6.12.10

Fine Gael nó Fine Gall?

Is cosúil go raibh an-díospóireacht i Steach Lorgán le deanaí ag cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag Fine Gael.

Déarfainn gur ceisteanna ar pholasaí eacnamaíochta a bhí a lucht eagraithe ag súil ach is cosúil gur tharraing fear óg, iarr bhall den pháirtí, ceist na Gaeilge. De réir tuairisc i nGaelscéal  dúirt sé nach bhféadfadh sé vóta a chaitheamh d’Fhine Gael a thuilleadh “i ngeall ar pholasaí teanga atá thar a bheith tubaisteach do thodhchaí na Gaeilge.”

Nuair a thosaigh Enda Kenny ag caint faoi deireadh a chur le Gaeilge sna scoileanna i 2006 nó mar sin bhalaíodh roinnt de na nathanna nuachtain a foilsíodh ag an am ar shuiomh anghaeltacht.net faoin dteideal "Fís Enda!" Tá an cuid is mó de na nascanna "marbh" faoi seo ach mar sin féin tá roinnt rudaí spéisiúil ann mar aon le nasc chuig achainí (atá fós beo is cosúil!)
Iarrann na daoine thíosluaite ar Fhine Gael a aithint

1. Go ndéanfaidh an polasaí seo dochar do stádas

agus d'úsáid na Gaeilge sna blianta atá romhainn.

2. Gur teanga bheo í an Ghaeilge ar chóir í a

mhúineadh do gach dalta sa tír, ionas go mairfidh sí mar theanga nua-aimseartha do na glúinte romhainn.

Iarrann muid ar Fhine Gael an chuid seo dá bpolasaí a athrú dá réir.


Tá an pictiúir thuas ann a árdáionn an frithrá inmheanach i bhFine Gael idir pholasaí an pháirtí agus ráiteas a ceannaire Enda Kenny. Mar a deireann an postaer ní raibh aon rud as nGaeilge ar shuíomh an pháirtí faoi polasaí ar bith. (I ndairire níl mórán i nGaeilge ar shuíomh phairtí ar bith, fiú an páirtí a maíonn gur iad siúd a chuirfeadh an Gaeilge chun chinn - déan comparáid idir aon pháirtí in Éireann agus Plaid Cymru na Breataine Bige!)
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Táim i bhfabhar an t-ábhar Gaeilge a bheith roghnach don Ardteist. Ach ní ach polasaí amháin é sin. Labhair Ulick Burke TD (Gaillimh Thiar) ó Fhine Gael go maith sa Dáil cúpla seachtaine ó shin i bhfabhar daoine óige sa Ghaeltacht agus iad ag déanamh siollabus nua san Ghaeilge don Ardteist agus é ró-éasca dóibh agus ag déanamh dámaiste do saibhreas na teanga sa Ghaeltacht. Dúradh go nach mbeidh ábhar nua le fáil ón Rialtas reatha sa Straitéis 20 Bhliain. Is iontach go mbeidh siad amach as cumhacht go luath.

    Muna bhfuil éinne i bhfabhar an tábhar (reatha) a bheith roghnach ba chóir smaoineamh ar na roghanna idir na páirithe. Agus ná déan dearmad go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre i bhfabhar í a bheith roghnach freisin!

    Tá an gcóras reatha ag teip na Gaeilge. Déanann níos mó na 50,000 daltaí an Ardteist san Ghaeilge chuile bhliain. Agus cé mhéad dóibh a mbíonn mar cainteoirí Gaeilge tar éis an Ardteist? Tá aithne agam ar chúrsa amháin NUI amháin agus bíonn na daltaí ag déanamh Gaeilge do a chéimeanna sa ollscoil ag labhair i mbÉARLA lena chéile? Dúradh liom i nGaoth Dobhair tamaill ó shin go bhfuil formhór dena daoine óige ag labhairt i mBéarla lena chéile freisin. Is féidir déileáil leis na fabhanna chun leasa ár dtír, sochaí agus teanga ach níl aon pointe chun brath ar córas mí-éifeacht.

    ReplyDelete