26.10.10

Strátéis mar slánaitheoir?

Beidh saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Gaeltachta agus an phobail ag fiafraí an í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an lá.

Pádraig Ó hAoláin
Muireann Ní Mhóráin
Feargal Ó Cuilinn
Is iad Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar, a labhróidh mar aoichainteoirí ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 agus osclófar an t-urlár do cheisteanna agus plé ón lucht freastail ag deireadh na cainte.

Is é Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha 2010 agus deir sé: “Tá go leor plé agus cainte déanta againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó foilsíodh an chéad dréacht um dtaca seo anuraidh, ach an réiteoidh an Straitéis gach fadhb sa Ghaeltacht agus gach buairt maidir le múineadh na Gaeilge amach anseo?


“Tabharfaidh aoichainteoirí Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge léargas dúinn ar na deacrachtaí agus na deiseanna atá i ndán don Ghaeilge, agus pléifear cad eile gur ghá dúinn a dhéanamh mar phobal beomhar, bríomhar chun an Ghaeilge a chothú agus chun spriocanna na Straitéise ní hamháin a láidriú, ach a shárú faoi cheann 2030.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Níl áit níos fearr chun plé a dhéanamh ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn ná ag Oireachtas na Samhna, áit go mbailíonn lucht labhartha na teanga le chéile ag an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan gach bliain.


“Fearann muid fáilte roimh chách cur leis an bplé tábhachtach seo ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 mar chuid de cheiliúradh na Samhna agus súil againn go gcuirfidh tuairimí an lucht fhreastail le léargas na saineolaithe a bheidh ag labhairt ar an Satharn.”
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. I ndiaidh an Seimineáir seo seolfar an Taighde ar Dhea-Chleachtais Bhunscoile i dtaca le Saibhriú/Sealbhú agus Sóisialú Teanga do Dhaltaí arb í an Ghaeilge a gCéad Teanga le Aoife Ní Shéaghdha, M.A. coimisiúnaithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

    Ardaíonn an tuarascáil seo ceisteanna dúshlánacha maidir le hoiriúnacht an
    chórais oideachais don chainteoir dúchais Gaeltachta agus, ar ndóigh, d'fhéadfaí na ceisteanna céanna a chur faoi phaistí a thógtar le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

    ReplyDelete