20.12.10

Ar son na Gaeilge....mar dheá!

Agus muid ag druidim chuig toghchán in Éirinn agus an caint seo go léir faoin Stratéis 20 Bliain is fiú breathnú ar cé chomh dairíre atá na páirtithe polataíocht anse faoin gceist. Is dóch gur sampla maith dá díogras na suíomhanna idirlíon acu.

Sa Bhreatain Bheag mar shampla tá suíomh le Breathnais ag an Páirtí Náisiúnach Plaid Cymru  agus fiú ag Pairtí an Lucht Oibre. Ar ndóigh níl ag na Comeadaigh ach leathanaigh Béarla. Ach ní bheitheá ag súil le níos mó. Bheithfeá ag súil lena macasamhail anseo in Éirinn. Ach faraoir....

Seo mar atá rudaí, níl an pictiúir go deas. Tá sé go hainnis: (Na figiúirí tacaíochta ón Sunday Business Post 19/12/2010)

Fine Gael (34% tacaíocht): Cén fáth nach bhfuil suíomh acu i nGaeilge. Níl ach leath-leathanach suarach le nasc ag bun an leathanach acu. Nasc chuig "Luachanna" agus "Creidimh" Fine Gael.
Lucht Oibre (23% Tacaíocht): Tá rud cliste déanta ag an páirtí seo. Tá cnaipe Uirlisí Teanga Google Translate acu agus astríonn sé gach rud go Gaeilge de chineál éigin. Tá na cnaipe go híseal ar an leathanach ach tá sé ann.
Fianna Fáil (17% Tacaíocht): Tá cnaipe "Gaeilge" ar an suíomh acu ach nuair a bhrutar air níl ann ach "sliogán" don suíomh Bearla na "nascanna" aistraithe go Gaeilge ach an ábhar go léir as Bearla.
Sinn Féin (14% tacaíocht): An páirtí atá níos Gaelaí ná pairtí ar bith eile....arís tá siad mar an gceanna le Fianna Fáil. Tá cnaipe "Gaeilge" ar an suíomh acu ach nuair a bhrutar air níl ann ach "sliogán" don suíomh Bearla na "nascanna" aistraithe go Gaeilge ach an ábhar go léir as Béarla.

Tá an Taoiseach leis an Straitéis 20 Bliain a seoladh i rith na seachtaine seo chugainn. An féidir bheith ag brath ar a phairtí len é a chur i gcríoch? An féidir brath ar aon pháirtí len é a chur i gcríoch?
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment