8.12.10

Geilleagar na Gaeilge?

Ní raibh an seans agam breathnú ar na hathraithe atá le feiceáil sa cháin fháisnéis a d'fhogair an Rialtas inné. Ach buíochas le Dia tá daoine eile sásta é a dhéanamh dúinn! Ar ndóigh níl leagan Gaeilge den rud le fáil.

Féach ar alt Choncubhair Uí  Liatháin,  Ait liom i ndiaidh na sceannairte.

An dá  rud a chuaigh i bhfeidhm orm go mór:
  • Tá méadú 15% ar chostaisí riaracháin na Roinne - agus méadú 111% ar chostaisí chomhairleoirí. (Office of the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs -sic)
  • Tá laghdú 42% ar chaiteachas Gaeltachta agus ísliú aon trian ar mhaoiniú na Gaeilge. (Nó mar a deireann an Rialtas: Gaeltacht and Islands Development; Promotion and Maintenance of Irish Language; North-South Co-operation - an Foras Teanga).
Mar sin tá jabanna seo Roinn áirithe se sabhálta ach meas tú cad a bheidh á dhéanamh acu?

Seo a deireann Guth na Gaeltachta:

Coimriú:
Cé go bhféadfadh sé bheith i bhfad níos measa da nglacfaidh le moltaí an Bord Snip Nua (réiteach a fháil dén Roinn, curaimí fiontraíochta an Údaráis, na scéimeanna Gaeltachta uilig, COGG agus araile), tá sé deacair feiceail cén áít a bhfuil an tiomantas ag dul a theacht as do chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Tá breis dualgais beartaithe don Údarás faoin Straitéis ach tá laghdú mór ar a bhuiséad.  Tá muid thar a bheith imníoch faoi thodhchaí churaimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta de bharr an ciorradh mór sa chiste caipitil do chruthú fostaíochta.    Mar i gcéanna, ta laghdú sunntasach ar mhaoiniú na heagraíochtaí pobail.   Fágann seo an cheist, cé atá ag dul a thiomaint an Straitéis?

Príomhphointí:
    1.  Caiteachas Gaeltachta agus Oileáin=laghdaithe 42% Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas iomlán Gaeltachta agus Oileáin ó EUR112M i 2007 go dtí EUR40M do 2011(féach thíos).  Ba é an rud a bhí molta ag an Bord Snip Nua i 2009 nó an caiteachas a ísliú go dtí EUR36M agus tá muid beagnach ag an figiúir sin anois do 2011.
      2011 = €40milliúin 
      2010 = €69milliúin 
      2009 = €86milliúin 
      2008 = €105 milliúin 
      2007 = €112milliúin
     
    2.  Curaimí Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas caipitil(ciste fiontraíochta/cruthú fostaíochta) an Údaráis thar an tréimhse céanna(féach thíos). Níl aon dabht ach go gciallaíonn seo go mbeidh tuilleadh ísliú ar líon na bpostanna a bhéas an Údarás ag cruthú sa Ghaeltacht i 2011 agus go dtabharfaidh sin armlón doibh siúd sa Státchóras atá ag iarraidh na curaimí fiontraíochta a bhaint dén Údarás agus a aistriú go Fiontair Éireann.
      2011 = €6 milliúin* 
      2010 = €15milliúin**
      2009 = €19milliúin 
      2008 = €22.5 milliúin 
      2007 = €22.5milliúin  
      * Tá an Roinn ag maíomh go bhfuil EUR4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá an dainséar laidir ann go mbeidh an chead Rialtas eile ag úsaid an EUR6Milliúin seo mar shlat tomhais do bhuiséad 2012.  Tá an Roinn ag rá chomh maith go mbeidh thart ar EUR2M sa bhreis ar seo chomh maith mar gheall ar dhíolaocht socmhainní i 2011 ach níor cuireadh sin san aireamh aon bhliain i gcainfhaisnéisí eile agus mar sin, ní féidir bheith a thabhairt san aireamh anois le comparaid ceart a dhéanamh. 
      ** Tá EUR3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin sa chainfhaisnéis.
     
    3.  Comharchumainn/Naíonraí/Óige na Gaeltachta Tá laghdú EUR600,000 san allúntas seo i mbliana i gciste reatha Údarás na Gaeltachta, rud a chiallaíonn go bhfuil laghdú de beagnach EUR1milliúin nó 20% ar seo le dha bhliain anuas.  Léirigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Padraig Ó hAoláin míshuaimhneas laidir i leith na ciorruithe seo ach go háirithe ar 7 LÁ areir rud a thugann le fios go bhfuil brú ollmór ar acmhainní don réimse pobail seo cheana féin. 
    4.  Scéimeanna Gaeltachta Tá laghdú 9% nó EUR800,000 déanta ar an réimse seo ach níl aon briseadh síos tugtha ar na scéimeanna éagsúla go foill ach amháin i bpreasraitis an Aire go ndéir sé go bhfuil ciorraithe 5% ar na Mná Tí nó Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.  
    5. Eile
  • Beidh laghdú 2.6milliúin nó 36% ar Chiste na Gaeilge.
  • Beidh laghdú 16% ar Oifig an Chomisinéire Teanga.
  • Níl ach laghdú 1% ar bhuiséad TG4 ach go mbeidh sciar níos mo ag teacht ó RTÉ in áit ón chiste Stáit.
  • Níl aon sonraí tugtha faoi COGG.
  • Dúirt an tAire go bhfuil EUR1.5milliúin curtha i leataobh don Straitéis 20 Bliain ach ní fios cén áit a bhfuil sin san aireamh sa chainfhaisnéis.
  • Laghdú sunntasach ar an allúntas do na haerfoirt réigiúnda.
Deireadh le ráiteas Guth na Gaeltachta.

