainní agus na tacaíochta cuí fíorthábhachtach ó thaobh fheidhmiú na Straitéise. Is í an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a dhéanfaidh maoirsiú ar an soláthar sin agus déanfar feidhmeanna a leithroinnt ar ghníomhaireacht (nó ar ghníomhaireachtaí) atá ann cheana nó déanfar iad a fhoinsiú san earnáil phríobháideach de réir mar is cuí. Cuirfear comhshocruithe i bhfeidhm chun:

• monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí pleanála teanga praiticiúla ó shochaithe eile, tacú leo agus iad a oiriúnú;

• ábhair a éascóidh úsáid na Gaeilge a thionscnamh, suirbhé a dhéanamh orthu agus iad a athbhreithniú;

• bunachar sonraí láir d’ábhair, do theimpléid agus d’fheidhmiúcháin TF i nGaeilge a óstáil;

• treoracha agus ábhair a chuideoidh le daoine aonair agus le heagraíochtaí aonair an Ghaeilge a chur chun cinn a ullmhú;

• cabhair-líne phoiblí náisiúnta a chur ar fáil;

• ionad eolais náisiúnta agus áit imréitigh do sheirbhísí aistriúcháin agus do sheirbhísí teangabhunaithe eile a chur ar fáil;

• bunachar sonraí náisiúnta de ghníomhaíochtaí dea-chleachtais i bpleanáil teanga a chothabháil;

• cuidiú le tacaíochtaí a fhorbairt do thionscnaimh áitiúla agus leis an gcumas tionscnaimh den sórt sin a fhorbairt agus a bhainistiú; agus

• forbairt córas bainistíochta teanga a chur chun cinn i gcomhthéacsanna éagsúla. Braitheann go leor de na tosaíochtaí sa Straitéis seo ar na tacaíochtaí agus na hacmhainní sin a bheith ar fáil agus is tosaíocht ard mar sin iad a eagrú chomh luath agus is féidir.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment