29.9.10

Séala Eorpach Teanga

An Séala Eorpach Teanga 2010 bronnta ar ClubLeabhar.com

Bronnadh an duais Eorpach do theangacha, An Séala Eorpach Teanga (Fraincís & teangacha eile seachas Gaeilge!) 2010, ar an gclub leabhar Gaeilge ar líne ClubLeabhar.com ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Dé Luain, 27 Meán Fómhair. Is duais Eorpach é an Seála Eorpach Teanga a thugann aitheantas do mhodhanna cruthaitheacha nuálaíocha chun feabhas a chur ar chaighdeán múinte agus foghlama teanga.

Bunaíodh ClubLeabhar.com, tionscadal de chuid Ghaelchultúir, sa bhliain 2009 agus é mar aidhm aige lucht na Gaeilge in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh le bheith ag léamh leabhair Ghaeilge. Dírítear ar leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag baill an chlub plé a dhéanamh ar an saothar ar fhóram an tsuímh. Ina theannta sin, is féidir leo ceisteanna a chur ar údar leabhar na míosa agus cur isteach ar chomórtas míosúil don léirmheas is fearr. Tá leabhair an chlub oiriúnach do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon; cuirtear gluais chuimsitheach ar fáil ar ClubLeabhar.com chun cabhrú leo siúd nach bhfuil Gaeilge chomh líofa sin acu.

Is féidir le daoine aonair, mar aon le clubanna, ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.
Share/Save/Bookmark

20.9.10

Lá Eolas i mBuswell's

Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí ag tús na míosa seo chugainn. Is é aidhm an lae a chur in iúl do na hionadaithe poiblí go gcaithfidh an Rialtas:

  • glacadh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
  • gan glacadh le moltaí na Roinne Airgeadais i leith na Gaeltachta mar atá leagtha amach sa cháipéis ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’.

  • Mhínigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an tábhacht a bhaineann leis an lá eolais: “Bhí lúcháir ar phobal na Gaeilge nuair a foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí na Samhna anuraidh ach ba léir go raibh laigí inti. Tá stocaireacht déanta ag grúpaí éagsúla ó shin leis an Straitéis a fheabhsú. Tá moltaí maithe déanta ag an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá sé riachtanach go nglacfaidh an rialtas le gach ceann acu. Tá muidne ag iarraidh cuidiú a fháil ó bhaill an Oireachtais lena chinntiú go dtarlóidh sé sin.”

    Beidh cur i bhfeidhm na Straitéise ag brath ar an maoiniú cuí a bheith ar fáil ón Státchiste. Tá éiginnteacht mhór ag baint le foinsí maoinithe, áfach, ó foilsíodh an cháipéis: ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’. Labhair de Spáinn faoin mbeaguchtach a chuir an cháipéis sin ar phobal na Gaeilge:
    “Bhain an cháipéis geit as go leor daoine ach chuir sí scanradh ar phobal na Gaeilge. Tá laghdú ollmhór molta do bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Leis an fhírinne a rá, má chuirtear na pleananna sin i bhfeidhm, beidh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016. Tá sé chomh simplí sin!”

    Agus é ag caint faoin gcéad chéim eile dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:
    “Tá géarghá le soiléiriú ag an staid seo. Ní bheifear ábalta an Straitéis a chur i bhfeidhm mar is ceart bunaithe ar na figiúirí atá leagtha amach in Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016. Dar linn gur infreastruchtúr iontach tábhachtach iad an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Beidh ról lárnach le himirt ag an dá eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil.”

    Tá súil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go mbainfidh gach duine sult agus tairbhe as an lá. Beidh ionadaithe ó gach Gaeltacht agus ó Dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre i láthair le léiriú soiléir a thabhairt go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aontaithe ag an am cinniúnach seo don teanga.

    Beidh fáilte roimh chách idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus an phobal i gcoitinne theacht isteach agus bualadh linn in Óstán Buswells idir 8.00r.n. agus 6 i.n. ar an 6 Deireadh Fómhair 2010.
    Share/Save/Bookmark

    2.9.10

    Cuairt ón Aire!

    Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

    Aire Pat CareyThug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD, cuairt aréir ar chruinniú de bhalleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

    Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge, agus tá sí comhdhéanta faoi láthair de 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála timpeall na tíre.

    Thug ionadaithe ó bhalleagraíochtaí na Comhdhála léiriú don Aire ar a gcuid oibre, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin atá rompu. Ag éirí as léiriú na n-eagras, lean plé leathan ar obair na hearnála agus na deacrachtaí i láthair na huaire a bhaineann le héiginnteacht mhaoinithe.

    Luaigh Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dr Helen Ó Murchú, go raibh flosc chun athraithe léirithe ag an earnáil, agus í réidh chun cabhrú le Straitéis Fiche Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach go raibh an comhthéacs ag athrú go síoraí, agus gur theastaigh cinnteacht ón earnáil i dtaobh a todhchaí.

    Labhair an tAire Carey ar thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne agus thug sé ardmholadh d’earnáil dheonach na Gaeilge de bharr an oiread dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach acu i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus an fhorbairt atá tagtha ar sheirbhísí Gaeilge.

    Ag labhairt dó ar thodhchaí na teanga, dúirt an tAire, “Tá Straitéis fadtéarmach ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis sin, agus beidh an Rialtas ag brath ar pháirtnéireachtaí le hearnáil na Gaeilge chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun na Straitéise a chur i gcrích”.

    Bhronn an tUachtarán tuairisc ar an Aire ar obair bhalleagraíochtaí na Comhdhála, agus bhronn Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, Fáinne Óir ar an Aire, mar aitheantas ar an tacaíocht a thugann an tAire Carey do chur chun cinn na Gaeilge.
    Share/Save/Bookmark