Dár liomsa tá sé soiléar le fada nach féidir braith ar aon pháirtí poilitiúla le bheith ar son na Gaeilge. I ndairíre an botún is mó a rinne Conradh na Gaeilge, fadó, ná chúram na hathbheocana a fhágáil ag an stáit nua.

Is le muintir na tíre seo, muintir na hÉireann, an teanga ársa seo. Ní ceart dúinn bheith ag braith ar Rialtas. Tá dlithe áirithe ann anois agus is ceart dúinne úsáid a bhaint as na dlithe agus seirbhíse seo. Deirtear linn nach bhfuil cumas na teanga ach ag 3% sa Roinn Oideachas.

Cén teanga a úsáideann na Gaelscoileanna agus iad ag deanamh teangabháil leis an Roinn sin? Má chuirtear gach ciorcalán i mBearla thar n-ais chuig an roinn ag iarraidh an leagan Gaeilge de, cad a tharlódh.
    "Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin." (An Coimisinéir Teanga)
An féidir an ceadúnas teilifíse a íoch as Gaeilge? Ná h-íoch ach as Gaeilge é! An chuid rudaí eile ann, cáin dod charr, ceadúnas tiomána, árachas sláinte, cáin ioncaim, droichead dola, 7rl 7rl. Bhí feachtas "Glac Leis" níos luath sa bhliain ag Conradh na Gaeilge agus dúradar: “Tá sé ríthábhachtach pobal na Gaeilge - go háirithe daoine óga - a mhisniú agus a chumasú le seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha, agus tá an Conradh i mbun pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na buntáistí agus na deiseanna úsáidte a bhaineann leis an teanga, san Eoraip agus anseo sa bhaile, tríd an bhfeachtas cearta teanga Glac Leis.”

Glac leis mar sin go bhfuil Gaeilge ag gach eagras stáit, roinn, coiste, comhairle áitiúil, comhlucht poiblí agus dean gníomh dá réir. Beidh neart le déanamh ag an stáit tré Gaeilge ach é a iarraidh nach cosnódh pingin níos mó ar an stáit chiste. Glac leis.
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Preas Ráiteas ón Roinn!

    07.12.10 CÁINAISNÉIS 2011: Cistiú don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin

    Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go leithdháilfear cistiú cuí ar an nGaeltacht, ar na hoileáin agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa bhliain 2011 leis na seirbhísí is tábhachtaí a chothabháil, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre araon.

    “Bíodh is go laghdófar cistiú reatha do na scéimeanna agus do na seirbhísí atá ann cheana, déanfar na seirbhísí duine le duine is tábhachtaí a chosaint a mhéid is féidir. Mar shampla, táim chun an cistiú a chuirtear ar fáil chun tacú le seirbhísí rochtana ríthábhachtacha do phobail ar na hoileáin a choinneáil ag an leibhéal reatha de €5.7 milliún.

    Ó thaobh na Gaeilge de, tá cur chuige níos nua-aimseartha, níos straitéisí, níos comhoibrí ag teastáil chun an teanga a chur chun cinn agus a chothú, lena n-áirítear caidreamh níos fearr le pobail Ghaeltachta ná mar a bhí againn leo san am a caitheadh, b'fhéidir. Cuirfear creat ar fáil trí bhíthin na Straitéise nua 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais a chabhróidh linn an cuspóir sin a bhaint amach agus acmhainní a dhíriú ar réimse na pleanála teanga ar bhealach níos fearr.”

    Agus laghdú suntasach ar an gcistiú caipitil a chuirfear ar fáil don Ghaeltacht sa bhliain 2011 á aithint aige, dúirt an tAire gur chóir féachaint ar an gcoigeartú sin i gcomhthéacs chistiú laghdaithe na gclár caipitil i ngach réimse de chaiteachas an Rialtais.

    “Ar bhotúnaí an tsaoil, laghdófar go mór an cistiú a bheidh ar fáil do thionscadail chaipitil an bhliain seo chugainn, ach toisc gur cuireadh feabhas suntasach ar bhonneagar na Gaeltachta le blianta beaga anuas, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do sheirbhísí duine le duine agus cúinsí mar atá. Bíodh is go mbeidh €62 milliún de bhuiséad caipitil mo Roinne ar buiséad de €86 milliún é ag teastáil le haghaidh an Chláir Forbartha Tuaithe, a chuirfidh ar ár gcumas an cistiú AE is mó is féidir a íostarraingt, ní mór a aithint go mbainfidh an Ghaeltacht agus na hoileáin tairbhe shuntasach as an gClár sin go fóill trí bhíthin obair Mheitheal Forbartha na Gaeltachta agus Chomhar na nOileán. Beidh cistiú caipitil ar fáil chomh maith chun roinnt príomhthionscadal a chur chun cinn nó a thabhairt chun críche, lena n-áirítear oibreacha ar ché Chill Rónáin agus na háiseanna tacaíochta pobail/teaghlaigh i mBaile na Finne, ar an gCeathrú Rua agus san Fheothanach.”

    Cuirfear cistiú de isteach is amach le €40.025 milliún ar fáil don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa bhliain 2011 (lena n-áirítear leithdháileadh €19.6 milliún d'Údarás na Gaeltachta) agus is isteach is amach le €12.2 milliún den chistiú sin costas na ngnéithe caipitil. Cuirfear leithdháileadh breise de isteach is amach le €5.27 milliún ar fáil do chur chun cinn agus do chothú na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht.

    ReplyDelete