7.12.10

Ceadúnas Teilifíse!

Tá sé de nós agam anon ghnó a dhéanamh leis an stát choras tré mhean an Gaheilge.

Fuair mé  fógra Cheadúnais Teilifíse ar maidin.

Deirtear go bhfuil ceithre módhanna íochaíochta ann.

Ag Oifig an Phoist tré airgead reatha nó carta laser. Bheadh orm dul soir len é sin a dhéanamh. Ach ná bíodh eagla ort deireann siad "Ar líne" agus chuaig mé chuig an suíomh www.tvlicence.ie len é a íoch, ach mo léan níl sé seo le fáil muna bhfuil Bearla agat. Níl leagan Gaeilge den suíomh le fáil, bheadh ort Bearla a bheith agat leis an bille seo a íoch.

An triú bealach ná "an mandáid dochair díreach" a líon isteach. Ach arís ní raibh an foirm seo istigh leis an bhfógra.

An ceathrú bhealach ná glaoch ar uimhir 1890 228 528. Ach arís má tá tú ag iarraidh do chuid gnó a dhéanamh tré Ghaeilge ní eireoidh leat mar is sa tSacs Bhéarla atá an seirbhís seo.

Cad a dhéanfidh mé?
Share/Save/Bookmark

3 comments:

  1. Téir i dteagmháil le Ciarán Ó Breartúin.

    Tá an chath seo á throid le tamaill aige.

    (Bain triail as www.msemicon.ie, tá leisce orm seoladh rphost a chuir anseo. Nó cuir scéala chugamsa)

    ReplyDelete
  2. Seo teachtaireacht a fuair mé ó lucht ceadúnas Teilifíse i nGaillimh anois:

    "TA FOIRM DOCHAR DIREACH CURTHA SA PHOST AGAM DUIT AGUS LITIR LEIS, MAIDIR LEIS AN SUIOMH AS GAEILGE,TA SE EAGRAITHE AG AN POST GO MBEIDH AN ROGHA SEO AR FAIL DON POBAL ROIMH DEIREADH 2012, ACH TA BRON ORM A RA NACH BHFUIL SE AR FAIL DUIT INNIU."

    ReplyDelete