4.11.10

Ceist bunreachta?

Bhí fear óg ón nGaeltacht ag troid i gcoinne an Rialtais ar son muintir a dháil cheantair ina bhfuil ceantireacha Gaeltachta ann san Árd Chuairt le roinnt mhíonna anuas. Ceist bunreachtúil a bhí i gceist.

Cén teanga?
Tá dualgas ar an chúirt agus ar gach eagras stáit seirbhís Gaeilge a thabhairt dá saoránaigh. Cén fáth mar sin a rognaigh an fear seo a cás a thógaint i mBéarla?

Tá an ceart sin luaite ar shuíomh an Coimisinéara Teanga:
    "Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin."
Tá an breithiúnas (Béarla) le fail ar suíomh na hÁrd Cúirte, i mBéarla amháin. Tá cnaipe “Gaeilge” ann ar bharr an leathaniagh ach má bhrútar é faightear an teachtireacht seo:
    Content is not available in the English language for this section of Judgments.
    Content is not available in the English language for this section of Judgments. Click on this link to return to the previous page.
    Níl ábhar ar fáil sa Bhéarla don rannóg seo de na Breithiúnais. Cliceáil ar an nasc seo chun filleadh ar an leathanach roimhe seo.
Ait go leor má théann tú chuig an leagan Gaeilge den suíomh féin, an Leathanach Baile féin má bhrútar ar an cnaipe Breithiúnais ní féidir teacht ar an mbreithiúnas áirithe seo. Bíonn ort an leagan Bearla a úsáid.

 Tá Gaeilge ag an Rialts, deireann said go bhfuil said “lán dairíre” faoi cheist na teangan. Tá Gaeilge ag an-chuid de na brethimh, tá abhchóidí le neart Gaeilge acu. Deirtear linn nár cheart aon abhchóide a bheith ann gan Gaeilge, deineann said scrúdú i nGaeilge sula ndéantaer ina nabhchóide iad! Agus ar ndóigh sí an Ghaeilge teanga bunúsach dlíthúil na Bunreachta.

Mar sin cén fáth ar thóg an fear Gaeiltachta seo, fear gur ball den pháirtí atá in ainm is a bheith níos mó ar son na Gaeilge ná aon pháirtí eile, cén fáth ar thóg sé an cás seo as Béarla?

Dúradh linn ar an preas ráiteas atá le fáil ar shuíomh Sinn Féin (arís i mBéarla amháin!) gur bua don daonlathas atá ann anseo. Ach is cosúiul nach bhfuil áit do theanga an-chuid dá chuid vótálaithe i nDún na nGall Thiar Theas.

Share/Save/Bookmark

3 comments:

  1. Ní dóigh liom go bhfuil Gaeilge líofa ag Caoimhghín Ó Caoláin. B'fhéidir go bfhuil breall orm

    Ní bheadh a fhios agat an bhfuil liosta ann dos na polaiteoirí le Gaeilge líofa nó an féidir teacht ar an eolas sin go héasca.

    ReplyDelete
  2. 'cén fáth ar thóg an fear Gaeiltachta seo, fear gur ball den pháirtí atá in ainm is a bheith níos mó ar son na Gaeilge ná aon pháirtí eile, cén fáth ar thóg sé an cás seo as Béarla?'

    Ceist mhaith!

    ReplyDelete
  3. Creidim go bhfuil Gaeilge líofa ag Caoimhín Ó Caoláin ach má chreideann éinne go bhfuil Sinn Féin mar pháirtí, faoi cheannas Gerry Adams agus Martin McGuinness, ar an pháirtí is mó ar shon na Gaeilge, tá breall orthu. Is cinnte gur ar son Sinn Féin amháin atá Sinn Féin....

    ReplyDelete